|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 6 de 1978 | ||
[EN] |
AN tACHT UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE (LEASÚ), 1978 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE, 1971 . [21 Márta, 1978] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1971 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht um Ranníocaí Sláinte (Leasú), 1977 ): | ||||||
[EN] | “(1) Sa tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, agus dar críoch an dáta a shonrófar le hordú chun críocha fho-alt (2) den alt seo, beidh ranníocaí sláinte— | |||||||
[EN] | (a) i gcás duine faoi árachas faoi Acht 1952 lena mbaineann alt 4 nó 5 den Acht seo, de réir caoga pingin nua sa tseachtain, agus | |||||||
[EN] | (b) i gcás aon duine eile, de réir £24 sa bhliain, agus cruinneofar an tsuim dheiridh sin i gceann cibé tréimhsí a fhorordófar.”. | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Ranníocaí Sláinte (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1978, a ghairm de na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1977, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm an 1ú lá d'Aibreán, 1978. | |||||||
|