An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980) Ar Aghaidh (CUID II Earraí a Dhíol)

16 1980

AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta a rite.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1893” an Sale of Goods Act, 1893;

folaíonn “gnó” gairm agus gníomhaíochtaí aon údaráis Stáit nó údaráis áitiúil;

forléireofar “déileáil mar thomhaltóir” de réir alt 3;

forléireofar “cóir réasúnach” de réir fho-alt (3);

tá le “comhaontú fruilcheannaigh” an bhrí a shanntar do “comhaontú fost-cheannaigh” le halt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;

ní fholaíonn “seirbhís” seirbhísí meitéareolaíocha ná seirbhísí eitleoireachta a sholáthraíonn an tAire Iompair ná aon ní a dhéantar faoi chonradh seirbhíse;

ciallaíonn “údarás Stáit” Aire den Rialtas, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus Coimisiún Talún na hÉireann.

(2) Folaíonn tagairt san Acht seo do sholáthar seirbhíse tagairt do sheirbhís nó do shaoráid a thabhairt nó a chur ar fáil agus do thairiscint í a sholáthar.

(3) I gcás a n-éireoidh ceist faoi alt 13, 31, 40 nó 46 den Acht seo nó faoi alt 55 d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) maidir le téarma, comhaontú nó foráil a bheith cóir réasúnach tabharfar aird ar na critéir atá leagtha amach sa Sceideal nuair a bheifear á cinneadh.

Déileáil mar thomhaltóir.

3. —(1) In Acht 1893 agus san Acht seo deirtear go bhfuil páirtí i gconradh ag déileáil mar thomhaltóir i ndáil le páirtí eile—

  (a) más rud é nach ndéanann sé an conradh i gcúrsa gnó nó nach dtugann sé le fios go bhfuil sé á dhéanamh sin, agus

 (b) má dhéanann an páirtí eile an conradh i gcúrsa gnó, agus

(c) más de chineál a sholáthraítear de ghnáth lena n-úsáid nó lena dtomhailt go príobháideach na hearraí nó na seirbhísí a sholáthraítear faoi réim nó de bhun an chonartha.

(2) Má dhéantar díol—

(a) ar thairiscint iomaíoch, nó

(b) ar ceant—

(i) ar díol earraí é de chineál, nó

(ii) ar díol é a dhéanann duine nó a dhéantar thar ceann duine d'aicme

atá sainmhínithe ag an Aire le hordú,

ní mheasfar an ceannaitheoir ar chuntar ar bith a bheith ag déileáil mar thomhaltóir.

(3) Faoina réir seo, is ar na daoine a éilíonn nach mar thomhaltóir a dhéileálann páirtí a bheidh sé a shuíomh nach ea.

Cosaint.

4. —(1) Faoi réir alt 46 (a dhéanann foráil le haghaidh comhaontuithe áirithe cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó i ndiaidh an tosach feidhme sin a dhéantar iad) ní bhaineann an tAcht seo le conarthaí a rinneadh roimh an tosach feidhme sin.

(2) Ní dhéanann an tAcht seo difear d'aon díolúine ó dhliteanas a thugtar le reacht nó faoi reacht.

Orduithe.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo, lena n-áirítear ordú a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(2) Déanfar dréacht de gach ordú a bheartaítear a dhéanamh faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an tOrdú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Pionóis.

6. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air.

(2) I gcás cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, agus a gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó ar thaobh aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile aon chomhlachta den sórt sin, nó is aon oifigeach eile den sórt sin d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin nó an duine ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin.

Ionchúiseamh i gcionta.

7. —(1) Féadfaidh an tAire nó an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí imeachtaí achomaire i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 18 mí ó dháta an chiona.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.