|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 29 de 1981 | ||
[EN] |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADÚ, MAIDIR LE SEACHTAIN AMHÁIN I MÍ NA NOLLAG, 1981, AR PHINSIN, LIÚNTAIS ÁIRITHE AGUS SOCHAIR AIRITHE FAOIN ACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981 [24 Samhain, 1981] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin, liúntais áirithe agus sochair áirithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 . |
1. —I gcás duine a bheith nó teacht chun bheith i dteideal go n-íocfar leis aon cheann de na pinsin, na sochair nó na liúntais seo a leanas faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 — | ||||
[EN] | (a) pinsean míthreorach, | |||||
[EN] | (b) sochar báis mar phinsean, | |||||
[EN] | (c) pinsean seanaoise (ranníocach), | |||||
[EN] | (d) pinsean scoir, | |||||
[EN] | (e) sochar marthanóra faoi alt 87, | |||||
[EN] | (f) pinsean easláine, | |||||
[EN] | (g) sochar banchéile thréigthe, | |||||
[EN] | (h) pinsean baintrí (ranníocach), | |||||
[EN] | (i) liúntas dílleachta (ranníocach), | |||||
[EN] | (j) pinsean seanaoise, | |||||
[EN] | (k) pinsean dall, | |||||
[EN] | (l) pinsean baintrí (neamhranníocach), | |||||
[EN] | (m) pinsean dílleachta (neamhranníocach), | |||||
[EN] | (n) liúntas banchéile thréigthe, | |||||
[EN] | (o) liúntas do bhanchéile príosúnaigh, | |||||
[EN] | (p) liúntas cúnaimh shóisialaigh, | |||||
[EN] | (q) liúntas do bhean shingil, | |||||
[EN] | i leith na seachtaine dar tosach— | |||||
[EN] | (i) an 10ú lá de Nollaig, 1981, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear ag mír (d), (f), (g), (n), (o), (p) nó (q) den alt seo, nó | |||||
[EN] | (ii) an 11ú lá de Nollaig, 1981, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear ag mír (a), (b), (c), (e), (h), (i), (j), (k), (l) nó (m) den alt seo, | |||||
[EN] | déanfar aon mhéid is iníoctha leis mar phinsean, sochar nó liúntas den sórt sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) in aghaidh na seachtaine iomchuí a mhéadú suim is ionann agus an méid sin. | |||||
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Sealadacha), 1981 , a ghairm den Acht seo. | ||||
|