An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IX Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

63. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Beoir.

64. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £90.121, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear in alt 39 (1) den Acht Airgeadais, 1979 .

(2) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 246) (Beoir), 1980 (I.R. Uimh. 49 de 1980), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975, a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £90.121 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear in alt 39 (2) den Acht Airgeadais, 1979 .

Biotáille.

65. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979).

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus a mhuirearaítear, a thoibhítear agus a íoctar de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

(3) Leasaítear leis seo mír 4 (3) d'Ordú 1975, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, trí na clásail seo a leanas a chur in ionad chlásail (b) agus (c) di:

“(b) I gcás biotáille lena mbaineann an fhomhír seo a sheachadadh ó bhannastóras, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, a cheadú íoc na ndleachtanna sin a chur siar go dtí lá—

(i) nach déanaí, i gcás gur ar lá i mí na Nollag aon bhliain suas go dtí an 20ú lá den mhí sin agus an lá sin a áireamh a dhéantar an bhiotáille a sheachadadh amhlaidh, ná an lá deiridh den mhí sin an bhliain chéanna, nó

(ii) nach déanaí, i gcás ar bith eile, ná an lá deiridh den mhí i ndiaidh na míosa ina seachadtar an bhiotáille amhlaidh.

(c) I gcás biotáille lena mbaineann an fhomhír seo a sheachadadh ó bhannastóras an 21ú lá nó tar éis an 21ú lá i mí na Nollag aon bhliain, ní lamhálfar i leith na biotáille aon iarchur ar íoc na dleachta mar a fhoráiltear san fhomhír seo.”

(4) Sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.

Tairgí Tobac.

66. —(1) San alt seo agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 ;

tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” an bhrí chéanna atá leo in Acht 1977 arna leasú le hOrdú 1979;

ciallaíonn “Ordú 1979” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1979 agus in Ordú 1979.

Fíon agus fíon déanta.

67. —(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 245) (Dleachtanna Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta), 1979 (I.R. Uimh. 416 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 245) (Dleachtanna Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta), 1979.

(3) Sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

Leann úll agus leann piorraí.

68. —(1) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus ar leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1979 .

(2) Sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

Uiscí boird.

69. —(1) Déanfar an dleacht máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £0.372 an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 9 (2).

(2) Ní lamhálfar an lacáiste sa dleacht máil dá bhforáiltear le halt 15 den Acht Airgeadais, 1960 , d'aon mhonaróir uiscí boird i leith uiscí boird arna monarú aige an 1ú lá de Mhárta, 1980, nó dá éis.

(3)  (a) Faoi réir na míreanna ina dhiaidh seo den fho-alt seo, lamhálfar, an 1ú lá de Mhárta, 1980, agus dá éis, do gach monaróir uiscí boird a íocfaidh an dleacht máil orthu a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 lacáiste sa dleacht mar a leanas i ndáil le gach áitreabh ina monaraíonn sé na huiscí boird:

An Ráta Lacáiste

Más í cainníocht a mhonaraigh sé san áitreabh agus ar ar íoc sé an dleacht aon bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, cainníocht nach mó ná 20,000 galún        ...

£0.124 an galún ar gach galún de.

is mó ná 20,000 galún agus is lú ná 100,000 galún      ...

£0.124 an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún agus £0.062 an galún ar gach galún eile.

is 100,000 galún nó níos mó     ...     ...     ...     ...

£0.124 an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún agus £0.062 an galún ar gach galún den chéad 80,000 galún ina dhiaidh sin.

(b) I gcás ina mbeadh, ar leith ón mír seo, lacáiste faoi mhír (a) den fho-alt seo le lamháil do mhonaróir i leith dhá áitreabh nó níos mó sa chontae-bhuirg nó sa bhuirg eile, sa cheantar uirbeach nó sa bhaile céanna, ní lamhálfar an lacáiste ach i leith ceann amháin de na háitribh.

(c) I gcás beirt daoine nó níos mó do mhonarú, duine i ndiaidh an duine eile, uiscí boird in aon áitreabh aon bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, ansin, maidir le gach duine de na daoine sin ach amháin an chéad duine—

(i) i gcás méid an lacáiste ab inlamháilte faoi mhír (a) den fho-alt seo ar chainníocht chomhiomlán na n-uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin aige féin agus a réamhtheachtaí nó a réamhtheachtaithe sa ghnó an bhliain sin, á chur i gcás gur aon duine amháin a mhonaraigh na huiscí boird sin, a bheith níos mó ná méid comhiomlán an lacáiste ab inlamháilte don réamhtheachtaí nó do na réamhtheachtaithe sin i leith uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin, ní lamhálfar dó, mar lacáiste faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith uiscí boird a mhonaraigh sé san áitreabh an bhliain sin, suim is mó ná an bhreis, agus

(ii) in aon chás eile ní lamhálfar aon lacáiste den sórt sin dó.

(d)  (i) I mír (b) den fho-alt seo ciallaíonn “baile” baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó aon áit áta ainmnithe mar bhaile sa daonáireamh arb é an daonáireamh den sórt sin is deireannaí a foilsíodh é.

(ii) Má éiríonn ceist ar bith i dtaobh cad é an daonáireamh iomchuí aon tráth áirithe chun críocha na míre seo, féadfaidh an tAire Airgeadais é a dheimhniú dá réir sin, agus is deimhniú críochnaitheach an deimhniú.

(e) I gcás nach mbeadh feidhm ag mír (c) den fho-alt seo, ar leith ón mír seo, díreach toisc tréimhse a bheith idir tréimhsí monaraithe uiscí boird, beidh feidhm ag an mír sin.

Hidreacarbóin.

70. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976 ;

ciallaíonn “Ordú 1978” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 234) (Dleachtanna Máil ar Olaí Hidreacarbóin agus ar Bheoir), 1978 (I.R. Uimh. 2 de 1978 ).

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £13.54 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 3 d'Ordú 1978.

(3) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £7.89 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 d'Ordú 1978.

(4) D'ainneoin chlásal (b) nó (c) de mhír 11 (5) d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an mír sin 11 (1) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.53 an heictilítear, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach lena mbaineann an clásal sin (b) nó (c), in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (2) (a) d'Acht 1976, arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978.

(5) D'ainneoin fhomhír (6) de mhír 12 d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fomhír (1) den mhír sin 12 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.53 an heictilítear, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, ar ola hidreacarbóin lena mbaineann an fhomhír sin (6), in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (2) (b) d'Acht 1976 arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978.

(6) Déanfar mír 11 (7) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 40 (3) d'Acht 1976 agus le mír 4 d'Ordú 1978, a leasú, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, trí “£1.53” a chur in ionad “£0.44”.

(7) Aon údarú a eisíodh roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, faoi fhorálacha mhír 11 (7) d'Ordú 1975, i ndáil le hearraí ar ar inmhuirearaithe an dleacht a forchuireadh le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a allmhairiú nó a sheachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras, ar dhleacht máil de réir £0.44 an heictilítear is iníoctha faoi alt 40 (4) d'Acht 1976, arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978, a íoc, measfar, a mhéid a bhaineann sé le hearraí arna n-allmhairiú nó arna seachadadh ar an dáta sin nó dá éis, go n-údaraíonn sé earraí den sórt sin a allmhairiú nó a sheachadadh ar dhleacht máil de réir £1.53 an heictilítear a íoc in ionad an dleacht máil réamhráite sin a íoc.

(8) Is de réir an ráta dleachta a íocadh lúide £1.53 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (5) d'Acht 1976, arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978, a bheidh na haisíocaíochtaí dleachta máil dá bhforáiltear i míreanna 11 (10) agus 12 (10) d'Ordú 1975, i gcás an dleacht a bheith inmhuirearaithe agus arna híoc tar éis an 27ú lá d'Fheabhra, 1980.

(9) Déanfar mír 12 (1) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 40 (7) d'Acht 1976 agus le mír 5 d'Ordú 1978, a leasú amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann léi:

“Ar choinníoll, áfach, go ndéanfar an dleacht máil sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.53 an heictilítear ar ola throm hidreacarbóin mhianrach de réir bhrí alt 7 (6) den Acht Airgid, 1933 , arna cur amach nó arna hallmhairiú amhlaidh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, in ionad an ráta is inmhuirearaithe faoin bhfomhír seo.”.

(10) Is é méid aon lacáiste a lamhálfar faoi mhír 12 (3) d'Ordú 1975, maidir le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £1.53 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (8) d'Acht 1976 arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978.

(11) Is é méid aon aisíoca a lamhálfar faoi mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 232) (Olaí Hidreacarbóin), 1977 (I.R. Uimh. 279 de 1977), maidir le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, méid na dleachta máil a íocadh lúide méid arna ríomh de réir £0.44 an heictilítear.

(12) Déanfar míreanna 11 (1) agus 12 (1) d'Ordú 1975 agus alt 41 (1) d'Acht 1976 a leasú trí “a tháirgtear nó a mhonaraítear sa Stát” a chur in ionad “a dhéantar sa Stát” mar a bhfuil an abairt sin sna míreanna sin agus san alt sin, agus sna míreanna sin agus san alt sin forléireofar “monaróir” mar fhocal a fholaíonn táirgeoir.

(13) Amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, is é ráta aon aisíoca a lamhálfar faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975, arna leasú le mír 6 d'Ordú 1978, maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte agus ar ar íocadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo de réir £7.89 an heictilítear, £6.10 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980.

(14) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) d'Acht 1976 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £0.30 an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (b) den alt sin 41 (1).

(15) Leasófar alt 42 (2) d'Acht 1976, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, trí “£0.07” a chur in ionad “£0.02”.

Mótarfheithiclí.

71. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), ar mhótarfheithiclí earnáil A, de réir bhrí mhír 3 (a) den Ordú sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir ráta is ionann agus 40 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe, in ionad an ráta a shonraítear i bhfomhír 4 (3) (a) den Ordú sin.

Teilifíseáin.

72. —Déanfar an dleacht máil ar theilfíseáin a fhorchuirtear le mír 5 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tábla i mír 5 (2) den Ordú sin.

Ceirníní gramafóin.

73. —Déanfar an dleacht máil ar cheirníní gramafóin a fhorchuirtear le mír 5 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir ráta is ionann agus 40 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (2) (b) den Ordú sin.

Ceadúnais mheaisín cearrbhachais.

74. —(1) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 43 (6) den Acht Airgeadais, 1975 , déanfar, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a dheonú, dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir cibé ráta díobh seo a leanas is iomchuí ag féachaint don tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, is é sin le rá, i gcás an tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh—

(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí, £25 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, £50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, £75 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(d) a bheith níos faide ná naoi mí, £100 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas.

(2) Leasófar alt 43 den Acht Airgeadais, 1975 , sin a dúradh, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (7):

“(aa) Féadfaidh ceadúnas meaisín cearrbhachais arna dheonú an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, é a bheith sainráite ann, de bhun iarraidh san iarratas ar an gceadúnas sin, nach mbainfidh sé ach le Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire sa tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus a mbeidh sé le fanacht i bhfeidhm ar a feadh agus, i gcás ina mbeidh sin sainráite i gceadúnas—

(i) déanfar, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (6) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an gceadúnas a dheonú de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is iomchuí ag féachaint don tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, is é sin le rá, i gcás an tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh—

(A) gan a bheith níos faide ná trí mhí, £16.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(B) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, £33 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(C) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, £49.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(D) a bheith níos faide ná naoi mí, £66 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

(ii) measfar, chun críocha fho-ailt (3) agus (10) (b) den alt seo, nach mbeidh an ceadúnas i bhfeidhm laethanta sa tréimhse réamhráite seachas Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire.

(aaa) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le ceadúnais mheaisín cearrbhachais arna ndeonú an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis.”.

Lastóirí meicniúla.

75. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “lastóir meicniúil” aon earra meicniúil, ceimiceach nó leictreach, nó aon earra dá shamhail, atá iniompair agus atá iomlán nó beagnach iomlán ann féin agus atá ceaptha chun modh adhainte a chur ar fáil le drithle nó le lasair nó ar dhóigh eile;

ciallaíonn “monaróir ceadúnaithe” monaróir is sealbhóir ar cheadúnas a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire faoi fho-alt (5) (a) den alt seo;

ciallaíonn “monarú” lastóirí meicniúla a dhéanamh nó a chóimeáil sa Stát agus forléireofar “monaróir” dá réir sin.

(2)  (a) Déanfar, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar lastóirí meicniúla a mhonaraítear sa Stát agus a chuirtear amach ó áitreabh monaróra agus ar lastóirí meicniúla a allmhairítear isteach sa Stát, de réir £0.20 ar gach lastóir.

(b) Ní dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír (a) den fho-alt seo a mhuirearú, a thobhach ná a íoc ar aon lastóir meicniúil a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur d'aontoisc a rinneadh é chun gás a adhaint chun úsáide tís.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur lena áirithiú go n-íocfar an dleacht, a cheadú íoc na dleachta a fhorchuirtear leis an alt seo a chur siar go dtí lá nach déanaí ná an cúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa ina muirearaítear an dleacht sin.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur—

(a) an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar lastóirí meicniúla a aisíoc nó a loghadh i gcás ina suífear chun a sástachta—

(i) gur milleadh iad nó gur fágadh iad sa riocht nárbh fhéidir iad a úsáid mar gheall ar thionóisc dhosheachanta a tharla sular aistríodh iad as áitreabh monaróra cheadúnaithe, nó

(ii) go bhfuarthas ar ais iad, sular úsáideadh iad, san áit ar monaraíodh iad, mar go raibh siad lochtach, nó go bhfuarthas ar ais iad, tar éis iad a úsáid, san áit ar monaraíodh iad lena ndeisiú, agus go ndéanfar dá éis sin, i gceachtar cás, iad a athsheachadadh, a onnmhairiú nó a mhilleadh faoi chomhshocraíochtaí a cheadóidh siad,

(b) a údarú go ndéanfar lastóirí meicniúla a aistriú as áitreabh monaróra cheadúnaithe gan dleacht máil a íoc lena n-onnmhairiú nó lena loingsiú mar stórais nó lena stórasú lena n-onnmhairiú nó lena loingsiú mar stórais.

(5)  (a) Ní mhonaróidh duine lastóirí meicniúla mura duine é a shealbhaíonn ceadúnas a eisíodh faoin bhfo-alt seo agus go mbeidh an t-áitreabh lena mbaineann an ceadúnas taifeadta aige faoi mhír (b) den fho-alt seo.

(b) Déanfaidh monaróir ceadúnaithe gach áitreabh atá beartaithe aige a úsáid ag seoladh a ghnó mar mhonaróir a thaifeadadh go cuí leis an oifigeach cuí Custam agus Máil de réir fhorálacha rialacháin faoi fho-alt (6) den alt seo.

(c) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach tráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a gcreidfidh an t-oifig each le réasún go bhfuil lastóirí meicniúla á monarú ann agus féadfaidh sé, san áitreabh sin, cibé cuardach agus imscrúdú a dhéanamh agus cibé samplaí a thógáil de lastóirí meicniúla agus de lastóirí meicniúla páirt-mhonaraithe is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé leabhair nó doiciméid eile a gheofar ann agus a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le monarú lastóirí meicniúla a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(d) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú pionós máil £500 a chur air.

(6)  (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

(b) Féadfar, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, le rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) rialú a dhéanamh maidir le lastóirí meicniúla a allmhairiú, a mhonarú, a stóráil agus a aistriú as stóras,

(ii) an modh a fhorordú ar a ndéanfar an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo a mhuirearú, a urrú agus a bhailiú,

(iii) foráil a dhéanamh i ndáil leis an bhfoirm a bheidh ar cheadúnais faoi fho-alt (5) den alt seo agus i ndáil lena ndeonú, lena ré agus lena gcúlghairm,

(iv) socrú a dhéanamh maidir leis an modh ar a ndéanfar taifeadadh leis an oifigeach cuí Custam agus Máil faoi fho-alt (5) (b) den alt seo,

(v) a cheangal ar mhonaróir ceadúnaithe cibé cuntais agus taifid a shonrófar i dtaobh lastóirí meicniúla nó páirteanna díobh a cheannaigh sé, a fuair sé, a dhíol sé, a dhiúscair sé nó a mhonaraigh sé a choinneáil ar mhodh sonraithe, agus a choimeád go ceann tréimhse sonraithe, agus aon leabhair nó doiciméid eile i dtaobh aon cheann de na nithe réamhráite a choimeád go ceann tréimhse sonraithe agus a cheadú d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh sin agus d'aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoinneáil aige agus a bhaineann le haon cheann de na nithe réamhráite,

(vi) a cheangal ar mhonaróir ceadúnaithe tuairisceáin i ndáil le cibé ábhair a shonrófar a thabhairt cibé tráthanna agus i cibé foirm a shonrófar,

(vii) a shocrú go n-aistreofar chuig monaróirí ceadúnaithe agus go nglacfaidh na monaróirí ceadúnaithe lastóirí meicniúla a allmhairíodh isteach sa Stát nó a monaraíodh sa Stát gan an dleacht máil is inmhuirearaithe orthu a íoc.

(7) I gcás ina bhfaighidh oifigeach Custam agus Máil amach gur lú an líon de lastóirí meicniúla atá i stoc nó i seilbh monaróra cheadúnaithe ná an líon a taifeadadh agus a ba chóir, de réir na dtaifead nó na ndoiciméad eile a cheanglaítear air a choimeád de bhun rialacháin faoi fho-alt (6) den alt seo, a bheith ina stoc nó ina sheilbh aige, ansin, ach amháin a mhéid a thabharfar míniú ar an easnamh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, measfar comhlíon an easnaimh de lastóirí meicniúla a bheith curtha amach le haghaidh úsáide baile as áitreabh an mhonaróra cheadúnaithe an lá a tháinig an t-easnamh i gcéaduair ar iúl an oifigigh.

(8) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon cheann d'fhorálacha an ailt seo nó de rialacháin faoi fho-alt (6) den alt seo, beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú, pionós, faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), £500 a chur air agus dlífear aon earraí a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.

(9)  (a) Beidh ag forálacha na nAchtanna Custam agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar lastóirí meicniúla a allmhairítear isteach sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna custam.

(b) Beidh ag forálacha na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar lastóirí meicniúla a monaraíodh sa Stát mar atá feidhm acu maidir le dleachtanna máil.

(c) Más rud é i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo go mbeidh foráil san alt seo ag freagairt d'fhoráil de na hAchtanna Custam nó d'fhoráil aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht (a mhéid is earraí a allmhairíodh atá i gceist) nó ag freagairt d'fhoráil de na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil nó d'fhoráil aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht (a mhéid is earraí a monaraíodh sa Stát atá i gceist), ní bheidh feidhm ag na forálacha deiridh sin i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo.

(10) Déantar leis seo an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

(11) Déanfar an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo ar earraí indleachta a allmhaireofar isteach sa Stát, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo ar earraí indleachta a monaraíodh sa Stát, a fhorléiriú i dteanna na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

Méadú ar na dleachtanna ar cheadúnais deochanna meisciúla áirithe.

76. —(1) Na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910, ar na ceadúnais chun deochanna meisciúla a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a mhonarú nó a dhíol agus an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 10 (3) den Acht Airgeadais, 1940 , ar cheadúnas a dhéanann gach duine a dhéanann leann úll nó leann piorraí lena dhíol a bhaint amach in aghaidh na bliana, déanfar, maidir le haon cheadúnas den sórt sin a dheonófar an 1ú lá d'Iúil, 1980, nó dá éis, i leith tréimhsí a rachaidh in éag ar laethanta tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach ceadúnas den sórt sin de réir an ráta a shonraítear i gcolún (4) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha ag a bhfuil an ceadúnas sin luaite i gcolún (2) den Sceideal sin in ionad an ráta a shonraítear san achtachán a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin; agus ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, logha, lacáiste ná aisíoc maidir le haon cheadúnas den sórt sin ach féadfar aon dleacht a íocadh i ndearmad ar aon cheadúnas den sórt sin a aisíoc.

(2) Leasaítear leis seo alt 48 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí na coinníollacha seo a leanas a chur in ionad na gcoinníollacha a ghabhann le fo-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 17(5) den Acht Airgeadais, 1960 ):

“Provided that the duty payable in pursuance of this subsection shall not exceed £50 as respects any statement of purchases during the calendar year 1980, or any subsequent calendar year, or, in the case of a club which is discontinued on or after the date of the passing of this Act, as respects the statement of purchases up to the day of discontinuance, and

Provided also that the secretary of a club shall be deemed to have complied with the provisions of this section with regard to any particular period as aforesaid if he pays the sum of £50 to the proper officer of Customs and Excise in respect of that period”.

(3) Aisghairtear leis seo alt 10 den Acht Deocha Meisciúla, 1927 , maidir le ceadúnais dá dtagraítear san alt sin a bhainfear amach nó a dheonófar tar éis dáta an Achta seo a rith i leith tréimhsí a rachaidh in éag ar laethanta tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980.

Méadú ar na dleachtanna ar cheadúnais áirithe eile.

77. —(1) San alt seo agus i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, forléireofar “ceadúnas” mar ní a fholaíonn cead agus deimhniú.

(2) Déanfar an dleacht máil ar dheimhniú arm tine a fhorchuirtear le halt 18 (2) den Acht Airgeadais, 1964 , i gcás aon deimhniú den sórt sin do theacht i bhfeidhm trí dheonú nó athnuachan, an 1ú lá de Lúnasa, 1980, nó dá éis, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1966 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 199) (Dleachtanna Máil) (Deimhnithe Airm Tine), 1972 (I.R. Uimh. 162 de 1972).

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956 , ar cheadúnais chearrbhachais faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin a eiseofar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis de réir na rátaí a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear in alt 42 (2) den Acht Airgeadais, 1975 .

(4) Déanfar an dleacht máil maidir le ceadúnas a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a fhorchuirtear leis an achtachán a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin de réir an ráta a shonraítear i gcolún (5) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin in ionad an ráta a shonraítear san achtachán sin.

(5) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnais Tithe Úrúcháin, a fhorchuirtear le halt 1 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1981, de réir £50 in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear in alt 9 den Revenue (No. 2) Act, 1861.

(6) Ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, logha, lacáiste ná aisíoc dleachta maidir le haon cheadúnas lena mbaineann an t-alt seo nó alt 74 den Acht seo ach féadfar aon dleacht a íocadh i ndearmad a aisíoc.

Dleacht máil ar cheadúnas rince phoiblí, ar cheadúnas ócáideach, ar ordú díolúine speisialta agus ar údarás do chlub.

78. —(1) San alt seo folaíonn “ceadúnas” ordú agus údarú.

(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas rince phoiblí a dheonófar faoi alt 2 den Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 , dleacht máil—

i gcás gur do thréimhse shonraithe nach faide ná

mí an ceadúnas

...

...

...

...

...

£15

in aon chás eile

...

...

...

...

...

£100

(3) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas ócáideach a dheonófar faoi alt 11 nó 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , dleacht máil £25.

(4) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ordú díolúine speisialta a dheonófar faoi alt 5 den Acht Deocha Meisciúla, 1927 , nó faoi alt 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , dleacht máil £25.

(5) Muireofar, toibheofar agus íocfar ar gach údarú a dheonófar do chlub faoi alt 21 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924 , nó faoi alt 14 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962 , dleacht máil £25.

(6) Déanfar an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar cheadúnas a íoc agus a bhailiú trí stampaí ar comhluach le méid na dleachta sin a bheidh múnlaithe ar fhógra scríofa an iarratais ar cheadúnas a tugadh don Chléireach Cúirte Dúiche iomchuí nó greamaithe den fhógra sin agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an dleacht sin agus leis na stampaí sin.

(7) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon Acht, ní dheonófar ceadúnas a dhlitear a chur faoi dhleacht a fhorchuirtear leis an alt seo mura mbeidh an fógra i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo i ndáil leis an iarratas ar an gceadúnas stampáilte go cuí de réir an fho-ailt sin.

(8) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon mhéid a íocadh i leith dleacht máil faoin alt seo i ndáil le ceadúnas a áisíoc—

(a) má tharraingítear siar an t-iarratas ar an gceadúnas sula gcinnfear na himeachtaí cúirte i ndáil leis,

(b) mura ndeonófar an ceadúnas, nó

(c) más i ndearmad a íocadh an méid.

(9) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le ceadúnais a dheonófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis i leith dátaí tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980.

Orduithe a dhaingniú.

79. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo—

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 57 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979.

I.R. Uimh. 67 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 237) (Beoir), 1979.

I.R. Uimh. 152 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 239) (Táirge Talmhaíochta) (Bólacht agus Bainne), 1979.

I.R. Uimh. 153 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 240) (Táirge Talmhaíochta) (Gránaigh agus Biatas Siúcra), 1979.

I.R. Uimh. 250 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 242) (Táirge Talmhaíochta) (Leasú), 1979.

I.R. Uimh. 296 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleachtanna Máil ar Tháirgí Tobac), 1979.

I.R. Uimh. 415 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979.

I.R. Uimh. 416 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 245) (Dleachtanna Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta), 1979.