|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe agus Leasuithe Ilghnéitheacha) | Ar Aghaidh (CUID IV Aisghairmeacha agus Mionleasuithe) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1981
CUID III Forálacha Nua i nDáil le Liúntas Máithreachais | ||
[EN] |
Liúntas máithreachais (leathnú ar an tréimhse teidil i gcásanna áirithe). |
9. —Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is í an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh liúntas máithreachais iníoctha— | |
[EN] | (a) an tréimhse saoire máithreachais a bhfuil bean ina theideal de bhua alt 8 den Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 (lena n-áirítear aon leathnú ar an tréimhse sin de bhua alt 12 den Acht sin) nó | |
[EN] | (b) i gcás mná nach bhfuil teideal aici amhlaidh chun saoire máithreachais, an tréimhse 12 sheachtain dar tosach an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, ach— | |
[EN] | (i) má éagann an bhean ag a bhfuil teideal chun an liúntais, ní bheidh an liúntas iníoctha in aghaidh aon seachtaine ina dhiaidh sin, | |
[EN] | (ii) más tar éis na seachtaine tuartha luí seoil don dáta luí seoil, beidh an liúntas iníoctha, faoi réir fhomhír (i), go dtí deireadh an 6ú seachtain i ndiaidh na seachtaine ina bhfuil an dáta sin.”; agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | |
[EN] | “(5) Chun críche fho-alt (2) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ), i gcás an fhostaíocht do scor (mar gheall ar bhás an fhostóra nó ar athrach dóigh) le linn na tréimhse saoire máithreachais, leanfar ag déileáil leis an mbean ionann is dá mba nár tharla an teagmhas ba bhun leis an bhfostaíocht do scor.”. | |
[EN] |
Liúntas máithreachais (leasú ar na coinníollacha ranníoca). |
10. —Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): |
[EN] | “(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais mháithreachais— | |
[EN] | (a) (i) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa tréimhse dar tosach an dáta a tháinig sí faoi árachas agus dar críoch am díreach roimh an am iomchuí, agus | |
[EN] | (ii) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i mbliain ranníoca iomlán dá éis sin roimh an am iomchuí; nó | |
[EN] | (b) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa 12 mhí díreach roimh an gcéad lá de thréimhse saoire máithreachais a bhfuil teideal aici chuici de bhua alt 8 den Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 . | |
[EN] | I mír (a) ciallaíonn ‘am iomchuí” an dáta dar tosach an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil nó, i gcás éilitheora a bhfuil teideal aici chun saoire máithreachais de bhua an ailt sin 8, an chéad lá den tsaoire sin.”. | |
[EN] |
Sochar páchoibhneasa (sochar breise d'fhaighteoirí áirithe liúntais mháithreachais). |
11. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 75: |
[EN] | “75. (1) D'ainneoin aon fhoráil eile sa Chaibidil seo, íocfar sochar breise (mar shochar pá-choibhneasa) le bean atá i dteideal liúntais mháithreachais faoi mhír (a) d'alt 24 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ) chun a fhoráil go mbeidh méid comhiomlán seachtainiúil an liúntais mháithreachais, an tsochair phá-choibhneasa (más ann) is iníoctha ar athrach dóigh faoi na forálacha eile den Chaibidil seo agus an tsochair bhreise sin ar cóimhéid— | |
[EN] | (a) le 80% dá tuilleamh ináirithe seachtainiúil sa bhliain chánach ioncaim atá forordaithe chun críche an ailt seo, nó | |
[EN] | (b) le 80% de cibé méid a fhorordófar mar mheántuilleamh ináirithe seachtainiúil ban an bhliain sin, | |
[EN] | cibé acu is mó. | |
[EN] | (2) Féadfar an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (1) a athrú le rialacháin ag féachaint do nithe mar iad seo a leanas— | |
[EN] | (a) gluaiseachtaí i meántuilleamh bliantúil ban, agus | |
[EN] | (b) aon fhorchur nó athrú ar asbhaintí reachtúla ó thuilleamh nó ar mhuirir ar thuilleamh.”. | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 3 (4) (a) den Phríomh-Acht trí “75 (2),” a chur isteach i ndiaidh “73,”. |