|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Cáin Fháltas Caipitiúil) | Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1980
CUID V Dleachtanna Stampa | ||
[EN] |
Tíolacadh nó aistriú ar dhíol—teorainn le dleacht stampa i leith idirbhearta áirithe idir comhlachtaí corpraithe. |
85. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 19 den Acht Airgeadais, 1952 : |
[EN] | “19.—(1) Ní rachaidh dleacht stampa is inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir an cheannteidil ‘Conveyance or Transfer on sale’ sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo thar chaoga pingin. | |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon ionstraim a suífear ina leith chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gurbh é ab éifeacht di leas tairbhiúil i maoin a thíolacadh nó a aistriú ó chomhlacht corpraithe amháin go dtí comhlacht corpraithe eile, agus go raibh na comhlachtaí sin i gcomhlachas lena chéile an tráth a forghníomhaíodh an ionstraim, is é sin le rá, go raibh ceann acu ina úinéir tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe an chinn eile, nó go raibh tríú comhlacht den sórt sin ina úinéir tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe gach ceann díobh agus gurbh éard í an úinéireacht sin úinéireacht go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, agus beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (10) d'alt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ailt seo ach— | |
[EN] | (a) tagairtí do chomhlacht corpraithe a chur in ionad tagairtí do chuideachta, | |
[EN] | (b) tagairtí do chomhlachtaí corpraithe a chur in ionad tagairtí do chuideachtaí, agus | |
[EN] | (c) tagairtí do scairchaipiteal eisithe a chur in ionad tagairtí do ghnáth-scairchaipiteal. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh an t-alt seo le hionstraim den sórt a dúradh mura suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nár forghníomhaíodh an ionstraim de bhun comhshocraíochta nó i ndáil le comhshocraíocht— | |
[EN] | (a) faoina mbeadh an chomaoin, nó aon chuid den chomaoin, i leith an tíolactha nó an aistrithe le soláthar nó le glacadh, go díreach nó go neamhdhíreach ag duine, seachas comhlacht corpraithe a bhí, tráth na hionstraime a fhorghníomhú, i gcomhlachas de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo leis an aistreoir nó leis an aistrí (rud a chiallaíonn, faoi seach, san alt seo, an comhlacht óna ndearnadh, agus an comhlacht chun a ndearnadh, an leas tairbhiúil a thíolacadh nó a aistriú), nó | |
[EN] | (b) faoina ndearna duine den sórt sin an leas sin a thíolacadh nó a aistriú roimhe sin, go díreach nó go neamhdhíreach, nó | |
[EN] | (c) faoina raibh an t-aistreoir agus an t-aistrí le scor de bheith i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo de bharr athrú sa chéatadán den scairchaipiteal eisithe de chuid an aistrí in úinéireacht thairbhiúil, de réir bhrí an fho-ailt sin, an aistreora nó tríú comhlacht corpraithe, | |
[EN] | agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, déileálfar le comhshocraíocht mar chomhshocraíocht atá faoi réim na míre sin más comhshocraíocht í faoina gcuirfí ar chumas an aistreora nó an aistrí, nó ar chumas comhlacht corpraithe i gcomhlachas le ceachtar díobh sin mar a luaitear ansin, aon chuid den chomaoin a sholáthar, nó scaradh le haon chuid den chom aoin, trí bhíthin nó de dhroim idirbheart nó idirbhearta a chur i gcrích a chuimseodh, nó a gcuimseodh aon cheann díobh, íocaíocht nó diúscairt eile ag duine seachas comhlacht corpraithe i gcomhlachas amhlaidh. | |
[EN] | (4) Ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfuil méid dleachta stampáilte uirthi is lú ná an méid a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, inmhuirearaithe uirthi, ní mheasfar í a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a chur in iúl ina leith de réir alt 12 den Stamp Act, 1891. | |
[EN] | (5) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, a chur faoi deara go seachadfar chucu dearbhú reachtúil i cibé foirm a ordóidh siad, is dearbhú a dhéanfar, de réir mar a ordóidh siad, ag oifigeach freagrach de chuid comhlachta corpraithe nó ag aturnae de chuid na gCúirteanna Breithiúnais nó acu araon mar aon le cibé fianaise bhreise, más ann, a éileoidh siad. | |
[EN] | (b) Na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim le mír (a) den fho-alt seo, is cumhachtaí iad i dteannta agus ní cumhachtaí iad in ionad na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 12 den Stamp Act, 1891. | |
[EN] | (6) Más rud é— | |
[EN] | (a) i gcás aon éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht faoin alt seo a bheith ceadaithe, go bhfaighfear amach dá éis sin go raibh aon dearbhú nó fianaise eile a tugadh i dtacaíocht leis an éileamh neamhfhírinneach in aon phonc ábhartha, nó | |
[EN] | (b) go mbeidh scortha ag an aistreoir agus ag an aistrí de bheith i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo laistigh de dhá bhliain ó dháta an tíolacais nó an aistrithe, | |
[EN] | ansin, d'ainneoin go bhféadfadh an ionstraim a bheith stampáilte cheana féin agus cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí stampáilte le stampa áirithe á thaispeáint go bhfuil sí stampáilte go cuí de réir fho-alt (4) den alt seo, tiocfaidh sí athuair chun bheith inmhuirearaithe le dleacht stampa de réir an ráta ab inmhuirearaithe ar an gcéad ásc dá mba nár bhain an t-alt seo leis an ionstraim agus beidh cóimhéid na dleachta is inmhuirearaithe amhlaidh athuair ina fhiach láithreach a bheidh dlite den aistreoir agus den aistrí, i gcomhpháirt agus go leithleach, don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh an méid sin a dúradh inghnóthaithe in aon chúirt dlínse inniúla agus beidh feidhm ag fo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) d'alt 69 den Acht Airgeadais, 1973 , amhail is dá mba éard é an dleacht an dleacht stampa dá dtagraítear san fho-alt sin agus gurbh é dáta an tíolacais dáta mí amháin tar éis dáta an idirbhirt dá dtagraítear san fho-alt sin, agus é sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.”. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith. | |
[EN] |
Dleachtanna stampa ar gheallta cúrsa. |
86. —(1) San alt seo ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig. |
[EN] | (2) (a) (i) Déanfaidh an Bord Rásaíochta, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar an méid a fionnadh nuair a baineadh as méid comhiomlán na ngeallta cúrsa a rinneadh le linn na ráithe sin méid comhiomlán na ngeallta cúrsa ar tugadh aisíoc nó logha ina leith le linn na ráithe sin faoi alt 27 (3) den Acht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 . | |
[EN] | (ii) Sa mhír seo tá le “geall cúrsa” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 , agus déanfar aon tagairt do mhéid gill chúrsa a fhorléiriú mar thagairt do mhéid an ghill sin mar a mhínítear sin le halt 27 (2) den Acht sin. | |
[EN] | (b) (i) Déanfaidh Bord na gCon, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar an méid a fionnadh nuair a baineadh as méid comhiomlán na ngeallta cúrsa a rinneadh le linn na ráithe sin méid comhiomlán na ngeallta cúrsa ar tugadh aisíoc nó logha ina leith le linn na ráithe sin faoi alt 32 (3) d'Acht Tionscail na gCon, 1958 . | |
[EN] | (ii) Sa mhír seo tá le “geall cúrsa” an bhrí chéanna atá le “cúrsa-gheall” in Acht Tionscail na gCon, 1958 , agus déanfar aon tagairt do mhéid gill chúrsa a fhorléiriú mar thagairt do mhéid an ghill sin mar a mhínítear sin le halt 32 (2) den Acht sin. | |
[EN] | (3) Muirearófar ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo dleacht stampa de réir 1.5 faoin gcéad den méid a fionnadh amhlaidh ann. | |
[EN] | (4) Seachadfaidh an Bord Rásaíochta nó Bord na gCon, de réir mar a bheidh, do na Coimisinéirí Ioncaim, cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh leis an alt seo. | |
[EN] | (5) (a) Íocfaidh an Bord Rásaíochta an dleacht a mhuirearaítear le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) (a) den alt seo an tráth a sheachadfar an ráiteas. | |
[EN] | (b) Íocfaidh Bord na gCon an dleacht a mhuirearaítear le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) (b) den alt seo an tráth a sheachadfar an ráiteas. | |
[EN] | (6) Má mhainnítear aon ráiteas a éilítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den am a shonraítear san fho-alt sin nó má mhainnítear an dleacht a íoc is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin ar é a sheachadadh, dlífidh an Bord Rásaíochta nó Bord na gCon, de réir mar a bheidh, i dteannta na dleachta, ús uirthi a íoc de réir 15 faoin gcéad sa bhliain ó dheireadh na ráithe lena mbaineann an ráiteas go dtí an lá ar a n-íocfar an dleacht. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a éilítear le fo-alt (2) den alt seo a fhorghníomhú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma ionann is dá mba chuntas den sórt a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus gur mhainneachtain den sórt a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh. | |
[EN] |
Ordú a chúlghairm. |
87. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 241) (Teorainn leis an Dleacht Stampa maidir le hIdirbhearta Áirithe Idir Comhlachtaí Corpraithe), 1979 (I.R. Uimh. 244 de 1979), maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis. |