|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin ar Ghnóchain Inmhuirearaithe) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | |||||
[EN] |
Caibidil V Cáin Chorparáide | ||||
[EN] |
Rátaí cánach corparáide. |
26. —(1) Maidir leis an mbliain airgeadais 1982 agus gach bliain airgeadais dá éis— | |||
[EN] | (a) ní bheidh éifeacht le hailt 15, 17 (1) (a) agus 18 den Acht Airgeadais, 1977 , agus | ||||
[EN] | (b) muirearófar cáin chorparáide dá réir sin de réir 50 faoin gcéad faoi alt 1 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , de réir 40 faoin gcéad faoi alt 28 (1) den Acht sin agus de réir 35 faoin gcéad faoi alt 79 (1) den Acht sin. | ||||
[EN] | (2) Beidh éifeacht leis an Dara Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1). | ||||
[EN] |
Íoc cánach corparáide agus úis uirthi. |
27. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis— | |||
[EN] | (a) i bhfomhír (i) de mhír (a) trí “de shé mhí” a chur in ionad “de naoi mí”, | ||||
[EN] | (b) i bhfomhír (ii) de mhír (a), trí “de naoi mí” a chur in ionad “de dhá mhí dhéag” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ), | ||||
[EN] | (c) i bhfomhír (ii) de mhír (b), trí “de shé mhí” a chur in ionad “de thrí mhí” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ), agus | ||||
[EN] | (d) sa choinníoll a ghabhann le mír (b), trí “sé mhí” a chur in ionad “naoi mí”, | ||||
[EN] | agus tá na fomhíreanna sin agus an coinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||
| |||||
[EN] | (2) Dá mbeadh d'éifeacht le fo-alt (1), mura mbeadh an fo-alt seo, a cheangal go mbeadh an chéad nó an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ó fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta is luaithe ná dáta an Achta seo a rith, beidh an tráthchuid sin, d'ainneoin fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith. | ||||
[EN] | (3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an gcéad nó an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ón bhfo-alt sin, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta roimh dháta an Achta seo a rith. | ||||
[EN] | (4) (a) Beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , sa mhéid go bhfuil feidhm aige chun críocha cánach corparáide de bhua alt 145 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí “mí” in ionad “dhá mhí” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) i bhfo-alt (2). | ||||
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le hús ar cháin chorparáide arna measúnú le measúnacht a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith. | ||||
[EN] |
Laghdú ar cháin chorparáide i ndáil le hús ar iasachtaí áirithe d'fheirmeoirí. |
28. —(1) San alt seo— | |||
[EN] | ciallaíonn “banc rannpháirteach” Banc na hÉireann nó Bainc-Aontas Éireann Teoranta; | ||||
[EN] | ciallaíonn “feirmeoir cáilitheach” feirmeoir a bhfuil glactha leis mar fheirmeoir atá cáilithe le bheith san áireamh sa scéim shonraithe; | ||||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta sa tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1982, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1986; | ||||
[EN] | ciallaíonn “faoiseamh ó ús”, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid bainc rannpháirtigh, an méid ar mó B ná A i gcás— | ||||
[EN] | arb é A méid an úis a d'íoc feirmeoirí cáilitheacha leis an mbanc sin i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil le hiasachtaí a bhfuil an ráta úis ina leith le laghdú faoin scéim shonraithe, agus | ||||
[EN] | arb é B méid an úis a bheadh le híoc ag na feirmeoirí sin leis an mbanc sin i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil leis na hiasachtaí sin murach an t-ús sin a bheith laghdaithe faoin scéim shonraithe; | ||||
[EN] | ciallaíonn “an scéim shonraithe” an scéim ar a dtugtar an Scéim um Ús Laghdaithe d'Fheirmeoirí i nGéarbhroid Airgid a thug an tAire Talmhaíochta isteach an 1ú lá d'Aibreán, 1982, i gcomhar le bainc áirithe agus le Corparáid an Chairde Talmhaíochta Teoranta. | ||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás ina n-éileoidh banc rannpháirteach, agus ina gcruthóidh sé, gur lamháil sé faoiseamh ó ús le linn tréimhse cuntasaíochta iomchuí, déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an mbanc sin don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle | ||||
| |||||
[EN] | i gcás— | ||||
[EN] | arb é C méid an fhaoisimh ó ús a lamháil an banc rannpháirteach le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus | ||||
[EN] | arb é D méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, faoi ailt 1 (1) agus 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, ar bhrabúis ar cóimhéid le C. | ||||
[EN] | (3) (a) Ní dhéanfar laghdú, faoi fho-alt (2), ar cháin chorparáide is iníoctha ag banc rannpháirteach ach amháin i ndáil le faoiseamh ó ús a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin na scéime sonraithe. | ||||
[EN] | (b) Maidir le haon fhaoiseamh ó ús (dá ngairtear “faoiseamh dílamháilte” anseo feasta sa mhír seo) a lamháil banc rannpháirteach a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin na scéime sonraithe agus go ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta ina dhiaidh sin gur faoiseamh ó ús é nach raibh le lamháil de réir na gcoinníollacha agus na rialachán sin, ní bheidh teideal ag an mbanc rannpháirteach, maidir leis an bhfaoiseamh dílamháilte, aon laghdú faoi fho-alt (2) a fháil ar an gcáin chorparáide is iníoctha aige agus, má bhíonn aon laghdú den sórt sin déanta i ndáil le haon fhaoiseamh dílamháilte den sórt sin, déanfar cibé measúnachtaí breise nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá chun an laghdú sin a ghnóthú. |