An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VII Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó ó Fhorbairt Talún)

16 1981

AN tACHT AIRGEADAIS, 1981

Caibidil VI

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide: Faoiseamh i leith Caiteachais Chaipitiúil Áirithe

Asbhaint i leith caiteachais áirithe ar chóiríocht chónaithe chíosa a fhoirgniú.

23. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “deimhniú um chostas réasúnach” deimhniú arna thabhairt ag an Aire Comhshaoil chun críocha an ailt seo, á rá go bhfeictear dó gur méid réasúnach, an tráth a mbeidh an deimhniú á thabhairt agus ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil aige an tráth sin, an méid a bheidh sonraithe sa deimhniú i ndáil le costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú, agus beidh feidhm, fara cibé modhnuithe is gá, ag alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , maidir le deimhniú um chostas réasúnach ionann is dá mba dheimhniú um luach réasúnach é;

tá le “deimhniú um luach réasúnach” an bhrí a shanntar dó le halt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 ;

folaíonn “teach” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta;

tá le “léas”, “léasaí”, “léasóir” agus “préimh” na bríonna a shanntar dóibh le Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “léas cáilitheach”, i ndáil le teach, léas ar an teach arb éard í an chomaoin maidir lena dheonú—

(i) íocaíochtaí tréimhsiúla amháin ar méideanna iad go léir, nó a bhfuil sé le háireamh gur méideanna iad go léir, i modh cíosa chun críocha Chaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(ii) íocaíochtaí den chineál a luaitear i mír (i) mar aon le híocaíocht i modh préimhe nach mó ná 10 faoin gcéad de chostas iomchuí an tí:

Ar choinníoll nach léas cáilitheach an léas má bhíonn aon fhorálacha i dtéarmaí an léasa a chuirfidh ar chumas an léasaí nó aon duine eile, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas a fháil sa teach tráth ar bith ar chomaoin is lú ná an chomaoin a bhféadfaí bheith ag súil go dtabharfaí í an tráth sin chun an leas a fháil dá mba ar neamhthuilleamaí ar an margadh oscailte a dhéanfaí na caibidlí chun an leas sin a fháil;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1984;

ciallaíonn “áitreabh cáilitheach” teach—

(i) a úsáidtear ar fad mar theaghais, agus

(ii) arb amhlaidh dá achar urláir iomlán—

(I) nach lú é ná 30 méadar cearnach ná nach mó é ná 75 mhéadar chearnacha i gcás ar árasán nó teaghasán leithleach lánscartha i bhfoirgneamh dhá stór nó níos mó ar airde an teach, nó

(II) nach lú é ná 35 mhéadar chearnacha ná nach mó é ná 125 mhéadar chearnacha in aon chás eile, agus

(iii) a bhfuil deimhniú um chostas réasúnach i bhfeidhm ina leith nach lú an méid a shonraítear ann i leith costas foirgnithe an tí lena mbaineann an deimhniú ná an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ar an bhfoirgniú sin nó, i gcás ar teach nua é a cuireadh ar fáil lena dhíol, deimhniú um luach réasúnach nach lú an méid atá curtha síos ann mar luach réasúnach don teach lena mbaineann an deimhniú ná an glanphraghas a íocadh ar an teach ar deonaíodh an deimhniú ina leith ar é a dhíol, agus

(iv) atá, gan é a bheith úsáidte, ligthe den chéad uair go huile faoi léas cáilitheach agus atá fós dá éis sin á ligean faoi léas den sórt sin ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse iomchuí (ach amháin tréimhsí réasúnacha de neamhúsáid shealadach ón am a mbeidh deireadh le léas cáilitheach amháin go gcuirfear tús le léas eile dá shórt);

ciallaíonn “costas iomchuí”, i ndáil le teach, faoi réir fho-alt (3), méid is ionann agus comhiomlán na nithe seo a leanas—

(i) an caiteachas a tabhaíodh ag fáil aon talamh ar a bhfuil an teach foirgnithe nó ag fáil aon chearta sa talamh nó thar an talamh sin, agus

(ii) an caiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an tí;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, i ndáil le háitreabh cáilitheach, an tréimhse deich mbliana dar tosach dáta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach;

ciallaíonn “achar urláir iomlán” an t-achar urláir iomlán i dteach arna thomhas ar an modh dá dtagraítear in alt 4 (2) (b) d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 .

(b) (i) D'fhonn a chinneadh, i ndáil le haon éileamh faoi fho-alt (2), an le linn na tréimhse cáilithí a tabhaíodh caiteachas, agus cé mhéad den chaiteachas a tabhaíodh le linn na tréimhse sin, ag foirgniú áitribh cháilithigh, ní dhéanfar ach cibé méid den chaiteachas sin a chinnfidh an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasfaidh sé, gur inchurtha go cuí é i leith obair ag foirgniú an áitribh a rinneadh iarbhír le linn na tréimhse cáilithí, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh le linn na tréimhse sin.

(ii) Más rud é, de bhua fho-alt (4), go n-áireofar sa chaiteachas ag foirgniú aon áitribh caiteachas ag forbairt aon talún, beidh éifeacht le fomhír (i), fara aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba thagairtí d'fhorbairt na talún sin na tagairtí ann d'fhoirgniú aon áitribh.

(iii) Maidir le haon mhéid ar a mbeidh cinnte ag an gcigire de bhua fhomhír (i) nó (ii), féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda é a leasú ar achomharc in aghaidh an chinnidh sin a éisteacht nó a athéisteacht.

(c) Chun críocha an ailt seo, seachas chun na gcríocha a luaitear i mír (b) (i), measfar maidir le caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú áitribh cháilithigh, gur caiteachas é a tabhaíodh ar dháta chéadligean an áitribh faoi léas cáilitheach.

(d) Measfar chun críocha an ailt seo baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí sin faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

(2) I gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé caiteachas ag foirgniú áitribh cháilithigh, beidh teideal aige, le linn méid aon bharrachais nó easnaimh i ndáil leis an gcíos ón áitreabh sin a bheith á ríomh chun críocha fho-alt (4) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun cibé méid (más ann) den chaiteachas a asbhaint a bheidh le háireamh faoi aon cheann d'fhorálacha an ailt seo mar chaiteachas a thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach agus beidh feidhm ag forálacha uile Chaibidil VI de Chuid IV den Acht sin ionann is dá mba asbhaint arna húdarú ag forálacha fho-alt (5) den alt sin 81 an asbhaint sin:

Ar choinníoll, i gcás nach méid i modh cíosa, nó nach n-áirítear gur méid i modh cíosa, chun críocha an ailt sin 81, aon phréimh nó suim eile is iníoctha, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi léas cáilitheach, nó ar dhóigh eile faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh an léas, leis an léasóir nó le haon duine a bhfuil baint aige leis an léasóir nó chun tairbhe don léasóir nó don duine sin, nó aon chuid den phréimh nó den tsuim sin, go measfar, chun críocha an fho-ailt seo, go mbeidh an caiteachas a bheidh le háireamh mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú an áitribh cháilithigh lena mbaineann an léas cáilitheach, arna laghdú cibé méid díobh seo a leanas is lú—

(a) méid na préimhe nó na suime sin, nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den phréimh nó den tsuim sin, agus

(b) an méid a mbeidh idir é agus an méid a luaitear i mír (a), an chomhréir chéanna atá idir an méid den chaiteachas a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an áitribh cháilithigh agus atá le háireamh faoi fho-alt (1) (b) mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach agus an caiteachas go léir a tabhaíodh ar an bhfoirgniú sin.

(3) (a) Más cuid d'fhoirgneamh áitreabh cáilitheach nó más ceann é de líon foirgneamh i bhforbairt aonair, nó más cuid é d'fhoirgneamh ar ceann é féin de líon foirgneamh i bhforbairt aonair, déanfar cibé cionroinnt is gá—

(i) ar an gcaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó na bhfoirgneamh sin, agus

(ii) ar an méid arb é an costas iomchuí é i ndáil leis an bhfoirgneamh nó leis na foirgnimh sin dá mba áitreabh cáilitheach aonair an foirgneamh nó na foirgnimh, cibé acu é—

chun a chinneadh cad é an caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an áitribh cháilithigh agus cad é an costas iomchuí i ndáil leis an áitreabh cáilitheach.

(b) Is é an cigire a dhéanfaidh, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasfaidh sé, aon chionroinnt a cheanglaítear a dhéanamh de réir na míre seo.

(c) Maidir le cionroinnt faoi mhír (a), féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda é a leasú ar achomharc in aghaidh aon asbhaint a deonaíodh ar fhoras na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht.

(4) San alt seo forléireofar tagairtí d'fhoirgniú aon áitribh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'fhorbairt na talún ar a bhfuil an t-áitreabh foirgnithe nó a úsáidtear ag soláthar gairdíní, faichí, deiseanna rochtana nó aosáidí i ndáil leis an áitreabh agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo thuas, mar thagairtí a fholaíonn, go háirithe—

(a) aon fhoirgneamh ar an talamh a scartáil nó a dhíchóimeáil,

(b) láithreáin a ghlanadh, uachtar na talún a aistriú, tochailt, tollánú agus tolladh, bunsraitheanna a leagan, scafall a thógáil, láithreáin a aisiriú, tírdhreachú, agus bóithre agus oibreacha rochtana eile a sholáthar,

(c) ballaí, soláthar cumhachta, siltean, sláintíocht agus soláthar uisce, agus

(d) aon fhothithe nó foirgnimh nó déanmhais eile a fhoirgniú lena n-úsáid ag áititheoirí an áitribh nó lena n-úsáid ag soláthar aosáidí do na háititheoirí.

(5) I gcás ar áitreabh cáilitheach teach agus go dtarlóidh ceachtar de na teagmhais seo a leanas aon uair le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an áitreabh:

(a) go scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach, nó

(b) go n-aistreoidh an úinéireacht ar leas an léasóra sa teach go dtí aon duine eile ach nach scoirfidh an teach de bheith ina áitreabh cáilitheach,

measfar, maidir leis an duine a fuair asbhaint, nó a bhí i dteideal asbhaint a fháil, faoi fho-alt (2) sular tharla an teagmhas, i leith caiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an áitribh cháilithigh, go bhfuair sé an lá roimh lá an teagmhais, méid i modh cíosa ón áitreabh cáilitheach is ionann agus méid na hasbhainte.

(6) (a) I gcás an teagmhas a luaitear i bhfo-alt (5) (b) tarlú sa tréimhse iomchuí i ndáil le teach is áitreabh cáilitheach, measfar, maidir leis an duine a n-aistreoidh úinéireacht leas an léasóra sa teach sin chuige, gur thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach méid caiteachais ag foirgniú an tí sin is ionann agus an méid a mheasfar, faoi aon cheann d'fhorálacha an ailt seo ar leith ón gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2), a thabhaigh an léasóir sin sa tréimhse cháilitheach ag foirgniú an tí sin:

Ar choinníoll, i gcás duine a cheannóidh teach den sórt sin, nach mó an méid a mheasfar amhlaidh a thabhaigh sé ná an praghas iomchuí a d'íoc sé ar an díol.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo agus fho-alt (7), is é an praghas iomchuí a d'íoc duine ar theach a dhíol an méid a bhfuil idir é agus an glanphraghas a d'íoc sé ar an díol sin an chomhréir chéanna atá idir méid an chaiteachais a tabhaíodh iarbhír ag foirgniú an tí a measfar faoi fho-alt (1) (b) gur chaiteachas é a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach agus an costas iomchuí i ndáil leis an teach sin.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina dtabhófar caiteachas ag foirg niú tí agus go ndíolfar an teach sula n-úsáidfear é, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an duine a cheannóidh an teach, gur thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach caiteachas ag foirgniú an tí is ionann agus méid an chaiteachais sin a measfar faoi fho-alt (1) (b) gur chaiteachas é a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach nó an praghas iomchuí a d'íoc sé ar an díol, cibé acu is ísle:

Ar choinníoll, má dhíoltar an teach breis agus uair amháin sula n-úsáidfear é, nach mbeidh éifeacht le forálacha an fho-ailt seo ach amháin i ndáil leis an gceann deiridh de na díola sin.

(b) I gcás caiteachas a bheith tabhaithe ag foirgniú tí ag duine a sheolann trádáil nó cuid de thrádáil arb éard í, ó thaobh a hiomláine nó aon choda di, foirgnimh a fhoirgniú lena ndíol agus, sula n-úsáidfear an teach, go ndíolfar é i gcúrsa na trádála sin, nó, de réir mar a bheidh, i gcúrsa na coda sin den trádáil sin, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an duine a cheannóidh an teach gur thabhaigh sé sa tréimhse cháilitheach, caiteachas ag foirgniú an tí is ionann agus an praghas iomchuí a d'íoc sé ar an díol sin (dá ngairtear “an chéad díol” dá éis seo sa mhír seo) agus, i ndáil le haon díol nó díola dá éis sin maidir leis an teach sula n-úsáidfear an teach, beidh éifeacht le mír (a) ionann is dá mba thagairt don phraghas iomchuí sin a íocadh ar an gcéad díol an tagairt do mhéid an chaiteachais a measfar gur chaiteachas é a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach.

(8) Ní áitreabh cáilitheach teach má bhíonn sé á áitiú mar theaghais ag aon duine a bhfuil baint aige leis an duine ag a bhfuil teideal, i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú an tí, chun asbhaint faoi fho-alt (2), agus nach téarmaí iad téarmaí an léasa cháilithigh i ndáil leis an teach a bhféadfaí bheith ag súil go mbeidís sa léas dá mba ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí le haghaidh an léasa.

(9) Ní áitreabh cáilitheach teach—

(a) mura gcomhlíonfaidh sé cibé coinníollacha, más ann, a chinnfidh an tAire Comhshaoil ó am go ham chun críocha alt 4 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , i ndáil le caighdeáin fhoirgnithe tithe agus soláthar uisce, séarachais agus seirbhísí eile ann, agus

(b) mura gceadófar do dhaoine arna n-údarú i scríbhinn ag an Aire Comhshaoil chun críocha an ailt seo é a iniúchadh gach tráth réasúnach ar a n-údarás a thabhairt ar aird má iarrann an duine lena mbaineann é sin orthu.

(10) Beidh éifeacht le mír 5 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ionann is dá mba liúntas caipitiúil asbhaint faoi fho-alt (2) agus ionann is dá mba mhuirear cothromaíochta aon mhéid i modh cíosa a mheasfar a bheith faighte ag duine faoi fho-alt (5).

(11) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist faoin alt seo nó faoi alt 24, seachas ceist ar féidir achomharc a dhéanamh maidir léi faoi alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 , sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Forálacha d'fhorlíonadh alt 23.

24. —(1) Baineann an t-alt seo le caiteachas a tabhaíodh chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh d'fhoirgneamh nach raibh á úsáid mar theaghais, nó a bhí á úsáid mar theaghais aonair, roimh an athchóiriú.

(2) Maidir le caiteachas lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm ag alt 23, fara aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba rud é gur ag foirgniú na dtithe a tabhaíodh iarbhír an caiteachas a tabhaíodh chun dhá theach nó níos mó a dhéanamh den fhoirgneamh agus ionann is dá mba rud é—

(a) i mír (ii) den mhíniú ar “léas cáilitheach”, gur thagairt do mhargadhluach tí tráth an athchóirithe a bheith críochnaithe an tagairt do chostas iomchuí an tí:

Ar choinníoll, maidir le teach is cuid d'fhoirgneamh agus nach indíolta é ar leith ón bhfoirgneamh ar cuid de é, go n-áireofar, chun críocha na míre seo, gurb é margadhluach an tí tráth an athchóirithe a bheith críochnaithe méid a mbeidh idir é agus margadhluach an fhoirgnimh an tráth sin an chomhréir chéanna atá idir achar urláir iomlán an tí agus achar urláir iomlán an fhoirgnimh,

(b) i mír (iv) den mhíniú ar “áitreabh cáilitheach” go gcuirfí “tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú” isteach i ndiaidh “gan a bheith úsáidte”,

(c) go scriosfaí an míniú ar “costas iomchuí” agus fo-ailt (6) (b) agus (7) (b),

(d) go scriosfaí na tagairtí i bhfo-alt (3) den alt sin do chostas iomchuí,

(e) maidir leis na tagairtí i bhfo-ailt (6) (a) agus (7) (a) don phraghas iomchuí a íocadh ar an díol, gur thagairtí iad—

(i) don ghlanphraghas a íocadh ar an díol, nó

(ii) i gcás nach mbeidh ach cuid den chaiteachas lena mbaineann an t-alt seo le háireamh, chun críocha fho-alt (2) den alt sin, mar chaiteachas a tabhaíodh sa tréimhse cháilitheach, don mhéid a mbeidh idir é agus an glanphraghas a dúradh an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin agus iomlán an chaiteachais sin,

(f) maidir leis na tagairtí i bhfo-alt (7) (a) do theach a bheith á úsáid, gur thagairtí iad don teach a bheith á úsáid tar éis an caiteachas a thabhú ar an athchóiriú, agus

(g) i bhfo-alt (9) (a), go gcuirfí “alt 5” in ionad “alt 4”.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás athchóiriú mura mbeidh cead pleanála maidir leis an athchóiriú tugtha faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976.

Liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú.

25. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “carrchlós ilstóir” foirgneamh nó déanmhas a bhfuil trí stór nó níos mó ann agus a úsáidtear go hiomlán chun spás loctha d'fheithiclí inneallghluaiste a sholáthar do dhaoine den phobal i gcoitinne, gan tosaíocht a bheith ag aon aicme áirithe daoine, ar tháille iomchuí a íoc;

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú an 29ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1984, ag foirgniú carrchlóis ilstóir.

(2) Bainfidh forálacha uile na nAchtanna Cánach (seachas alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 ) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais thionscail, le caiteachas iomchuí ionann is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin.

Liúntas i leith caiteachais chaipitiúil áirithe ar bhóithre, droichid, etc.

26. —(1) San alt seo—

tá le “tréimhse inmhuirearaithe” agus le “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse” na bríonna a shanntar dóibh le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar tosach an 29ú lá d'Eanáir, 1981, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1984;

ciallaíonn “comhaontú iomchuí” comhaontú idir údarás bóithre agus duine eile faoi alt 9 den Acht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979 , a dtabhaíonn an duine eile sin caiteachas iomchuí dá bhua;

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil a thabhóidh duine sa tréimhse cháilitheach de bhua comhaontú iomchuí, ach ní fholaíonn sé aon chaiteachas a mbeidh teideal ag aon duine ina leith chun asbhainte, faoisimh nó liúntais faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach seachas an t-alt seo;

ciallaíonn “ioncam iomchuí” ioncam a eascróidh chun duine de bhua comhaontú iomchuí;

tá le “údarás bóithre” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Dola-Bhóithre), 1979 .

(2) I gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, maidir le tréimhse inmhuirearaithe, go raibh ioncam iomchuí infhaighte aige sa tréimhse inmhuirearaithe sin nó ina bonn-tréimhse agus gur thabhaigh sé caiteachas iomchuí, beidh teideal aige, faoi réir fho-alt (3), d'fhonn an méid (más ann) ioncaim iomchuí a fhionnadh a mbeidh cáin le muirearú air ina leith don tréimhse inmhuirearaithe agus chuige sin amháin, chun liúntas is ionann agus leath an chaiteachais iomchuí:

Ar choinníoll nach mó comhiomlán na liúntas go léir a tugadh don duine sin faoin alt seo i ndáil le haon chaiteachas iomchuí ná méid is ionann agus leath an chaiteachais sin.

(3) I gcás nach féidir lánéifeacht a thabhairt do liúntas a mbeidh teideal ag duine chuige faoin alt seo d'aon tréimhse inmhuirearaithe mar gheall ar easpa nó easnamh san ioncam iomchuí, ansin (fad a bheidh ioncam iomchuí ag an duine), déanfar an méid a bheidh gan lamháil a thabhairt anonn go dtí an tréimhse inmhuirearaithe dár gcionn agus déileálfar, chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear aon fheidhmiú eile ar an bhfo-alt seo, leis an méid a bheidh tugtha anonn amhlaidh, mar mhéid liúntais chomhréire don tréimhse sin.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

27. —Leasaítear leis seo alt 254 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) An léasaí dá dtagraítear i mír (a) is léasaí é a áitíonn an foirgneamh nó an déanmhas ar tabhaíodh an caiteachas á fhoirgniú agus a áitíonn é amhlaidh—

(i) faoi léas iomchuí, nó

(ii) maidir le caiteachas den sórt sin arna thabhú tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1981, faoi léas ar léas frithdhílse ina leith léas iomchuí arna dheonú don Údarás Forbartha Tionscail, do Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó d'Údarás na Gaeltachta.”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe iomchuí” i mír (c):

“ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe iomchuí', i ndáil le haon duine a thabhaigh caiteachas ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas nó, más déanaí í, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas (a measfar gur teagmhas é de réir bhrí mhír 1 (2) (b) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ), i gcás arb éard é an teagmhas sin—

(i) tosú na tionóntachta i gcás inarb éard í an chéad úsáid a baineadh as an bhfoirgneamh nó as an déanmhas úsáid ag duine atá á áitiú de bhua tionóntachta ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith, nó

(ii) i gcás lena mbaineann mír (b) (ii), tosú na tionóntachta ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith;”,

agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i mír (c) tar éis na mínithe ar “léas” agus “léasaí”:

“ciallaíonn ‘léas iomchuí’ léas ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith;”.