|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Cáin Acmhainne, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Acmhainne) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta | |
[EN] |
Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic. |
13. —(1) Más rud é, le linn brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain 1982-83 le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 — |
[EN] | (a) beidh feidhm agus éifeacht le halt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna chur chun feidhme le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976 ) ionann is dá scriosfaí “lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin”, | |
[EN] | (b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ), agus | |
[EN] | (c) is é a bheidh i méid na hasbhainte sin, faoi réir fhorálacha fhomhír (i) den alt sin 31 (4) (a), a haon déag de dheichithe de mhéid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin arna ríomh de réir mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Má bhíonn asbhaint le déanamh faoi fho-alt (2) d'alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , i ndáil le trádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, is é a bheidh i méid na hasbhainte sin, faoi réir fhorálacha fho-alt (4) (a) (i) den alt sin 31A, a haon déag de dheichithe den mhéid arbh é méid na hasbhainte é murach sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina raibh éifeacht leis an alt seo le linn na brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh agus ina mbeifear, de réir alt 31A (7) den Acht Airgeadais, 1975 , nó de réir alt 12 (5) den Acht Airgeadais, 1976 , le déileáil le laghdú ar luach stoic mar fháltas trádála ó thrádáil na feirmeoireachta sin do thréimhse chuntasaíochta iardain, measfar, chun an méid a mbeifear le déileáil leis amhlaidh a fhionnadh, gurb éard é méid an laghdaithe sin méid is ionann agus a haon déag de dheichithe den laghdú sin: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mó an méid a mbeidh laghdú ar luach stoic do thréimhse chuntasaíochta le méadú faoin bhfo-alt seo ná an méid a chinnfear de réir na foirmle— | |
[EN] | (A - B) - (C - D) | |
[EN] | i gcás: | |
[EN] | arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí, a raibh éifeacht le fo-alt (1) (c) nó fo-alt (2), mar is iomchuí, ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt sin, arbh asbhaintí iad a rinneadh le linn na brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a bheith á ríomh, | |
[EN] | arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a áiríodh in A sular méadaíodh iad faoi fhorálacha fho-alt (1) (c) nó fho-alt (2), | |
[EN] | arb é C méid comhiomlán na laghduithe ar stoc trádála, a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt seo, ar déileáladh leo mar fháltais trádála ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin, agus | |
[EN] | arb é D méid comhiomlán na laghduithe a áiríodh i C sular méadaíodh iad faoi fhorálacha an fho-ailt seo. | |
[EN] |
Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
14. —Beidh éifeacht le halt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá ndéanfaí i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 )— |
[EN] | (a) “1982-83” a chur in ionad “1980-81” i mír (a), agus | |
[EN] | (b) “1982” a chur in ionad “1980” agus “1983” a chur in ionad “1981” gach áit ina bhfuil siad i mír (b). | |
[EN] |
Leasú ar alt 21A (creidmheas i leith rátaí) den Acht Airgeadais, 1974 . |
15. —Maidir le measúnachtaí don bhliain 1982-83, beidh feidhm ag alt 21A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1): |
[EN] | “(a) déanfar an méid cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain 1982-83 a laghdú leath na rátaí ab iníoctha don bhliain airgeadais áitiúil roimh an mbliain mheasúnachta sin; | |
[EN] | (b) le linn na brabúis nó na gnóchain sin don bhliain 1982-83 a bheith á ríomh, ní mó an tsuim a bheidh le hasbhaint i leith na rátaí ab iníoctha don bhliain airgeadais áitiúil roimh an mbliain mheasúnachta sin ná leath na suime a dhéanfaí a asbhaint amhlaidh murach an mhír seo agus, ar leith ón gcéad suim a luaitear, ní asbhainfear aon suim eile i leith rátaí:”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 22 (feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile) den Acht Airgeadais, 1974 . |
16. —Leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le haon chaiteachas caipitiúil a thabhófar an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó dá éis— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2): | |
[EN] | “(2) I gcás ina dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh feirme (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais), fálta nó oibreacha eile, tabharfar dó le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síos-scríofa (dá ngairtear ‘liúntais foirgneamh feirme’ san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) go ndéanfar, faoi réir mhír (b), an liúntas foirgneamh feirme a bheidh le deonú in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine a mbeidh an liúntas le tabhairt dó nuair a bheidh a éileamh ar an liúntas á dhéanamh aige agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an gcoinníoll seo, go ndéanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas foirgneamh feirme arna thabhairt faoin alt seo a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin gcoinníoll seo, agus | |
[EN] | (b) nach mó an liúntas foirgneamh feirme uasta a thabharfar faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ná trí dheichiú den chaiteachas caipitiúil lena mbaineann an liúntas foirgneamh feirme sin.”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí fho-alt (4) a scriosadh. |