Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

36 1977


Uimhir 36 de 1977


AN tACHT LEITHREASA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE NOLLAIG, 1975, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [21 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

DEONTAS AS AN bPRÍOMH-CHISTE

£3,586 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1975.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim trí mhíle cúig chéad ochtó is sé phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975.

DEONTAIS A LEITHREASU

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £1,827,930,226, a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus a dheonaítear leis an Acht seo chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh agus a ndéanann a n-iomlán suim míle ocht gcéad fiche is seacht milliún, naoi gcéad is tríocha míle, dhá chéad fiche is sé phunt agus atá comhdhéanta den tsuim trí mhíle cúig chéad ochtó is sé phunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, suim fiche is seacht milliún, ocht gcéad is seachtó míle, trí chéad is ochtó punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1976, agus suim míle is ocht gcéad milliún, caoga is sé mhíle, dhá chéad is seasca punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1977, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad caoga is trí mhilliún, seacht gcéad fiche is seacht míle, naoi gcéad seachtó is aon phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1977 , a ghairm den Acht seo.