24 1981


Uimhir 24 de 1981


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1979. [25 Iúil, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 .

1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 (arna leasú leis an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1979 ), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní mó ná míle ceithre chéad milliún punt caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun gach críche caipitiúla.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1981, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1979, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1979, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954

1954, Uimh. 17

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1979

1979, Uimh. 2

Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1979