An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh)

5 1984

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1984

CUID II

Méaduithe agus Leasuithe Ilghnéitheacha

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V den Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais, le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine, le pinsean scoir, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 5ú lá d'Iúil, 1984, agus

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 6ú lá d'Iúil, 1984.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad na gCodanna seo—

(a) Cuid I den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983 agus a athraíodh leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta), 1983 (I.R. Uimh. 268 de 1983)),

(b) Cuid III den Sceideal sin (a cuireadh isteach le hAcht 1983), agus

(c) Cuid IV den Sceideal sin (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982 ).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta agus le liúntas leasa forlíontach, an 4 lá d'Iúil, 1984,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 5ú lá d'Iúil, 1984,

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 6ú lá d'Iúil, 1984, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntais leanaí, an 7ú lá de Lúnasa, 1984.

Leasú ar alt 4 agus 67 den Phríomh-Acht (caiteachais).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Déanfaidh an tAire aon chaiteachais a thabhóidh An Post faoi fhorálacha Chuid II, seachas Caibidil 5 (arna gcinneadh ar cibé foras ar a gcomhaontófar idir an tAire, an tAire Airgeadais agus An Post) a íoc leis an bPost as an gCiste Árachais Shóisialaigh cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(10A) Déanfaidh an tAire aon chaiteachais a thabhóidh An Post faoi fhorálacha na Caibidle seo (arna gcinneadh ar cibé foras ar a gcomhaontófar idir an tAire, an tAire Airgeadais agus An Post) a íoc leis an bPost as Ciste na nDíobhálacha Ceirde cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 65 den Príomh-Acht (ranníocaí fostaíochta).

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) trí 0.4 faoin gcéad a chur in ionad na rátaí céatadáin a shonraítear i bhfo-alt 2 (a) (ii) agus i bhfo-alt (2) (b).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1984.

Leasú ar alt 73 den Phríomh-Acht (sochar páchoibhneasa.)

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1983) trí “£43” a chur in ionad “£36”.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 2ú lá d'Aibreán, 1984 nó dá éis.

Leasú ar alt 76 den Phríomh-Acht (sochar páchoibhneasa).

8. —Leasaítear leis seo alt 76 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) D'ainneoin alt 72, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh lena bhforálfar, chun críocha scéime arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, go mbeidh duine a ghlacfar isteach sa Scéim sin agus a bheadh, i gcás é leanúint de bheith dífhostaithe, i dteideal leanúint de shochar pá-choibhneasa a fháil, i dteideal, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sna rialacháin, an sochar sin a fháil i bhfoirm cnapshuime is ionann agus an méid a gheobhadh sé thairis sin i leith an chion neamhchaite (faoi réir uasmhéid 26 sheachtain) den tréimhse bhearnaithe fostaíochta iomchuí.”.

Leasú ar alt 146 agus 210 den Phríomh-Acht agus ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (acmhainn a ríomh).

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 146 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):

“(a) an luach bliantúil arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, a bhaineann le gach maoin dá chuid (nach maoin a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta ná feirm thalún a bheidh á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) atá infheistithe nó atá á húsáid go sochrach ar shlí eile nó a d'fhéadfaí a infheistiú nó a úsáid go sochrach ach nach ndéantar amhlaidh;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

“(c) an luach bliantúil arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe d'aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige—

(i) as úsáid maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú, troscán agus earraí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta, agus

(ii) as feirm thalún a bheith á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún;”.

(2) Leasaítear leis seo alt 210 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iii) d'fho-alt (2) (a):

“(iii) aon suimeanna ó mhaoin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin go pearsanta ná feirm thalún a bheidh á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) a infheistiú nó a úsáid go sochrach;”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) luach aon mhaoine de chuid an duine sin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta ná feirm thalún a bheidh á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) atá infheistithe nó á húsáid go sochrach ar shlí eile nó, cé gur féidir í a infheistiú nó a úsáid go sochrach, nach bhfuil infheistithe ná á húsáid go sochrach, agus á mheas gurb é luach bliantúil an chéad £400 den mhaoin an fichiú cuid den luach caipitiúil agus á mheas gurb é luach bliantúil na coda sin de luach caipitiúil na maoine is mó ná £400 an deichiú cuid den luach caipitiúil; agus á ríomh gurb é luach seachtainiúil na maoine an caoga dóú cuid den luach bliantiúil arna ríomh amhlaidh;”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (2):

“(c) luach aon tairbhe a fhaibhríonn chun an duine sin—

(i) as úsáid nó as teachtadh maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú, nó troscán agus earraí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta, agus

(ii) as feirm thalún a bheith á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún;”.

(3) Leasaítear leis seo Riail 1 de na Rialacha atá sa Tríú Sceideal—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (1):

“(1) luach bliantúil aon mhaoine de chuid an duine (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta ná feirm thalún a bheidh á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) atá infheistithe nó á húsáid go sochrach ar shlí eile ag an duine nó, cé gur feidir í a infheistiú nó a úsáid go sochrach nach bhfuil infheistithe ná á húsáid go sochrach ag an duine, agus is mar a leanas a ríomhfar luach bliantúil na maoine:

(a) eisiafar an chéad £200 de luach caipitiúil na maoine, agus

(b) glacfar gurb é luach bliantúil an chéad £375 eile de luach caipitiúil na maoine an fichiú cuid den luach caipitiúil, agus

(c) glacfar gurb é luach bliantúil na coda sin de luach caipitiúil na maoine is mó ná £575 an deichiú cuid den luach caipitiúil,

ach ní chuirfear i gcuntas faoi aon fhoráil eile de na Rialacha seo aon leithreasú ar an maoin chun críche caiteachais reatha.”,

(b) tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (a) de mhír (4):

“(a) aon suimeanna ó mhaoin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta ná feirm thalún a bheidh á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) a infheistiú nó a úsáid go sochrach,”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (5):

“(5) Luach bliantiúil aon tairbhe a fhaibhreoidh chun an duine—

(a) as úsáid nó as teachtadh maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú, troscán agus earraí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann an duine go pearsanta, agus

(b) as feirm thalún a bheidh á léasú ag an duine faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún,

ach chun críocha na Rialach seo, ní dhéanfar iostán a cuireadh ar fáil faoi Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1965, agus a dílsíodh don duine nó do chéile an duine sin de bhun na nAchtanna sin nó de bhun Achtanna na dTithe, 1966 go 1984, a áireamh mar mhaoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin nó céile an duine sin go pearsanta fad is nach mbeidh íoc na blianachta ceannaigh comhlánaithe.”.

Leasú ar alt 223 den Phríomh-Acht (leanbh cáilithe).

10. —Leasaítear leis seo alt 223 den Phríomh-Acht trí “a chónaíonn le duine cáilithe le linn an duine sin” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “a chónaíonn lena athair le linn an t-athair”.

Leasú ar alt 226 den Phríomh-Acht (teorainn ama le haghaidh liúntais leanaí a íoc).

11. —Leasaítear leis seo alt 226 den Phríomh-Acht trí “6 mhí” a chur in ionad “3 mhí (nó, más cuí leis an Aire, 6 mhí)”.

Alt 306A a chur isteach sa Phríomh-Acht.

12. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 306:

“Sochair áirithe, etc a chur i gcuntas i gcás measúnú damáistí.

306A.—(1) D'ainneoin alt 2 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , agus alt 306 den Acht seo, más rud é in aon chaingean a bhaineann le húsáid feithicle inneallghluaiste, go measúnófar damáistí i leith aon dliteanais maidir le díobhálacha pearsanta nach foláir a bheith cumhdaithe le polasaí árachais formheasta, cuirfear i gcuntas nuair a bheidh na damáistí sin á measúnú luach aon chearta de dhroim na ndíobhálacha sin a d'fhaibhrigh nó is dóigh a d'fhaibhreodh chun an duine dhíobháilte i leith sochair míchumais (lena n-áirítear aon mhéid is iníoctha chomh maith leis an sochar míchumais sin ar mhodh sochair pá-choibhneasa) agus pinsin easláine do na cúig bliana dar tosach an tráth a d'fhaibhrigh an chúis caingne.

(2) An tagairt i bhfo-alt (1) do mheasúnú damáistí glacfar léi i gcásanna ina bhfuil damáistí, is inghnóthaithe thairis sin, inlaghdaithe faoin dlí a bhaineann le faillí rannpháirteach nó ina bhfuil siad teorannaithe le haon Acht nó faoi, mar thagairt do na damáistí ar fad a bheadh inghnóthaithe ar leith ón laghdú nó ón teorannú.

(3) I bhfo-alt (1):

ciallaíonn “polasaí árachais formheasta” polasaí árachais ar polasaí árachais formheasta é chun críocha an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , de bhua alt 62 den Acht sin, arna leasú le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trácht ar Bhóithre) (Árachas Éigeantach), 1975 (I.R. Uimh. 178 de 1975);

tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí a shanntar le halt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961.”

(2) Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú tuilleadh trí “agus alt 306A” a chur isteach in alt 306 i ndiaidh “alt 68” i bhfo-alt (2).

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon chaingean a tionscnaíodh roimh dháta an Achta Leasa Shóisialaigh, 1984 , a rith.