16 1983


Uimhir 16 de 1983


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1980. [21 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1980 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná trí mhíle is cúig chéad milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1983, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1980, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935

1935, Uimh. 16

Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1980

1980, Uimh. 41