32 1980


Uimhir 32 de 1980


ACHT CHOLÁISTE TALMHAÍOCHTA CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT CHOLÁISTE TALMHAÍOCHTA CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH (LEASÚ), 1959 , CHUN GO bhFÉADFAR CODANNA DEN EASTÁT A DHÍOL NÓ A AISTRIÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. [10 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1959” Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959 ;

ciallaíonn “an léarscáil taiscthe” Léarscáil an Eastáit a thaisc an tAire in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, Baile Átha Cliath, an 22ú lá de Mheán Fómhair, 1980, atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Aire, atá sínithe ag an Aire agus a bhfuil ag a barr na focail agus na figiúirí “Taiscthe chun críocha aon Achta ón Oireachtas arna rith sa bhliain 1980, do leasú Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959 , chun go bhféadfar codanna den eastát a dhíol nó a aistriú agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe a bhaineann leis sin”;

ciallaíonn “an tEastát” an mhaoin ar a dtugtar de ghnáth Caisleán agud Díméad Bhaile Sheonach i gContae Loch Garman;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945.

Alt 14 (3) den Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 , a fheidhmiú maidir leis an Eastát.

2. —D'ainneoin fhorálacha alt 9 d'Acht 1959, beidh feidhm ag alt 14 (3) den Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958

(a) maidir le cibé cuid nó codanna den Eastát atá sainithe ar an léarscáil taiscthe trí dhath uaine a bheith orthu, agus

(b) maidir le cibé cuid nó codanna den Eastát a dhéanfar a léasú chun an Stáit ó am go ham.

An léarscáil taiscthe.

3. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, cuirfidh an tAire faoi deara cóip den léarscáil taiscthe a thaisceadh i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus in Oifig na Cúirte Cuarda do chontae Loch Garman.

(2) Coimeádfar an léarscáil taiscthe in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, Baile Átha Cliath, agus déanfar na cóipeanna di a thaiscfear faoi fho-alt (1) den alt seo sna hoifigí dá dtagraítear san fho-alt sin a choimeád sna hoifigí sin.

(3) Beidh an léarscáil taiscthe nó cóipeanna di a thaiscfear faoi fho-alt (1) den alt seo ar oscailt lena n-iniúchadh saor in aisce sna hoifigí ina mbeidh siad taiscthe ag aon duine aon tráth a mbeidh na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh.

(4) Ullmhóidh Stiúrthóir na Suirbhéireachta Ordanáis agus soláthróidh sé d'aon duine a iarrfaidh í cóip den léarscáil taiscthe nó d'aon chuid ar leith di agus éileoidh sé ar an gcóip cibé suim a chinnfidh an Stiúrthóir.

(5) Féadfar fianaise prima facie maidir leis an léarscáil taiscthe nó aon chuid áirithe di a thabhairt in aon chúirt nó in aon imeachtaí dlí trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip í a bheidh deimhnithe ag oifigeach don tSuirbhéireacht Ordanáis a bheidh údaraithe chuige sin ag Stiúrthóir na Suirbhéireachta Ordanáis, agus ní bheidh sé riachtanach síniú an oifigigh a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é ná go raibh sé údaraithe amhlaidh.

Srian le halt 3 d'Acht 1959.

4. —Ní bhainfidh alt 3 d'Acht 1959 le haon chuid den Eastát dá dtagraítear in alt 2 den Acht seo.

Feidhm alt 6 d'Acht 1959.

5. —Leanfaidh alt 6 d'Acht 1959 d'fheidhm a bheith aige ar thosach feidhme an Achta seo agus dá éis maidir le haon chuid den Eastát a dhíolfar nó a léasófar de bhua an Achta seo.

Feidhm ailt 6, 7 agus 8 den Phríomh-Acht.

6. —Leanfaidh ailt 6, 7 agus 8 den Phríomh-Acht, arna bhfeidhmiú le halt 7 d'Acht 1959, d'fheidhm a bheith acu ar thosach feidhme an Achta seo agus dá éis maidir leis an Eastát agus maidir le haon chuid nó codanna den Eastát a dhíolfar nó a léasófar de bhua an Achta seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945 go 1980, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1959 agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958

1958, Uimh. 1

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945

1945, Uimh. 33

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959

1959, Uimh. 30