An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Post agus Bord Telecom Éireann a bhunú) Ar Aghaidh (CUID IV An Chuideachta Poist)

24 1983

AN tACHT SEIRBHÍSÍ POIST AGUS TEILEACHUMARSÁIDE, 1983

CUID III

Forálacha a Bhaineann leis an Dá Chuideachta

Talamh a aistriú.

40. —(1) An talamh go léir a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire agus á úsáid chun críocha feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo do chuideachta amháin agus nach raibh á úsáid i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar don chuideachta eile agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin beidh siad, an lá sin, gan aon tíolacadh ná sannadh, arna ndílsiú don chéad chuideachta a luaitear go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh an céanna, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus a bheidh ar marthain agus infheidhmithe.

(2) An talamh go léir a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire agus á úsáid go páirteach i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar do chuideachta amháin agus go páirteach i ndáil le feidhmeanna a shanntar don chuideachta eile, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin beidh siad, faoi réir cibé eisceachtaí a shonróidh an tAire, gan aon tíolacadh ná sannadh, arna ndílsiú an lá dílseacháin don chuideachta poist go feadh an eastáit nó an leasa go léir ar a raibh an céanna, díreach roimh an lá dílseacháin, dílsithe don Aire ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus a bheidh ar marthain agus infheidhmithe.

(3) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní mór dó ar iarratas ó cheachtar cuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le talamh sonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go raibh an talamh dílsithe do chuideachta amháin nó don chuideachta eile faoin alt seo nó nach raibh sé dílsithe amhlaidh do cheachtar cuideachta agus is fianaise dhochloíte ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh an deimhniú.

(4) (a) Déanfaidh an chuideachta poist comhshocraíochtaí iomchuí leis an gcuideachta teileachumarsáide saoráidí a chur ar fáil don chuideachta dheiridh sin chun úsáid a bhaint as aon talamh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bhí, an lá díreach roimh an lá dílseacháin, á úsáid i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar don chuideachta teileachumarsáide faoin Acht seo.

(b) Mura gcomhaontóidh na cuideachtaí ar aon chomhshocraíocht tarchuirfear an t-easaontas chun an Aire agus déanfaidh na cuideachtaí de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire dóibh maidir leis an ábhar.

(5) Féadfar comshocraíochtaí faoi fho-alt (4) a dhéanamh ar modh léasa, ceadúnais nó comhaontaithe de chineál eile ar cibé cíosanna nó comaoin agus ar cibé téarmaí eile ar a gcomhaontóidh an dá chuideachta agus le linn téarmaí aon chomhaontaithe den sórt sin a bheith á socrú tabharfar aird ar an gcion sin de chostas na talún a íocadh le hairleacain faoi na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981.

Maoin eile a aistriú.

41. —(1) An mhaoin go léir seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin de chuid an Aire í díreach roimh an lá dílseacháin, agus a bhí á húsáid díreach roimh an lá sin i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar do cheachtar cuideachta leis an Acht seo, beidh sí, an lá sin, arna dílsiú don chuideachta sin gan aon sannadh a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní mór dó ar iarratas ó cheachtar cuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le maoin shonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go raibh an mhaoin dílsithe do chuideachta amháin nó don chuideachta eile faoin alt seo nó nach raibh sí dílsithe amhlaidh do cheachtar cuideachta agus is fianaise dhochloíte ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh an deimhniú.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear chuig cuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, tar éis an lae dhílseacháin, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú.

42. —(1) Na cearta agus na dliteanais go léir de chuid an Aire de bhua aon chonradh nó árach (sainráite nó intuigthe) a rinne nó a thug sé féin nó a rinne nó a thug Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó an tÚdarás Forbartha Tionscail thar a cheann roimh an lá dílseacháin i ndáil le feidhmeanna a shanntar do cheachtar cuideachta faoin Acht seo, beidh siad, an lá sin, arna n-aistriú chun na cuideachta sin.

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh féin, agus ní mór dó ar iarratas ó cheachtar cuideachta, deimhniú a eisiúint maidir le conradh nó árach sonraithe á dheimhniú, de réir mar is iomchuí leis, go ndearnadh cearta agus dliteanais an Aire faoin gcéanna a aistriú an lá dílseacháin chuig cuideachta amháin nó chuig an gcuideachta eile faoin alt seo nó nár aistríodh amhlaidh iad chuig ceachtar cuideachta agus is fianaise dhochloíte ar na fíorais a dheimhnítear amhlaidh an deimhniú.

(3) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig cuideachta le fo-alt (1) féadfaidh an chuideachta, ar an lá dílseacháin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin nó féadfar, an lá sin nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a bhfuil a cheart nó a dhliteanas á aistriú leis an alt seo.

Díolúine ó dhleacht stampa.

43. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo nó maidir le haon léas, ceadúnas nó comhaontú de chineál eile faoin alt 40 (4) a dhílsiú do chuideachta.

Talamh a fháil.

44. —(1) Féadfaidh gach aon chuideachta, i gcomhréir leis an Dara Sceideal, aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile thar thalamh a fháil go héigeantach d'fhonn láithreán a chur ar fáil d'aon fhoirgneamh nó déanmhas nó d'fhonn bealaí rochtana a chur ar fáil chuig aon fhoirgneamh nó déanmhas a bheartaítear a úsáid chun críche a pribhléide eisiataí faoi alt 63 nó 87, de réir mar a bheidh.

(2) Ní bheidh aon duine i dteideal aon talamh nó aon éasúint ná ceart eile i leith talamh atá dílsithe do cheachtar cuideachta a fháil go héigeantach ach amháin le toiliú an Aire.

(3) Ní bheidh cuideachta i dteideal aon talamh, éasúint nó ceart eile is leis an Stát nó le húdarás Stáit a fháil faoin alt seo ach amháin le toiliú an údaráis Stáit áirithe.

(4) Ní bheidh an chuideachta teileachumarsáide i dteideal aon chearta faoi na Telegraph Acts, 1863 to 1916, a fheidhmiú i ndáil le hoibreacha a dhéanamh a bhaineann le haon talamh, éasúint nó ceart eile is leis an Stát nó le húdarás Stáit ach amháin le toiliú an údaráis Stáit áirithe.

Forálacha a bhaineann le foireann a aistrítear chuig na cuideachtaí.

45. —(1) (a) Ar an lá dílseacháin glacfaidh an chuideachta poist i bhfostaíocht, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina chomhalta d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa ar duine é a bheidh ainmnithe ag an Aire lena fhostú ag an gcuideachta sin.

(b) Ar an lá dílseacháin glacfaidh an chuideachta teileachumarsáide i bhfostaíocht, de réir théarmaí an Achta seo, gach duine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina chomhalta den fhoireann sin ar duine é a bheidh ainmnithe ag an Aire lena fhostú ag an gcuideachta sin.

(2) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa a aistreofar chuig ceachtar cuideachta ar an lá dílseacháin ní lú an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse ar a gcuirfear é, fad a bheidh sé i seirbhís na cuideachta, ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá dílseacháin.

(3) Go dtí go ndéanfaidh an chuideachta, tar éis dul i gcomhairle le ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse na gcomhaltaí den fhoireann a bheidh aistrithe amhlaidh, leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal acu chucu agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh siad faoina réir sular aistríodh iad ag baint leo agus féadfaidh bord nó Príomh-Fheidhmeannach, de réir mar a bheidh, na cuideachta iomchuí iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh na comhaltaí sin i seirbhís na cuideachta. Mar a fhoráiltear i bhfo-alt (2), ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá agus na coinníollacha seirbhíse a bhain leis an bhfoireann sin díreach roimh an lá dílseacháin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta áirithe.

(4) Na coinníollacha maidir le seilbh oifige a dheonóidh ceachtar cuideachta i ndáil le comhalta den fhoireann a bheidh aistrithe amhlaidh ní lú fabhar dó iad, fad a bheidh sé i seirbhís na cuideachta, ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís de thuras na huaire; aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní lú fabhar dó é ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís tráth an athraithe sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta áirithe. Má bhíonn aon díospóid idir ceachtar cuideachta agus aon chomhalta den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha atá i réim sa státseirbhís, is é Aire na Seirbhíse Poiblí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh an cheist.

(5) I gcás foireann a aistreofar chuig ceachtar cuideachta féadfar seirbhís roimh ré sa státseirbhís a áireamh chun críocha an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , an Achta um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 , agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiataí sna hAchtanna sin.

Aoisliúntas.

46. —(1) Ullmhóidh gach aon chuideachta, agus cuirfidh sí faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann na cuideachta is cuí léi, nó i leith na gcomhaltaí sin, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim iardain arna cur isteach agus arna ceadú faoin alt seo.

(4) Socróidh gach scéim faoin alt seo coinníollacha maidir le daoine a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa ar coinníollacha iad nach lú fabhar ná na coinníollacha a raibh teideal acu chucu díreach roimh an lá dílseacháin.

(5) Na pinsin, na haiscí agus na liúntais eile is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá dílseacháin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa, eisíocfar iad ar choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm leo dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

(6) Déanfaidh an chuideachta scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire aici faoin alt seo a chur i gcrích de réir a téarmaí, má cheadaíonn an tAire an scéim le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(7) Ní dheonóidh ceachtar cuideachta pinsean, aisce nó liúntas ar chomhalta d'fhoireann na cuideachta d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim faoin alt seo.

(8) I gcás ina ndlífear aoisliúntas a íoc le duine, nó i leith duine, lena mbaineann fo-alt (4) sa tréimhse dar tosach an lá dílseacháin agus dar críoch díreach roimh theacht i ngníomh do scéim a bheidh curtha faoi bhráid an Aire ag cuideachta agus a bheidh ceadaithe faoin alt seo, déanfaidh an chuideachta an liúntas a ríomh agus a íoc i gcomhréir le cibé scéim aoisliúntais, nó le cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, a bhain leis an duine sin díreach roimh an lá dílseacháin agus chun na críche sin, déanfar seirbhís inphinsin an duine sin leis an gcuideachta a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin roimhe sin.

(9) Déanfaidh an tAire Airgeadais cibé ranníoc a shonrófar, lena thoiliú, i scéim nó scéimeanna faoin alt seo faoi chomhair na bpinsean, na n-aiscí agus na liúntas eile i ndáil le seirbhís ináirithe a tugadh roimh an lá dílseacháin ar pinsin, aiscí agus liúntais iad is féidir a dheonú do dhaoine, nó i leith daoine, a bhí, díreach roimh an lá sin, ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa, agus socróidh an scéim nó na scéimeanna sin, leis an toiliú sin, modh íoctha agus tráthanna íoctha an ranníoca sin.

(10) (a) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus san Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , féadfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí an cúram a tharmligean chun gach aon chuideachta pinsin, aiscí agus liúntais eile a íoc leis na daoine sin, nó i leith na ndaoine sin, a bhí ina gcomhaltaí d'fhoireann na Roinne Poist agus Telegrafa agus a scoir nó a fuair bás roimh an lá dílseacháin, de réir mar a shonróidh sé.

(b) Déanfaidh aon tarmligean faoi mhír (a) socrú le haghaidh coinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha a mbeadh feidhm leo dá mba as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a bheadh na sochair dá dtagraítear á n-íoc fós.

(c) Déanfaidh gach aon chuideachta íocaíochtaí de réir aon tarmligean den sórt sin a dhéanfar chuici agus cúiteoidh an tAire Airgeadais í ina leith ar cibé modh agus cibé tráthanna a bheidh sonraithe in airteagail chomhlachais na cuideachta.

(11) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aon airgead a cheanglófar ar an Aire Airgeadais a íoc faoin alt seo.

Socrú le haghaidh cistí leasa áirithe.

47. —Ciste nó iontaobhas, arb iad a chuspóirí sochair a chur ar fáil d'fhóirithint daoine atá nó a bhí ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh don Aire nó d'fhóirithint gaolta nó cleithiúnaithe na ndaoine sin, féadfaidh iontaobhaithe nó bainisteoirí an chiste é a riaradh ar shlí go mbeidh socrú ann do chomhaltaí d'fhoireann cheachtar cuideachta agus dá ngaolta agus dá gcleithiúnaithe agus déanfar aon ghníomhas, rialacha nó rialacháin den chiste nó den iontaobhas a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin.

Comhairlí Úsáidirí.

48. —(1) Bunóidh an tAire Comhairle, ar a dtabharfar an Chomhairle Úsáidirí, do gach aon chuideachta.

(2) 10 gcomhalta ar a laghad, agus 20 comhalta ar a mhéid, a bheidh le ceapadh ag an Aire, a bheidh ar gach aon Chomhairle.

(3) Is ceapachán go ceann tréimhse nach faide ná 3 bliana gach ceapachán.

(4) Féadfaidh Comhairle a rialacha nós imeachta féin a shocrú.

(5) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin mar chomhalta, nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta de Chomhairle nó ina chomhalta d'fhoireann Comhairle.

(6) I gcás ina ndéanfar comhalta de Chomhairle a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar chun an Tionóil sin é, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Chomhairle.

(7) Féadfaidh comhalta de Chomhairle éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an dáta a bhfaighidh an tAire an litir.

(8) Féadfaidh an tAire comhalta de Chomhairle a chur as oifig.

Feidhmeanna Comhairlí Usáidirí.

49. —(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad feidhmeanna Comhairle Úsáidirí—

(a) breithniú a dhéanamh ar aon ghearán nó uiríoll a dhéanfar chuici ó dhuine, nó thar ceann duine, a bhaineann úsáid, nó a bheartaíonn úsáid a bhaint, as na seirbhísí a chuireann an chuideachta ar fáil sa Stát faoi na cumhachtaí a thugtar don chuideachta le halt 63 nó 87, de réir mar a bheidh;

(b) breithniú a dhéanamh ar aon ní, seachas nithe a bhaineann le bainistí inmheánach, i ndáil leis na seirbhísí sin is dóigh leis an gComhairle is ceart a bhreithniú;

(c) comhairle a thabhairt don Aire nó don chuideachta iomchuí i dtaobh aon ní i ndáil leis na seirbhísí sin a mbeidh an tAire nó an chuideachta, de réir mar a bheidh, ag lorg comhairle faoi ón gComhairle;

(d) tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú agus a thabhairt don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóip den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Ní bhainfidh feidhmeanna Comhairle Úsáidirí le breithniú a dhéanamh ar aon ní i ndáil leis na seirbhísí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bhaineann le hord poiblí nó le slándáil phoiblí.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, leis an gcuideachta lena mbaineann agus le haon Aire eile ar dóigh leis an Aire go mbaineann an t-ábhar leis, cibé feidhmeanna breise is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú a thabhairt do Chomhairle Úsáidirí i ndáil le cosaint a thabhairt do leasanna na ndaoine a bhaineann úsáid as na seirbhísí dá dtagraítear i bhfo-alt (1). Féadfaidh socrú a bheith in aon ordú den sórt sin i dtaobh na feidhmeanna breise a chomhlíonadh faoi réir coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha agus forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt don ordú.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis na daoine a dúradh agus leis an gComhairle Úsáidirí lena mbaineann, ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(c) I gcás ina mbeartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den chéad lá is fiche dá éis sin a shuífidh an Teach sin tar éis an dréacht a leagan faoina bhráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.

(4) Cuirfidh an tAire foireann agus cóiríocht ar fáil do gach aon Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle agus, maidir le foireann, tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta iomchuí agus tar éis toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí a fháil.

(5) Féadfaidh Comhairle, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, comhairleoirí a fhostú chun cabhrú leis an gComhairle ina cuid oibre.

(6) Is cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo dó caiteachais Comhairle.

(7) Féadfaidh an tAire—

(a) comhaltaí de Chomhairle a chúiteamh as caiteachais réasúnacha a bheidh tabhaithe acu de bhua a gcomhaltais;

(b) na costais a bheidh tabhaithe ag Comhairle cuideachta a ghnóthú ón gcuideachta iomchuí.

(8) Ní mór do gach aon chuideachta—

(a) eolas a thabhairt dá Comhairle Úsáidirí i dtaobh mórphleananna agus mórfhorbairtí beartaithe i ndáil le haon seirbhís dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), agus

(b) cibé faisnéis is gá a thabhairt dá Comhairle Úsáidirí chun a chumasú di déanamh de réir a feidhmeanna (lena n-áirítear, go háirithe, faisnéis is gá chun a chumasú don Chomhairle gníomhú go pras de dhroim gearáin nó uiríll a dhéanfar chuici de réir fho-alt (1) (a)).

(9) Ní bheidh de cheangal ar chuideachta eolas a thabhairt dá Comhairle i dtaobh aon phleananna nó forbairtí beartaithe a bhaineann le hord poiblí nó le slándáil phoiblí nó le hoibleagáidí de dhroim aon chomhaontaithe idirnáisiúnta nó de dhroim comhaltais in eagraíocht idirnáisiúnta nó faoi ordachán sonrach ón Aire.

(10) Is é an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta iomchuí, a chinnfidh aon mhéid a bheidh le híoc le Comhairle faoin alt seo.

(11) Déanfaidh an tAire, ar iarratas ó cheachtar páirtí, aon easaontas idir cuideachta agus a Comhairle Úsáidirí i dtaobh na faisnéise a bheidh le thabhairt don Comhairle faoin alt seo a chinneadh agus is breith chríochnaitheach a bhreith.

Boird eatramhacha poist agus teileachumarsáide a cheapadh.

50. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith ceapfaidh an tAire bord eatramhach do gach aon chuideachta agus is iad teidil na mbord sin, faoi seach, An Bord Poist nó, sa Bhéarla, the Interim Postal Board agus An Bord Telecom nó, sa Bhéarla, the Interim Telecommunications Board.

(2) Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Eatramhach do chuideachta—

(a) ullmhú chun na cumhachtaí, na dualgais agus na freagrachtaí a bheidh le sannadh don chuideachta sin faoin Acht seo ar an lá dílseacháin a ghlacadh de láimh,

(b) aon cheann de na feidhmeanna a bheidh le sannadh don chuideachta sin faoin Acht seo a chomhlíonadh má iarrann an tAire air déanamh amhlaidh.

(3) Is é an líon comhaltaí a bheidh ar Bhord Eatramhach cibé líon nach mó ná 12 a chinnfidh an tAire.

(4) (a) Ceapfaidh an tAire mar chomhalta den Bhord Poist—

(i) an duine a cheap sé, ar ainmniúchán ó eagraíochtaí foirne, mar chomhalta de Interim Board for Posts (An Bord Poist) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith, agus

(ii) an máistir poist a cheap sé mar chomhalta den Interim Board for Posts sin.

(b) Ceapfaidh an tAire mar chomhalta den Bhord Telecom gach duine a cheap sé, ar ainmniúchán ó eagraíochtaí foirne, mar chomhalta den Interim Board for Telecommunications (An Bord Telecom) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith.

(5) Cé go bhféadfar comhalta a cheapadh chun Boird Eatramhaigh gan teorainn ó thaobh ama de, scoirfidh comhalta de bheith ina chomhalta ar an lá dílseacháin, mura scoirfidh a chomhaltas níos túisce ná sin mar gheall ar bhás, éirí as nó foirceannadh.

(6) Féadfaidh Bord Eatramhach a rialacha nós imeachta féin a shocrú.

(7) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin mar chomhalta nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta de Bhord Eatramhach nó ina chomhalta d'fhoireann Boird Eatramhaigh.

(8) I gcás ina ndéanfar comhalta de Bhord Eatramhach a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar chun an Tionóil sin é, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord Eatramhach.

(9) Féadfaidh comhalta de Bhord Eatramhach éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an dáta a bhfaighidh an tAire an litir.

(10) Féadfaidh an tAire comhalta de Bhord Eatramhach a chur as oifig.

(11) Is é an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chinnfidh luach saothair na gcomhaltaí de Bhord Eatramhach agus ní lú é ná an luach saothair a íocadh leo mar chomhaltaí den Interim Board for Posts (An Bord Poist) nó den Interim Board for Telecommunications (An Bord Telecom) a bhunaigh an tAire roimh an Acht seo a rith.

(12) Is cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo dó na caiteachais a thabhóidh Bord Eatramhach.

(13) Is i cibé foirm a cheanglóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a choimeádfar cuntais Boird Eatramhaigh agus déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh orthu.

(14) Beidh gach aon Bhord Eatramhach arna dhíscaoileadh ar an lá dílseacháin agus beidh cearta agus dliteanais na mBord sin arna n-aistriú chuig an gcuideachta iomchuí an lá sin.

Seirbhísí caillteacha a chur ar fáil ar ordachán ón Aire.

51. —(1) I gcás—

(a) inar dóigh leis an Aire, ag féachaint d'oibleagáidí reachtúla na cuideachta poist nó na cuideachta teileachumarsáide seirbhísí poist nó teileachumarsáide a chur ar fáil, gur chóir seirbhísí poist nó teileachumarsáide sonraithe a chur ar fáil nó a chothabháil ar mhaithe le leas an phobail agus, le toiliú an Aire Airgeadais, go n-ordóidh sé do bhord na cuideachta lena mbaineann déanamh amhlaidh, agus

(b) gur dóigh leis an gcuideachta sin nach gá na seirbhísí sin a chur ar fáil, faoi threoir a feidhmeanna reachtúla seirbhísí poist nó teileachumarsáide a chur ar fáil, agus

(c) go sásóidh an chuideachta sin an tAire gurb amhlaidh, thar thréimhse 12 mhí ar a laghad, gur bhain caillteanas di ag cur na seirbhísí sin ar fáil nó á gcothabháil,

deimhneoidh an tAire gur de réir ordacháin uaidh a cuireadh na seirbhísí ar fáil nó a cothabháladh iad agus tabharfaidh an deimhniú sin teideal don chuideachta a cuid muirir a mhéadú mar chúiteamh as na caillteanais a tabhaíodh ar choinníoll nach raibh caillteanais den sórt sin san áireamh in aon mhéadú roimhe sin ar mhuirir.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfar iniúchadh ar leabhair agus ar thaifid na cuideachta áirithe chun a chinneadh gur tabhaíodh na caillteanais sin agus gur dóigh go leanfar de bheith á dtabhú agus nach raibh siad san áireamh in aon mhéadú roimhe sin ar mhuirir.

(3) Sula n-ordóidh an tAire don chuideachta seirbhísí a chur ar fáil nó a chothabháil gheobhaidh sé sonraí ón gcuideachta i dtaobh costas na seirbhísí sin a chur ar fáil agus soláthróidh an chuideachta an fhaisnéis sin don Aire ar iarratas uaidh.

Neamhfheidhm achtachán áirithe maidir leis na cuideachtaí.

52. —(1) Ní bheidh feidhm, i ndáil le ceachtar cuideachta d'fheidhmiú a pribhléide eisiataí faoi alt 63 nó 87, de réir mar a bheidh, ag an Acht um Chleachtais Srianta, 1972 , ná ag forálacha an Achta um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 , a bhaineann le monaplachtaí.

(2) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, maidir le gníomhaíochtaí a sheolfaidh ceachtar cuideachta nó a sheolfar thar a ceann.

Cumhacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí obair a ghabháil de láimh.

53. —(1) Beidh cumhacht ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn obair a ghabháil de láimh ar iarratas ó cheachtar cuideachta.

(2) I bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar le fo-alt (1), measfar, maidir le haon obair nua a ghabhfaidh na Coimisinéirí sin de láimh ar iarratas ó cheachtar cuideachta an lá dílseacháin nó dá éis, nach údarás Stáit na Coimisinéirí sin chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 61.

Rátaí a mhuirearú ar mhaoin na gcuideachtaí.

54. —Maoin a dhílsítear do cheachtar cuideachta ar an lá dílseacháin scoirfidh sí, amhail ó thosach na chéad bhliana airgeadais ina dhiaidh sin, de bheith díolmhaithe ón ráta is inmhuirearaithe ag údarás áitiúil d'ainneoin an mhaoin a bheith luaite mar mhaoin dhíolmhaithe ar liosta luachála.

Foráil idirlinne maidir le cánachas ar mhótarlíon.

55. —I gcás ina ndéanfaidh bord eatramhach, arna cheapadh ag an Aire faoi alt 50, iarratas ar cheadúnas mótarfheithicle chuig údarás ceadúnúcháin roimh an lá dílseacháin, géillfear don iarratas má bhíonn deimhniú ag gabháil leis ón Aire nó ó oifigeach údaraithe don Aire á dheimhniú gur leis an Aire na feithiclí a bheidh faoi réim an cheadúnais agus go ndéanfar iad a shannadh don chuideachta lena mbaineann, de réir alt 41, ar an lá dílseacháin.

Dliteanas maidir le caillteanas a tharlóidh roimh an lá dílseacháin.

56. —(1) Aon éileamh maidir le haon chaillteanas nó díobháil a líomhnaítear a bhain d'aon duine de dhroim an tAire d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna a shanntar do cheachtar cuideachta leis an Acht seo roimh an lá dílseacháin, is éileamh é i gcoinne na cuideachta iomchuí tar éis an lae sin, bíodh nó ná bíodh éileamh déanta i gcoinne an Aire roimh an lá sin, agus ní éileamh é i gcoinne an Aire.

(2) Aon éileamh a dhéanfaidh an tAire nó is cuí dó a dhéanamh maidir le haon chaillteanas nó díobháil de dhroim gnímh nó mainn eachtana ag aon duine roimh an lá dílseacháin, féachfar air, más éileamh é a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar do cheachtar cuideachta leis an Acht seo, mar éileamh arna dhéanamh ag an gcuideachta sin nó mar éileamh is cuí di a dhéanamh agus féadfaidh an chuideachta dul ar aghaidh leis agus agairt ina leith ionann is dá mba don chuideachta a bhain an caillteanas nó an díobháil.

(3) Ní bhaineann fo-ailt (1) agus (2) le héileamh i gcoinne údaráis Stáit nó ag údarás Stáit.

Imeachtaí dlí a bhí ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

57. —Na himeachtaí dlí uile a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin agus ar páirtí iontu an tAire, leanfaidh siad i bhfeidhm ach iad seo leanas a chur in ionad an Aire—

(a) an chuideachta poist, i gcás ina mbaineann na himeachtaí le feidhmeanna a shanntar don chuideachta sin leis an Acht seo, agus

(b) an chuideachta teileachumarsáide, i gcás ina mbaineann na himeachtaí le feidhmeanna a shanntar don chuideachta sin leis an Acht seo.

Fógraí, deimhnithe, dearbhuithe agus bannaí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

58. —Ón lá dílseacháin—

(a) gach fógra, deimhniú agus dearbhú a bheidh tugtha ag an Aire nó don Aire,

(b) gach ordú cúirte a bheidh dírithe chuig aon duine, agus

(c) gach banna a bheidh tugtha ag aon duine don Aire,

agus a bhaineann le feidhmeanna a shanntar faoin Acht seo don chuideachta teileachumarsáide nó don chuideachta poist, de réir mar a bheidh, leanfaidh siad, i gcás nach mbeidh a n-oibriú, a n-éifeacht nó a dtéarma scortha nó dulta in éag roimh an lá dílseacháin, d'fheidhm a bheith acu, agus beidh éifeacht leo, ionann is dá mbeadh feidhmeanna an Aire inchomhlíonta an lá sin ag an gcuideachta sin.

Ceadúnais agus ceadanna a dheonaigh an tAire do leanúint i bhfeidhm.

59. —(1) Gach ceadúnas nó cead a bheidh deonaithe ag an Aire faoi na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969, nó faoin Stamp Duties Management Act, 1891, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige ionann is dá mba í an chuideachta poist nó an chuideachta teileachumarsáide, de réir mar is gá sa chás, a dheonaigh é.

(2) Gach ceadúnas nó cead a bheidh deonaithe ag an Aire faoi na hAchta Telegrafa, 1863 go 1953 i ndáil leis an bpribhléid eisiatach a shanntar don chuideachta teileachumarsáide faoi alt 87, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige ionann is dá mba í an chuideachta teileachumarsáide a dheonaigh é.

Comhchomhairleachan pleanála do leanúint i bhfeidhm.

60. —Chun críocha alt 84 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

(a) aon chomhchomhairleachan a bheidh curtha i gcrích roimh an lá dílseacháin idir an tAire agus údarás pleanála i ndáil le foirgniú nó méadú foirgnimh a bheidh le húsáid ón lá sin i ndáil leis na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo do cheachtar cuideachta, beidh éifeacht leis ionann is dá mba pháirtí sa chomhchomhairleachan sin an chuideachta,

(b) aon chomhchomhairleachan den sórt sin a bheidh tosaithe ag an Aire ach nach mbeidh curtha i gcrích roimh an lá dílseacháin i ndáil le foirgniú nó méadú aon fhoirgnimh a bheidh le húsáid mar a dúradh ón lá sin, is í an chuideachta lena mbaineann, agus ní hé an tAire, a chuirfidh i gcrích é.

Srian le dliteanas cuideachtaí faoi na hAchtanna Pleanála.

61. —(1) I gcás aon fhorbairt (nach forbairt dhíolmhaithe chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982, nó aon fhorbairt lena mbaineann alt 60) a thosóidh ceachtar cuideachta sa tréimhse dhá bhliain ón lá dílseacháin, ní gá cead a fháil faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, eadhon—

(a) go rachaidh an chuideachta i gcomhairle leis an údarás pleanála lena mbaineann, a mhéid a chinnfidh an tAire Comhshaoil, agus

(b) mura réitítear aon agóid a bheidh déanta ag an údarás pleanála, nó mura mbeidh glacadh ag an gcuideachta le haon choinníoll a shonróidh an t-údarás pleanála, go rachaidh an chuideachta i gcomhairle leis an Aire sin i dtaobh na hagóide nó an choinníll, de réir mar a bheidh, agus

(c) go gcomhlíonfaidh an chuideachta, le linn di an fhorbairt a dhéanamh, cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh an t-údarás pleanála nó an tAire sin, de réir mar a bheidh.

(2) (a) Aon uair a rachfar i gcomhairle leis faoi fho-alt (1), beidh ag an údarás pleanála nó ag an Aire sin, de réir mar a bheidh, an chumhacht chéanna chun coinníollacha a shonrú a thugtar le halt 26 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , i ndáil le hiarratas faoi Chuid IV den Acht sin.

(b) Beidh feidhm, fara aon mhodhnú is gá, le halt 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, i gcás ina mbeidh forbairt, nach forbairt, dhíolmhaithe mar a dúradh ná aon fhorbairt lena mbaineann alt 60, tosaithe ag ceachtar cuideachta ach nach mbeidh sí déanta, nó á déanamh, de réir fhorálacha an ailt seo.