37 1983


Uimhir 37 de 1983


AN tACHT IOMPAIR, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOM-PAR. [20 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Iompair, 1981 .

An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.

2. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 5 (2) den Acht Iompair, 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):

“(2) Ní mó ná £230,000,000 comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe.”.

Ráthaíochtaí i leith airgead áirithe is iníoctha ag an mBord.

3. —(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):

“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo nó le halt 4 (1) den Acht Iompair, 1974 , a fheidhmiú i slí gur mó ná £230,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo nó faoi alt 4 den Acht Iompair, 1974 (nó faoin dá alt sin), a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh.”.

Cumhachtaí sealadacha an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.

4. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 28 (1) (c) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):

“(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachtaí faoi mhír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £40,000,000 aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta sealadaí.”.

Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí sealadacha a gheobhaidh an Bord.

5. —Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 30 (1) (b) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):

“(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £40,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a aisíoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó aon ráthaíochtaí faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.”.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht Iompair, 1983 , a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962

1962, Uimh. 25

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair, 1964

1964, Uimh. 30

An tAcht Iompair, 1974

1974, Uimh. 1

An tAcht Iompair, 1981

1981, Uimh. 23