An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Forálacha a Bhaineann leis an Dá Chuideachta)

24 1983

AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

CUID II

An Post agus Bord Telecom Éireann a bhunú

Cuideachtaí a fhoirmiú.

9. —(1) Cuirfidh an tAire faoi deara, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, dhá chuideachta theoranta a bheidh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.

(2) Déanfaidh an tAire le hordú, a luaithe is féidir tar éis do na cuideachtaí a bheith cláraithe, lá a cheapadh ina lá dílseacháin maidir le gach aon cheann den dá chuideachta.

Ainmneacha agus foirmiú caipitil na gcuideachtaí.

10. —(1) Is iad ainmneacha na gcuideachtaí, faoi seach—

(a) An Post nó, sa Bhéarla, The Post Office, agus

(b) Bord Telecom Éireann nó, sa Bhéarla, The Irish Telecommunications Board.

(2) Beidh gach aon chuideachta díolmhaithe ón gceanglas in alt 6 (1) (a) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , “limited” nó “teoranta” a bheith ar áireamh ina teideal.

(3) (a) Faoi réir mhír (c), is é scairchaipiteal údaraithe an Phoist méid nach mó ná a gcomhshuim seo a leanas—

(i) luach na maoine a bheidh le haistriú chuig an gcuideachta na lá dílseacháin faoi ailt 40 agus 41,

(ii) an méid airgid a fhéadfar a chur ar fáil don chuideachta faoi alt 29 (1) chun oibreacha caipitiúla a mhaoiniú, agus

(iii) an méid caipitil oibre a bheidh le cur ar fáil don chuideachta faoi alt 31,

agus é arna roinnt i scaireanna punt an ceann.

(b) Faoi réir mhír (c), is é scairchaipiteal údaraithe Bhord Telecom Éireann méid nach mó ná a gcomhshuim seo a leanas—

(i) luach na maoine a bheidh le haistriú chuig an gcuideachta an lá dílseacháin faoi ailt 40 agus 41, lúide an méid ar mó ná £355,000,000 suimeanna a d'eisigh an tAire Airgeadais faoi na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981, agus nach mbeidh aisíoctha roimh an lá sin, móide an méid a bheidh dlite den Aire d'Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, agus a bheidh gan íoc, díreach roimh an lá dílseacháin, agus

(ii) an méid caipitil oibre a bheidh le cur ar fáil don chuideachta faoi alt 31,

agus é arna roinnt i scaireanna punt an ceann.

(c) Déanfar, más gá, na comhshuimeanna a gheofar faoi mhíreanna (a) agus (b) a chothromú suas go dtí an £500,000 nó an £1,000,000 is gaire, cibé acu é.

(d) Féadfaidh gach aon chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na scaireanna ina cuid scairchaipitil a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, iarchurtha, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

Foirm an mheabhráin chomhlachais.

11. —Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheidh meabhrán comhlachais gach aon chuideachta.

Príomhchuspóirí na cuideachta poist.

12. —(1) Déarfar i meabhrán comhlachais na cuideachta poist gurb iad príomhchuspóirí na cuideachta—

(a) seirbhís náisiúnta poist a chur ar fáil laistigh den Stát agus idir an Stát agus áiteanna lasmuigh den Stát,

(b) freastal do riachtanais tionscail, tráchtála, sóisialta agus tís an Stáit le haghaidh postseirbhísí uileghabhálacha agus éifeachtacha agus, a mhéid a mheasann an chuideachta gur féidir le réasún déanamh amhlaidh, gach éileamh réasúnach ar na seirbhísí sin ar fud an Stáit a shásamh,

(c) seirbhísí a chur ar fáil trínar féidir airgead a sheoladh (cibé acu trí orduithe airgid, orduithe poist nó ar shlí eile) de réir mar is cuí leis an gcuideachta,

(d) seirbhísí cuntair a chur ar fáil le haghaidh gnó na cuideachta féin agus gnó Rialtais agus, ar choinníoll go mbeidh siad i gcomhréir leis na seirbhísí sin agus leis na príomhchuspóirí eile atá leagtha amach san fho-alt seo, seirbhísí cuntair a chur ar fáil do dhaoine eile de réir mar is cuí leis an gcuideachta, agus

(e) cibé seirbhísí sainchomhairle, comhairle, oiliúna agus conarthacha is cuí leis an gcuideachta a chur ar fáil laistigh agus lasmuigh den Stát.

(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ná srian le cibé cuspóirí agus dualgais a bheith ar áireamh i gcuspóirí na cuideachta, mar a shonraítear ina meabhrán comhlachais iad, is cuspóirí agus dualgais is gá le réasún nó is iomchuí chun na príomhchuspóirí thuasluaite a bhaint amach go cuí nó atá teagmhasach nó cumhalda leis sin, agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.

(3) Beidh de chumhacht ag an gcuideachta aon ní a dhéanamh a mheasann sí is gá chun go gcomhlíonfadh sí a feidhmeanna mar a shonraítear iad san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais, nó a rachadh chun sochair don chomhlíonadh sin nó atá teagmhasach leis nó a mheasann sí a éascódh, go díreach nó go neamhdhíreach, an comhlíonadh sin agus ar ní é nach bhfuil ar neamhréir le haon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Dualgas ginearálta na cuideachta poist.

13. —(1) Is é dualgas ginearálta na cuideachta poist gnóthaí na cuideachta a sheoladh ar chaoi a áiritheoidh—

(a) go gcoinneofar na muirir le haghaidh seirbhísí ar na rátaí is lú is féidir i gcomhréir le spriocanna airgeadais ceadaithe a bhaint amach, agus

(b) nach mbeidh ioncam na cuideachta níos lú ná mar is leor—

(i) chun íoc as na muirir go léir is inmhuirearaithe go cuí ar an gcuntas ioncaim (lena n-áirítear díluachadh sócmhainní agus leithroinnt chuí chuig an gcúlchiste ginearálta) agus blianta a ghlacadh le chéile,

(ii) chun cion réasúnach de riachtanais chaipitiúla a chruthú, agus

(iii) chun caipiteal a chúiteamh agus iasachtaí a aisíoc.

(2) Ní fhorléireofar aon ní in alt 12 ná san alt seo mar ní a fhorchuireann ar an gcuideachta, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chineál dleachta nó dliteanais is infheidhmithe le himeachtaí os comhair aon chúirte ar dleacht nó dliteanas é nach mbeadh sí faoina réir thairis sin.

Príomhchuspóirí na cuideachta teileachumarsáide.

14. —(1) Déarfar i meabhrán comhlachais na cuideachta teileachumarsáide gurb iad príomhchuspóirí na cuideachta—

(a) seirbhís náisiúnta teileachumarsáide a chur ar fáil laistigh den Stát agus idir an Stát agus áiteanna lasmuigh den Stát,

(b) freastal do riachtanais tionscail, tráchtála, sóisialta agus tís an Stáit le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide uileghabhálacha agus éifeachtacha agus, a mhéid a mheasann an chuideachta gur féidir le réasún déanamh amhlaidh, gach éileamh réasúnach ar na seirbhísí sin ar fud an Stáit a shásamh, agus

(c) cibé seirbhísí sainchomhairle, comhairle, oiliúna agus conarthacha is cuí leis an gcuideachta a chur ar fáil laistigh agus lasmuigh den Stát.

(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ná srian le cibé cuspóirí agus dualgais a bheith ar áireamh i gcuspóirí na cuideachta, mar a shonraítear ina meabhrán comhlachais iad, is cuspóirí agus dualgais is gá le réasún nó is iomchuí chun na príomhchuspóirí thuasluaite a bhaint amach go cuí nó atá teagmhasach nó cumhalda leis sin, agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.

(3) Beidh de chumhacht ag an gcuideachta aon ní a dhéanamh a mheasann sí is gá chun go gcomhlíonfadh sí a feidhmeanna mar a shonraítear iad san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais, nó a rachadh chun sochair don chomhlíonadh sin nó atá teagmhasach leis nó a mheasann sí a éascódh, go díreach nó go neamhdhíreach, an comhlíonadh sin agus ar ní é nach bhfuil ar neamhréir le haon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

Dualgas ginearálta na cuideachta teileachumarsáide.

15. —(1) Is é dualgas ginearálta na cuideachta teileachumarsáide gnóthaí na cuideachta a sheoladh ar chaoi a áiritheoidh—

(a) go gcoinneofar na muirir le haghaidh seirbhísí ar na rátaí is lú is féidir i gcomhréir le spriocanna airgeadais ceadaithe a bhaint amach, agus

(b) nach mbeidh ioncam na cuideachta níos lú ná mar is leor—

(i) chun íoc as na muirir go léir is inmhuirearaithe go cuí ar an gcuntas ioncaim (lena n-áirítear díluachadh sócmhainní agus leithroinnt chuí chuig an gcúlchiste ginearálta) agus blianta a ghlacadh le chéile,

(ii) chun cion réasúnach de riachtanais chaipitiúla a chruthú, agus

(iii) chun caipiteal a chúiteamh agus iasachtaí a aisíoc.

(2) Ní fhorléireofar aon ní in alt 14 ná san alt seo mar ní a fhorchuireann ar an gcuideachta, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chineál dleachta nó dliteanais is infheidhmithe le himeachtaí os comhair aon chúirte ar dleacht nó dliteanas é nach mbeadh sí faoina réir thairis sin.

Airteagail chomhlachais.

16. —(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, de réir mar is iomchuí, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheidh airteagail chomhlachais gach aon chuideachta.

(2) Forálfaidh airteagail chomhlachais gach aon chuideachta—

(a) gur 12 ar a laghad, nó cibé uimhir is mó ná sin a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, is líon do na stiúrthóirí (agus an cathaoirleach san áireamh);

(b) gurb é an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a cheapfaidh an cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile agus go bhféadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, iad a chur as oifig;

(c) gurb é an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a chinnfidh luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile;

(d) nach gceapfar aon duine mar iniúchóir don chuideachta gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais;

(e) go ndéanfaidh an chuideachta, i gcomhairle agus i gcomhaontú le ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta, sás a bhunú chun críocha caibidlí a bhaineann le pá agus coinníollacha seirbhíse a foirne;

(f) nach ndéanfaidh an chuideachta infheistiú in aon ghnóthas eile gan ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Forálfaidh airteagail chomhlachais na cuideachta poist go ndéanfaidh an chuideachta, i gcomhairle agus i gcomhaontú le cumainn agus comhlachais aitheanta, sás a bhunú chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair agus coinníollacha conarthacha eile de chuid máistrí poist.

Srian le meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais a athrú.

17. —D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais cheachtar cuideachta bailí ná éifeachtúil mura le ceadú roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus, de réir mar is iomchuí, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a dhéanfar é. Ní mór don chuideachta fógra faoi aon athrú beartaithe a thabhairt do cheardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta agus do chumainn agus comhlachais aitheanta.

Scaireanna a eisiúint chuig an Aire i gcomaoin naoin a aistriú.

18. —(1) Eiseoidh an chuideachta poist scaireanna chuig an Aire go feadh luach na maoine a aistreofar chuici ar an lá dílseacháin de réir ailt 40 agus 41.

(2) Eiseoidh an chuideachta teileachumarsáide scaireanna chuig an Aire go feadh luach na maoine a aistreofar chuici ar an lá dílseacháin de réir ailt 40 agus 41, lúide an méid ar mó ná £355,000,000 suimeanna a d'eisigh an tAire Airgeadais faoi na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981, agus nach mbeidh aisíoctha roimh an lá sin, móide an méid a bheidh dlite den Aire d'Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, agus a bheidh gan íoc, díreach roimh an lá dílseacháin.

(3) A luaithe is féidir tar éis an lae dhílseacháin, déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcuideachta lena mbaineann, deimhniú a eisiúint ag deimhniú na suime is dóigh leis a fhreagraíonn do luach na maoine a bheidh aistrithe chuig an gcuideachta.

(4) Tar éis do gach aon chuideachta an deimhniú a fháil, eiseoidh sí chuig an Aire, gan é do dhéanamh aon íocaíochta, scaireanna láníoctha sa chuideachta arb ionann a luach ainmniúil agus an tsuim a bheidh deimhnithe amhlaidh i leith na cuideachta sin ach sin faoi réir coigeartú a dhéanamh, i gcás na cuideachta teileachumarsáide, ar an tsuim sin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (2).

Scaireanna a eisiúint chuig an Aire Airgeadais.

19. —(1) Eiseoidh an chuideachta poist chuig an Aire Airgeadais scair amháin puint i scairchaipiteal na cuideachta.

(2) Eiseoidh an chuideachta teileachumarsáide chuig an Aire Airgeadais scair amháin puint i scairchaipiteal na cuideachta.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir lena scair i scairchaipiteal gach aon chuideachta, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhme trí aturnae, féadfaidh an tAire é a fheidhmiú trína aturnae.

(4) Ní aistreoidh ná ní choimhtheoidh an tAire a scair i scairchaipiteal ceachtar cuideachta.

Scaireanna a eisiúint chuig sínitheoirí mheabhrán comhlachais gach aon chuideachta.

20. —(1) Déanfar scair amháin i scairchaipiteal na cuideachta poist a leithroinnt ar gach duine de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na cuideachta sin.

(2) Déanfar scair amháin i scairchaipiteal na cuideachta teileachumarsáide a leithroinnt ar gach duine de shínitheoirí mheabhrán comhlachais na cuideachta sin.

(3) Déanfar costas na scaireanna sin a thabhairt ar airleacan do na sínitheoirí as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Srian le scairchaipiteal a eisiúint.

21. —Ní dhéanfar aon eisiúint scairchaipitil seachas iad sin dá dtagraítear in ailt 18, 19, 20, 29 agus 31.

An tAire d'fháil scaireanna agus d'fheidhmiú cumhachtaí.

22. —(1) Féadfaidh an tAire scaireanna i ngach aon chuideachta a thógáil trí shuibscríobh.

(2) Féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo, maidir leis na scaireanna i ngach aon chuideachta a bheidh á sealbhú aige, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhme trí aturnae, féadfaidh an tAire é a fheidhmiú trína aturnae.

An tAire d'aistriú scaireanna.

23. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham de réir mar is gá sa chás, chun an oiread sin d'Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh a cheanglaíonn go mbeidh beirt chomhalta ar a laghad ar gach aon chuideachta i gcónaí, scair amháin dá chuid sa chuideachta sin a aistriú chuig aon duine.

(2) Ach amháin mar a údaraítear le fo-alt (1), ní aistreoidh ná ní choimhtheoidh an tAire aon cheann dá scaireanna i gceachtar cuideachta.

Airgead a sholáthar le haghaidh suibscríobhanna scaireanna.

24. —(1) An t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ón Aire faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith scaireanna a thóg sé, airleacfaidh an tAire Airgeadais dó é as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(2) Beidh de chumhacht ag an Aire Airgeadais airgead a fháil ar iasacht nó urrúis a bhunú agus a eisiúint chun críche fho-alt (1) agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is muirear ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo.

Oibleagáid scairshealbhóra (seachas an tAire) scair a shealbhú ar iontaobhas.

25. —Déanfaidh comhalta de cheachtar cuideachta (seachas an tAire) a scair sa chuideachta, arna heisiúint faoi alt 20, a shealbhú ar iontaobhas don Aire agus beidh sé faoi cheangal dá réir sin na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh sé i leith na scaire a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste agus an scair a aistriú, de réir mar a cheanglóidh, agus nuair a cheanglóidh, an tAire air é, chuig an Aire nó chuig duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire.

(2) Ach amháin nuair a cheanglaítear sin de bhun fho-alt (1), ní aistreoidh ná ní choimhtheoidh comhalta den sórt sin a scair.

Díbhinní etc., a íoc isteach sa Státchiste.

26. —(1) Na méideanna uile a fhreagraíonn do dhíbhinní nó airgead eile a fuair an tAire i leith scaireanna i gceachtar cuideachta, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Na méideanna uile a fhreagraíonn do dhíbhinní nó airgead eile a fuair an tAire Airgeadais i leith a scaire i scairchaipiteal ceachtar cuideachta agus na méideanna uile a fhreagraíonn d'aisíoc iasachtaí, nó d'ús ar iasachtaí, a fuair sé nó a ghnóthaigh sé ó cheachtar cuideachta, déanfar iad a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh sé.

Cumhacht iasacht a fháil.

27. —(1) (a) Féadfaidh gach aon chuideachta, trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile, airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla lena n-áirítear caipiteal oibre ach, i gcás nach iasacht ón Aire Airgeadais an iasacht, ní mór toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a fháil ina leith.

(b) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí ag an gcuideachta poist faoi mhír (a) thar £58,500,000 aon tráth áirithe.

(c) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí ag an gcuideachta teileachumarsáide faoi mhír (a) thar £1,400,000,000 aon tráth áirithe.

(d) Chun críocha an fho-ailt seo, aon airgead a gheofar ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead iarbhír a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit tráth na hiasachta a fháil.

(2) Féadfaidh gach aon chuideachta airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a fháil ar iasacht go díomuan ach ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí sin aon tráth áirithe thar cibé méid a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) (a) Gan dochar d'alt 2 (6) folóidh tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (2) do cheachtar cuideachta tagairtí d'fhochuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid na cuideachta sin.

(b) I gcás ina mbeidh iasachtaí faoin alt seo ag ceachtar cuideachta agus ag fochuideachta den chuideachta sin aon tráth áirithe, beidh feidhm ag an teorainn le hiasachtaí dá bhforáiltear maidir le comhiomlán na n-iasachtaí a bheidh ag an gcuideachta lena mbaineann agus ag an bhfochuideachta aon tráth áirithe agus, i gcás fho-ailt (1) (c) agus (2), beidh feidhm acu maidir le hiasachtaí a fuair Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta roimh an lá dílseacháin.

An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí.

28. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh ceachtar cuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an chuideachta sin ar iasacht nó go n-íocfar go cuí tráthchodanna nó méideanna eile airgid a bheidh dlite den chuideachta faoi chonradh a rinne an chuideachta nó go n-íocfar ús ar aon airgead, tráthchuid nó méid nó go n-aisíocfar an phríomhshuim nó go n-íocfar na tráthchodanna sin nó na méideanna sin, de réir mar a bheidh, agus go n-íocfar an t-ús, agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar coimisiún agus caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin nó leis an gconradh sin a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná—

(a) £8,500,000 i gcás na cuideachta poist, nó

(b) £1,400,000,000 i gcás na cuideachta teileachumarsáide,

méid, nó méid comhiomlán, an airgid a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid airgid (más ann) a bheidh íoctha aige cheana féin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an gcuideachta.

(3) Chun méid na n-iasachtaí nó na dtráthchodanna nó an airgid eile a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo a ríomh faoi threoir na teorann le hairgead atá i bhfo-alt (2), déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis d'iasachtaí nó tráthchodanna nó airgead eile in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

(4) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, ní mór don chuideachta, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais amhlaidh, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúir) a thabhairt dó a bheidh sonraithe sa cheanglas chun a urrú don Aire sin go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht.

(5) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina mbeidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina mbeidh aon íocaíocht déanta aige faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis ar scór na híocaíochta,

(c) an méid airgid faoi bhrí na ráthaíochta a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(6) Déanfaidh an chuideachta airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a d'íoc an tAire sin an t-airgead.

(7) I gcás an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (6) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an chuideachta faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an mhéid sin agus déanfaidh an chuideachta an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire sin) a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt do thráthchodanna nó méideanna eile airgid, le gach tagairt d'ús agus leis an tagairt do choimisiún agus caiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) mar thagairtí don mhéid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, do na tráthchodanna nó na méideanna eile airgid iarbhír, don ús iarbhír nó don choimisiún agus do na caiteachais theagmhasacha iarbhír, de réir mar is iomchuí;

(b) glacfar leis an tagairt don mhéid airgid i bhfo-alt (5) (c) mar thagairt do choibhéis an mhéid airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é de thuras na huaire ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgid reatha an Stáit é;

(c) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (6) go (8) mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(10) (a) Gan dochar d'alt 2 (6) folaíonn tagairtí san alt seo do cheachtar cuideachta tagairtí d'fhochuideachta (de réir bhrí alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid na cuideachta sin.

(b) I gcás ina mbeidh, faoi réim nó de bhua an ailt seo, ráthaíochtaí i bhfeidhm aon tráth áirithe i leith cheachtar cuideachta nó i leith fochuideachta dá cuid, beidh feidhm ag an teorainn iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2) maidir le comhiomlán na méideanna a dhlífidh an tAire Airgeadais a íoc aon tráth áirithe faoi na ráthaíochtaí sin.

(11) (a) D'ainneoin aisghairm an Achta um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 , na ráthaíochtaí go léir a thug an tAire Airgeadais faoin Acht sin roimh an lá dílseacháin maidir le hiasachtaí, nó maidir le híoc tráthchodanna nó méideanna eile airgid, ag Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, leanfaidh siad i bhfeidhm amhail is dá mba faoin alt seo a thug sé na ráthaíochtaí sin.

(b) Is fo-alt gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 , an fo-alt seo.

Oibreacha caipitiúla a mhaoiniú agus deontais le haghaidh caiteachais reatha.

29. —(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, suim nach mó ná £50,000,000 a chur ar fáil don chuideachta poist chun oibreacha caipitiúla a mhaoiniú.

(b) Féadfar an tsuim sin a chur ar fáil—

(i) ar modh iasachtaí ar cibé téarmaí i dtaobh aisíoca, úis agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais, nó

(ii) trí scaireanna sa chuideachta a cheannach (is chuig an Aire a eiseofar na scaireanna sin), nó

(iii) trí na hiasachtaí sin agus tríd an gceannach sin.

(2) Le linn na tréimhse trí bliana ón lá dílseacháin féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, deontais nach mó a méid ná £20,000,000 a chur ar fáil don chuideachta poist le haghaidh caiteachais reatha.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

30. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoi alt 28 nó 29.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh d'airleacain as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a bheidh ag teastáil chun na críche a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun críche na n-iasachtaí sin, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó aon ní eile is oiriúnach leis, agus déanfaidh sé na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste.

(3) Déanfar príomhshuim na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo, agus an t-ús orthu, agus na costais a thabhófar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Caipiteal oibre a sholáthar do gach aon chuideachta.

31. —(1) Cuirfidh an tAire Airgeadais na méideanna seo a leanas ar fáil mar chaipiteal oibre—

(a) méid nach mó ná £10,000,000 don chuideachta poist, agus

(b) méid nach mó ná £150,000,000 don chuideachta teileachumarsáide.

(2) Féadfar dliteanais an Aire agus na gcuideachtaí faoi ailt 85, 93 agus 101 a urscaoileadh, faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais, trína gcur i gcuntas go cuí, mar aon le méideanna eile is ináirithe go cuí, le linn an caipiteal oibre a bheidh le cur ar fáil do na cuideachtaí faoi fho-alt (1) a bheith á ríomh.

(3) Eiseoidh gach cuideachta scaireanna don Aire go feadh luach an chaipitil oibre a chuirfear ar fáil di faoi fho-alt (1).

(4) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aon airgead a cheanglaítear ar an Aire Airgeadais a íoc faoin alt seo.

Cuntais agus iniúchadh.

32. —(1) Coimeádfaidh gach aon chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an chuideachta nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí i cibé foirm mar a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an chuideachta na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntas nó cuntais eile (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thabhairt don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a thabhairt don Aire.

33. —(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta, tabharfaidh gach aon chuideachta don Aire tuarascáil ar a gníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) I ndiaidh cibé tréimhse a chinnfidh an tAire, beidh i ngach tuarascáil bhliantúil faisnéis, agus í i cibé foirm a ordóidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta agus le toiliú an Aire Airgeadais, i dtaobh chost-éifeachtacht oibríochtaí na cuideachta.

(3) Ní mór do gach aon chuideachta, má cheanglaíonn an tAire sin uirthi, cibé faisnéis a theastóidh uaidh a thabhairt dó maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas nó tuarascáil de chuid na cuideachta nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí na cuideachta seachas oibríochtaí ó lá go lá.

Fostaí-Stiúrthóirí.

34. —(1) Déanfaidh an tAire, maidir le gach aon chuideachta, gach fostaí de chuid na cuideachta a bheidh tofa de réir an ailt seo a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta. Is é an líon a thoghfar ag aon toghchán den sórt sin trian de líon na stiúrthóirí dá bhforáiltear de thuras na huaire le hairteagail chomhlachais na cuideachta.

(2) Is i scríbhinn a bheidh ceapachán faoin alt seo agus sonróidh sé an lá ar a mbeidh agus óna mbeidh agus an tréimhse ina mbeidh éifeacht leis agus is é an tAire a chinnfidh an tréimhse sin.

(3) Críochnóidh téarma oifige stiúrthóra cuideachta a cheapfar faoin alt seo ar dheireadh a bheith leis an tréimhse dar ceapadh é mura n-éagfaidh sé, mura n-éireoidh sé as, mura bhfágfaidh sé fostaíocht na cuideachta, mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht nó mura gcuirfear as oifig é roimhe sin.

(4) Féadfaidh an tAire fostaí de chuid na cuideachta a bheidh inainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán faoin alt seo a cheapadh chun corrfholúntas a tharlóidh de chion teagmhas a luaitear i bhfo-alt (3) a líonadh go ceann a mbeidh gan chaitheamh de thréimhse oifige an stiúrthóra arb é a fholúntas atá le líonadh.

(5) Faoi réir an ailt seo beidh stiúrthóir cuideachta, a cheapfar faoin alt seo, inainmnithe mar iarrthóir, agus beidh sé intofa, i dtoghchán chun críocha an ailt seo.

(6) Déanfar toghchán chun críocha an ailt seo laistigh de 12 mhí tar éis an lae dhílseacháin nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontóidh an chuideachta agus ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta agus déanfar toghchán gach tríú bliain dá éis sin.

(7) Beidh feidhm ag Cuid I den Chéad Sceideal chun críocha toghcháin faoin alt seo.

(8)  (a) Ceapfaidh an tAire mar stiúrthóir ar an gcuideachta poist an duine a cheap sé, ar ainmniúchán ó eagraíochtaí foirne, mar chomhalta den Interim Board for Posts (An Bord Poist) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith—

(i) má cheaptar an duine sin mar chomhalta den Bhord Poist faoi alt 50, agus

(ii) más comhalta den Bhord sin an duine sin díreach roimh an lá dílseacháin.

(b) Ceapfaidh an tAire mar stiúrthóir ar an gcuideachta teileachumarsáide gach duine a cheap sé, ar ainmniúchán ó eagraíochtaí foirne, mar chomhalta den Interim Board for Telecommunications (An Bord Telecom) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith—

(i) má cheaptar an duine sin mar chomhalta den Bhord Telecom faoi alt 50, agus

(ii) más comhalta den Bhord sin an duine sin díreach roimh an lá dílseacháin.

(c) Is ar an lá dílseacháin a thosóidh téarma oifige aon stiúrthóir a cheapfar faoi mhír (a) nó (b), agus féadfaidh an tAire é a fhoirceannadh agus scoirfidh sé, ar a dhéanaí, an lá a gceapfar stiúrthóirí tar éis toghcháin a dhéanamh faoin alt seo.

Luach saothair, etc., stiúrthóirí a cheapfar faoi alt 34.

35. —(1) I gcás ina mbeidh aon liúntas is iníoctha le stiúrthóir ar cheachtar cuideachta á chinneadh ag an gcuideachta, ní chuirfidh an chuideachta san áireamh gur faoi alt 34, nó nach faoi alt 34, de réir mar a bheidh, a ceapadh an stiúrthóir.

(2) I gcás ina gceapfar duine faoi alt 34 chun bheith ina stiúrthóir ar chuideachta agus nach dualgais lánaimsire a dhualgais mar stiúrthóir den sórt sin, ní bhainfidh aon laghdú dó sa luach saothair ná sa liúntas ar ghnách dó súil a bheith aige é a fháil mar fhostaí don chuideachta dá mba rud é nár stiúrthóir den sórt sin é.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe.

36. —(1) I gcás aon ábhar acu seo a leanas a bheith i dtrácht ag cruinniú de stiurthóirí cheachtar cuideachta, is é sin:

(a) comhshocraíocht inar páirtí an chuideachta nó comhshocraíocht den sórt sin a bheidh beartaithe, nó

(b) conradh nó comhaontú eile leis an gcuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin a bheidh beartaithe,

ansin, aon stiúrthóir ar an gcuideachta a bheidh i láthair ag an gcruinniú agus a mbeidh, ar shlí seachas ina cháil mar stiúrthóir den sórt sin, leas aige, in aon slí, díreach nó neamhdhíreach, san ábhar, nochtfaidh sé ag an gcruinniú don chuideachta go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní vótálfaidh sé ar chinneadh i ndáil leis an ábhar, agus, i gcás ina nochtfar leas de bhun an ailt seo, taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an chruinnithe áirithe agus fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ábhar lena mbaineann an nochtadh ní dhéanfar an stiúrthóir a rinne an nochtadh a áireamh ar an gcóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú.

(2) I gcás ina n-éireoidh ceist ag cruinniú de stiúrthóirí cheachtar cuideachta i dtaobh ar mhainneachtain nó nár mhainneachtain ag stiúrthóir ar an gcuideachta ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh iompar áirithe aige, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe an cheist a chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh agus, i gcás ina gcinnfear ceist den sórt sin amhlaidh, taifeadfar sonraí an chinnidh i miontuairiscí an chruinnithe.

(3) Ní bhainfidh alt 194 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le stiúrthóir ar cheachtar cuideachta.

Toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh go neamhúdaraithe.

37. —(1) Ní nochtfaidh aon duine faisnéis a fuair sé faoi rún agus é ag comhlíonadh dualgas mar stiúrthóir ar an gcuideachta poist nó ar an gcuideachta teileachumarsáide, nó mar chomhalta d'fhoireann cuideachta acu sin nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir do chuideachta acu sin nó mar mháistir poist, mura mbeidh sé údaraithe go cuí sin a dhéanamh.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “faoi rún” ní a deirtear a bheith faoi rún ó thaobh faisnéise áirithe nó ó thaobh faisnéise d'aicme nó de thuairisc áirithe;

ciallaíonn “údaraithe go cuí” údaraithe ag an gcuideachta nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin ag an gcuideachta.

Comhaltas de Theach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa.

38. —(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar cheachtar cuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta.

(2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach do cheachtar cuideachta a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na cuideachta agus ní íocfaidh an chuideachta leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gcuideachta, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,

(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin, de réir mar a bheidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar cheachtar cuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do cheachtar cuideachta.

(4) Forléireofar fo-alt (2) mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís le ceachtar cuideachta chun críocha aon sochair aoisliúntais.

Príomh-Fheidhmeannaigh na gcuideachtaí a cheapadh.

39. —(1) An duine atá fostaithe, ar an Acht seo a rith, mar Phríomh-Fheidhmeannach ar an Interim Board for Posts (An Bord Poist) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith, is é a bheidh, má tá sé fostaithe amhlaidh díreach roimh bhunú an Bhord Poist faoi alt 50, ina Phríomh-Fheidhmeannach ar an mBord sin agus measfar, má tá sé fostaithe amhlaidh ag an mBord sin díreach roimh an lá dílseacháin, é a bheith ceaptha ag bord na cuideachta poist le bheith ina Phríomh-Fheidhmeannach ar an gcuideachta sin ar na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe amhlaidh.

(2) An duine atá fostaithe, ar an Acht seo a rith, mar Phríomh-Fheidhmeannach ar an Interim Board for Telecommunications (An Bord Telecom) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith, is é a bheidh, má tá sé fostaithe amhlaidh díreach roimh bhunú an Bhord Telecom faoi alt 50, ina Phríomh-Fheidhmeannach ar an mBord sin agus measfar, má tá sé fostaithe amhlaidh ag an mBord sin díreach roimh an lá dílseacháin, é a bheith ceaptha ag bord na cuideachta teileachumarsáide le bheith ina Phríomh-Fheidhmeannach ar an gcuideachta sin ar na coinníollacha ar a raibh sé fostaithe amhlaidh.

(3) Is é bord na cuideachta lena mbaineann a cheapfaidh gach Príomh-Fheidhmeannach seachas Príomh-Fheidhmeannach lena mbaineann fo-alt (1) nó (2).