1 1982


Uimhir 1 de 1982


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHÓIR TEORANTA, 1972 GO 1976. [25 Eanáir, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1976 :

ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 .

Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.

2. —Ní rachaidh comhiomlán iasachtaí na Cuideachta (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasachtaí a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £70,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1976) ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.

Méadú ar airleacain ón Aire.

3. —Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheann d'fheidhmeanna na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh) a bheidh gan aisíoc thar £70,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1976) ionann is da gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1976, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Fhóir Teoranta, 1972

1972, Uimh. 1

An tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1976

1976, Uimh. 25