|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin ar Ghnóchain Inmhuirearaithe) | Ar Aghaidh (Caibidil VIII Cáin Chorparáide: Faoiseamh maidir le Méadú ar Fhostaíocht) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1982
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil VII Cáin Chorparáide: Cuideachtaí Árachais | |
[EN] |
Cánachas ar bhrabúis áirithe de chuid cuideachtaí árachais. |
42. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch lá ar bith tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981— |
[EN] | (a) in alt 36(3), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a): | |
[EN] | “(a) ciallaíonn ‘ioncam neamhfhaoisimh’ ioncam nár eisiadh ó mhuirear cánach de bhua aon fhorála agus nár lamháladh aon fhaoiseamh ina aghaidh trí asbhaint nó fritháireamh, agus chun na críche sin déileálfar le haon asbhaint as brabúis nó fritháireamh in aghaidh brabús mar asbhaint nó fritháireamh a rinneadh as ioncam, nó in aghaidh ioncaim, nár eisiadh amhlaidh ó mhuirear cánach go feadh méid an ioncaim sin agus, sa mhéid nach féidir déileáil amhlaidh leis an asbhaint sin ná leis an bhfritháireamh sin mar gheall ar easpa nó easnamh ioncaim den sórt sin, déileálfar leis mar asbhaint nó fritháireamh a rinneadh as gnóchain inmhuirearaithe nó ina n-aghaidh;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí alt 37 a scriosadh. |