42 1983


Uimhir 42 de 1983


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHÓIR TEORANTA, 1972 GO 1982. [27 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1982” an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1982 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 .

Méadú ar an líon uasta de stiúrthóirí na Cuideachta.

2. —Leasaítear leis seo alt 5 (2) den Phríomh-Acht trí “naonúr” a chur in ionad “seachtar” i mír (a), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) nach mó ná naonúr líon stiúrthóirí na Cuideachta (agus an cathaoirleach a áireamh),

Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil.

3. —Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire, iasachtaí ag Taiscí Stáit Teoranta agus iasachtaí a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan na hiasachtaí i modh airleacain a fuarthas ón Aire agus nach ndlíonn an Chuideachta a aisíoc de bhua alt 4 d'Acht 1973 nó alt 5 den Acht seo a áireamh) thar £150,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1982) ionann is dá gcuirfí na forálacha sin roimhe seo den alt seo in ionad mhír (b) den alt sin 12.

Méadú ar airleacain ón Aire.

4. —Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (iena n-áirítear airleacain do Thaiscí Stáit Teoranta agus airleacain chun críocha aon cheann d'fheidhmeanna na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan airleacain nach ndlíonn an Chuideachta a aisíoc de bhua alt 4 d'Acht 1973 nó alt 5 den Acht seo a áireamh) a bheidh gan aisíoc thar £150,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 13 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1982) ionann is dá gcuirfí na forálacha sin roimhe seo den alt seo in ionad fho-alt (3) den alt sin 13.

Urscaoileadh ar dhliteanas na Cuideachta chun airleacain áirithe a aisíoc.

5. —(1) D'ainneoin fhorálacha alt 19 den Phríomh-Acht, ní dhlífear den Chuideachta airleacain, £2,160,000 san iomlán, a thug an tAire do Thaiscí Stáit Teoranta, a aisíoc leis an Aire.

(2) D'ainneoin aon téarmaí maidir le haisíoc a d'fhéadfadh a bheith arna gcinneadh ag an Aire de réir alt 13 den Phríomh-Acht, ní dhlífear den Chuideachta airleacain, £8,080,000 san iomlán, a thug an tAire don Chuideachta faoin alt sin, a aisíoc leis an Aire.

Luach saothair etc., d'oifigigh agus do sheirbhísigh na Cuideachta.

6. —(1) Íocfaidh an Chuideachta lena hoifigigh agus lena seirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais is cuí leis an gCuideachta, faoi réir, i gcás a príomh-oifigigh (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó ainm éigin eile a thugtar ar an oifigeach sin), cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Le linn don Chuideachta bheith ag cinneadh cad é an luach saothair nó cad iad na liúntais a bheidh le híoc aici lena hoifigigh nó lena seirbhísigh nó cad iad na téarmaí nó na coinníollacha faoina dteachtann nó faoina dteachtfaidh na hoifigigh nó na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, tabharfaidh an Chuideachta aird ar threoirlínte an Rialtais nó ar threoirlínte a aontaíodh ar bhonn náisiúnta atá ann de thuras na huaire, nó ar bheartas an Rialtais i dtaobh luach saothair agus coinníollacha fostaíochta atá ann amhlaidh, agus, i dteannta a bhfuil ansin roimhe seo, déanfaidh an Chuideachta de réir aon treoracha maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Chuideachta le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh na Cuideachta.

7. —Ullmhóidh an Chuideachta agus cuirfidh faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha, le pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar éag dóibh do cibé oifigigh nó seirbhísigh de chuid na Cuideachta is cuí leis an gCuideachta nó ina leith.

(2) Féadfaidh an Chuideachta, tráth ar bith, scéim do leasú nó do chúlghairm scéime faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(3) I gcás ina gcuirfear scéim faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú.

(4) Déanfaidh an Chuideachta aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor nó ar éag dóibh, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(6) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníochta de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(7) Ní dheonóidh an Chuideachta aon phinsean, aisce ná liúntas eile ar oifigeach ná ar sheirbhíseach den Chuideachta d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéime arna ceadú faoin alt seo.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Cumhacht chun Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.

8. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, chun Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú lena gcur de réir na nAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983, a ghairm de na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1982, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983

An tAcht um Fhóir Teoranta, 1972

1972, Uimh. 1

Na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983

An tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1973

1973, Uimh. 9

An tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1982

1982, Uimh. 1