Ar Aghaidh (SCEIDEAL A)

6 1983


Uimhir 6 de 1983


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 AGUS 1982. [31 Márta, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V den Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1982).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais, le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine, le pinsean scoir, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 30ú lá de Mheitheamh, 1983, agus

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 1ú lá d'Iúil, 1983.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1982).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta agus le liúntas leasa forlíontach, an 29ú lá de Mheitheamh, 1983,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 30ú lá de Mheitheamh, 1983, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 1ú lá d'Iúil, 1983.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pháchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1982):

“(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £13,000 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuilleamh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1983.

Fostaíocht ghearrama.

5. —Cuirtear leis seo an míniú seo a leanas isteach in alt 2 (1) den Phríomh-Acht i ndiaidh an mhínithe ar “rialacháin”:

“ciallaíonn ‘fostaíocht ghearr-ama’ fostaíocht ina ndéantar, de thuras na huaire, uimhir laethanta a oibriú go rianúil i seachtain oibre is lú ná an uimhir laethanta is gnách i seachtain oibre san fhostaíocht áirithe.”.

Teideal chun sochair dhífhostaíochta.

6. —(1) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (6) d'alt 29 den Phríomh-Acht:

“(7) D'ainneoin fho-alt (1), beidh teorainn leis an uimhir laethanta dífhostaíochta a mbeidh duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama i dteideal sochair dhífhostaíochta aon seachtain ina leith ionas nach mbeidh an uimhir iomlán laethanta a n-íoctar an sochar sin ina leith agus an uimhir laethanta a oibríodh níos mó ná 5, agus i gcás den sórt sin is é méid is iníoctha mar shochar amhlaidh d'aon lá dífhostaíochta an tseachtain sin, d'ainneoin fho-alt (6), an cúigiú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1983.

Teideal chun sochair pháchoibhneasa.

7. —(1) Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (2) d'alt 72 den Phríomh-Acht:

“(3) D'ainneoin fho-alt (1), ní bheidh duine atá fostaithe i bhfostaíocht ghearr-ama i dteideal sochair phá-choibhneasa d'aon lá a bhfuil sé i dteideal sochair dhífhostaíochta ina leith.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1983.

Sochar páchoibhneasa (laethanta breise feithimh le haghaidh sochar áirithe).

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ):

“(1) Faoi réir na Caibidle seo, duine a raibh tuilleamh ináirithe aige sa bhliain chánach ioncaim iomchuí beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa maidir le haon lá—

(a) is lá éagumais chun oibre ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair mhíchumais nó liúntais mháithreachais ina leith nó a mbeadh an duine i dteideal cheachtar de na sochair sin mura mbeadh go bhfuil sochar díobhála iníoctha leis an duine faoi Chaibidil 5 i leith an lae sin, nó

(b) is lá dífhostaíochta ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair dhífhostaíochta ina leith,

agus nach luaithe ná an 19ú lá éagumais chun oibre i dtréimhse éagumais chun oibre (de réir bhrí alt 18 (4)) nó nach luaithe ná an 19ú lá dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta: ar choinníoll, mura mbeidh níos mó ná 3 lá de bhearna idir tréimhse éagumais chun oibre agus lá dífhostaíochta roimhe sin a raibh sochar pá-choibhneasa iníoctha ina leith, go mbeidh an sochar sin iníoctha ón 19ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta nó ón gcéad lá den tréimhse éagumais chun oibre sin, cibé acu is déanaí.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le—

(a) tréimhsí éagumais chun oibre (de réir bhrí alt 18 (4) den Phríomh-Acht), agus

(b) tréimhsí bearnaithe fostaíochta,

dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1983, nó lá dá éis.

Ráta sochair pháchoibhneasa.

9. —(1) Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 73 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ):

“73.—Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta méid is comhionann—

(a) i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá éagumais chun oibre, nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá dífhostaíochta, le 25 faoin gcéad,

(b) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, le 20 faoin gcéad,

den chuid (más aon chuid í) dá thuilleamh ináirithe seachtainiúil in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná £36 ach nach rachaidh thar an teorainn a bheidh arna forordú de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh.”.

(2) (a) Tiocfaidh míreanna (a) agus (b) d'alt 73 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht seo) i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1983.

(b) Beidh feidhm ag an bhforáil in alt 73 den Phríomh-Acht i dtaobh suim £36 (a cuireadh isteach leis an Acht seo) maidir le tréimhsí bearnaithe fostaíochta dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1983, nó lá dá éis.

Ré íocaíochta sochair pháchoibhneasa.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 74 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ):

“(2) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha alt 73 agus an ailt seo an raibh, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, duine éagumasach chun oibre ar feadh uimhir shonraithe laethanta nó dífhostaithe ar feadh uimhir shonraithe laethanta, ní chuirfear i gcuntas ach—

(a) an chéad 18 lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin agus aon lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin a raibh an duine sin i dteideal sochair phá-choibhneasa ina leith nó a mbeadh sé i dteideal amhlaidh murach aon choinníoll atá forordaithe chun críche alt 73,

(b) an chéad 18 lá dífhostaíochta sa tréimhse sin agus aon lá dífhostaíochta sa tréimhse sin a raibh an duine sin i dteideal sochair phá-choibhneasa ina leith nó a mbeadh sé i dteideal amhlaidh murach aon choinníoll atá forordaithe chun críche alt 73.”.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí bearnaithe fostaíochta dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1983, nó lá dá éis.

Deontas máithreachais.

11. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 106 den Phríomh-Acht:

“Deontas a tharraingt siar.

106A.—D'ainneoin aon ní in ailt 104 go 106, ní bheidh deontas máithreachais iníoctha i leith luí seoil a tharlóidh an 4ú lá d'Aibreán, 1983, nó lá dá éis.”.

Liúntais leanaí (modhnú ar cháilíochtaí).

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 223 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Is leanbh cáilithe (dá ngairtear leanbh cáilithe sa Chuid seo) chun críocha liúntas leanaí leanbh más rud é—

(a) go bhfuil sé faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(b) ar 16 bliana a bheith slánaithe aige go bhfuil sé faoi bhun 18 mbliana d'aois agus—

(i) go bhfuil sé ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais, nó

(ii) go bhfuil sé éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus gur dócha go mbeidh sé faoi éagumas amhlaidh go ceann i bhfad, agus

(c) go bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, agus

(d) nach bhfuil sé ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair ná faoi phríosúnacht ná faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1983.

Cúnamh dífhostaíochta (cealú ar mhodh eile chun acmhainn a ríomh).

13. —(1) Aisghairtear leis seo alt 147 den Phríomh-Acht.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, i gcás duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta faoi alt 136 den Phríomh-Acht dá ndearnadh an tairbhe bhliantúil ó úsáid talún, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, a ríomh de réir fhorálacha mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147 (1) den Phríomh-Acht—

(a) measfar an tairbhe bhliantúil sin a bheith mar a ríomhadh amhlaidh; agus

(b) is é an ráta cúnaimh dhífhostaíochta is iníoctha an ráta iomchuí a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i leith duine dá ríomhtar an tairbhe bhliantúil sin amhlaidh,

go dtí go mbeidh an tairbhe bhliantúil sin ríofa chun críocha alt 146 (1) (c) den Phríomh-Acht de réir fhorálacha Rialachán 3 (3) den Ordú um Chongnamh Dhíomhaointis (Rialacháin um Áireamh Acfuinne), 1934 (R. & O.R. Uimh. 34 de 1934 ), agus an ríomh sin a dhéanamh a luaithe is féidir i ngach cás ach, ar aon chor, tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach feidhme an ailt seo.

Ranníocaí fostaíochta (modhnú ar dhliteanais).

14. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás ina mbeidh, sa bhliain ranníoca dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1982, an t-iomlán nó aon chuid d'íocaíocht a dhéantar le ranníocóir fostaithe nó chun tairbhe do ranníocóir fostaithe i leith tuillimh ináirithe in ionannas le méid atá dlite faoi chomhaontú cúlghabhálach i ndáil le pá i leith riaráistí do bhliain ranníoca níos luaithe—

(a) beidh ranníocaí fostaíochta i leith an mhéid sin, ach amháin i gcás ina mbeadh na ranníocaí sin níos mó ná na ranníocaí ab iníoctha murach an fhoráil seo, iníoctha ionann is dá mbeadh an méid sin íoctha an bhliain ranníoca is luaithe sin, ach ní bheidh aon ranníoc iníoctha más rud é, de bhua fhorálacha alt 10 (1) (c), nach mbeidh aon ranníoc breise iníoctha i leith na bliana ranníoca is luaithe sin, agus

(b) déanfar neamhshuim den mhéid sin nuair a bheifear ag feidhmiú forálacha alt 10 (1) (c) i ndáil leis an mbliain ranníoca dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1982.”.

Liúntas leasa forlíontach (caiteachas bord sláinte a mhaoiniú).

15. —Leasaítear leis seo alt 218 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais do bhoird sláinte chun íoc as an méid dá gcaiteachas ar liúntas leasa forlíontach agus costais riaracháin an liúntais sin nach n-íoctar as ioncam faoin alt seo.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) D'ainneoin aon fhoráil eile den alt seo—

(a) is é a bheidh sa mhéid iomlán a bheidh le híoc faoi fho-alt (1) ag na húdaráis áitiúla go léir dá dtagraítear san fho-alt sin i leith gach bliain de na blianta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1981, agus an 31ú lá de Nollaig, 1982, agus i leith gach bliain tar éis na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982, cibé méid a bheidh forordaithe do gach bliain díobh sin ag an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú an Aire Airgeadais, agus is é a bheidh sa chionúireacht de na méideanna sin is iníoctha ag gach údarás áitiúil díobh sin i leith gach bliain díobh sin ná an chionúireacht sin idir an caiteachas iomlán ar chúnamh teaghlaigh a thabhaigh an t-údarás áitiúil sin sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus an caiteachas iomlán a thabhaigh na húdaráis áitiúla go léir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar chúnamh teaghlaigh an bhliain sin;

(b) ní rachaidh an méid is iníoctha faoi fho-alt (3) ag údarás áitiúil dá dtagraítear san fho-alt sin i leith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982, agus i leith gach bliain tar éis na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982, thar cibé méid a bheidh forordaithe don bhliain sin ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú an Aire Airgeadais.”.

Fostaíocht (síneadh) inárachaithe (díobhálacha ceirde).

16. — Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(11) Le linn do dhuine atá dífhostaithe a bheith ag freastal ar chúrsa oiliúna a sholáthraigh nó a cheadaigh an Chomhairle Oiliúna nó an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus a bheith ar fostú ag an gComhairle Oiliúna nó ag an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg (cibé acu é).”.

Leasú ar alt 115 den Phríomh-Acht.

17. — Leasaítear leis seo alt 115 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

“(c) Fostóir nó aon seirbhíseach nó gníomhaire d'fhostóir a chabhróidh nó a neartóidh le fostaí i bhfostaíocht an fhostóra sin nó a chomhairleoidh dó nó a thabharfaidh air aon chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCuid seo agus, i gcás cion faoi fho-alt (1) más fostaí nó oifigeach don chomhlacht corpraithe a dhéanfaidh an cion, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.”.

Leasú ar alt 116 den Phríomh-Acht.

18. — Leasaítear leis seo alt 116 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4):

“(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion achomair faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) nó aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta a mbeidh deimhnithe i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gurb é an dáta é ar tháinig fianaise ina sheilbh ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3), beidh deimhniú, agus é séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an data ar tháinig fianaise mar a dúradh ina sheilbh, ina fhianaise leordhóthanach ina thaobh sin go dtí go suífear a mhalairt.”.

Leasú ar alt 144 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 144 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Fostóir nó seirbhíseach nó gníomhaire d'fhostóir a chabhróidh nó a neartóidh le fostaí i bhfostaíocht an fhostóra sin nó a chomhairleoidh dó nó a thabharfaidh air aon chion faoi fho-alt (1) a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ):

“(5) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil seo agus, i gcás cion faoi fho-alt (1), más fostaí nó oifigeach don chomhlacht corpraithe a dhéanfaidh an cion sin, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.”.

Leasú ar alt 145 den Phríomh-Acht.

20. — Leasaítear leis seo alt 145 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach atá údaraithe chuige sin le hordacháin speisialta nó ghinearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion achomair faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) (a) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) nó aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(i) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta a mbeidh deimhnithe i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gurb é an dáta é ar tháinig fianaise ina sheilbh ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(ii) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh deimhniú, agus é séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta ar tháinig fianaise mar a dúradh ina sheilbh, ina fhianaise leordhóthanach ina thaobh sin go dtí go suífear a mhalairt.”.

Leasú ar alt 168 den Phríomh-Acht.

21. — Leasaítear leis seo alt 168 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4):

“(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion achomair faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) nó aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta a mbeidh deimhnithe i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gurb é an dáta é ar tháinig fianaise ina sheilbh ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3), beidh deimhniú, agus é séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta ar tháinig fianaise mar a dúradh ina sheilbh, ina fhianaise leordhóthanach ina thaobh sin go dtí go suífear a mhalairt.”.

Leasú ar alt 188 den Phríomh-Acht.

22. —Leasaítear leis seo alt 188 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach atá údaraithe chuige sin le hordacháin speisialta nó ghinearálta ón Aire.

(b) Féadfar ionchúiseamh i leith cion achomair faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(c) (i) D'ainneoin fhorálacha mhír (a) nó aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Caibidle seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(I) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta a mbeidh deimhnithe i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gurb é an dáta é ar tháinig fianaise ina sheilbh ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(II) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(ii) Chun críocha na míre seo, beidh deimhniú, agus é séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta ar tháinig fianaise mar a dúradh ina sheilbh, ina fhianaise leordhóthanach ina thaobh sin go dtí go suífear a mhalairt.”.

Leasú ar alt 231 den Phríomh-Acht.

23. — Leasaítear leis seo alt 231 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) (a) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach atá údaraithe chuige sin le hordacháin speisialta nó ghinearálta ón Aire.

(b) Féadfar ionchúiseamh i leith cion achomair faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(c) (i) D'ainneoin fhorálacha mhír (a) nó aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in eág—

(I) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta a mbeidh deimhnithe i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gurb é an dáta é ar tháinig fianaise ina sheilbh ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(II) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(ii) Chun críocha na míre seo, beidh deimhniú, agus é séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta ar tháinig fianaise mar a dúradh ina sheilbh, ina fhianaise leordhóthanach ina thaobh sin go dti go suífear a mhalairt.”.

Leasú ar alt 266 den Phríomh-Acht.

24. —Leasaítear leis seo alt 266 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

“(c) Fostóir nó aon seirbhíseach nó gníomhaire d'fhostóir a chabhróidh nó a neartóidh le fostaí i bhfostaíocht an fhostóra sin, nó a chomhairleoidh dó nó a thabharfaidh air aon chion faoi mhír (a) nó (b) a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCuid seo agus, i gcás cion faoi fho-alt (1), más fostaí nó oifigeach don chomhlacht corpraithe a dhéanfaidh an cion, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.”.

Leasú ar alt 267 den Phríomh-Acht.

25. —Leasaítear leis seo alt 267 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) Ní thionscnófar imeachtaí i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag cigire nó oifigeach eile atá ceaptha chun críche na Coda seo agus atá údaraithe chuige sin le hordacháin speisialta nó ghinearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith cion achomair faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) (a) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) nó aon fhoráil in aon Acht a shonraíonn an tréimhse inar féidir imeachtaí a thionscnamh, féadfar ionchúiseamh i leith cion faoin gCuid seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú forálacha na Coda seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(i) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta a mbeidh deimhnithe i scríbhinn arna séalú le séala oifigiúil an Aire gurb é an dáta é ar tháinig fianaise ina sheilbh ba leor le gur cheart an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(ii) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, beidh deimhniú, agus é séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta ar tháinig fianaise mar a dúradh ina sheilbh, ina fhianaise leordhóthanach ina thaobh sin go dtí go suífear a mhalairt.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

26. — (1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 agus 1982, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1983 a ghairm díobh le chéile.