An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT ÁRACHAIS (UIMH. 2), 1983)

29 1983

AN tACHT ÁRACHAIS (UIMH. 2), 1983

AN SCEIDEAL

Modhnuithe ar Acht na gCuideachtaí, 1963

Alt 3.

Uimhir Thagartha

An Fhoráil d'Acht na gCuideachtaí, 1963

Modhnuithe

(1)

(2)

(3)

1.

Alt 135

An tagairt d'iarratas chun na hArd-Chúirte ag aon stiúrthóir ar chuideachta nó ag aon chomhalta de chuideachta forléireofar í mar thagairt d'iarratas chun na cúirte ag an riarthóir.

2.

Alt 148

An oibleagáid atá ar stiúrthóirí cuideachta cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta forléireofar í mar oibleagáid ar an riarthóir cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann siad.

3.

Alt 150

An oibleagáid grúpchuntais cuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta forléireofar í mar oibleagáid ar an riarthóir grúpchuntais (de réir na brí sin a dúradh) a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann siad.

4.

Alt 156

An oibleagáid nach foláir gach clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair cuideachta a bheith sínithe thar ceann na stiúrthóirí ag beirt nó ag triúr, de réir mar a bheidh, de na stiúrthóirí, forléireofar í mar oibleagáid nach foláir gach clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair den sórt sin a bheith sínithe ag an riarthóir.

5.

Alt 158

Forléireofar na hoibleagáidí a shonraítear i bhfo-alt (1) mar oibleagáid ar an riarthóir tuarascáil uaidh ar staid ghnóthaí na cuideachta agus, más cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, ar staid ghnóthaí na cuideachta agus a fochuideachtaí mar ghrúpa, a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann sí.

6.

Alt 160

Déanfar an dualgas atá ar chuideachta iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh agus a athcheapadh a fhorléiriú mar dhualgas ar an gcúirt, ar iarratas ón riarthóir, iniúchóir nó iniúchóirí a cheapadh chun oifig a shealbhú ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an chúirt agus, ar iarratas ón riarthóir, an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí a athcheapadh de réir mar is gá ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an chúirt agus, ar iarratas ón riarthóir agus tar éis aon aighneacht ón iniúchóir nó ó na hiniúchóirí a éisteacht, iniúchóir nó iniúchóirí a chur as oifig am ar bith agus duine eile nó daoine eile a cheapadh ina áit nó ina n-áit ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an chúirt.

Déanfar an chumhacht atá ag stiúrthóirí cuideachta aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra a líonadh a fhorléiriú mar chumhacht ag an gcúirt aon fholúntas den sórt sin a líonadh, ar iarratas ón riarthóir.

Déanfar an chumhacht atá ag cuideachta agus ag stiúrthóirí cuideachta luach saothair iniúchóirí na cuideachta a shocrú, a fhorléiriú mar chumhacht atá ag an gcúirt an luach saothair sin a shocrú, ar iarratas ón riarthóir.

7.

Alt 163

Déanfar an oibleagáid atá ar iniúchóirí cuideachta tuarascáil a thabhairt do chomhaltaí na cuideachta i dtaobh na nithe atá sonraithe san alt, a fhorléiriú mar oibleagáid atá ar na hiniúchóirí an tuarascáil sin a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh na bliana lena mbaineann sí.

8.

Alt 231

Beidh na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) infheidhmithe ag riarthóir árachóra gan an ceadú a shonraítear san fho-alt sin a bheith faighte aige.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983

An tAcht Árachais, 1936

1936, Uimh. 45

An tAcht Árachais, 1964

1964, Uimh. 18

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983