22 1979


Uimhir 22 de 1979


AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1975. [25 Iúil, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha áirithe don Bhord.

2. —(1) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh cóiríocht shaoire a fhorbairt thar £25,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar alt 2 (1) (b) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £16,000,000 a luaitear ansin agus a cuireadh isteach ann le halt 3 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 .

(2) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire a íoc leis an mBord chun an Bord do thabhairt deontas le haghaidh oibreacha forbartha den chineál a luaitear in alt 2 (1) den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1975 , thar £10,000,000 agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin den Acht sin ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime £4,750,000 a luaitear ansin.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975, agus den Acht seo le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959

1959, Uimh. 27

An tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1975

1975, Uimh. 26