|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1983
[EN] | |||||||||||||||||
[EN] |
CUID II Custaim agus Mál | ||||||||||||||||
[EN] |
Taisteal coigríche. |
57. —Déanfar alt 65 den Acht Airgeadais, 1982 , a leasú amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1983,— | |||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “ciallaíonn ‘aerárthach’74 wxaerárthach atá oiriúnach chun breis agus cúig phaisinéir déag a iompar;” a scriosadh, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): | ||||||||||||||||
[EN] | “(b) Is é an ráta ar dá réir a dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc £5 in aghaidh gach duine a bhfuil a iompar údaraithe le ticéad paisinéara a bhaineann le hiompar i long nó in aerárthach ar thuras nó ar eitilt, de réir mar a bheidh, go dtí ceann scríbe (seachas ceann scríbe i dTuaisceart Éireann) lasmuigh den Stát.”. | ||||||||||||||||
[EN] |
Teilifíseáin. |
58. —Déanfar an dleacht máil ar theilifíseáin a fhorchuirtear le mír 5(1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chéad Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982). | |||||||||||||||
[EN] |
Fís-seinnteoirí. |
59. —Déanfar an dleacht máil ar fhís-seinnteoirí a fhorchuirtear le mír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 260) (Dleacht Máil ar Fhís-Seinnteoirí), 1982 (I.R. Uimh. 49 de 1982), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, de réir ráta £40 in aghaidh gach fís-seinnteora in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 4. | |||||||||||||||
[EN] |
Hidreacarbóin. |
60. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975). | |||||||||||||||
[EN] | (2) D'ainneoin chlásal (b) nó (c) de mhír 11 (5) d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 11 (1) den Ordú sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.75 an heictilítear, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach lena mbaineann an clásal sin (b) nó (c), in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (4) den Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] | (3) D'ainneoin fhomhír (6) de mhír 12 d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fomhír (1) den mhír sin 12 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.75 an heictilítear, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, ar ola hidreacarbóin lena mbaineann an fhomhír sin (6), in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (5) den Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] | (4) Déanfar mír 11 (7) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 40 (3) den Acht Airgeadais, 1976 a leasú, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, trí “£1.75” a chur in ionad “£1.53” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ). | ||||||||||||||||
[EN] | (5) Aon údarú a eisíodh roimh an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, faoi fhorálacha mhír 11 (7) d'Ordú 1975, i ndáil le hearraí ar arb inmhuirearaithe an dleacht a forchuireadh le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a allmhairiú nó a sheachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras, ar dhleacht máil de réir £1.53 an heictilítear is iníoctha faoi alt 70 (6) den Acht Airgeadais, 1980 , a íoc, measfar, a mhéid a bhaineann sé le hearraí arna n-allmhairiú nó arna seachadadh ar an dáta sin nó dáta dá éis, go n-údaraíonn sé earraí den sórt sin a allmhairiú nó a sheachadadh ar dhleacht máil de réir £1.75 an heictilítear a íoc in ionad an dleacht máil réamhráite sin a íoc. | ||||||||||||||||
[EN] | (6) Is de réir an ráta dleachta a íocadh lúide £1.75 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (8) den Acht Airgeadais, 1980 , a bheidh na haisíocaíochtaí dleachta máil dá bhforáiltear i míreanna 11 (10) agus 12 (10) d'Ordú 1975, i gcás an dleacht a bheith inmhuirearaithe agus arna híoc tar éis an 9ú lá d'Fheabhra, 1983. | ||||||||||||||||
[EN] | (7) Leasaítear leis seo mír 12 (1) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 70 (9) den Acht Airgeadais, 1980 , tríd an gcoinníoll a ghabhann leis an mír sin a scriosadh. | ||||||||||||||||
[EN] | (8) Is é méid aon lacáiste a lamhálfar faoi mhír 12 (3) d'Ordú 1975, maidir le haon ola hidreacarbóin (seachas ola bhreosla de réir bhrí mhír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981 (I.R. Uimh. 404 de 1981)) arna hallmhairiú nó arna seachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £1.75 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 70 (10) den Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] | (9) Is é méid aon aisíoca a lamhálfar faoi alt 35 (5) (b) den Acht Airgeadais, 1981 , maidir le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, méid na dleachta máil a íocadh lúide méid arna ríomh de réir £1.09 an heictilítear. | ||||||||||||||||
[EN] | (10) Déanfar alt 42 (2) den Acht Airgeadais, 1976 , a leasú, amhail ar an agus ón 10ú lá d'Fheabhra, 1983, trí “£0.08” a chur in ionad “£0.07” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ). | ||||||||||||||||
[EN] | (11) Leasaítear leis seo mír 12 (11) d'Ordú 1975— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “sa tseirbhís bóthair do phaisinéirí” a chur in ionad “i seirbhís bóthair do phaisinéirí ar deonaíodh an ceadúnas ina leith”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “a aisíoc leis” a chur in ionad “a aisíoc leis an gceadúnaí”. | ||||||||||||||||
[EN] |
Mótarfheithiclí. |
61. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979, ar mhótarfheithiclí earnáil A (de réir bhrí an Ordaithe sin) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1983— | |||||||||||||||
[EN] | (a) a mhéid is inmhuirearaithe í ar fheithiclí den sórt sin a fhaigheann a gcumhacht ghluaiste ó inneall dócháin inmheánaigh agus ar mó ná 16 a n-each-chumhacht (arna ríomh de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi alt 1 (3) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , chun críche ráta dleachta a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin), de réir ráta ar cóimhéid le suim 64.5 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe (de réir na brí sin a dúradh) in ionad an ráta a shonraítear i mír 10 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) a mhéid is inmhuirearaithe í ar fheithiclí eile den sórt sin (seachas gluaisrothair, uathrothair, nó rothair a bhfuil mótar cúnta feistithe orthu, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil carranna cliathánacha mar chuid díobh), de réir ráta ar cóimhéid le suim 54.5 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe (de réir na brí sin a dúradh) in ionad an ráta a shonraítear in alt 7 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 . | ||||||||||||||||
[EN] |
Ceadúnais chearrbhachais. |
62. —Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956 , ar cheadúnais chearrbhachais a eiseofar faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin a eiseofar an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, de réir na rátaí a shonraítear sa Dara Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | |||||||||||||||
[EN] |
Ceadúnais mheaisín cearrbhachais. |
63. —(1) Déanfar alt 74 (1) den Acht Airgeadais, 1980 , a leasú maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, trí “£62.50”, “£125”, “£187.50” agus “£250” a chur in ionad “£37.50”, “£75”, “£112.50” agus “£150”, faoi seach (a cuireadh isteach leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982)). | |||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar alt 43 (7) (aa) den Acht Airgeadais, 1975 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ), a leasú, maidir le ceadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú an 10ú lá d'Fheabhra, 1983, nó aon lá dá éis, trí “£40”, “£80”, “£120” agus “£160” a chur in ionad “£25”, “£50”, “£75” agus “£100”, faoi seach (a cuireadh isteach leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982). | ||||||||||||||||
[EN] |
Deimhnithe airm tine. |
64. —Déanfar an dleacht máil ar dheimhniú airm tine a fhorchuirtear le halt 18 (2) den Acht Airgeadais, 1964 , i gcás aon deimhniú den sórt sin do theacht i bhfeidhm trí dheonú nó athnuachan, an lú lá de Lúnasa, 1983, nó aon lá dá éis, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear sa Tríú Sceideal in ionad na rátaí a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | |||||||||||||||
[EN] |
Gadhair. |
65. —(1) Leasaítear leis seo alt 37 den Acht Airgid, 1925 , trí “£5” a chur in ionad “£1” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 33 den Acht Airgeadais, 1963 , trí “£100” a chur in ionad “£25” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) i bhfo-ailt (1) agus (2) agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (3) Aisghairtear leis seo alt 44 (3) den Acht Airgeadais, 1975 , agus achtaítear leis seo ina ionad go ndlífear, ar aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 37 den Acht Airgid, 1925 , a chiontú go hachomair, pionós máil £20 a chur air. | ||||||||||||||||
[EN] | (4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1984. | ||||||||||||||||
[EN] |
Ceantálaithe agus gníomhairí tithe. |
66. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 . | |||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnas ceantálaí (de réir bhrí an Achta) a fhorchuirtear le halt 11 den Acht Airgeadais, 1947 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 1 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar an dleacht máil ar chead ceantála (de réir bhrí an Achta) a fhorchuirtear le halt 12 den Acht Airgeadais, 1947 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 2 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht trí “£500” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-alt (3) agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (5) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnas gníomhaire tithe (de réir bhrí an Achta) a fhorchuirtear le halt 13 den Acht Airgeadais, 1947 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta £62.50 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 3 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] | (6) Leasaítear leis seo alt 7 den Acht trí “£500” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-alt (3) agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1983. | ||||||||||||||||
[EN] |
Geallghlacadóirí. |
67. —(1) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgid, 1931 , ar cheadúnas geallghlacadóra arna eisiúint faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1983, de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 4 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | |||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931 , ar chlárú a dhéanamh, nó ar athnuachan a dhéanamh ar chlárú, faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , ar aon áitribh ina ndéantar gnó glactha geall, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá de Nollaig, 1983, de réir ráta £125 in ionad an ráta a shonraítear ag uimhir thagartha 5 i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1980 . | ||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht máil ar cheadúnais nár úsáideadh a aisíoc. |
68. —(1) San alt seo forléireofar “ceadúnas” mar ní a fholaíonn cead agus deimhniú. | |||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, maidir le ceadúnas lena mbaineann fo-alt (4) d'alt 77 den Acht Airgeadais, 1980 — | ||||||||||||||||
[EN] | (a) nach ndearnadh aon trádáil faoin gceadúnas, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (b) nach raibh sealbhóir an cheadúnais ag gabháil don ghníomhaíocht lena mbaineann an ceadúnas le linn tréimhse bhailíochta an cheadúnais, | ||||||||||||||||
[EN] | féadfaidh na Coimisinéirí, ach cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur a bheith comhlíonta agus d'ainneoin fhorálacha fho-alt (6) den alt sin 77, an dleacht máil a íocadh ar an gceadúnas sin a aisíoc. | ||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 50 (pionós i ndáil le deochanna meisciúla a mhórdhíol nó a mhiondíol gan cheadúnas) den Finance (1909-10) Act, 1910. |
69. —Leasaítear leis seo alt 50 den Finance (1909-10) Act, 1910— | |||||||||||||||
[EN] | (a) trí “£500” a chur in ionad “one hundred pounds” i bhfo-alt (2), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “£500” a chur in ionad “fifty pounds” i bhfo-alt (3), | ||||||||||||||||
[EN] | agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 21 (dleachtanna ar olaí hidreacarbóin) den Acht Airgid, 1935 . |
70. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (12) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1940 ) d'alt 21 den Acht Airgid, 1935 — | |||||||||||||||
[EN] | (a) trí “pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin dlífear an ola a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh” a chur in ionad “pionós £500 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin forghéillfear an ola a ndearnadh an cion ina leith” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “faoin alt seo” a chur in ionad “faoin alt” i mír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ): | ||||||||||||||||
[EN] | “(ii) má úsáidtear— | ||||||||||||||||
[EN] | (I) dabhach nó coimeádán eile agus é folaithe, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (II) aon fheiste, acra nó modh de chineál ar bith, | ||||||||||||||||
[EN] | chun ola hidreacarbóin atá san fheithicil agus a bheartaítear a úsáid lena dó in inneall na feithicle a fholú contrártha don alt seo,”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (d) trí “dlífear an fheithicil a fhorghéilleadh” a chur in ionad “forghéillfear an fheithicil” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ), | ||||||||||||||||
[EN] | agus tá an chuid sin den fho-alt sin (12), arna leasú amhlaidh, a thagann i ndiaidh mhír (e) den fho-alt sin, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 , trí “ná feithicil dá dtagraítear i mír 4B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 ” a chur isteach i ndiaidh “ná rollóir bóthair” sa mhíniú ar “mótar-fheithicil” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1942 ), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 23 (forghéilleadh) den Acht Airgeadais, 1946 . |
71. —Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Airgeadais, 1946 — | |||||||||||||||
[EN] | (a) i mír (i), trí “dlífear na hearraí agus na hairceadail sin uile agus na hábhair, na huirlisí agus na soithí sin uile agus faoi seach a fhorghéilleadh” a chur in ionad “urghéillfear na hearraí agus na hairceadail sin uile agus na habhair, na huirlisí agus na soithí sin uile agus faoi seach”, | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír (ii), trí “suim £1,000” a chur in ionad “trí oiread luacha na n-earraí nó na n-airceadal sin uile nó suim céad punt, do réir mar is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim”, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | ||||||||||||||||
[EN] | “(2) I gcás nach mbeidh dleacht máil, is inmhuirearaithe ar aon earraí, íoctha an tráth a mbeidh sé dlite í a íoc nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a bheidh ceadaithe maidir lena híoc le haon achtachán nó faoi aon achtachán, dlífear na hearraí a fhorghéilleadh.”, | ||||||||||||||||
[EN] | agus tá na míreanna sin (i) agus (ii), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 34 (leasuithe maidir le pionóis) den Acht Airgeadais, 1963 . |
72. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1963 — | |||||||||||||||
[EN] | (a) i bhfo-alt (4)— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) i mír (c) (i), trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) i mír (d) (ii), trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ), | ||||||||||||||||
[EN] | agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) i bhfo-alt (5), trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ), | ||||||||||||||||
[EN] | agus tá na míreanna sin (c) (i) agus (d) (ii) agus an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] |
Dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste. |
73. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 . | |||||||||||||||
[EN] | (2) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht in aghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis— | ||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “daichead punt nó níos lú “a chur in ionad “tríocha punt nó níos lú” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) in alt 1 (2) (b), | ||||||||||||||||
[EN] | (b) trí “£5”, “£11”, “£18”, “£26”, “£33”, “£6”, “£28”, “£21” agus “£7” a chur in ionad “£4”, “£10”, “£16”, “£24”, “£30”, “£5”, “£25”, “£19” agus “£6”, faoi seach, i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, | ||||||||||||||||
[EN] | (c) i mír 4 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, trí— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) “£15” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfomhír (a), | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) “£15” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfomhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (iii) “£15” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i bhfomhír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (iv) “£75” a chur in ionad “£50” i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (d) trí “£10”, “£20”, “£30” agus “£40” a chur in ionad “£5”, “£10”, “£15” agus “£20”, faoi seach, i mír 4A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, | ||||||||||||||||
[EN] | (e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 93 den Acht Airgeadais, 1973 ): | ||||||||||||||||
[EN] | “5. Feithiclí (lena n-áirítear trírothaigh ar mó ná 8 cmn. a meáchan gan ualach) a rinneadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a úsáidtear chun earraí no ualach d'aon chineál eile a iompar i gcúrsa trádála nó gnó (lena n-áirítear talmhaíocht agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás áitiúil nó ag údarás poiblí) agus feithiclí a rinneadh nó a oiriúnaíodh lena n-úsáid, agus a úsáidtear, d'iompar meaisín, ceardlann, acra nó deis lena ndéantar nó ina ndéantar earraí atá á n-iompar sna feithiclí sin a phróiseáil nó a mhonarú le linn do na feithiclí a bheith ag gluaiseacht: | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | agus ina theannta sin, i gcás aon fheithicil a úsáidtear chun leantóir a tharraingt, dleacht bhreise mar a leanas— | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (f) trí— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) “£16” agus “£2” a chur in ionad “£8” agus “£1”, faoi seach, i bhfomhír (c) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí “£16” agus “£2” a chur in ionad “£8” agus “£1”, faoi seach, i bhfomhír (cc) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) den mhír sin 6, | ||||||||||||||||
[EN] | (g) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach roimh fhomhír (d) den mhír sin 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin: | ||||||||||||||||
[EN] | “(ccc) aon fheithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile— | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, leasófar an tAcht tuilleadh, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 71 den Acht Airgeadais, 1982 ) in ionad fhomhír (d) de mhír 6: | ||||||||||||||||
[EN] | “(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo— | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
[EN] | (b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le haon fheithicil— | ||||||||||||||||
[EN] | (i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile, nó | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile. | ||||||||||||||||
[EN] | (c) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975 ). | ||||||||||||||||
[EN] | (4) (a) Leasófar an tAcht tuilleadh tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin: | ||||||||||||||||
[EN] | “4B. Feithiclí (ar a dtugtar ‘dumpairí eisbhóthair’) is mó toilleadh ná 4 shlat chiúbacha ualaithe go cothrom, agus atá deartha agus déanta go príomha le húsáid ar láithreáin oibreacha foirgníochta (lena n-áirítear déanamh bóithre agus oibreacha tí agus tógála eile) le haghaidh coincréit, screallach, cré nó ábhair eile den sórt sin a iompar agus nach féidir leo, mar gheall ar an dearadh agus an déanamh atá orthu, dul thar 30 míle san uair ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin agus is ábhar do cheadanna speisialta faoi alt 17 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963, (I.R. Uimh. 190 de 1963) ... ... ... ... ... £250.”. | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint do na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo agus is de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Comhshaoil a dhéanfar na haisíocaíochtaí. | ||||||||||||||||
[EN] | (c) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire Comhshaoil chuige sin le hordú. | ||||||||||||||||
[EN] | (5) (a) Leasófar alt 94(2) den Acht Airgeadais, 1973 — | ||||||||||||||||
[EN] | (i) trí “£2” a chur in ionad “£1” i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí “£10” a chur in ionad “£5” i mír (aa) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ), | ||||||||||||||||
[EN] | (iii) trí “£40” a chur in ionad “£20” i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (iv) trí “£20” a chur in ionad “£10” i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ). | ||||||||||||||||
[EN] | (b) Beidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo maidir le feithiclí a mbainfear amach ceadúnais ina leith faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis. | ||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar an dleacht máil ar cheadúnais tiomána. |
74. —Déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1983, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach in alt 4 (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961 ) in ionad mhíreanna (a) agus (b): | |||||||||||||||
[EN] | “(a) ceithre phunt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus | ||||||||||||||||
[EN] | (b) ceithre phunt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin,”. | ||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais mhótarfheithiclí trádála. |
75. —Beidh éifeacht le halt 15 (2) den Finance Act, 1922, arna chur chun feidhme le halt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , agus d'ainneoin téarmaí an ailt deiridh sin, maidir le ceadúnais lena mbaineann an t-alt sin 15 (2) a bhainfear amach an 1ú lá d'Eanáir, 1984, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí— | |||||||||||||||
[EN] | (a) “£200” in ionad “£100” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) i mír (a), | ||||||||||||||||
[EN] | (b) “£40” in ionad “£20” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 , sin a dúradh) i míreanna (a) agus (b), agus | ||||||||||||||||
[EN] | (c) “£8” in ionad “£4” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 , sin a dúradh) i mír (b). | ||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. |
76. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo— | |||||||||||||||
|