15 1979


Uimhir 15 de 1979


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ GUR DÁRÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH SAN ARD-CHÚIRT. [3 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt.

1. —Dáréag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt.

Iarmhartach.

2. —Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1977 ) d'alt 14 (1) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 :

“(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh—

(i) is trí déag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus

(ii) déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna, 1979 , do dháréag a fhorléiriú mar thagairt do thrí déag, agus”.

Aisghairm.

3. —Aisghairtear leis seo alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1977 .

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1979, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975

1975, Uimh. 3

Acht na gCúirteanna, 1977

1977, Uimh. 11