|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983) | Ar Aghaidh (CUID II Ainm cuideachta poiblí teoranta, clárú agus athchlárú cuideachtaí) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983
[EN] | ||
[EN] |
PART 1 Réamhráiteach | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Folóidh an comhlua “Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983” an tAcht seo. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a bheidh ceaptha ag an Aire faoi alt 1(3) chun an tAcht seo a theacht i ngníomh; | |
[EN] | ciallaíonn “an ráta iomchuí” i ndáil le hús, cúig faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile a shonrófar le hordú ón Aire faoi fho-alt (7); | |
[EN] | tá le “an t-íosmhéid údaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 19; | |
[EN] | ciallaíonn “datá an chláir chomhardaithe”, i ndáil le clár comhardaithe, an dáta ar ina leith a rinneadh an clár comhardaithe a ullmhú; | |
[EN] | ciallaíonn “scairchaipiteal glaoite” i ndáil le cuideachta, an oiread sin dá scairchaipiteal is ionann agus méid comhiomlán na nglaonna a rinneadh ar a scaireanna, cibé acu atá na glaonna sin íoctha nó nach bhfuil, mar aon le haon scairchaipiteal a íocadh gan bheith glaoite agus aon scairchaipiteal a bheidh le híoc ar dháta sonraithe sa todhchaí faoi na hairteagail, faoi théarmaí leithroinnte na scaireanna iomchuí nó faoi aon chomhshocraíochtaí eile chun na scaireanna sin a íoc, agus forléireofar “scairchaipiteal neamhghlaoite” dá réir sin; | |
[EN] | ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” na hAchtanna a ndéanfar, de bhua fho-alt (5), iad a fhorléiriú mar aon Acht amháin; | |
[EN] | ciallaíonn “scair-scéim fostaithe” aon scéim atá i bhfeidhm de thuras na huaire ar dá réir a spreagann nó a éascaíonn cuideachta sealbhú scaireanna nó bintiúr sa chuideachta nó ina cuideachta shealbhaíochta ag fostaithe nó iarfhostaithe, nó chun sochair d'fhostaithe nó d'iarfhostaithe den chuideachta nó d'aon fhochuideachta don chuideachta lena n-áirítear aon duine atá nó a bhí ina stiúrthóir agus fostaíocht nó oifig thuarastail aige sa chuideachta nó in aon fhochuideachta don chuideachta; | |
[EN] | tá le “urrús cothromais” an bhrí a shanntar dó le halt 23 (13); | |
[EN] | ciallaíonn “an tréimhse eatramhach ghinearálta” an tréimhse 18 mí dar tosach an lá ceaptha; | |
[EN] | tá le “comhaontú fruilcheannaigh” an bhrí chéanna atá le “comhaontú fost-cheannaigh” san Acht Fost-Cheannaigh, 1946 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta; | |
[EN] | ciallaíonn “sócmhainn nach sócmhainn airgid” aon mhaoin nó leas i maoin seachas airgead (lena n-áirítear airgeadra coigríche); | |
[EN] | tá le “seanchuideachta phoiblí theoranta” an bhrí a shanntar dó le halt 12 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta phoiblí” cuideachta nach cuideachta phríobháideach; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta phoiblí theoranta” cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna nó cuideachta phoiblí faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, agus ar cuideachta í— | |
[EN] | (a) a ndearbhaíonn a meabhrán gur cuideachta phoiblí theoranta a bheidh sa chuideachta; agus | |
[EN] | (b) ar comhlíonadh i ndáil léi, an lá ceaptha nó dá éis, forálacha Achtanna na gCuideachtaí maidir le clárú nó athchlárú cuideachta mar chuideachta phoiblí theoranta; | |
[EN] | tá le “an tréimhse athchlárúcháin” a bhrí a shanntar dó le halt 13 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “an tréimhse eatramhach do scairchaipiteal” an tréimhse 3 bliana dar tosach an lá ceaptha. | |
[EN] | (2) I ndáil le leithroinnt scaireanna i gcuideachta, is tuigthe, chun críocha Achtanna na gCuideachtaí, na scaireanna bheith leithroinnte nuair a bheidh an ceart neamhchoinníollach faighte ag duine go n-áireofaí é i gclár chomhaltaí na cuideachta i leith na scaireanna sin. | |
[EN] | (3) Chun críocha Achtanna na gCuideachtaí— | |
[EN] | (a) is tuigthe scair i gcuideachta a bheith íoctha (ó thaobh a luach ainmniúil nó aon phréimhe uirthi) in airgead nó leithroinnte ar airgead más éard í an chomaoin i leith na leithroinnte nó na híocaíochta, airgead a fuair an chuideachta nó seic a fuair an chuideachta de mheon macánta agus ar seic é nach bhfuil aon chúis ag na stiúrthóirí amhras a bheith orthu nach n-íocfar é, nó scaoileadh ar dhliteanas na cuideachta i leith suime leachtaithe nó gealltanas airgead a íoc leis an gcuideachta ar dháta sa todhchaí; agus | |
[EN] | (b) i ndáil le haon scaireanna i gcuideachta a leithroinnt nó a íoc, folaíonn tagairtí in Achtanna na gCuideachtaí, ach amháin in alt 23, do chomaoin seachas airgead agus do scaireanna agus do phréimheanna ar scaireanna a íoc ar shlí seachas in airgead, tagairtí d'airgead a íoc, nó do ghealltanas airgead a íoc, le haon duine seachas an chuideachta; | |
[EN] | agus chun a chinneadh an bhfuil scair leithroinnte nó le leithroinnt ar airgead nó íoctha nó le híoc in airgead, folaíonn “airgead” airgeadra coigríche. | |
[EN] | (4) Chun críocha an Achta seo— | |
[EN] | (a) folóidh aon tagairt do chlár comhardaithe nó do chuntas sochair agus dochair tagairt d'aon nótaí orthu nó d'aon doiciméad i gceangal leo ina dtugtar faisnéis a cheanglaítear le hAchtanna na gCuideachtaí agus a cheadaítear leis sin a thabhairt amhlaidh; | |
[EN] | (b) folaíonn aon tagairt d'aistriú nó d'fháil sócmhainne nach sócmhainn airgid tagairt do bhunú nó do mhúchadh eastáit nó leasa in aon mhaoin nó cirt thar aon mhaoin mar aon le tagairt d'urscaoileadh dliteanais aon duine, seachas dliteanas i leith suime leachtaithe; agus | |
[EN] | (c) is é is glansócmhainní cuideachta ann, comhiomlán a sócmhainní lúide comhiomlán a dliteanais; | |
[EN] | agus i mír (c) folaíonn “dliteanais” aon soláthar (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht) ach amháin sa mhéid go gcuirtear an soláthar sin i gcuntas chun luach aon sócmhainne de chuid na cuideachta a ríomh. | |
[EN] | (5) Déanfar Acht na gCuideachtaí, 1963 , Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 , Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , agus an tAcht seo, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] | (6) San Acht seo— | |
[EN] | (a) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe; | |
[EN] | (b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír san fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus | |
[EN] | (c) aon tagairt d'aon achtachán eile déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire le hordú a shonrú gur ráta seachas cúig faoin gcéad sa bhliain an ráta iomchuí úis chun críocha an Achta seo. | |
[EN] |
Leasuithe, aisghairm agus cosaintí. |
3. —(1) Déantar leis seo forálacha an Phríomh-Achta a shonraítear sa Chéad Sceideal a leasú a mhéid a shonraítear sa Sceideal sin. |
[EN] | (2) Déantar leis seo forálacha an Phríomh-Achta agus Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , a shonraítear sa chéad cholún den Tríú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa dara colún den Sceideal sin. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh míreanna 24 and 25 den Chéad Sceideal (a leasaíonn Table A agus Tábla A faoi seach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht) ná aon aisghairm a shonraítear sa Tríú Sceideal ar aon ní atá sa Table sin A agus sa Tábla sin A difear d'aon chuideachta a cláraíodh roimh an lá ceaptha. | |
[EN] | (4) Sa Phríomh-Acht, aon tagairt do chuideachta a cláraíodh faoi aon achtachán sonraithe leanfaidh sí d'éifeacht a bheith léi mar thagairt do chuideachta a cláraíodh faoin achtachán sin, d'ainneoin go ndearnadh í a athchlárú ina dhiaidh sin faoin Acht seo. |