29 1980


Uimhir 29 de 1980


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA SEALADACHA), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADÚ, MAIDIR LE SEACHTAIN AMHÁIN I MÍ NA NOLLAG, 1980, AR PHINSIN FAOI ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1980, AGUS FAOINA hACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1980, AGUS AR PHINSIN, LIÚNTAIS ÁIRITHE, SOCHAR BANCHÉILE THRÉIGTHE AGUS SOCHAR BÁIS AR MHODH PINSIN FAOI NA hACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1980. [25 Samhain, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar phinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980, don tseachtain dar tosach 12 Nollaig, 1980.

1. —Má bhíonn teideal ag duine nó má thagann sé chun teideal a bheith aige go n-íocfaí pinsean leis faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980, i leith na seachtaine dar tosach an 12ú lá de Nollaig, 1980, méadófar aon mhéid is iníoctha leis ar mhodh an phinsin sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) don tseachtain sin suim is ionann agus an méid sin.

Méadú ar phinsin faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980, don tseachtain dar tosach 12 Nollaig, 1980.

2. —(1) Má bhíonn teideal ag duine nó má thagann sí chun teideal a bheith aici go n-íocfaí pinsean baintrí (neamhranníocach) léi faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980, i leith na seachtaine dar tosach an 12ú lá de Nollaig, 1980, méadófar aon mhéid is iníoctha léi ar mhodh an phinsin sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) don tseachtain sin suim is ionann agus an méid sin.

(2) Má bhíonn teideal ag duine nó má thagann sé chun teideal a bheith aige go n-íocfaí pinsean dílleachta (neamhranníocach) leis faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980, i leith na seachtaine dar tosach an 12ú lá de Nollaig, 1980, méadófar aon mhéid is iníoctha leis ar mhodh an phinsin sin don tseachtain sin suim is ionann agus an méid sin.

Méadú ar phinsin, ar shochar banchéile thréigthe agus ar liúntais áirithe faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, don tseachtain dar tosach 11 nó 12 Nollaig, 1980.

3. —Má bhíonn teideal ag duine nó má thagann sé chun teideal a bheith aige go ndéanfaí an sochar seo a leanas nó aon cheann de na pinsin nó na liúntais seo a leanas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980, a íoc leis—

(a) pinsean seanaoise (ranníocach),

(b) pinsean easláine,

(c) pinsean scoir,

(d) pinsean baintrí (ranníocach),

(e) sochar banchéile thréigthe,

(f) liúntas dílleachta (ranníocach),

(g) liúntas banchéile thréigthe,

(h) liúntas do bhanchéile príosúnaigh,

(i) liúntas cúnaimh shóisialaigh do mháithreacha neamhphósta,

(j) liúntas do bhean shingil,

i leith na seachtaine dar tosach an 12ú lá de Nollaig, 1980, i gcás pinsean nó liúntas a luaitear i mír (a), (d) nó (f) den alt seo, nó i leith na seachtaine dar tosach an 11ú lá de Nollaig, 1980, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear in aon mhír eile den alt seo, méadófar aon mhéid is iníoctha leis ar mhodh an phinsin, an tsochair nó an liúntais sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) don tseachtain iomchuí suim is ionann agus an méid sin.

Méadú ar phinsean míthreorach agus ar shochar báis ar mhodh pinsin faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , don tseachtain dar tosach 12 Nollaig, 1980.

4. —(1) Má bhíonn teideal ag duine nó má thagann sé chun teideal a bheith aige go n-íocfaí pinsean míthreorach leis faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , i leith na seachtaine dar tosach an 12ú lá de Nollaig, 1980, méadófar aon mhéid is iníoctha leis ar mhodh an phinsin sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) don tseachtain sin suim is ionann agus an méid sin.

(2) Má bhíonn teideal ag duine nó má thagann sé chun teideal a bheith aige go n-íocfaí sochar báis leis faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 , ar mhodh pinsin do bhaintreach, do bhaintreach fir, do thuismitheoir nó do dhílleachta i leith na seachtaine dar tosach an 12ú lá de Nollaig, 1980, méadófar aon mhéid is iníoctha leis ar mhodh an phinsin sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) don tseachtain sin suim is ionann agus an méid sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Sealadacha), 1980 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1980

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1980

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16

Na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1980