Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL AISGHAIRM)

11 1983


Uimhir 11 de 1983


AN tACHT UM ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL AR AGHAIDH TRÍ ACHTACHÁIN A AISGHAIRM A bhFUIL SCORTHA ACU DE BHEITH I bhFEIDHM NÓ ATÁ ÉIRITHE NEAMHRIACHTANACH. [16 Bealtaine, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Aisghairm.

1. —Déantar leis seo na hachtacháin de chuid ath-Pharlaimintí na hÉireann, Shasana, na Breataine Móire agus na Ríochta Aontaithe a luaitear sa Sceideal a aisghairm an méid a shonraítear sa tríú colún.

Cosaint.

2. —(1) Ní dhéanfaidh an tAcht seo difear d'aon phrionsabal nó riail dlí nó cothromais atá ann faoi láthair ná d'aon dlínse, foirm nó cúrsa pléadála, cleachtas ná nós imeachta atá bunaithe, d'ainneoin sin a theacht ó aon achtachán a aisghairtear leis seo nó a bheith sonraithe nó aitheanta ag aon achtachán díobh sin.

(2) I gcás aon achtachán nach n-aisghairtear leis an Acht seo a bheith daingnithe, athbheoite nó buanaithe le haon achtachán a aisghairtear leis seo, ní dhéanfaidh an aisghairm difear don daingniú, don athbheochan ná don bhuanú sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Athchóiriú an Dlí Reachtúil, 1983 , a ghairm den Acht seo.