|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Tionóntachtaí Teaghaisí Áirithe) |
ACHT NA dTITHE (TEAGHAISÍ PRÍOBHÁIDEACHA AR CÍOS), 1982
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID III Teaghaisí Cíosa—Clárú, Cíos-Leabhair, Caighdeáin | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Teaghaisí cíosa a chlárú. |
24. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin á cheangal ar thiarnaí talún aon aicme teaghaise a bheidh ligthe ar cíos tionóntacht gach teaghaise acu a chlárú leis an údarás tithíochta ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an teaghais agus cibé sonraí a thabhairt a shonróidh na rialacháin, lena n-áirítear ainm agus seoladh an tiarna talún agus an tionónta agus méid an chíosa. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Sna rialacháin beidh cibé forálacha a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha an ailt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Forálfaidh na rialacháin go gcuirfear ag gabháil le hiarratas ar theaghais a chlárú cibé táille a fhorordóidh an tAire ó am go ham le rialacháin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Coimeádfaidh údarás tithíochta clár (dá ngairtear an clár san alt seo) chun críocha an ailt seo i leith na dteaghaisí go léir i limistéar feidhmiúcháin an údaráis lena mbaineann rialacháin faoin alt seo agus cuirfidh an t-údarás sa chlár na taifid sin go léir is iomchuí ó am go ham de réir an ailt seo agus de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Coimeádfar an clár ag oifigí an údaráis tithíochta agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn gnáth-uaire oifige. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead sa chlár agus a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach don údarás tithíochta is fianaise prima facie é ar an taifead agus ní gá a chruthú gurb é síniú an oifigigh sin é ná gurbh é an t-oifigeach sin a bhí ann dáiríre. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Féadfar fianaise faoi thaifead sa chlár a thabhairt trí chóip den taifead, agus í deimhnithe de réir fho-alt (6), a thabhairt ar aird agus ní gá an clár a thabhairt ar aird. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) I gcás iarratas a dhéanamh chun údaráis tithíochta ar chóip de thaifead sa chlár, déanfar an chóip a eisiúint chun an iarratasóra ar é d'íoc cibé táille (más aon táille í) maidir le gach taifead a fhorordóidh an tAire le rialacháin ó am go ham. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) Déanfar na táillí go léir a gheobhaidh údarás tithíochta de bhua rialachán faoin alt seo a íoc, i gcás comhairle contae, isteach i gciste an chontae agus, i gcás bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh, isteach i gciste an bhardais. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cíos-leabhair. |
25. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin á cheangal ar thiarnaí talún aon aicme teaghaise a bheidh ligthe ar cíos cíos-leabhar nó doiciméad eile dá shamhail a sholáthar do thionónta teaghaise den aicme sin lena úsáid i leith na teaghaise. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Forordóidh na rialacháin, i ndáil leis an gcíos-leabhar nó an doiciméad dá shamhail— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) na sonraí a bheidh le cur ann, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ceanglais faoina úsáid go cóir, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire is gá. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caighdeáin do theaghaisí cíosa. |
26. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin a fhorordóidh caighdeáin d'aon aicme teaghaise a bheidh ligthe ar cíos. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Forordóidh na rialacháin, go sonrach, caighdeáin maidir leis na nithe seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) cineál agus bail na cóiríochta, na hiarmhaise agus na bhfearas, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) na teaghaisí a choimeád i ndeisriocht agus i leorstaid ghlaineachta, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) aerú agus soilsiú, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) soláthairtí uisce, saoráidí sláintíochta agus draenáil a chur ar fáil, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) téamh agus cócaireacht, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) cóiríocht chun bia a stóráil agus saoráidí lena réiteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an údarás tithíochta dul isteach gach uile thráth réasúnach in aon teaghais lena mbaineann rialacháin faoin alt seo agus an teaghais a iniúchadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I gcás nach mbeidh ceanglas de chuid rialacháin á chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás tithíochta, tar éis fógra 21 lá ar a laghad i scríbhinn a thabhairt do thiarna talún agus do thionónta na teaghaise i gceist, aon obair is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann an teaghais ceanglais na rialachán agus féadfaidh an t-údarás aon chaiteachais a thabhóidh sé go réasúnach i ndáil leis sin a ghnóthú ón tiarna talún mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh tiarna talún ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (4) achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil an teaghais i gceist á iarraidh uirthi an fógra a chur ar ceal agus ní dhéanfaidh an t-údáras tithíochta obair ar bith go dtí go ndéanfar cinneadh ar an acomharc. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Ar theacht i ngníomh do rialacháin faoin alt seo maidir le haicme teaghaise, scoirfidh aon fhodhlíthe faoi alt 70 d'Acht na dTithe, 1966 , a bheidh i bhfeidhm maidir leis an aicme teaghaise sin, d'éifeacht a bheith leo agus ní dhéanfar aon fhodhlíthe dá éis sin faoin alt sin maidir leis an aicme teaghaise sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cionta. |
27. —(1) Aon duine a chuirfidh cosc ar dhuine a bheidh údaraithe go cuí faoi alt 26 (3) agus aon duine a sháróidh rialachán faoin gCuid seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoi fho-alt (1) a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, cibé acu é, ciontach sa chion sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Is é an t-údarás tithíochta a bheidh freagrach as rialacháin faoin gCuid seo a chur i bhfeidhm. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh an t-údarás tithíochta cion faoin alt seo a ionchúiseamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona. | |||||||||||||||||||||||||||||||
|