|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) | Ar Aghaidh (Caibidil III Tobhach Ioncaim) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1983
[EN] | ||||
[EN] |
Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta | |||
[EN] |
Brabúis fheirmeoireachta a mhuirearú faoi Sceideal D. |
11. —Leasaítear leis seo Cuid I den Acht Airgeadais, 1974 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15: | ||
| ||||
[EN] |
Feidhm alt 20A (bonn roghnach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le 1983-84. |
12. —Beidh éifeacht le halt 20A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir leis an mbliain 1983-84 ionann is dá ndéanfaí— | ||
[EN] | (a) i mír (a)— | |||
[EN] | (i) “1983-84” a chur in ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé, | |||
[EN] | (ii) “alt 15 den Acht Airgeadais, 1974 (a cuireadh isteach le halt 11 den Acht Airgeadais, 1983 )” a chur in ionad “alt 13 den Acht Airgeadais, 1978 ” i bhfomhír (ii), agus | |||
[EN] | (iii) “1983” a chur in ionad “1978” i bhfomhír (II), | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (b) i mír (b), “1983-84” a chur in ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé. | |||
[EN] |
Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic. |
13. —Leasaítear leis seo alt 13 (1) den Acht Airgeadais, 1982 , trí “1982-83 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis” a chur in ionad “1982-83”, agus tá an t-alt sin 13 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||
| ||||
[EN] |
Leasú ar alt 307 (faoiseamh i leith caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
14. —Leasaítear leis seo alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ): | ||
[EN] | “(1A) Beidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh feirmeoireacht á seoladh seachas i gcás pearsa aonair a thabhóidh caillteanas i seoladh na feirmeoireachta agus ar duine é nach bhfuil inmhuirearaithe i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta ina dtabhóidh sé an caillteanas.”. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 22 (foirgnimh feirme: liúntais chaipitiúla) den Acht Airgeadais, 1974 . |
15. —Leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir leis an mbliain 1983-84 agus blianta measúnachta dá éis— | ||
[EN] | (a) i bhfo-alt (1), trí “alt 15” a chur in ionad “alt 15 (1)”, agus | |||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2B): | |||
[EN] | “(2B) Más rud é, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, nach mbeidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach maidir le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus gur bliain mheasúnachta an bhliain sin a bhféadfadh sé, dá mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, liúntas foirgneamh feirme a éileamh faoin alt seo ina leith, measfar, chun críocha an ailt seo, an liúntas sin a bheith tugtha in aghaidh na bliana measúnachta sin agus ní dhéanfar é a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabús nó gnóchan is inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta dá éis.”, | |||
[EN] | agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
|