An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Stocfhaoiseamh) Ar Aghaidh (Caibidil X Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

Caibidil IX

Leasú ar Fhorálacha i ndáil le Laghdú ar Stocluachanna seachas i dTrádáil na Feirmeoireachta

Laghdú ar stocluachanna: cáin chorparáide.

59. —(1) Faoi réir ailt 60 agus 65, baineann an t-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta cuideachta ar críoch di ar dháta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1982, le háireamh, ar leith ón alt seo, de bhua alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin.

(2) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt seachas alt 60, ní dhéanfar aon mhéid lena mbaineann an t-alt seo i ndáil le cuideachta, a áireamh mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta.

Teorainn le feidhm alt 59.

60. —Faoi réir alt 63, ní bheidh éifeacht le halt 59 maidir le trádáil cuideachta i gcás feidhm a bheith le forálacha fho-alt (10) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) d'alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 , i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar críoch di ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.

Laghdú ar stocluachanna: cáin ioncaim.

61. —(1) Faoi réir ailt 62 agus 65, baineann an t-alt seo le haon mhéid a bheadh, maidir le tréimhse chuntasaíochta ar críoch di ar dháta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1982, le háireamh, ar leith ón alt seo, de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , mar fháltas trádála de chuid thrádáil duine don tréimhse chuntasaíochta sin.

(2) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt seachas alt 62, ní dhéanfar aon mhéid lena mbaineann an t-alt seo, i ndáil le duine, a áireamh mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine.

Teorainn le feidhm alt 61.

62. —Faoi réir alt 63, ní bheidh éifeacht le halt 61 maidir le trádáil duine i gcás feidhm a bheith le forálacha fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid an duine ar críoch di ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.

Comharbais, etc., ar thrádáil.

63. —Beidh éifeacht, fara aon mhodhnuithe is gá, le halt 56 chun críocha na Caibidle seo mar atá éifeacht leis chun críocha Chaibidil VIII ionann is dá mba thagairtí d'alt 60 nó 62, faoi seach, na tagairtí i bhfo-alt (4) den alt sin d'alt 50 nó 52.

Forálacha áirithe den Acht Airgeadais, 1983 , do scor.

64. —(1) Ach amháin maidir le trádáil na feirmeoireachta, beidh, agus measfar go raibh riamh, éifeacht leis na hAchtanna Cánach, ionann is dá mba nár achtaíodh fo-ailt (3) agus (4) d'alt 26 den Acht Airgeadais, 1983 .

(2) I gcás, de bhua fho-alt (3) (b) nó (4) (b) den alt sin 26, ina ndearnadh, d'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, aon mhéid a áireamh mar fháltas trádála chun críche aon mheasúnachta cánach, déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin (1).

Teorainn le feidhm Chaibidil IX.

65. —Ní bheidh éifeacht leis an gCaibidil seo maidir le haon mhéid a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, le háireamh, de bhua alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 , nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , mar fháltas trádála de chuid thrádáil na feirmeoireachta.