An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978) Ar Aghaidh (CUID II Feo Simplí a Cheannach)

16 1978

AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1978, an tAcht seo agus forléireofar na hAchtanna sin agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1978.

Mínithe.

[Nua i bpáirt. cf. 1931, a. 2; 1958, a. 2; 1967, a. 2 (1)]

3. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 ;

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ;

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 ;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

ní fholaíonn “teaghais” árasán leithleach lánscartha in áitreabh atá roinnte in dhá árasán nó níos mó den sórt sin;

tá le “teach cónaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 19;

ciallaíonn “léasóir is neasa” an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa i dtalamh a shealbhaíonn aon duine faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta nó ar dhóigh eile;

ciallaíonn “léas” ionstraim i scríbhinn, cibé acu faoi shéala nó nach faoi shéala dó, ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le haon talamh i gcomaoin cíosa nó aisig agus folaíonn sé deontas feofheirme;

folaíonn “léasaí” ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasaí;

folaíonn “léasóir” ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasóra;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “fógra”, i ndáil leis an bhfeo simplí a fháil, i gcás a gceanglaítear fógraí a sheirbheáil faoi alt 4 d'Acht 1967 ar níos mó ná duine amháin, an chéad cheann de na fógraí sin a sheirbheálfar;

ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” tionóntacht reachtúil faoin Acht Srianta Cíosa, 1946 , nó faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 .

Feidhm an Achta ar an Stát a bheith srianta.

[Nua]

4. —Ní chuirfidh an tAcht seo ceangal ar Aire Rialtais, ar Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn ná ar Choimisiún Talún na hÉireann.

Rialacháin.

[cf. 1931, a. 7; 1967, a. 34]

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo lena n-áirítear foirmeacha a fhorordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

[cf. 1931, a. 8]

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

7. — (1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1967: ailt 3 (ach amháin fo-alt (5)), 5 (1) (2), 18 agus 31.

(2) Beidh leis an tagairt in alt 3 (5) d'Acht 1967 do dheimhniú ón gCoimisinéir Luachála éifeacht ionann is dá gcuirfí tagairt do Chuid II den Acht seo in ionad na tagartha do “mhír (d) d'fho-alt (2) den alt seo”.