|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1978
[EN] | ||||||||||||
[EN] |
CUID II Custaim agus Mál | |||||||||||
[EN] |
Forálacha i ndáil le custaim, dleachtanna custam agus tobhaigh CEE. |
29. —(1) San alt seo ciallaíonn “tobhach” tobhach nó muirear d'aon chineál (nach dleacht custam ná dleacht máil) a fhorchuirtear, le gníomh a ghlac institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach, le linn aon earraí a bheith á n-allmhairiú isteach sa Stát nó á n-onnmhairiú amach as an Stát agus— | ||||||||||
[EN] | (a) ar tobhach é chun críocha chomhbheartas talmhaíochta na gComhphobal Eorpach, nó | |||||||||||
[EN] | (b) ar tobhach é dá bhforáiltear faoi na sainshocruithe is infheidhme de bhun Airteagal 235 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957, i ndáil le hearraí áirithe a fhaightear trí tháirgí talmhaíochta a phróiseáil, nó | |||||||||||
[EN] | (c) ar tobhach é a bheidh sonraithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais mar thobhach chun críocha an ailt seo, | |||||||||||
[EN] | agus forléireofar “tobhach allmhairí” agus “tobhach onnmhairí” dá réir sin. | |||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo bainfidh na hAchtanna Custam agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu le tobhach ionann is dá mba dhleacht custam é agus beidh feidhm freisin maidir leis na hearraí dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo ag na forálacha de na hAchtanna agus na hionstraimí sin a bhaineann le honnmhairiú earraí. | |||||||||||
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, aon fhorálacha de chuid na nAchtanna Custam agus de chuid ionstraimí arna ndéanamh fúthu a bhaineann le hearraí a allmhairítear a chur i mbaint, fara cibé modhnuithe is dóigh leis is gá, le hearraí atá faoi réir tobhach onnmhairí. | |||||||||||
[EN] | (4) Is ar na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh cúram agus bainistí tobhaigh. | |||||||||||
[EN] | (5) Beidh toirmeasc ar earraí atá faoi réir tobhach onnmhairí a onnmhairiú as an Stát mura ndéanfar, roimh an onnmhairiú agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, méid an tobhaigh a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó urrús is leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, lena íoc a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||
[EN] | (6) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Custam, i gcás tobhach onnmhairí a bheith iníoctha ar aon earraí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le hurrús a thabhairt go n-íocfar an tobhach sin), cead a thabhairt íoc an tobhaigh sin a chur siar go ceann cibé tréimhse a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||
[EN] | (7) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Custam, i gcás dleacht custam nó tobhach allmhairí a bheith iníoctha ar earraí a allmhairítear isteach sa Stát agus a dtaifeadtar gur le haghaidh úsáide baile iad, lena n-áirítear earraí arna n-imréiteach as stóras, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le hurrús a thabhairt go n-íocfar an dleacht nó an tobhach sin), cead a thabhairt íoc na dleachta nó an tobhaigh sin, cibé acu é, a chur siar go ceann cibé tréimhse a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||
[EN] | (8) Faoi réir cibé coinníollacha agus sriantachtaí a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, bainfidh alt 12 den Customs Consolidation Act, 1876, a mhéid a bhaineann sé le hearraí a stórasú, a choinneáil agus a sheachadadh as stóras, le stórasú cibé earraí (ar earraí iad nach mbaineann an t-alt sin leo, ar leith ón alt seo) a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a stórasú lena n-onnmhairiú nó lena n-úsáid mar stóir. | |||||||||||
[EN] | (9) Cúlghairtear leis seo Rialacháin 4 agus 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim), 1972 (I.R. Uimh. 334 de 1972). | |||||||||||
[EN] | (10) Leagfar Rialacháin faoin alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis na rialacháin a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin. | |||||||||||
[EN] | (11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú. | |||||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú agus foráil i ndáil leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977. |
30. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an Acht seo. | ||||||||||
| ||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar na haisíocaíochtaí is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an Ordaithe d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977, de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Comhshaoil. |