An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS, 1979) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Boird Staidéar)

30 1979

AN tACHT UM CHOMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS, 1979

AN CHÉAD SCEIDEAL

An Chomhairle

Alt 2.

1. Beidh vóta ag cathaoirleach na Comhairle, ag an Stiúrthóir agus ag gach comhalta eile den Chomhairle a bheidh i láthair ag cruinniú den Chomhairle.

2. (1) Tionólfaidh an Chomhairle cibé líon cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinniú na Comhairle.

3. Ochtar comhalta is córam do chruinniú den Chomhairle.

4. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é cathaoirleach na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair, nó oifig an chathaoirligh folamh, is é an leaschathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(c) má bhíonn agus fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh agus go mbeidh leas-chathaoirleach na Comhairle as láthair nó oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

5. Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a mbeidh easaontas ina taobh i measc na gcomhaltaí a bheidh i láthair a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

6. Faoi réir Airteagal 3 den Sceideal seo, féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a comhaltaí.

7. Féadfaidh an Chomhairle cibé feidhmeanna dá cuid is cuí léi a chomhlíonadh tríd an Stiúrthóir.

8. Faoi réir forálacha an Achta seo rialálfaidh an Chomhairle, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a gnó.

9. (1) Soláthroidh an Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú chathaoirleach na Comhairle nó chomhalta den Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin agus le síniú oifigeach a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an Sceidil seo) na Comhairle agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.