32 1979


Uimhir 32 de 1979


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 , CHUN A FHORÁIL GUR CUID DE DHLÍ BAILE AN STÁIT AN CONRADH MAIDIR LE hAONTACHAS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ LE COMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA AGUS LEIS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH AGUS CINNEADH CHOMHAIRLE NA gCOMHPHOBAL EORPACH MAIDIR LE hAONTACHAS NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ LEIS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO GHUAL AGUS CRUACH. [11 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1. —Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , trí na míreanna seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh mhír (i) (a cuireadh isteach le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977 ):

“agus

(j) an Conradh i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh san Aithin an 28ú lá de Bhealtaine, 1979, agus

(k) cinneadh an 24ú lá de Bhealtaine, 1979, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach,”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1979, a ghairm d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , d'Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1973 , d'Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977 , agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh, 27

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1973

1973, Uimh. 20

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977

1977, Uimh. 5