Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An Comhlacht Ceannais)

25 1980


Uimhir 25 de 1980


ACHT AN FHORAIS NÁISIÚNTA UM ARD-OIDEACHAS, LUIMNEACH, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ FORAS ARD-OIDEACHAIS DÁ nGAIR-FEAR SA GHAEILGE AN FORAS NÁISIÚNTA UM ARD-OIDEACHAS, LUIMNEACH, AGUS SA BHÉARLA THE NATIONAL INSTITUTE FOR HIGHER EDUCATION, LIMERICK, DO SHAINIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS NA NITHE SIN ROIMHE SEO. [14 Iúil, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “an Chomhairle Acadúil” an bhrí a shanntar dó le halt 8 den Acht seo;

ciallaíonn “cúrsa ar leibhéal teastais”, cúrsa staidéir a dtiocfadh dá chionn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais do dhámhadh teastais;

ciallaíonn “cathaoirleach” cathaoirleach an Chomhlachta Ceannais;

ciallaíonn “cúrsa ar leibhéal céime” cúrsa staidéir a dtiocfadh dá chionn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais do dhámhadh céime;

ciallaíonn “leaschathaoirleach” leaschathaoirleach an Chomhlachta Ceannais;

ciallaíonn “cúrsa ar leibhéal dioplóma” cúrsa staidéir a dtiocfadh dá chionn Comhlacht Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais do dhámhadh dioplóma;

tá le “Stiúrthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 7 den Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an Comhlacht Ceannais” Comhlacht Ceannais an Fhorais;

ciallaíonn “an Foras” an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, arna bhunú de bhun alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás um Ard-Oideachas.

(2) Folaíonn tagairt san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú agus do dhualgais a chomhlíonadh.

Bunú an Fhorais.

2. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, foras ard-oideachais de réir bhrí Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 , ar a dtabharfar an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, agus sa Bhéarla the National Institute for Higher Education, Limerick, chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Foras ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhaltas an Fhorais.

3. —(1) Gach duine—

(a) ar comhalta den Chomhlacht Ceannais é,

(b) ar comhalta den Chomhairle Acadúil é,

(c) ar comhalta d'fhoireann an Fhorais é,

(d) ar mac léinn cláraithe de chuid an Fhorais é, nó

(e) ar céimí de chuid an Fhorais é,

beidh sé ina chomhalta den Fhoras.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh aon duine ina chomhalta den Fhoras mura rud é, an tráth a mbeidh sé ina chomhalta, go mbeidh sé cáilithe le haghaidh comhaltais de bhun fho-alt (1) den alt seo.

(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Comhlacht Ceannais, ó am go ham, comhaltas den Fhoras a thabhairt do dhuine nach mbeidh cáilithe le haghaidh comhaltais de bhun fho-alt (1) den alt seo, agus beidh aon duine den sórt sin ina chomhalta den Fhoras go dtí go ndearbhóidh an Comhlacht Ceannais a mhalairt.

Feidhmeanna an Fhorais.

4. —(1) Is iad seo feidhmeanna an Fhorais—

(a) cúrsaí ar leibhéal céime, cúrsaí ar leibhéal dioplóma agus cúrsaí ar leibhéal teastais agus, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, cibé cúrsaí eile, lena n-áirítear cúrsaí iarchéime, is cuí leis an gComhlacht Ceannais a chur ar fáil;

(b) gabháil do thaighde i cibé réimsí a mheasfaidh an Comhlacht Ceannais a bheith cuí;

(c) faoi réir cheadú an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás—

(i) tailte nó foirgnimh a cheannach agus a fháil,

(ii) scoláireachtaí, duaiseanna agus dámhachtaintí eile a thionscnamh agus, má cheaptar gur cuí é, iad a dhámhadh;

(d) faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, airgead agus sócmhainní uile an Fhorais a chothabháil, a bhainistí, a riar agus a infheistiú;

(e) bronntanais talún nó maoine eile a ghlacadh ó dheontóirí ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a bheidh sonraithe ag na deontóirí: ar choinníoll nach mbeidh aon ní in aon iontaobhas nó coinníoll contrártha d'fhorálacha an Achta seo;

(f) faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, gach gníomh agus ní a dhéanamh is gá chun cuspoirí agus forbairt an Fhorais a chur chun cinn.

(2)   (a) Féadfaidh an tAire le hordú, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé feidhmeanna breise a mheasfaidh sé is cuí a shannadh don Fhoras.

(b) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht den ordú atá beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag dhá Theach an Oireachtais.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

An Comhlacht Ceannais.

5. —(1) Beidh Comhlacht Ceannais ar an bhForas a chomhlíonfaidh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, na feidhmeanna go léir a thugtar don Fhoras leis an Acht seo.

(2) Is iad comhaltaí an Chomhlachta Ceannais cathaoirleach, an Stiúrthóir agus 23 ghnáthchomhalta.

(3) Is é an Rialtas, ar mholadh ón Aire, a cheapfaidh na chéad chomhaltaí den Chomhlacht Ceannais agus beidh siad i seilbh oifige ar feadh tréimhse bliana ó dháta a gceaptha.

(4) Ar théarma oifige na gcéad chomhaltaí den Chomhlacht Ceannais a bheith caite, ceapfaidh an Rialtas na 23 ghnáthchomhalta den Chomhlacht sin, ar mholadh ón Aire, ar an tslí seo a leanas:

(a) déanfar naonúr de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar mholadh ón Aire de réir fhorálacha fho-alt (5) den alt seo;

(b) déanfar triúr de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar comhaltaí d'fhoireann acadúil an Fhorais iad a bheidh tofa ag an bhfoireann acadúil de réir rialacháin arna ndéanamh ag an gComhlacht Ceannais;

(c) déanfar duine amháin de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar comhalta d'fhoireann neamhacadúil an Fhorais é a bheidh tofa de réir rialacháin arna ndéanamh ag an gComhlacht Ceannais;

(d) déanfar beirt de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar mic léinn lánaimsire de chuid an Fhorais iad a bheidh tofa de réir rialacháin arna ndéanamh ag an gComhlacht Ceannais;

(e) déanfar triúr de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar mholadh ó Chomhlacht Ceannais Choláiste Oideachais Thuamhumhan, Luimneach;

(f) déanfar beirt de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar mholadh ón Aire as líon comhaltaí fhoireann teagaisc Ceard-Choláistí Réigiúnacha;

(g) déanfar beirt de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar mholadh ón Aire as líon comhaltaí Bhoird Bhainistíochta Ceard-Choláistí Réigiúnacha; agus

(h) déanfar duine amháin de na comhaltaí sin a cheapadh amhlaidh ar mholadh ó Chomhlacht Ceannais an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath.

(5) Sula ndéanfaidh an tAire aon mholadh chun daoine a cheapadh ar Chomhlacht Ceannais an Fhorais de bhun fho-alt (4) (a) den alt seo, beidh aird aige ar a mhéid is ceart tionscal, talmhaíocht, iascach, tráchtáil, na gairmeacha, foireann an Fhorais nó foireann aon choláiste nó comhlachta dá dtagraítear san fho-alt sin (4) ionadaíocht a bheith acu ar an gComhlacht Ceannais.

(6)  (a)  Má éagann comhalta den Chomhlacht Ceannais, má scoireann sé nó má chuirtear as oifig é ar shlí eile de bhun an Achta seo sula n-éagfaidh a théarma oifige, líonfar an folúntas a tharlóidh amhlaidh—

(i) más ar mholadh ón Aire a ceapadh an duine sin, tríd an Rialtas do cheapadh duine a bheidh molta ag an Aire, nó

(ii) más de bhun mhíreanna (b), (c), (d), (e) nó (h) d'fho-alt (4) den alt seo a ceapadh an duine sin, tríd an Rialtas do cheapadh duine a bheidh cáilithe de réir na míreanna sin.

(b) Duine a cheapfar ar an gComhlacht Ceannais de bhun mhír (a) den fho-alt seo beidh sé i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé chun bheith dícháilithe chun oifig a shealbhú, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse a mbeadh an comhalta den Chomhlacht Ceannais ba chúis leis an bhfolúntas, dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta den sórt sin, i seilbh oifige ar a feadh.

(7) Bainfidh forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo leis an gComhlacht Ceannais.

Feidhmeanna an Chomhlachta Ceannais.

6. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san Acht seo, déanfaidh an Comhlacht Ceannais gnóthaí agus maoin uile an Fhorais a bhainistí agus a rialú agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna go léir a thugtar don Fhoras leis an Acht seo, agus beidh aige na cumhachtaí go léir is gá faoin Acht seo chun na críche sin.

(2) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a cheapadh chun cabhrú leis i cibé slí a ordóidh an Comhlacht Ceannais agus féadfaidh an Comhlacht Ceannais cibé dualgais is cuí leis a shannadh d'aon choiste a cheapfar amhlaidh.

(3) Beidh gníomhartha choiste arna bhunú faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gComhlacht Ceannais mura ndéanfaidh an Comhlacht Ceannais an riachtanas le daingniú den sórt a ligean thar ceal.

An Stiúrthóir.

7. —(1) Déanfaidh an Comhlacht Ceannais, le ceadú an Aire, duine a cheapadh ó am go ham i gcáil lánaimsire chun bheith ina phríomhoifigeach don Fhoras agus “an Stiúrthóir” a ghairtear den oifigeach sin san Acht seo.

(2) Bainfidh forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an Stiúrthóir.

An Chomhairle Acadúil.

8. —(1) Ceapfaidh an Comhlacht Ceannais comhlacht daoine ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo “an Chomhairle Acadúil” chun cabhrú leis an gComhlacht Ceannais saothar oideachais an Fhorais a phleanáil, a chomhordú, a fhorbairt agus a mhaoirseacht.

(2) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, foráil a dhéanamh do chomhaltas agus téarmaí oifige na Comhairle Acadúla a bhunófar de bhun fho-alt (1) den alt seo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, beidh na feidhmeanna sonracha seo a leanas ag an gComhairle Acadúil, is é sin le rá—

(a) cláir iomchuí staidéir a cheapadh, a fhorbairt agus a chur i ngníomh.

(b) moltaí a chur faoi bhráid an Chomhlachta Ceannais chun gréasáin iomchuí a bhunú chun na cláir staidéir dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a chur i ngníomh,

(c) moltaí a chur faoi bhráid an Chomhlachta Ceannais maidir le cláir chun taighde a fhorbairt,

(d) moltaí a chur faoi bhráid an Chomhlachta Ceannais chun mic léinn a roghnú, a ligean isteach, a choimeád agus a choinneáil amach,

(e) rialacháin acadúla an Fhorais a dhéanamh faoi réir cheadú an Chomhlachta Ceannais agus iad a chur i ngníomh,

(f) foirm na rialachán a bheidh le déanamh ag an gComhlacht Ceannais chun scrúduithe a sheoladh, agus chun dul chun cinn acadúil a mheas, a mholadh don Chomhlacht Ceannais,

(g) moltaí a chur faoi bhráid an Chomhlachta Ceannais chun ánrachtaí, scoláireachtaí, sparánachtaí, duaiseanna nó dámhachtaintí eile a dhámhadh,

(h) socruithe ginearálta a dhéanamh le haghaidh comhairlithe teagaisc nó comhairlithe acadúil eile,

(i) aon fheidhmeanna eile a fheidhmiú, de réir fhorálacha an Achta seo, a tharmligfidh an Comhlacht Ceannais chuige, agus

(j) aon rialacháin a chur i ngníomh a dhéanfaidh an Comhlacht Ceannais maidir le haon ábhar de na hábhair a dúradh.

(4) Féadfaidh an Comhlacht Acadúil, le ceadú an Chomhlachta Ceannais—

(a) cibé coistí agus cibé méid coistí is cuí leis a bhunú, arb é a bheidh iontu ar fad nó go páirteach daoine nach comhaltaí den Fhoras, chun cabhrú leis an gComhairle Acadúil ag comhlíonadh a feidhmeanna di faoin Acht seo, agus

(b) feidhmeanna aon choiste a bhunófar faoi mhír (a) den fho-alt seo a shocrú, faoi réir fhorálacha an Achta seo.

(5) Beidh gníomhartha choiste a bhunófar faoi fho-alt (4) (a) den alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gComhlacht Ceannais mura ndéanfaidh an Comhlacht Ceannais an riachtanas le daingniú den sórt sin a ligean thar ceal.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo agus faoi réir threoracha an Chomhlachta Ceannais, féadfaidh an Chomhairle Acadúil a nós imeachta féin a rialáil.

Oifigigh agus seirbhísigh.

9. —(1) Féadfaidh an Foras cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (i dteannta an Stiúrthóra) agus ina seirbhísigh dó is cuí leis ó am go ham faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(2) Beidh oifigeach (lena n-áirítear an Stiúrthóir) nó seirbhíseach don Fhoras i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Foras ó am go ham faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Ní dhéanfaidh an Foras aon oifigeach dá chuid (lena n-áirítear an Stiúrthóir) a chur as oifig nó a fhionraí gan toiliú an Aire.

(4) Féadfaidh an Foras cibé feidhm dá chuid is cuí leis a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an bhForas.

(5) Íocfaidh an Foras lena oifigigh (lena n-áirítear an Stiúrthóir) agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Foras ó am go ham faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Foireann aistrithe.

10. —(1) Déanfar gach duine lena n-áirítear an Stiúrthóir atá, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht dá ngairtear an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, a aistriú ar an tosach feidhme sin chun an Fhorais agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar is iomchuí, don Fhoras agus na daoine go léir a aistreofar amhlaidh beidh siad, fad a fhanfaidh siad i bhfostaíocht an Fhorais, ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe an Fhorais agus “foireann aistrithe an Fhorais” a ghairtear díobh san Acht seo.

(2)  (a)  Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ní bhfaighidh comhalta d'fhoireann aistrithe an Fhorais, fad a bheidh sé i bhfostaíocht an Fhorais, luach saothair is lú, ná ní bheidh sé faoi réir coinníollacha seirbhíse is lú tairbhe, ná an luach saothair a bheidh ceadaithe ag an Aire le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí agus a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a bheidh ceadaithe ag an Aire agus a raibh sé faoina réir de bhua an chomhaltais sin sa tseirbhís ónar aistríodh é de bhua an ailt seo.

(b) Na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh comhalta d'fhoireann aistrithe an Fhorais faoina réir de bhua an chomhaltais sin díreach sular aistríodh chun seirbhís an Fhorais é, bainfidh siad i gcónaí leis mura n-athrófar iad le comhaontú, agus féadfaidh an Foras nó an Stiúrthóir, de réir mar is iomchuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh sé i seirbhís an Fhorais.

(3) Ní bheidh comhalta d'fhoireann aistrithe an Fhorais, fad a bheidh sé i seirbhís an Fhorais, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le haoisliúntais a dheonú (cibé acu le cnapshuim, pinsean nó aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) ná na coinníollacha a bhí ceadaithe ag an Aire le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí agus a bhain leis de bhua an chomhaltais sin díreach sular aistríodh é de bhua an ailt seo chun an Fhorais.

(4)  (a)  Féadfaidh an Foras, tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne aitheanta nó le haon cheardchumainn lena mbaineann, athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag comhaltaí d'fhoireann aistrithe an Fhorais a fhostaítear i ngrád nó in aicme áirithe fostaíochta agus beidh de cheangal ar gach comhalta den sórt sin na dualgais a chuirfear air in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéim nó achtachán a bhaineann le haoisliúntais nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh nó athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Aoisliúntais.

11. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, ullmhóidh an Foras agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, faoi réir fhorálacha alt 10 (3) den Acht seo, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé líon dá fhoireann (lena n-áirítear an Stiúrthóir) is cuí leis an bhForas, nó a dheonú ina leith, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Foras tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéim a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an Foras scéim nó scéim leasaitheach a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéim faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh, ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Ní dheonóidh an Foras aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile do chomhalta dá fhoireann (lena n-áirítear an Stiúrthóir) ná ina leith ach amháin faoi réim agus de réir scéim faoin alt seo, ná ní dhéanfaidh an Foras aon chomhaontú gan ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile a chur ar fáil seachas ag an bhForas ar chomhalta dá fhoireann d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis.

(7) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Tuarascáil agus eolas don Aire.

12. —(1) Ullmhóidh an Comhlacht Ceannais agus cuirfidh sé faoi bhráid an Aire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana acadúla, tuarascáil ar imeachtaí an Chomhlachta i gcaitheamh na bliana sin.

(2) Tabharfaidh an Comhlacht Ceannais don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Chomhlachta.

Deontais.

13. —Íocfaidh an tÚdarás leis an bhForas de réir alt 12 (2) d'Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971 , gach bliain, as airgead a gheobhaidh an tÚdarás faoi alt 12 (1) den Acht sin, deontas nó deontais ina mbeidh cibé méid nó méideanna is oiriúnach leis an Údarás.

Cuntais agus iniúchadh.

14. —(1) Coimeádfaidh an Foras, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair an Foras nó ar an gcaiteachas a thabhaigh sé, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh cibé cuntais speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Foras na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh, ar dháta nach déanaí ná an tríochadú lá d'Aibreán an bhliain tar éis na bliana lena mbaineann na cuntais agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfaidh an Foras cóip de na cuntais agus de cibé cuntais eile, más ann, a d'ordaigh an tAire a choimeád, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a bheidh tíolactha dó faoin alt seo ag an bhForas, mar aon le cóipeanna de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Táillí.

15. —Féadfaidh an Foras táillí nó muirir ar chead isteach ina mbeidh cibé méideanna a chinnfidh an Comhlacht Ceannais ó am go ham le ceadú an Aire a éileamh ar chúrsaí, léachtaí, scrúduithe, taisealbhaí nó aon teagmhas eile a sheolfaidh an Foras nó a sheolfar ann.

Caiteachais.

16. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

17. —(1) Féadfar Acht an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Luimneach, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.