An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VII Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

Caibidil VI

Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta

Mínithe.

38. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “marsantas” earraí seachas earraí de réir bhrí alt 39;

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1981, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000, di;

ciallaíonn “faoiseamh faoin gCaibidil seo” an laghdú ar cháin chorparáide dá bhforáiltear in alt 41(2).

An bhrí atá le “earraí”.

39. —(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “earraí” earraí a mhonaraigh an chuideachta sa Stát i gcúrsa trádála, arb í an chuideachta í a éilíonn, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil:

Ar choinníoll—

(a) i gcás dhá chuideachta a bheith ann a ndéanann ceann acu earraí a mhonarú agus an ceann eile iad a dhíol i gcúrsa a trádála, agus

(b) gur fochuideachta 90 faoin gcéad ceann de na cuideachtaí den chuideachta eile nó gur fochuideachtaí 90 faoin gcéad iad araon de thríú cuideachta,

ansin, maidir le haon earraí a mhonaraigh ceann de na cuideachtaí sa Stát, go measfar, ar an gcuideachta eile dá ndíol i gcúrsa a trádála, gur mhonaraigh an chuideachta eile sin iad sa Stát.

(2) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar a n-áirítear seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile trí thráchtearraí nó ábhair de chuid an duine sin a chur faoi aon phróis mhonaraíochta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoiseamh faoin gCaibidil seo—

(a) measfar gur monarú earraí sa Stát na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát,

(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as seirbhísí a rinneadh amhlaidh, agus

(c) féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua an fho-ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo, agus beidh éifeacht le halt 41(2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

(3)  (a) Ní fholóidh an míniú ar “earraí” i bhfo-alt (1) earraí a dhíolfar leis an ngníomhaireacht idirghabhála agus, chun críocha an eisiata sin, measfar, maidir le díol earraí le duine seachas an ghníomhaireacht idirghabhála, gur díol leis an ngníomhaireacht idirghabhála é má dhíoltar, agus a mhéid a dhíolfar, na hearraí sin faoi dheoidh leis an ngníomhaireacht idirghabhála.

(b) I mír (a) ciallaíonn “an ghníomhaireacht idirghabhála” an tAire Talmhaíochta le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm a thugtar dó le Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirghabháil Mhargaidh), 1973 (I.R. Uimh. 24 de 1973 ), agus aon duine eile le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm den sórt céanna in aon Bhallstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

(4) Ní fholóidh an míniú ar “earraí” i bhfo-alt (1) earraí a bhíonn á miondíol ag an gcuideachta a bhfuil faoiseamh á éileamh aici faoin gCaibidil seo:

Ar choinníoll go measfar, chun críocha an eisiata seo, nach ar miondíol a dhíoltar earraí má dhíoltar iad—

(a) le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den aicme lena mbaineann na hearraí a dhíoltar leis amhlaidh, nó

(b) le duine a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha thrádáil a sheolann sé, nó

(c) le duine, seachas pearsa aonair, a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha ghnóthas a sheolann sé.

Cionroinnt.

40. —Chun críocha na Caibidle seo, i gcás nach bhfuil i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí ach cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta, déanfar na méideanna go léir is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt, ar fhoras na comhréire atá idir fad na tréimhse cuntasaíochta iomchuí agus fad tréimhse chuntasaíochta na cuideachta, d'fhonn aon mhéid a fhionnadh a cheanglaítear a chur san áireamh maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

Bonn faoisimh ó cháin chorparáide.

41. —(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo agus ailt 58, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , inmhuirearaithe maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide a áireamh is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin; agus glacfar gurb í an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchain inmhuirearaithe roimh aon asbhaint a dhéanamh maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile a fhéadfar a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.

(2) I gcás ina n-éileoidh cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di earraí a mhonarú agus go gcruthóidh sí, maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí, go raibh, i gcaitheamh na tréimhse sin, aon mhéid infhaighte i leith díol earraí i gcúrsa na trádála, déanfar cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse sin, a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin, a laghdú seacht naoú; agus is é a bheidh sa cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin an méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

(3) Chun críocha fho-alt (2) glacfar gurb éard é “an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin” an tsuim sin a mbeidh idir í agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid is infhaighte ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí a dhíol i gcúrsa na trádála agus an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála.

(4) Chun críocha fho-alt (3) is é a bheidh in “ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin”, i gcás gur ó dhíolacháin earraí agus marsantais amháin a dhíorthaíonn an t-ioncam ón trádáil, méid ioncam na cuideachta ón trádáil nó, in aon chás eile, cibé méid den ioncam ón trádáil is dealraitheach don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

(5)  (a)  Chun críocha na Caibidle seo, an méid is infhaighte ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí nó marsantas a dhíol—

(i) measfar é a bheith arna laghdú méid aon dleachta a d'íoc an chuideachta nó is iníoctha aici i leith na n-earraí nó an mharsantais nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, agus

(ii) ní áireofar ann aon mhéid i leith cáin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar na hearraí nó an marsantas a dhíol.

(b) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh faoin gCaibidil seo á éileamh aici cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo, agus beidh éifeacht le fo-alt (2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

(6) I ndáil le cás ar oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , cuid den trádáil a luaitear i bhfo-alt (2)—

(a) beidh éifeacht le halt 71 den Acht sin ionann is dá bhfolódh na tagairtí ann don “Acht seo” tagairtí don Chaibidil seo, agus

(b) ní thabharfar aird chun críocha na Caibidle seo ar na méideanna go léir is infhaighte ó earraí nó marsantas a dhíol i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála díolmhaithe sin.

(7) I ndáil le cás ina mbeidh an trádáil a luaitear i bhfo-alt (2) á seoladh ag cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh de réir bhrí alt 18 den Acht Airgeadais, 1978 , ní thabharfar aird chun críocha na Caibidle seo ar na méideanna go léir is infhaighte ag an gcumann ó earraí nó marsantas a dhíol, ar méideanna iad is infhaighte amhlaidh de bhua idirbhearta díolmhaithe de réir bhrí an ailt sin.

(8) Ní bheidh cuideachta i dteideal faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí mura ndéanfaidh sí faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (2) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse sin, chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochlóite.

Forálacha a bhaineann le faoiseamh faoi Chuid IV (brabúis ó earraí áirithe a onnmhairiú) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

42. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-ailt (2) agus (3) ní thabharfar faoiseamh ó cháin chorparáide faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1980, di.

(2)  (a)  Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh forálacha fho-alt (1) faoiseamh a thabhairt faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , do chuideachta i ndáil le trádáil a sheolann sí i gcás ina ndearna an chuideachta, i gcúrsa na trádála, aon earraí de réir bhrí Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a onnmhairiú as an Stát aon tráth roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1981.

(b)  Faoi réir fho-alt (4), i gcás—

(i)  a dtiocfaidh cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” ina dhiaidh seo sa mhír seo) i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí, an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta bhunaidh” ina dhiaidh seo sa mhír seo),

(ii)  go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh, nó go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh, ar fhaoiseamh, de bhua mhír (a) nó fho-alt (3), i ndáil leis an trádáil nó leis an gcuid den trádáil faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus

(iii) nach raibh scortha ag an gcuideachta bhunaidh de bhua fho-alt (4) de bheith i dteideal faoiseamh a éileamh faoin gCuid sin IV i ndáil leis an trádáil nó leis an gcuid den trádáil,

ansin, bainfidh forálacha na Coda sin IV leis an gcuideachta chomharbais ionann is dá mba éard iad an chuideachta bhunaidh agus an chuideachta chomharbais an chuideachta bhunaidh agus an chuideachta chomharbais, faoi seach, de réir bhrí alt 62 (3) den Acht sin.

(c) I gcás—

(i) a dtiocfaidh cuideachta eile (dá ngairtear “an dara cuideachta chomharbais” ina dhiaidh seo sa mhír seo), tar éis an chomharbais a thuairiscítear i mír (b) (I), i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil de chuid na cuideachta dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” sa mhír sin (b) agus dá ngairtear “an chéad chuideachta chomharbais” ina dhiaidh seo sa mhír seo, agus

(ii) gurb éard í an trádáil sin nó an chuid sin de thrádáil trádáil nó cuid de thrádáil lenar bhain an mhír sin (b),

ansin, beidh feidhm ag an mír sin (b) fara aon mhodhnuithe is gá ionann is dá mba í an chéad chuideachta chomharbais an chuideachta dá ngairtear “an chuideachta bhunaidh” sa mhír sin (b), agus ionann is dá mba í an dara cuideachta chomharbais an chuideachta dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” sa mhír sin (b), agus mar sin de maidir le haon chomharbais eile den sórt sin ina dhiaidh sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bhainfidh forálacha fho-alt (1) le cuideachta, i ndáil le trádáil a sheolann sí nach mbaineann fo-alt (2) léi, más rud é, maidir leis an trádáil, go mbeidh forchinntiú i scríbhinn tugtha ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an Aire Airgeadais chun bheith ina ghníomhaire dó chun na críche sin á rá go mbainfeadh forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear Cuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis an trádáil ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1):

Ar choinníoll—

(a) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin mura deimhin leis an Aire Airgeadais, nó lena ghníomhaire cuí-údaraithe a dúradh, go dtugann, nó go dtabharfadh, an trádáil a sheolann nó a sheolfaidh an chuideachta cabhair thathagach i ndáil le forbairt réigiúnach nó forbairt náisiúnta,

(b) go dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin i cibé foirm agus modh agus faoi réir cibé coinníollacha a ordóidh an tAire Airgeadais,

(c) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin ar dháta is déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1980, agus

(d) i gcás forchinntiú i scríbhinn a bheith tugtha ar dháta nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1980, ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an Rialtas chun bheith ina ghníomhaire dóibh chun na críche sin agus gurb ionann éifeacht don fhorchinntiú sin agus don fhorchinntiú a chéadluaitear san fho-alt seo, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá mba éard é an forchinntiú a tugadh amhlaidh an forchinntiú a céadluadh amhlaidh agus ionann is dá mba gur comhlíonadh ar gach dóigh na forálacha den fho-alt seo a bhaineann le forchinntithe a thabhairt.

(4) Cuideachta a éileoidh faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil a bhaineann le tréimhse chuntasaíochta iomchuí ní bheidh sé i dteideal de bhua fho-alt (2) nó (3) faoiseamh a éileamh i ndáil leis an trádáil faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar tar éis an lae díreach roimh dháta tosaigh na tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin di.

(5)  (a) Leasaítear leis seo alt 58 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó aon lá dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’ an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo, ailt 182 (faoiseamh maidir le caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76) agus 184 (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide) agus alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin a áireamh; agus glacfar gurb í an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchain inmhuirearaithe roimh aon asbhaint a dhéanamh maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile a fhéadfar a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.”.

(b) Beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le haon éileamh a dhéanfar an 6ú lá de Bhealtaine, 1980, nó dá éis, ar fhaoiseamh ó cháin chorparáide faoi Chuid IV den Acht Cánach Corp aráide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de réir bhrí na Coda sin dar críoch aon lá roimh an lú lá d'Eanáir, 1981, mar atá feidhm aici maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, fara an modhnú go mbeidh, i ndáil le cásanna ina mbeidh éifeacht le halt 186 den Acht sin maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh ina leith, éifeacht le fo-alt (10) (a cuireadh isteach le mír (a)) d'alt 58 den Acht sin ionann is dá bhfolódh na tagairtí ann d'ailt 182 agus 184 den Acht sin tagairt don alt sin 186.

(6) Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Eanáir, 1981, nó aon lá dá éis—

(a) i bhfo-alt (2), sa mhíniú ar A, trí “(seachas a hioncam ó dhíol earraí de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 )” a chur isteach i ndiaidh “ar dhliteanas na cuideachta i leith cánach corparáide ar a hioncam” agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

arb é A méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

D

_____

100-D

a fheidhmiú ar mhéid ioncaim indáilte na

cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, gan dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse sin a áireamh, i gcás arb é D an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an dáileadh iomchuí arna laghdú i gcomhréir leis an laghdú faoi alt 58 ar dhliteanas na cuideachta i leith cánach corparáide ar a hioncam (seachas a hioncam ó dhíol earraí de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 ) don tréimhse chuntasaíochta, faoi réir mhír (c) den choinníoll a ghabhann le halt 182 (3) (faoiseamh eatramhach do chaillteanais chánach ioncaim, etc.) agus mhír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 184 (3) (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide),

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith le cinneadh chun críocha an ailt seo i ndáil le dáileadh a rinne an chuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin (dá ngairtear ‘an dáileadh céadluaite’ san fho-alt seo) bainfear as an gcomhiomlán a luaitear i bhfo-alt (4) comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) méid ioncam na cuideachta a bheidh, i ndáil leis an dáileadh céadluaite, le cur i gcuntas sa mhíniú ar A in alt 45 (1) den Acht Airgeadais, 1980 (roimh aon laghdú faoi alt 47 (2) (i) nó 48 (2) (i) den Acht sin), mar ioncam de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht sin) atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid den tréimhse sin í lúide méid na cánach corparáide a bheidh le cur i gcuntas sa mhíniú ar B san alt sin 45 (1) maidir leis an méid sin d'ioncam na cuideachta, agus

(b) méid is ionann agus na dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta ar dáiltí iomchuí iad de réir bhrí alt 45 den Acht Airgeadais, 1980 , agus a bheidh le háireamh sa mhíniú ar E i bhfo-alt (1) den alt sin i ndáil leis an dáileadh céadluaite.”.

Foralacha a bhaineann le hoibríochtaí trádála díolmhaithe faoi Chuid V (brabúis ó thrádáil in Aerfort na Sionna) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

43. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-ailt (2) agus (3), ní oibríocht trádála dhíolmhaithe chun críocha Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , aon oibríocht trádála de chuid aon chuideachta a sheolfar an lú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis.

(2) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, de bhua deimhniú a tugadh faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó deimhniú a bhfuil éifeacht leis ionann is dá mba gur tugadh é amhlaidh, gur oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí an ailt sin, an 31ú lá de Nollaig, 1980, aon oibríochtaí trádála de chuid cuideachta, ansin ní chuirfidh forálacha fho-alt (1) cosc le feidhm a bheith ag an gCuid sin V den Acht sin ar na hoibríochtaí trádála sin.

(3) I gcás aon oibríochtaí trádála de chuid cuideachta do thosú an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus, mura mbeadh forálacha fho-alt (1), go dtabharfaí deimhniú faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha Chuid V den Acht sin na hoibríochtaí trádála sin, ansin féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú den sórt dá bhforáiltear san alt sin a thabhairt i ndáil leis na hoibríochtaí trádála sin má bhíonn, maidir leis na hoibríochtaí trádála sin, forchinntiú i scríbhinn tugtha ag duine arna údarú go cuí ag an Aire Airgeadais chun bheith ina ghníomhaire dó chun na críche sin á rá go mbainfeadh forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear Cuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis na hoibríochtaí trádála sin ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1); agus, faoi réir fho-alt (4), i gcás deimhniú den sórt sin a thabhairt, ní chuirfidh forálacha fho-alt (1) cosc le feidhm a bheith ag an gCuid sin V ar na hoibríochtaí trádála sin:

Ar choinníoll—

(a) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin mura deimhin leis an Aire Airgeadais, nó lena ghníomhaire cuí-údaraithe a dúradh, go dtugann, nó go dtabharfadh, na hoibríochtaí trádála cabhair thathagach i ndáil le forbairt réigiúnach nó forbairt náisiúnta,

(b) go dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin i cibé foirm agus modh agus faoi réir cibé coinníollacha a ordóidh an tAire Airgeadais, agus

(c) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin ar dháta is déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1980.

(4) I gcás ina n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí arb é a bhí sa trádáil lena linn oibríochtaí trádála díolmhaithe a shonraítear i ndeimhniú a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3), ansin, scoirfidh na hoibríochtaí trádála sin de bheith ina n-oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a mhéid a sheoltar iad an chéad lá den tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin nó dá éis.

Idirbhearta idir daoine comhlachaithe.

44. —(1) I gcás cuideachta a mbeidh éileamh ar fhaoiseamh faoin gCaibidil seo á dhéanamh aici (dá ngairtear “an ceannaitheoir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) do dhéanamh ceannach ó dhuine eile (dá ngairtear “an díoltóir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus

(a) go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon, agus

(b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas ba dhóigh a gheofaí dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart,

ansin, déanfar ioncam nó caillteanais an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá mba éard é an praghas san idirbheart an praghas a gheofaí dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

(2) I gcás cuideachta a mbeidh éileamh ar fhaoiseamh faoin gCaibidil seo á dhéanamh aici (dá ngairtear “an díoltóir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) do dhíol earraí le duine eile (dá ngairtear “an ceannaitheoir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

(a) go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhphairtíocht an ceannaitheoir, go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon, agus

(b) gur mó an praghas ar a ndíolfar na hearraí ná an praghas ba dhóigh a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart,

ansin, déanfar ioncam nó caillteanais an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá ndíolfadh an díoltóir na hearraí leis an gceannaitheoir ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

(3) Chun críocha fho-alt (2) measfar cuideachta do dhíol earraí i gcás a n-áireofar agus a mhéid a áireofar, chun críocha na Caibidle seo, gur méid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte aici mar íocaíocht as aon ghníomhaíocht trádála agus forléireofar “díoltóir” agus “ceannaitheoir” dá réir sin.

(4) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(5) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh faoin gCaibidil seo á éileamh aici, cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

Dáiltí.

45. —(1) Chun críocha an ailt seo is dáileadh iomchuí dáileadh a dhéanfaidh cuideachta más é an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó aon lá dá éis (dá ngairtear “an lá iomchuí” ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanfar é, agus mura mó méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an lá sin ná méid (dá ngairtear “méid an bhunchiste” ina dhiaidh seo san alt seo) a chinnfear de réir na foirmle

(A - B) + (C - D) + E - F

i gcás, faoi réir ailt 46 go 49—

arb é A an méid d'ioncam na cuideachta a mbeidh an cháin chorparáide ina leith laghdaithe faoi alt 41 don tréimhse chuntasaíochta iomchuí dheiridh de chuid na cuideachta a chríochnaigh roimh an lá iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás nach dáileadh a dhearbhaigh an chuideachta ag cruinniú ginearálta a tionóladh mar chruinniú ginearálta bliantúil an dáileadh, go mbeidh éifeacht leis an míniú seo ionann is dá mba thagairt do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na cuideachta ina ndearnadh an dáileadh an tagairt atá ann don tréimhse chuntasaíochta iomchuí dheiridh a chríochnaigh roimh an lá iomchuí,

arb é B méid na cánach corparáide arna laghdú faoi alt 41, i leith an méid ioncaim a luaitear sa mhíniú ar A,

arb é C comhiomlán na méideanna d'ioncam na cuideachta a mbeidh an cháin chorparáide ina leith laghdaithe faoi alt 41 do thréimhsí cuntasaíochta iomchuí uile na cuideachta roimh an tréimhse chuntasaíochta iomchuí atá le cur i gcuntas sa mhíniú ar A,

arb é D comhiomlán na méideanna den cháin chorparáide, arna laghdú faoi alt 41, i leith na méideanna ioncaim a áirítear sa mhéid comhiomlán a ríomhtar de réir an mhínithe ar C,

arb é E méid comhiomlán na ndáiltí iomchuí a fuair an chuideachta aon uair roimh an lá iomchuí:

Ar choinníoll nach n-áireofar dáileadh iomchuí sa mhíniú seo más éard é an dáileadh, mar aon leis an gcreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag an gcuideachta ina leith, ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus ar faoiseamh é nár tarraingíodh siar dá éis sin faoi fhorálacha na n-alt sin, agus

arb é F méid comhiomlán na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta aon lá is luaithe ná an lá iomchuí.

(2) Más rud é i ndáil le cuideachta gur mó ná nialas méid an bhunchiste ach gur lú é ná méid iomlán na ndáiltí a rinne an chuideachta an lá iomchuí, déileálfar le dáileadh a rinne an chuideachta an lá sin ionann is dá mba dhá dháileadh a bhí ann, is é sin le rá,

(a) dáileadh iomchuí is ionann agus cibé méid a mbeidh idir é agus méid iomlán an dáilte an chomhréir chéanna atá idir méid an bhunchiste agus méid iomlán na ndáiltí a rinneadh amhlaidh an lá sin, agus

(b) dáileadh ar leith nach dáileadh iomchuí agus arb éard é iarmhéid an dáilte.

(3) Is é a bheidh sa chreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag faighteoir dáilte iomchuí ina leith, d'ainneoin alt 88 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , méid is ionann agus an t-ochtú cuid déag de mhéid an dáilte iomchuí.

(4) I ndáil le dáileadh iomchuí, beidh éifeacht le halt 83 (4) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí “leis an naoú cuid déag den mhéid sin,” in ionad “leis an gcáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin ar an méid sin,”.

(5) Déanfar an creidmheas cánach (más ann) a mbeidh teideal chuige ag faighteoir dáilte lena mbaineann fo-alt (2) (b) i leith an dáilte a ríomh de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Corparáide seachas fo-alt (3).

(6) I ndáil le dáileadh iomchuí (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear leis faoi fho-alt (2) mar dháileadh iomchuí) a rinne cuideachta, bainfidh ailt 5 agus 83 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, maidir le gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith on bhfo-alt seo. gur dáileadh iomchuí de réir bhrí an ailt seo an dáileadh.

(7) Más rud é, ar chuideachta d'éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil d'aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, gur dealraitheach don chigire, nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, nuair a chuirtear an faoiseamh sin i gcuntas, gurb amhlaidh do mhéid an bhunchiste i ndáil le haon dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh lena mbaineann fo-alt 2 (b)) a rinne an chuideachta lá iomchuí gur mó méid an chreidmheasa chánach ar taispeánadh faighteoir an dáilte a bheith ina theideal sa ráiteas a bhí i gceangal nó ag gabháil le haon bharántas nó seic nó ordú eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó in aon ráiteas a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, ná méid an chreidmheasa cánach a bhfuil teideal chuige ag an bhfaighteoir sin faoi fhorálacha an ailt seo, ansin déanfar aon fhaoiseamh faoin gCaibidil seo a mbeadh teideal chuige ag an gcuideachta ar dhóigh eile i leith na trádála don tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú de mhéid na breise a bheidh ag an gcreidmheas cánach ar taispeánadh amhlaidh an faighteoir a bheith ina theideal ar an méid a mbeidh sé ina theideal faoi fhorálacha an ailt seo, agus déanfar cibé measúnachtaí breise nó coigeartuithe ar mheasúnachtaí a bheidh ag teastáil in aon chás chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo:

Ar choinníoll—

(a) nach dtabharfar aon aird ar an laghdú faoisimh faoin gCaibidil seo de bhua an fho-ailt seo le linn aon mhéid a bheidh le cur i gcuntas a bheith á chinneadh—

(i)  sa mhíniú ar B nó D i bhfo-alt (1),

(ii)  i mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó

(iii) i mír (iiA) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) (b) d'alt 184 den Acht sin, agus

(b) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo más deimhin leis an gcigire, nó ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, go mbeadh sé cóir réasúnach, mar gheall ar an gcuideachta do cheartú an ráitis a bhí i gceangal nó ag gabháil leis an mbarántas nó an seic nó an ordú iomchuí eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó an ráitis a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, nó ar aon chúis leormhaith eile, nach mbeadh feidhm acu.

(8) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo agus mura gcomhlíonfaidh an chuideachta ceanglais an fhógra dlífear pionós £100 a chur uirthi.

Mar a dhéileálfar le hasbhaintí áirithe i ndáil le dáiltí iomchuí.

46. —(1) San alt seo ciallaíonn “asbhaint iomchuí”, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid cuideachta, aon mhéid a lamhálfar mar asbhaint in aghaidh brábúis iomlána na cuideachta sa tréimhse sin maidir le—

(a) muirir ar ioncam.

(b) grúp-fhaoiseamh.

(c) aon liúntas maidir le caiteachas caipitiúil dá dtugar éifeacht don tréimhse sin faoi alt 14 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(d) aon chaillteanas a ndéileáiltear leis na brabúis don tréimhse sin ina leith mar bhrabúis atá arna laghdú faoi alt 16 (2) den Acht sin, nó

(e) méideanna eile a fhéadfar, faoi na hAchtanna Cánach Corparáide, a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.

(2) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid cuideachta—

(a) go mbeidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncam na cuideachta ó dhíol earraí le laghdú faoi alt 41, agus

(b) gur lamháladh asbhaint iomchuí in aghaidh na mbrabús iomlán le linn an cháin chorparáide is inmhuirearaithe a bheith á ríomh.

ansin, déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas sa mhíniú ar A nó C in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin a laghdú méid is ionann agus an chuid sin den asbhaint iomchuí a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir méid ioncam na cuideachta as earraí a dhíol agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

Forálacha maidir le faoiseamh i leith caillteanas áirithe agus liúntais chaipitiúla a tugadh anall ó 1975-76.

47. —(1) Leasaítear leis seo alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cáin chorparáide iomchuí” i bhfo-alt (1):

“tá le ‘cáin chorparáide iomchuí’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, an bhrí a shanntar dó i bhfo-alt (10) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) d'alt 58 ach ‘don tréimhse chuntasaíochta’ a chur in ionad ‘don tréimhse chuntasaíochta iomchuí’.”,

agus

(b) sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éileamh faoi alt 41 (2) (bonn faoisimh ó cháin chorparáide: cuideachtaí monaraíochta) den Acht Airgeadais, 1980 , go ndéanfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin alt seo i leith na tréimhse cuntasaíochta a laghdú ar aon-choibhneas leis an laghdú a dhéanfar amhlaidh ar an gcáin chorparáide is iníochtha ag an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ón trádáil; agus gurb í an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ón trádáil an méid a luaitear i mír (b);”.

(2) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta atá comhthráthach le tréimhse chuntasaíochta iomchuí nó ar cuid di tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) go mbeidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncam na cuideachta ó dhíol earraí i gcúrsa trádála don tréimhse chuntasaíochta iomchuí le laghdú faoi alt 41, agus

(b) go lamháiltear faoiseamh laghdaithe faoi alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an tréimhse chuntasaíochta de réir fhorálacha mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) den alt sin 182.

ansin—

(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar A nó C in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

G ×

9

__

7

×

 H

__

J

i gcás—

arb é G méid an laghdaithe san fhaoiseamh maidir leis an trádáil don tréimhse chuntasaíochta faoi fhorálacha na míre sin (b) den choinníoll sin,

arb é H ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus

arb é J an cháin chorparáide iomchuí don tréimhse chuntasaíochta de réir bhrí an ailt sin 182,

agus

(ii) déanfar méid na cánach corparáide (arna laghdú faoi alt 41) a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar B nó D in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

G ×

2

__

7

i gcás an míniú céanna a bheith le G atá leis i mír (i).

Forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide áirithe.

48. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) i mír (b), trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar A agus B:

“arb é A an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide is inmhuirearaithe, ar leith ó ailt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide do bhrabúis onnmhairí), agus 182, ón alt seo agus ó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , don tréimhse chuntasaíochta ar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, agus

arb é B an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, ar leith ó ailt 58 agus 182, ón alt seo agus ó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú an méid iomchuí ar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid iomchuí:”,

agus

(b) sa choinníoll a ghabhann le mír (b), trí “agus” a scriosadh i mír (ii) agus tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (iii) agus na míre díreach ina diaidh:

“(iiA) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éileamh faoi alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , go ndéanfar an méid faoisimh a bheidh le lamháil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo a laghdú sa choibhneas céanna atá idir an méid a laghdaítear amhlaidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim as earraí a dhíol (de réir bhrí an ailt sin 41) don tréimhse chuntasaíochta sin agus an cháin chorparáide iomchuí; agus

(iii) go measfar, chun críocha alt 64, maidir le méid aon laghdú a dhéanfar do thréimhse chuntasaíochta faoi mhír (i) nó (ii) den choinníoll seo, gur laghdú é ar an méid faoisimh a lamháiltear faoi alt 58,

agus chun críocha an choinníll seo—

(I) tá le ‘cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis’ agus le ‘cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh’ na bríonna a shanntar dóibh in alt 58, agus

(II) tá le ‘cáin chorparáide iomchuí’ an bhrí a shanntar dó in alt 182.”.

(2) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta atá comhthráthach le tréimhse chuntasaíochta iomchuí nó ar cuid di tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

(a) go mbeidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncam na cuideachta ó dhíol earraí i gcúrsa na trádála don tréimhse chuntasaíochta iomchuí le laghdu faoi alt 41, agus

(b) go lamhálfar faoiseamh laghdaithe faoi alt 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis an tréimhse chuntasaíochta de réir fhorálacha mhír (iiA) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin 184,

ansin—

(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar A nó C in alt 45(1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

K  ×  

L

__

M

  ×  

N

__

 P

i gcás—

arb é K méid an fhaoisimh don tréimhse chuntasaíochta faoin alt sin 184 roimh aon laghdú san fhaoiseamh sin faoi fhorálacha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin,

arb é L ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

arb é M an cháin chorparáide iomchuí de réir bhrí alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta,

arb é N an t-ioncam ó dhíol earraí, de réir bhrí alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

arb é P an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta,

agus

(ii) déanfar méid na cánach corparáide (arna laghdú faoi alt 41) a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar B nó D in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

Q  ×  

  2

__

  7

i gcás arb é Q méid an laghdaithe san fhaoiseamh don tréimhse chuntasaíochta faoi fhorálacha na míre sin (iiA) den choinníoll sin.

Díbhinní agus dáiltí eile de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán.

49. —(1) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta dáileadh iomchuí de réir bhrí alt 45, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear leis faoi alt 45 (2) mar dháileadh iomchuí, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an mbreis atá ag méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh iomchuí dá mba nár achtaíodh alt 45 (3) ar mhéid an chreidmheasa cánach a bhaineann, de réir an ailt sin 45 (3), leis an dáileadh iomchuí.

(2) I gcás gur dáileadh iomchuí de réir bhrí fho-alt (1) nó (2) (a) d'alt 45 dáileadh forlíontach iomlán, nó cuid de dháileadh forlíontach, faoi fho-alt (1) agus gur cuideachta faighteoir an dáilte iomchuí sin, ansin, d'fhonn a chinneadh cé acu agus cá mhéid is dáileadh iomchuí dáileadh a rinne an chuideachta sin, is é a bheidh sa dháileadh forlíontach iomlán nó sa chuid de dháileadh forlíontach (cibé acu é) méid a bheidh le cur i gcuntas faoin míniú ar E san fhoirmle san alt sin i ndáil leis an dáileadh sin a rinne an chuideachta sin.

(3) D'ainneoin fhorálacha alt 88 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ní bheidh faighteoir dáilte fhorlíontaigh faoi fho-alt (1) i dteideal creidmheasa cánach ina leith.

(4) I ndáil le haon dáileadh forlíontach de réir bhrí fho-alt (1), bainfidh alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteanna na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

Oibríochtaí mianadóireachta agus foirgníochta a eisiamh.

50. —(1) Chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo ní fholóidh ioncam ó dhíol earraí ioncam—

(a) ó aon oibríochtaí mianadóireachta chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil de réir bhrí alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940 , a fháil, cibé acu trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar na talún, nó

(b) ó aon oibríochtaí foirgníochta de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ).

(2) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar cuid di monarú earraí agus go seolfaidh sí, i gcúrsa na trádála, aon oibríochtaí mianadóireachta de réir bhrí fho-alt (1) (a) óna bhfaigheann sí aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil den chineál dá dtagraítear san fho-alt sin agus i gcás nach ndíolann an chuideachta aon mhianra, cumasc nó substaint den sórt sin i gcúrsa na trádála ach gurb éard iad na hábhair go léir nó cuid de na hábhair a úsáidtear ag monarú na n-earraí sin nó go gcorpraítear oiread ar bith iad sna hearraí i gcúrsa a monaraithe, ansin, maidir le cuid den ioncam a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, ina ioncam ó dhíol earraí chun críocha alt 41, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur ioncam é ó na hoibríochtaí mianadóireachta sin, agus is é a bheidh sa chuid sin, chun críocha an fho-ailt sin, cibé méid is dealraitheach don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

(3) I gcás ina bhfolóidh an méid is infhaighte ó dhíol earraí comaoin as aon oibríochtaí foirgníochta mar a shainítear i bhfo-alt (1) (b) a chur i gcrích i ndáil leis na hearraí sin, ansin, maidir le cuid den ioncam a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, ina ioncam ó dhíol earraí chun críocha alt 41, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur ioncam é ó na hoibríochtaí foirgníochta sin, agus is é a bheidh sa chuid sin, chun críocha an fho-ailt sin, cibé méid is dealraitheach don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

Achomhairc.

51. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist faoin gCaibidil seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.