33 1980


Uimhir 33 de 1980


AN tACHT UM UISCE BEATHA ÉIREANNACH, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SAINMHÍNIÚ AR UISCE BEATHA ÉIREANNACH AGUS AR THUAIRISCÍ ÁIRITHE A ÚSÁIDTEAR I nDÁIL LE hUISCE BEATHA ÉIREANNACH AGUS D'AISGHAIRM AN ACHTA UM UISCE BEATHA ÉIREANNACH, 1950 . [10 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Uisce beatha Éireannach.

1. —(1) Chun críocha aon reachta nó aon ionstraime a dhéanfar faoi reacht ní mheasfar biotáille a dtabharfar uisce beatha Éireannach de thuairisc uirthi a bheith ar comhréir leis an tuairisc sin mura mbeidh na ceanglais maidir le biotáille atá i bhfo-alt (3) den alt seo comhlíonta maidir leis an mbiotáille.

(2) Chun aon cheann de na críocha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ní mheasfar biotáille a dtabharfar uisce beatha Éireannach cumaiscthe de thuairisc uirthi a bheith ar comhréir leis an tuairisc sin—

(a) mura cumasc de dhá dhriogáit nó níos mó an bhiotáille, agus

(b) mura mbeidh na ceanglais maidir le biotáille atá i bhfo-alt (3) den alt seo comhlíonta maidir le gach ceann de na driogáití.

(3) Is iad seo a leanas na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus (2) den alt seo maidir le biotáille;

(a) beidh an bhiotáille tar éis a bheith driogtha sa Stát nó i dTuaisceart Éireann as braichlis arbhair—

(i) a bheidh siúcraithe leis an diastáis braiche atá inti, mar aon le diastáisí aiceanta eile nó gan iad,

(ii) a bheidh coipthe le hoibriú gabhála, agus

(iii) a bheidh driogtha ag neart alcólach is lú ná 94.8% de réir toirte ar shlí go mbeidh dea-bholadh agus blas ar an driogáit a thagann ó na hábhair a úsáidtear,

agus

(b) beidh an bhiotáille tar éis a bheith aibithe i gcascaí adhmaid—

(i) i stóras sa Stát ar feadh tréimhse nach giorra ná trí bliana, nó

(ii) i stóras i dTuaisceart Éireann ar feadh a chothrom sin de thréimhse, nó

(iii) i stóras sa Stát agus i dTuaisceart Éireann ar feadh tréimhsí nach giorra ná trí bliana a n-iomlán.

(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo déanfar an neart alcólach ag a ndéantar biotáille a dhriogadh a fhionnadh sa tslí chéanna ina ndéantar fionnadh den sórt sin de thuras na huaire chun críocha custam agus máil.

Aisghairm.

2. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Uisce Beatha Éireannach, 1950 .

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Uisce Beatha Éireannach, 1980 , a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Uisce Beatha Éireannach, 1950

1950, Uimh. 6