|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (CUID IIII Clárú) |
ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Comhairle na nDochtúirí Leighis | |
[EN] |
Comhairle na nDochtúirí Leighis a bhunú. |
6. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar Comhairle na nDochtúirí Leighis, nó sa Bhéarla the Medical Council (dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhalladh. |
[EN] | (2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir forálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil. | |
[EN] | (4) Bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an gComhairle. | |
[EN] |
Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis a dhíscaoileadh. |
7. —(1) Beidh Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis arna díscaoileadh de bhua an ailt seo an lá bunaithe. |
[EN] | (2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan tíolacadh ná sannadh ach faoi réir aistriú, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá cuid féin ag an gComhairle agus dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di (de réir mar is gá sa chás). | |
[EN] | (3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an gComhairle á iarraidh sin aon tráth an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Comhairle. | |
[EN] | (4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Chomhairle, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó é a fheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don Chomhairle fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin. | |
[EN] | (5) Gach fiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite de Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus gan íoc agus gan ghlanadh aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gComhairle agus íocfaidh agus glanfaidh an Chomhairle é agus féadfar é a ghnóthú ón gComhairle nó a fheidhmiú ina haghaidh dá réir sin. | |
[EN] | (6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Chomhairle ann in ionad Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an gComhairle nó ina haghaidh. | |
[EN] | (7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis, cuirfear ainm na Comhairle in ionad ainm Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin. | |
[EN] | (8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chomhairle. | |
[EN] | (9) Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm na Comhairle ann in ionad ainm Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus beidh gach conradh den sórt sin infheidhmithe dá réir sin ag an gComhairle nó ina haghaidh. | |
[EN] |
Séala na Comhairle. |
8. —(1) Soláthróidh an Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe. |
[EN] | (2) Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú Uachtarán na Comhairle nó le síniú cibé comhalta eile den Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin. | |
[EN] | (3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) na Comhairle agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt. | |
[EN] |
Comhaltas na Comhairle. |
9. —(1) Cúig chomhalta is fiche a bheidh ar an gComhairle agus is mar seo a leanas a cheapfar iad, is é sin le rá— |
[EN] | (a) duine amháin a cheapfaidh gach ceann de na comhlachtaí seo a leanas: | |
[EN] | (i) an Coláiste Ollscoile, Corcaigh, | |
[EN] | (ii) an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, | |
[EN] | (iii) an Coláiste Ollscoile, Gaillimh, | |
[EN] | (iv) Ollscoil Bhaile Átha Cliath, agus | |
[EN] | (v) Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn; | |
[EN] | (b) beirt daoine eile a cheapfaidh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, a gceapfar duine acu mar ionadaí do speisialtachtaí na máinliachta, agus a gceapfar an duine eile mar ionadaí do speisialtachtaí na n-anaestéiseachtaí agus na raideolaíochta le chéile; | |
[EN] | (c) beirt daoine a cheapfaidh Coláiste Ríoga Leá na hÉireann, a gceapfar duine acu mar ionadaí do speisialtachtaí na liachta, agus a gceapfar an duine eile mar ionadaí do speisialtachtaí na paiteolaíochta, na hasaoideolaíochta agus na banliachta le chéile; | |
[EN] | (d) duine amháin a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlacht nó comhlachtaí atá, dar leis, ionadaitheach don tsíciatracht; | |
[EN] | (e) duine amháin a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlacht nó comhlachtaí atá, dar leis, ionadaitheach do chleachtadh ginearálta na míochaine; | |
[EN] | (f) deichniúr lia-chleachtóir lánchláraithe a bheidh ag gabháil do chleachtadh na míochaine sa Stát ar a mbeidh, ar a laghad— | |
[EN] | (i) beirt ar sainchomhairleoirí in ospidéil ghinearálta iad nach síciatraithe sainchomhairleacha, | |
[EN] | (ii) duine amháin ar síciatraí sainchomhairleach é, | |
[EN] | (iii) duine amháin a bheidh ag gabháil do dhochtúireacht phobail, | |
[EN] | (iv) duine amháin a bheidh ag cleachtadh in ospidéal, seachas mar shainchomhairleoir, agus | |
[EN] | (v) beirt ar lia-chleachtóirí ginearálta iad, | |
[EN] | a cheapfar trína dtoghadh ag lia-chleachtóirí lánchláraithe; agus | |
[EN] | (g) ceathrar daoine a cheapfaidh an tAire, ar a mbeidh triúr ar a laghad— | |
[EN] | (i) nach lia-chleachtóirí cláraithe iad, agus | |
[EN] | (ii) a bheidh, dar leis an Aire, ionadaitheach do leas an phobail i gcoitinne. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar le toiliú na Comhairle, forálacha fho-alt (1) den alt seo a athrú. | |
[EN] | (3) Aon uair a bheartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] |
Daoine a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle. |
10. —Déanfaidh an tAire gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun na chéad Chomhairle a bhunófar tar éis tosach feidhme an Achta seo agus déanfaidh an Chomhairle gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun aon Chomhairle ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Comhaltaí den Chomhairle a thoghadh. |
11. —(1) Roimh an lá bunaithe, i gcás an chéad toghchán comhaltaí chun na Comhairle de bhun an Achta seo, agus roimh thosach a dtéarma oifige i gcás gach toghchán ina dhiaidh sin, déanfar na comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh de réir alt 9 (1) (f) den Acht seo a thoghadh trí thoghchán a dhéanfar de réir rialacháin a bheidh déanta ag an Aire agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin a shonrú, go háirithe, i ndáil le haon aicme daoine a shonrófar sna rialacháin, na cáilíochtaí nach mór a bheith ag iarrthóirí lena dtoghadh chun na Comhairle. |
[EN] | (2) I gcás an chéad toghcháin chun na Comhairle, is é an tAire a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin, agus i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, is í an Chomhairle a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin. | |
[EN] |
Céad chruinniú na Comhairle. |
12. —(1) Tionólfar céad-chruinniú na Comhairle lá a cheapfaidh an tAire agus cuirfidh an tAire tráth agus ionad an chruinnithe sin in iúl do chomhaltaí na Comhairle. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an Chomhairle le chéile cibé tráth agus ionad a cheapfaidh an tAire faoin alt seo dá céad-chruinniú agus air sin rachaidh sí i mbun a dualgas faoin Acht seo. | |
[EN] |
Coistí de chuid na Comhairle. |
13. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, coistí a bhunú ó am go ham chun cibé feidhmeanna (más aon fheidhmeanna iad) den Chomhairle a fheidhmiú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim na Comhairle, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Chomhairle do choiste. |
[EN] | (2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Chomhairle— | |
[EN] | (a) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna de bhun Chuid IV den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna de bhun Chuid V den Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith, más cuí sin leis an gComhairle, ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo, seachas an coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo. | |
[EN] | (4) Ní foláir gur comhalta den Chomhairle cathaoirleach gach coiste a bhunófar faoin alt seo ar choinníoll, i gcás an choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo, gur comhalta den Chomhairle seachas Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle an cathaoirleach. | |
[EN] | (5) Beidh gach duine a cheapfar chun na Comhairle de bhun alt 9 (1) (a) den Acht seo ina chomhalta den choiste a bhunófar faoi fho-alt (2) (a) den alt seo. | |
[EN] | (6) Ní foláir gur comhalta den Chomhairle gach comhalta den choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo agus— | |
[EN] | (a) daoine a bheidh ceaptha trína dtoghadh chun na Comhairle a bheidh i dtromlach comhaltaí an choiste sin, agus | |
[EN] | (b) duine, seachas lia-chleachtóir cláraithe, a bheidh ceaptha chun na Comhairle ag an Aire de bhun alt 9 (1) (g) den Acht seo a bheidh i gcomhalta amháin ar a laghad den choiste sin. | |
[EN] | (7) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle mura scaoilfidh an Chomhairle, tráth ar bith, leis an daingniú sin a bheith riachtanach. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir forálacha an Achta seo, nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil. | |
[EN] |
Caiteachais comhaltaí den Chomhairle agus de choistí. |
14. —Íocfar le comhalta den Chomhairle nó d'aon choiste a bhunóidh an Chomhairle, as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhóidh sé i ndáil le freastal ar chruinniú den Chomhairle nó ar shlí eile i ndáil le gnó na Comhairle a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí. |
[EN] |
An Chomhairle a chur as oifig. |
15. —(1) Má mhainníonn nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an Chomhairle aon fheidhm a bheidh sannta di faoin Acht seo a fheidhmiú, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Chomhairle an fheidhm sin a chomhlíonadh agus chun na críche sin cibé nithe nó rudaí eile a ghabhann nó a bhaineann leis an bhfeidhm agus a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an Chomhairle déanamh de réir aon ordachán ón Aire a bheidh in ordú a dhéanfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí na Comhairle a chur as oifig. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo cibé forálacha a bheith ann a mheasfaidh an tAire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna na Comhairle a fheidhmiú d'ainneoin comhaltaí na Comhairle a bheith curtha as oifig agus féadfaidh aon ordú den sórt sin, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid na Comhairle a chomhlíonadh. | |
[EN] |
An Cláraitheoir. |
16. —(1) Beidh príomh-oifigeach ann a ghníomhóidh mar Chláraitheoir na Comhairle agus ar a dtabharfar Cláraitheoir na Comhairle. |
[EN] | (2) Is í an Chomhairle a cheapfaidh an Cláraitheoir agus sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham. | |
[EN] | (3) Íocfaidh an Chomhairle leis an gCláraitheoir as cistí a bheidh faoina réir aici cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Chomhairle leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe ach amháin leis an toiliú sin. | |
[EN] |
Oifigigh agus seirbhísigh eile don Chomhairle. |
17. —(1) I dteannta an Chláraitheora, ceapfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí léi ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Chomhairle. |
[EN] | (2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham. | |
[EN] | (3) Íocfaidh an Chomhairle lena hoifigigh agus lena seirbhísigh, as cistí a bheidh faoina réir aici, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Chomhairle leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann an dearbhú, ach amháin leis an toiliú sin. | |
[EN] |
Teorainneacha aoise. |
18. —(1) Duine is buan-oifigeach don Chomhairle scoirfidh sé de bheith ina bhuan-oifigeach ar é do shlánú 65 bliana d'aois nó, i gcás a mbeidh aois níos mó ná sin socraithe le hordú faoin alt seo ón Aire, ar é do shlánú na haoise sin. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú nó a chúlgairm. | |
[EN] |
Aoisliúntas. |
19. —Bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , leis an gComhairle agus lena hoifigigh agus lena seirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil í agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh d'údarás áitiúil iad ach faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe i ndáil le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Comhshaoil. |
[EN] |
Oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas. |
20. —(1) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gComhairle teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas— |
[EN] | (a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear an tréimhse iasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Chomhairle an fhostaíocht sin, | |
[EN] | (b) ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntas i leith na tréimhse iasachta, | |
[EN] | (c) ní bheidh sé i dteideal an tréimhse iasachta go léir ná aon chuid di a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoin Acht seo. | |
[EN] | (2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle. | |
[EN] |
Cuntais na Comhairle. |
21. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Comhairle agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais na Comhairle. |
[EN] | (2) Déanfar cuntais na Comhairle a iniúchadh uair ar a laghad gach bhliain ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin agus déanfaidh an Chomhairle táillí an iniúchóra sin agus caiteachais an iniúchta sin i gcoitinne a íoc a luaithe is feidir tar éis gach iniúchta den sórt sin. | |
[EN] | (3) Déanfar, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo cóip de chuntais na Comhairle agus deimhniú an iniúchóra agus a thuarascáil orthu a thabhairt don Aire. | |
[EN] | (4) Cuirfidh an Chomhairle faoi deara, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, na cuntais sin agus deimhniú agus tuarascáil an iniúchóra orthu a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol, agus díreach tar éis gach foilsithe den sórt sin, déanfar cóip de na cuntais sin agus an deimhniú agus an tuarascáil sin orthu, arna gcló agus arna bhfoilsiú amhlaidh, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |
[EN] |
Cumhacht na Comhairle airgead a fháil ar iasacht. |
22. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, nó de réir aon ordacháin a thabharfaidh sé, airgead a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó críocha reatha. |
[EN] | (2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an Chomhairle ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhaibhreoidh air a urrú ar ioncam, cistí nó maoin na Comhairle. | |
[EN] |
An Chomhairle do ghlacadh bronntanas. |
23. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir. |
[EN] | (2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle. | |
[EN] |
Caiteachais na Comhairle agus an Aire. |
24. —(1) Íocfaidh an Chomhairle as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle na caiteachais go léir a thabhóidh an Chomhairle. |
[EN] | (2) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] |
Táillí. |
25. —Féadfaidh an Chomhairle cibé táillí a ghearradh a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith— |
[EN] | (a) duine a chlárú in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, | |
[EN] | (b) ainm duine a choinneáil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle. | |
[EN] | (c) ainm aon duine ar scriosadh nó ar baineadh, de bhun forálacha an Achta seo, a ainm as aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle a chur ar ais sa chlár sin, | |
[EN] | (d) cáilíochtaí breise aon duine a thaifeadadh in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, | |
[EN] | (e) deimhniú cláraitheachta a thabhairt d'aon duine, agus | |
[EN] | (f) aon seirbhís eile a sholáthróidh an Chomhairle ó am go ham. |