An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Luathcháin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

15 1983

AN tACHT AIRGEADAIS, 1983

Caibidil VIII

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leathnú ar alt 19 (urrúis Rialtais agus urrúis eile) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

54. —Beidh feidhm ag alt 19 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , i ndáil le hurrúis arna n-éisiúint ag Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta agus arna ráthú ag an Aire Airgeadais mar atá feidhm aige in dáil leis na cineálacha urrús a shonraítear i mír (d) den alt sin.

Leasú ar Sceideal 4 (riarachán) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

55. —Leasaítear leis seo mír 8 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (1):

“(1) Aon duine arb éagóir leis aon mheasúnacht faoin Acht seo a dhéanfaidh an cigire nó cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2) air, beidh sé i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar fhógra i scríbhinn a thabhairt, laistigh de thríocha lá tar éis dháta an fhógra measúnachta, don chigire nó don oifigeach eile agus, mura ndéanfaidh duine dár tugadh fógra measúnachta fógra achomhairc a thabhairt, is measúnacht chríochnaitheach dhochloíte an mheasúnacht a rinneadh air.”, agus

(b) trí na clásail seo a leanas a chur i bhfomhír (2) in ionad chlásail (e), (f) agus (g):

“(e) le héisteacht, le cinneadh nó le díbhe achomhairc ag na Coimisinéirí Achomhairc lena n-áirítear éisteacht, cinneadh nó díbhe achomhairc ag Coimisinéir Achomhairc amháin;

(f) leis an measúnacht a bhfuil an fheidhm agus an éifeacht chéanna léi a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith i gcás nach ndéanfaidh an duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gCoimisinéir í Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha;

(g) le fadú na tréimhse chun fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;”.

Gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí ag daoine áirithe.

56. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí a dhéanfar tar éis dháta an Achta seo a rith.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “duine cuntasach”—

(a) leachtaitheoir cuideachta, nó

(b) aon duine atá i dteideal sócmhainne ar mhodh urrúis nó atá i dteideal sochair ó mhuirear nó ó eire ar shócmhainn, nó de réir mar a bheidh, aon duine atá ceaptha chun an t-urrús, an muirear nó an t-eire a fheidhmiú nó chun éifeacht a thabhairt don chéanna;

tá le “cain ghnóchan caipitiúil inghairthe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (8);

tá le “cáin chorparáide inghairthe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (9);

tá le “diúscairt iomchuí” an bhrí chéanna atá leis in alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 .

(3) I gcás éifeacht a bheith le halt 8 (5) nó 41 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , i leith diúscairt sócmhainne ag duine cuntasach i mbliain mheasúnachta, ansin, d'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil—

(a) beidh aon cháin ghnóchan caipitiúil inghairthe i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt inmheasúnaithe ar an duine cuntasach agus inghnóthaithe uaidh,

(b) áireofar an cháin ghnóchan caipitiúil inghairthe mar eisíocaíocht riachtanach as fáltais na diúscartha agus íocfaidh an duine cuntasach í as na fáltais sin, agus

(c) urscaoilfidh cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe, a bheidh íoctha ag an duine cuntasach, méid comhréireach den dliteanas cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an diúscairt, is dliteanas a luíonn ar an duine (dá ngairfear “an féichiúnaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) arb é, ar leith ón alt seo, an duine inmhuirearaithe é i ndáil leis an diúscairt.

(4) I gcás éifeacht a bheith le halt 8 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , nó le halt 13 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i leith diúscairt (nach diúscairt iomchuí) sócmhainne ag duine cuntasach i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta, ansin, d'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide—

(a) beidh aon cháin chorparáide inghairthe i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt inmheasúnaithe ar an duine cuntasach agus inghnóthaithe uaidh,

(b) áireofar an cháin ghnóchan caipitiúil inghairthe mar eisíocaíocht riachtanach as fáltais na diúscartha agus íocfaidh an duine cuntasach í as na fáltais sin, agus

(c) urscaoilfidh cáin chorparáide inghairthe, a bheidh íoctha ag an duine cuntasach, méid comhréireach den dliteanas cánach corparáide, don tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar an diúscairt, is dliteanas a luíonn ar an gcuideachta (dá ngairfear “an chuideachta” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) arb í, ar leith ón alt seo, an duine inmhuirearaithe í i ndáil leis an diúscairt.

(5) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil nó na nAchtanna Cánach Corparáide, beidh méid na cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó na cánach corparáide inghairthe, de réir mar a bheidh, is inmheasúnaithe faoin alt seo ar dhuine cuntasach i ndáil le diúscairt, inghnóthaithe uaidh trí cháin ioncaim a mheasúnú air faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta inar tharla an diúscairt ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air, de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin, agus méid na cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó na cánach corparáide inghairthe, de réir mar a bheidh.

(6) I gcás ina n-íocfaidh duine cuntasach cáin faoi fhorálacha an ailt seo agus go suífear go bhfuil méid na cánach a íocadh iomarcach, tabharfar faoiseamh iomchuí dó trí aisíoc nó ar shlí eile.

(7) Faoi réir fho-ailt (3) (c) agus (4) (c), ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do mhéid na ngnóchan inmhuirearaithe—

(a) ar a mbeidh an féichiúnaí inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil, nó

(b) ar a mbeidh an chuideachta inmhuirearaithe i leith cánach corparáide.

(8) San alt seo—

(a) i gcás nár fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe, seachas na gnóchain inmhuirearaithe a luaitear i bfho-alt (3) (a) (dá ngairtear “na gnóchain inghairthe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), chuig an bhféichiúnaí sa bhliain mheasúnachta, ciallaíonn “cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith na ngnóchan inghairthe;

(b) i gcás inar fhaibhrigh gnóchain inmhuirearaithe eile, i dteannta na ngnóchan inghairthe, chuig an bhféichiúnaí sa bhliain mheasúnachta agus, ar na gnóchain sin go léir a mhuirearú i leith cánach gnóchan caipitiúil gan féachaint d'fhorálacha fho-alt (3), go mbeadh feidhm ag an ráta cánach céanna, agus—

(i) nach diúscairt iomchuí aon cheann de na diúscairtí as ar fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe, nó

(ii) gur diúscairt iomchuí gach ceann de na diúscairtí,

ciallaíonn “cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe” méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

A

__

×

C

B

i gcás—

arb é A méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith na ngnóchan inghairthe murar fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe eile chuige sa bhliain mheasúnachta agus mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inghairthe,

arb é B méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith na ngnóchan inmhuirearaithe go léir, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe, a d'fhaibhrigh chuige sa bhliain mheasúnachta, mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inmhuirearaithe sin, agus

arb é C méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (3), ar an bhféichiúnaí i leith mhéid iomlán na ngnóchan inmhuirearaithe, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe, a d'fhaibhrigh chuige sa bhliain mheasúnachta;

(c) in aon chás eile, ciallaíonn “cáin ghnóchan caipitiúil inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil arb éard a bheadh ann, ar leith ó fho-alt (3) agus ag féachaint—

(i) do na gnóchain inmhuirearaithe eile go léir a fhaibhríonn chuig an bhféichiúnaí sa bhliain mheasúnachta, agus

(ii) mar is iomchuí, d'fhorálacha mhír 8 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , agus d'fhorálacha ailt 30(3) agus 40 den Acht Airgeadais, 1982 ,

méid na cánach gnóchan caipitiúil is iomchuí do na gnóchain inghairthe.

(9) San alt seo—

(a) i gcás nár fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe seachas—

(i) na gnóchain inmhuirearaithe a luaitear i bhfo-alt (4) (a) (dá ngairtear “na gnóchain inghairthe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), nó

(ii) aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí,

chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, ciallaíonn “cáin chorparáide inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta i leith na ngnóchan inghairthe ar na toimhdí seo a leanas—

(I) d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Cánach Corparáide, go raibh cáin ghnóchan caipitiúil le muirearú i leith na ngnóchan sin de réir fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus

(II) go mba bhlianta measúnachta tréimhsí cuntasaíochta,

nó, más lú é, méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta;

(b) i gcás inar fhaibhrigh, i dteannta na ngnóchan inghairthe, gnóchain inmhuirearaithe eile (nach gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí) chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus, ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), ag muirearú na ngnóchan sin go léir i leith cánach gnóchan caipitiúil gan féachaint d'fhorálacha fho-alt (4), go mbeadh feidhm ag an ráta cánach céanna, ciallaíonn “cáin chorparáide inghairthe” méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

D

__

×

F

E

i gcás—

arb é D méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4) agus ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), ar an gcuideachta i leith na ngnóchan inghairthe murar fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe eile chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inghairthe,

arb é E méid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4) agus ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), ar an gcuideachta i leith na ngnóchan inmhuirearaithe go léir, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe (ach gan gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí a áireamh), a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, mura mbeadh aon asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh na ngnóchan inmhuirearaithe sin, agus

arb é F méid (dá ngairtear “an méid barúlach” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na cánach gnóchan caipitiúil a bheadh, ar leith ó fho-alt (4), le ríomh i ndáil leis an gcuideachta, de réir alt 13(1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don tréimhse chuntasaíochta i leith na ngnóchan inmhuirearaithe go léir, lena n-áirítear na gnóchain inghairthe, nó, más lú é, méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta;

(c) in aon chás eile, ciallaíonn “cáin chorparáide inghairthe” méid na cánach gnóchan caipitiúil arb éard a bheadh ann, ar leith ó fho-alt (4) agus ar na toimhdí a dhéantar i mír (a), agus ag féachaint—

(i) do na gnóchain inmhuirearaithe eile go léir (nach gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí) a fhaibhríonn chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus

(ii) mar is iomchuí, d'fhorálacha ailt 30 (3) agus 40 den Acht Airgeadais, 1982 ,

méid na cánach gnóchan caipitiúil is iomchuí do na gnóchain inghairthe:

Ar choinníoll, in aon chás lena mbaineann an mhír seo, más mó an méid barúlach ná méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, go gciallóidh “cáin chorparáide inghairthe” méid a chinnfear de réir na foirmle—

G

__

×

K

H

i gcás—

arb é G an méid arb éard a bheadh ann, faoin mír seo ar leith ón gcoinníoll seo, an cháin chorparáide inghairthe,

arb é H an méid barúlach, agus

arb é K méid na cánach corparáide ab inmheasúnaithe, ar leith ó fho-alt (4), ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

(10) (a) In aon chás ina raibh, le linn méid cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó cánach corparáide inghairthe a bheith á ríomh faoi fho-alt (8) (c) nó (9) (c), asbhaintí nó faoisimh le lamháil in aghaidh gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh i mbliain mheasúnachta nó i dtréimhse chuntasaíochta, agus, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh na hasbhaintí nó na faoisimh sin (nó cuid díobh) le fritháireamh in aghaidh dhá ghnóchan chaipitiúla nó níos mó is nmhuirearaithe de réir an ráta cánach gnóchan caipitiúil chéanna, ansin, déanfar na hasbhaintí nó na faoisimh sin (nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin díobh), a mhéid is gá chun méid na cánach gnóchan caipitiúil inghairthe nó na cánach corparáide inghairthe a ríomh, a chionroinnt ar na gnóchain inmhuirearaithe is inmhuirearaithe de réir an ráta chéanna i gcomhréir le méideanna na ngnóchan inmhuirearaithe sin.

(b) I gcás gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig cuideachta (nach gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as diúscairt iomchuí), déanfar aon tagairt i mír (a) do ráta cánach a fhorléiriú mar thagairt don ráta cánach gnóchan caipitiúil ab infheidhme maidir leis na gnóchain sin ar na toimhdí a dhéantar i bhfo-alt (9) (a).