An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) Ar Aghaidh (Caibidil VIII Frithimghabháil)

14 1980

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

Caibidil VII

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 40 (feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le blianta measúnachta áirithe) den Acht Airgeadais, 1977 .

52. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1977 , trí “na sé bliana measúnachta” a chur in ionad “na gceithre bliana measúnachta” agus “na sé bliana sin” a chur in ionad “na gceithre bliana sin” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann na sé bliana measúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann na sé bliana sin.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

53. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1980” a chur in ionad “1979”—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus.

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1980, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “nó 1980-81” a chur isteach i ndiaidh “1979-80” i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) d'fho-alt (2),

(b) trí “1980-81” a chur in ionad “1979-80” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) i bhfo-alt (3), agus

(c) trí “1980” a chur in ionad “1979” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ),

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80 nó 1980-81 le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den méid arbh é, ar leith ón alt seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é.

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1980-81.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1980, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis:

Leasú ar na forálacha a bhaineann le hachomhairc.

54. —(1) Beidh éifeacht le halt 416 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí “leis an gCuid seo” in ionad “le fo-ailt (7) agus (8)”.

(2) Beidh éifeacht le halt 421 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus, maidir le mír (b), measfar go raibh éifeacht léi riamh, ionann is—

(a) dá gcuirfí an coinníoll seo a leanas le fo-alt (2):

“Ar choinníoll go gceadóidh na Coimisinéirí d'aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son an achomharcóra pléideáil os a gcomhair i gcás ar deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.”,

(b) dá gcuirfí na fo-ailt seo a leanas leis:

“(5) Mura gceanglóidh imthosca an cháis a mhalairt—

(a) i gcás ar dóigh leis na Coimisinéirí, ar achomharc i gcoinne mheasúnacht lenar measúnaíodh méid is inchurtha faoi cháin, go ndearnadh an t-achomharcóir a ró-mhuirearú leis an measúnacht féadfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh acu, gan ach an méid is inchurtha faoi cháin a laghdú,

(b) i gcás ar dóigh leis na Coimisinéirí, ar achomharc den sórt a dúradh, go bhfuil an t-achomharcóir muirearaithe go ceart leis an measúnacht, féadfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh acu, a ordú go seasfaidh an méid is inchurtha faoi cháin, agus

(c) i gcás ar dóigh leis na Coimisinéirí, ar achomharc den sórt a dúradh, gur chóir méid is mó ná an méid sa mheasúnacht a mhuirearú ar an achomharcóir, féadfaidh siad an bhreis a mhuirearú tríd an méid is inchurtha faoi cháin, agus an méid sin amháin, a mhéadú.

(6) I gcás ina gcinnfidh na Coimisinéirí aon achomharc, tabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile éifeacht do chinneadh na gCoimisinéirí agus air sin, más é an cinneadh go seasfaidh an mheasúnacht mar atá nó go bhfuil sí le leasú, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht nó leis an measúnacht leasaithe de réir mar a bheidh, is a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith.”.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le cáin ioncaim a mhuirearú faoi na Sceidil.

55. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 4 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 :

“4.—I gcás ina n-achtaíonn aon Acht go muirearófar cáin ioncaim d'aon bhliain de réir aon ráta nó rátaí áirithe, déanfar, faoi réir fhorálacha an Achta seo agus an Achta Cánach Corparáide, 1976 , cáin de réir an ráta sin nó na rátaí sin, de réir mar is iomchuí, a mhuirearú don bhliain sin maidir leis an maoin, na brabúis nó na gnóchain go léir a thuairiscítear nó a áirítear faoi seach sna Sceidil atá sna hailt a dtugtar a n-uimhreacha thíos, is é sin le rá—

Sceideal C—Alt 47;

Sceideal D—Alt 52;

Sceideal E—Alt 109; agus

Sceideal F—Alt 83 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

agus de réir na bhforálacha den Acht seo agus den Acht Cánach Corparáide, 1976 , is infheidhme faoi seach maidir leis na Sceidil sin.”.

Leasú ar alt 24 (caiteachais fialachta gnó) den Acht Airgeadais, 1973 .

56. —Leasaítear leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1973

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) Maidir le haon chaiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar an 27ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, ag soláthar fialachta gnó, ní dhéanfar aon suim—

(a) a asbhaint le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan is inchurtha faoi cháin faoi Sceideal D a bheith á ríomh, ná

(b) a áireamh le linn aon chostais bhainistí a bheith á ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 15 nó 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

is mó ná 50 faoin gcéad den tsuim a dhéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, a asbhaint amhlaidh nó a áireamh amhlaidh.”,

(b) maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin agus maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3)  (a) I gcás sócmhainn a úsáid nó a bheith curtha ar fáil lena húsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun fialacht ghnó a sholáthar—

(i) más rud é nach go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas chun críocha trádála a leagadh amach nó a caitheadh nó a leagfar amach nó a chaithfear na caiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar maidir leis an bhfialacht ghnó sin a sholáthar, ní cheadófar aon liúntas faoi na forálacha sonraithe maidir le húsáid na sócmhainne nó maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na sócmhainne a mhéid is chun críocha na fialachta gnó sin a úsáidtear nó a úsáidfear í,

(ii) más rud é gur go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas chun críocha trádála a tabhaíodh nó a thabhófar na caiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar maidir leis an bhfialacht ghnó a sholáthar, ní cheadófar aon liúntas faoi na forálacha sonraithe maidir le húsáid na sócmhainne nó maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na sócmhainne a mhéid is gur chun críocha na fialachta gnó sin a úsáidtear nó a úsáidfear í ach amháin go feadh 50 faoin gcéad den liúntas a cheadófaí ar leith ón bhfomhír seo.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘forálacha sonraithe’ alt 241, Caibidil III de Chuid XIV, Caibidlí I agus III de Chuid XV agus Caibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .”,

agus

(c) trí “lena mbaineann fo-ailt (1) agus (1A)” a chur in ionad “lena mbaineann fo-alt (1)” i bhfo-alt (4).

Deimhnithe a úsáid in imeachtaí chun cáin nó pionóis a ghnóthú.

57. —(1) Leasaítear leis seo alt 488 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (i):

“(ia) faoi fhorálacha alt 429 (4) (a cuireadh isteach le halt 19 den Acht Airgeadais, 1971 ), nó”.

(2) Leasaítear leis seo alt 500 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) In imeachtaí chun pionós a tabhaíodh faoin alt seo nó faoi alt 501 a ghnóthú—

(i) deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu gur tugadh fógra nó proiceacht sainráite go cuí don chosantóir ar lá sainráite, is fianaise é nó go gcruthófar a mhalairt go bhfuair an duine sin an fógra nó an proiceacht sin sa ghnáth-chúrsa,

(ii) deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu nach ndearna an cosantóir, le linn tréimhse sainráite, fógra nó proiceacht sainráite a chomhlíonadh, is fianaise é nó go gcruthófar a mhalairt nach ndearna an cosantóir, le linn na tréimhse sin, an fógra nó an proiceacht sin a chomhlíonadh,

(iii) deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu gur mhainnigh an cosantóir, le linn tréimhse sainráite, gníomh sainráite a dhéanamh, sonraí sainráite a thabhairt nó cuntas sainráite a sheachadadh de réir aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 3 de Sceideal 15, is fianaise é nó go gcruthófar a mhalairt gur mhainnigh an cosantóir amhlaidh,

(iv) deimhniú a dhéanann deimhniú mar a fhoráiltear i bhfomhír (i), (ii) nó (iii) agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfar é a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, gur shínigh an t-oifigeach sin é.”.

Leasú ar alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

58. —Leasaítear leis seo alt 265 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “iomlán na tréimhse iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás ina dtabharfaí, mura mbeadh alt 264 (4) nó an coinníoll a ghabhann le mír 1 (5) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , liúntas síos-scríofa do dhuine i leith aon tréimhse inmhuirearaithe, go measfar, chun críocha an fho-ailt seo, an chuid den tréimhse iomchuí a áirítear sa tréimhse inmhuirearaithe sin nó ina bonn-tréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse inmhuirearaithe ar tugadh liúntas síos-scríofa do dhuine ina leith.”

a chur in ionad “iomlán na tréimhse iomchuí.”.