An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

21 1978

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

Caibidil IV

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971 .

22. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “agus roimh an lú d'Aibreán, 1979” a scriosadh agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

26.—(1) San alt seo—

ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar bóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar le húsáid an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra nó gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

Leasú ar alt 8 (liúntas infheistíochta loingis a fhionraí) den Acht Airgeadais, 1973 .

23. —Leasaítear leis seo alt 8 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den Acht Airgeadais, 1973 , trí “agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1979” a scriosadh agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

8.—(1) Ní bhainfidh alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haon chaiteachas arna thabhú an 24ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, ag ceannach loinge nua.

Leasú ar alt 40 (feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le blianta measúnachta áirithe) den Acht Airgeadais, 1977 .

24. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1977 , trí “na gceithre bliana measúnachta” a chur in ionad “an dá bhliain mheasúnachta” agus “na gceithre bliana sin” a chur in ionad “an dá bhliain sin” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann na gceithre bliana measúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann na gceithre bliana sin.

Méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe.

25. —(1) San alt seo ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas arna thabhú an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó dá éis, ag duine a mbeidh liúntas faoi alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le tabhairt dó ar fhoirgneamh nó déanmhas a fhoirgniú atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail ar áitiú ag an duine sin chun críche a shonraítear i mír (a), (b) nó (d) d'alt 255 (1) den Acht sin:

Ar choinníoll más chun críocha thrádáil na hóstóireachta a thabhófar an caiteachas nach measfar gur caiteachas cáilitheach é mura dtabhófar é ag foirgniú áitreabh atá cláraithe i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975.

(2) I gcás a mbeidh liúntas le tabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe faoin alt sin 264 i leith caiteachais cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (4) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a bheidh sonraithe ag an duine a mbeidh an liúntas le tabhairt dó agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, forléireofar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas arna thabhairt faoin alt sin 264 mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo.

Liúntais maidir le ranníocaí áirithe i leith caiteachas caipitiúil údarás áitiúil.

26. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “scéim cheadaithe” scéim atá glactha ar láimh ag údarás áitiúil le ceadú an Aire Comhshaoil agus arb é a cuspóir nó ar cheann dá cuspóirí eisiltigh thrádála a chóireáil;

ciallaíonn “eisiltigh thrádála” ábhar leachtach nó ábhar eile a scairdtear amach i séaraigh phoiblí as áitreabh a áitítear chun críocha trádála.

(2) I gcás a ndéanfaidh duine, chun críocha trádáil a sheolann nó a sheolfaidh sé, suim chaipitiúil a ranníoc i leith caiteachas a thabhóidh údarás áitiúil ag soláthar sócmhainne atá le húsáid chun críocha scéime ceadaithe, a mhéid a bhaineann an scéim le heisiltigh thrádála a chóireáil, ansin, tabharfar cibé liúntais, más ann, don duine faoi fhorálacha Chuid XIII, Chuid XV, nó alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a thabharfaí dó dá mba éard é an ranníoc caiteachas ag soláthar, chun críocha na trádála sin, sócmhainne den chineál céanna agus gur leanadh gach tráth ábhartha den tsócmhainn deiridh sin a úsáid chun críocha na trádála.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le haistriú trádála nó coda de thrádáil a ndearnadh ranníoc dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith a críocha:

(a) i gcás an trádáil go léir a aistriú, tabharfar don aistrí, agus ní thabharfar don aistreoir, liúntais a bheadh, dá mba nár tharla an t-aistriú, le tabhairt don aistreoir faoin gCuid sin XIII nó faoin alt sin 264 in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe a chríochnóidh tar éis dáta an aistrithe,

(b) i gcás gan ach cuid den trádáil a aistriú, beidh éifeacht le mír (a) maidir leis an oiread den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda den trádáil a aistríodh.

Leasú ar fhorálacha i ndáil le faoiscamh i leith méadú ar stocluachanna.

27. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1978” a chur in ionad “1977”—

(a) i mír (iii) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(iii) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis sin.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “1978-79” a chur in ionad “1977-78” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) i bhfo-alt (3),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )—

“(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1978, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

A-C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a ioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an fho-ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.”,

(c) trí “1978” a chur in ionad “1977” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 )—

“(7A) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1978-79 le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, beidh feidhm ag forálacha míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (7) mar atá feidhm acu i gcás éifeacht don bhliain 1977-78 a bheith le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo ach sin fara na modhnuithe—

(a) go bhforléireofar an tagairt do 1978-79 mar thagairt do 1979-80,

(b) go bhforléireofar an tagairt do 1977 mar thagairt do 1978,

(c) go bhforléireofar an tagairt do 1976-77 mar thagairt do 1977-78, agus

(d) go bhforléireofar an tagairt do 1977-78 mar thagairt do 1978-79.”,

agus tá an fo-alt sin (3) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1978-79.

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis:

Creidmheas cánach i leith dáiltí.

28. —(1) I ndáil le dáiltí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a shonraítear i bhfo-alt (2) ionann is dá mba 30 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1978-79 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin.

(2) Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) ailt 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2), 167 (2) agus 178,

(b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) d'alt 66 (3) (b), an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”.

(c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “an ráta caighdeánach faoin gcéad” gach áit a bhfuil sí, agus

(d) in alt 79 (6), an míniú ar A i mír (b).

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí na focail ó “ach beidh an tsriantacht” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “ach ní mó méid an chreidmheasa cánach a fhéadfar a fhritháireamh amhlaidh ná méid a chinnfear de réir na foirmle

30×(A - B)

_________

100

i gcás—

arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inchurtha faoi cháin chorparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí atá san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta a eascraíonn óna ghnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus

arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí, a bhfuil an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éileamh faoi alt 8 (3).”,

agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(5) I gcás a bhfaighidh cuideachta árachais saoil thar lear dáileadh a mbeidh sé i dteideal creidmheas cánach a fháil ina leith, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an creidmheas sin a fhritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe ar an gcuideachta faoi alt 43 nó 44 don tréimhse chuntasaíochta ina bhfuarthas an dáileadh, ach ní mó méid an chreidmheasa cánach a fhéadfar a fhritháireamh amhlaidh ná méid a chinnfear de réir na foirmle

30×(A - B)

_________

100

i gcás—

arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inchurtha faoi cháin chorparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí atá san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta a eascraíonn óna gnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus

arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí, a bhfuil an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éileamh faoi alt 8 (3).

(4) Leasaítear leis seo alt 64 (3) (c) (ii) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll nach mó an creidmheas cánach i leith dáileadh lena mbaineann fomhír (i) ná an méid arbh é méid an chreidmheasa cánach é i leith an dáilte dá ndéanfaí an creidmheas cánach sin a chinneadh de réir forálacha alt 88 (2).”.

(5) Leasaítear leis seo alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “a mbeidh an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin comhionann le méid a chinnfear de réir na foirmle

A

______

100 - A

” a chur in ionad “a chinnfear de réir na foirmle

100

______

100-A

agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(b) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, a sócmhainní a dháileadh ar a comhaltaí nó ar a dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV le Sceideal D ar mhéid a mbeidh an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin comhionann le méid a chinnfear de réir na foirmle

A

______

100 - A

i gcás—

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh, agus

arb é D an méid a bheidh de bhreis ag luach iomlán na sócmhainní a dáileadh ar na comhaltaí nó ar na dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh ar mhéid scairchaipiteal láníoctha na cuideachta.

(6) Leasaítear leis seo alt 178 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “mheasúnachta ina n-íoctar an díbhinn” a chur in ionad “1976-77” sa mhíniú ar A agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina n-íoctar an díbhinn.

(7) (a) Baineann an fo-alt seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, agus a mbaineann alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis.

(b) Déanfar an tagairt do chreidmheasaí cánach áirithe sa mhíniú ar B i bhfo-alt (2) den alt sin 64 a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí lena mbaineann an t-alt sin 64 agus—

(i) a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo, agus

(ii) a rinneadh roimh an dáta réamhráite, mar thagairt do thríocha a naoi de dhaichead naoithe de na creidmheasaí cánach sin.