An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil X Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

68. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Beoir.

69. —(1) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 258) (Beoir) (Uimh. 2), 1982 (I.R. Uimh. 37 de 1982), déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £146.047, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 263) (Dleachtanna Máil) (Uimh. 2), 1983 (I.R. Uimh. 42 de 1983 ).

(2) Faoi réir mhír 5 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh 267) (Beoir) (Uimh. 2), 1983 (I.R. Uimh. 398 de 1983), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1), de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £146.047 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh.

(3) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mbeidh beoir, a mbeidh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 íoctha ina leith, úsáidte, ar an 1ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis, ag aon duine mar chomhábhar i dtáirgeadh nó i monarú dí (seachas beoir) ina bhfuil 1.2% alcóil ar a mhéid de réir toirte, féadfaidh siad, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur, an dleacht máil a íocadh ar an méid beorach a úsáideadh amhlaidh a aisíoc leis an duine sin.

Táirgí tobac.

70. —(1) San alt seo agus sa Tríú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 266) (Táirgí Tobac), 1983 (I.R. Uimh. 213 de 1983).

(3) Ní dhéanfar an dleacht máil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a mhuirearú ná a thobhach ar tháirgí nach bhfuil aon tobac iontu agus a dtugtar luibh-thoitíní nó luibh-chumaisc lena ngalchaitheamh orthu de ghnáth.

Fíon agus fíon déanta.

71. —(1) San alt seo agus sa Cheathrú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “Ordú 1983” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 263) (Dleachtanna Máil) (Uimh. 2), 1983 (I.R. Uimh. 42 de 1983 );

ciallaíonn“% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hOrdú 1983.

(3) Déanfar mír 5 d'Ordú 1975 a leasú, amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1984, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

“(2A) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, cead a thabhairt íoc na dleachta a fhorchuirtear le fomhír (2) den mhír seo a chur siar go dtí lá nach déanaí ná—

(a) i gcás gur ar lá i mí na Nollag in aon bhliain nach déanaí ná an fichiú lá den mhí sin a mhuirearaítear an dleacht, an lá deiridh den mhí sin sa bhliain sin, nó

(b) in aon chás eile, an cúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa ina muirearaítear an dleacht:

Ar choinníoll, áfach, nach gceadófar íoc aon dleachta a chur siar mar a fhoráiltear san fhomhír seo in aon chás ina muirearaítear an dleacht ar an aonú lá is fiche, nó dá éis, de mhí na Nollag in aon bhliain.”.

(4) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann le hOrdú 1983.

Leann úll agus leann piorraí.

72. —(1) Sa Chúigiú Sceideal—

ciallaíonn “an neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcóil de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982 (I.R. Uimh. 48 de 1982).

Hidreacarbóin.

73. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Ordú 1983” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 264) (Hidreacarbóin), 1983 (I.R. Uimh. 85 de 1983);

ciallaíonn “gásailín eitleoireachta” ola éadrom hidreacarbóin mhianra de réir bhrí mhír 11 (15) d'Ordú 1975 ar ola í—

(a) a mhonaraítear go speisialta mar bhreosla d'aerárthaí, agus

(b) nach n-úsáidtear de ghnáth i mótarfheithiclí, agus

(c) a sheachadtar lena húsáid mar bhreosla d'aerárthaí, agus chuige sin amháin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £23.78 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (1) d'Ordú 1983.

(3) Amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1984, déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975, a mhéid is inmhuirearaithe ar ghásailín eitleoireachta í, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir leath an ráta ab inmhuirearaithe ar leith ón bhfo-alt seo.

(4) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha fho-alt (3).

(b) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) díol, seachadadh, stóráil agus úsáid gásailín eitleoireachta a rialú,

(ii) a cheangal go dtaiscfear gásailín eitleoireachta mbannastóras sula seachadfar le haghaidh úsáide baile é,

(iii) úsáid ghásailín eitleoireachta seachas mar bhreosla d'aerárthaí a chosc,

(iv) glacadh gásailín eitleoireachta isteach in umar breosla seachas in umar breosla aerárthaigh a chosc,

(v) a fhoráil nach meascfar gásailín eitleoireachta le haon substaint eile, ach amháin le cead ó na Coimisinéirí Ioncaim,

(vi) a cheangal ar aon duine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a úsáideann gásailín eitleoireachta nó a dhéileálann ann, cibé cuntais agus taifid a bheidh sonraithe i ndáil le monarú, allmhairiú, ceannach, fáil, stóráil, díol nó úsáid gásailín eitleoireachta a choimeád ar mhodh sonraithe agus iad a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe agus aon leabhair nó doiciméid eile i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite a choimeád go ceann tréimhse sonraithe agus cead a thabhairt d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais agus na taifid sin, agus aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite, a iniúchadh agus cóipeanna a dheánamh díobh,

(vii) a cheangal ar dhuine a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a úsáideann gásailín eitleoireachta nó a dhéileálann ann, cibé faisnéis agus tuairisceáin i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe a chur ar fáil cibé tráthanna agus i cibé foirm a bheidh sonraithe.

(c) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh rialachán faoin bhfo-alt seo beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air agus dlífear aon ghásailín eitleoireachta a ndearnadh an cion ina leith, agus aon substaint a bheidh measctha leis, a fhorghéilleadh agus, i gcás cion a raibh mótarfheithicil i gceist leis, dlífear an fheithicil a fhorghéilleadh.

(5) (a) Chun críocha fhorálacha fho-alt (3) agus rialachán faoi fho-alt (4), féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a bhfuil, nó a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil, gásailín eitleoireachta á choinneáil nó á stóráil ann agus féadfaidh sé cibé cuardach agus fiosrúchán a dhéanamh ansin agus cibé samplaí de ghásailín eitleoireachta, nó d'aon substaint a gcreideann an t-oifigeach le réasún gur gásailín eitleoireachta í nó go bhfuil gásailín eitleoireachta inti, a thógáil is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheofar ansin, agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le haon déileáil i ngásailín eitleoireachta, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(b) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

(6) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £17.21 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (2) d'Ordú 1983.

(7) Amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975, maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte, méid na dleachta máil a íocadh lúide méid arna ríomh de réir £1.79 an heictilítear.

(8) Faoi réir fhorálacha an Ordaithe d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 265) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1983 (I.R. Uimh. 126 de 1983), is é méid an lacáiste a lamháiltear faoi mhír 12 (3) d'Ordú 1975, maidir le hola bhreosla de réir bhrí mhír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981 (I.R. Uimh. 404 de 1981), atá ceaptha lena húsáid chun críche seachas chun leictreachas a ghiniúint lena dhíol agus a allmhaireofar nó a sheachadfar ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras ar an 26ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £0.76 an heictilítear.

(9) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) den Acht Airgeadais, 1976 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá d'Eanáir, 1984, de réir £0.767 an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 4 (4) d'Ordú 1983.

Taisteal coigríche.

74. —(1) (a) Déanfar alt 65 (5) den Acht Airgeadais, 1982 , a leasú amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1984, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd) a bhaineann le duine faoi bhun 18 mbliana d'aois atá ag taisteal mar bhall de ghrúpa 10 nduine ar a laghad den sórt sin ar thuras atá eagraithe chun críocha oideachais ag bunscoil nó iarbhunscoil nó ag eagraíocht dheonach neamhbhrabúsmhar a bunaíodh chun forbairt oideachasúil nó leas daoine óga a chur chun cinn, nó

(ddd) a bhaineann le duine meabhair-éislinneach atá ag taisteal mar bhall de ghrúpa 5 dhuine ar a laghad den sórt sin ar thuras atá eagraithe ag eagraíocht a bunaíodh chun leas daoine meabhair-éislinneacha a chur chun cinn, nó”.

(b) Aon dleacht máil a bheidh íoctha maidir le ticéad paisinéara arna eisiúint an lú lá d'Aibreán, 1984, nó dá éis, agus a mbaineann mír (ddd) (arna cur isteach leis an bhfo-alt seo) d'alt 65 (5) den Acht Airgeadais, 1982 , leis, féadfar í a aisíoc.

(2) I gcás ticéad paisinéara de réir bhrí alt 65 den Acht Airgeadais, 1982 , a bheith faighte sa Stát an 26ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ag an duine a mbaineann an ticéad lena iompar nó ag duine eile thar a cheann, measfar, chun críocha an ailt sin 65, d'ainneoin gur cuireadh nó gur tugadh an ticéad chuig an Stát ó áit lasmuigh den Stát, gur sa Stát a eisíodh é agus gur eisíodh amhlaidh é ar an dáta ar ar cuireadh nó ar ar tugadh chuig an Stát é.

Forálacha a bhaineann le dleachtanna máil ar mhótarfheithiclí, teilifíseáin agus ceirníní gramafóin.

75. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Ordú 1979” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I. R. Uimh. 57 de 1979);

tá le “earraí indleachta” an bhrí chéanna atá leis in Ordú 1979.

(2) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha Ordú 1979.

(b) Go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) modh muirearaithe, urraithe agus bailithe na ndleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 a fhorordú,

(ii) allmhairiú, monarú, stóráil, stórasú agus onnmhairiú earraí indleachta, agus airteagail agus ábhair lena n-úsáid i monarú na n-earraí sin, a rialú,

(iii) a cheangal ar dhuine a dhlífidh ceachtar de na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 a íoc, cibe taifid agus cuntais a bheidh sonraithe i ndáil le hallmhairiú, fáil, monarú, díol agus seachadadh earraí indleachta, nó airteagail agus ábhair lena n-úsáid i monarú na n-earraí sin, a choimeád ar mhodh sonraithe agus iad a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe agus cead a thabhairt d'oifigeach Custam agus Máil na taifid agus na cuntais sin, agus aon leabhair agus doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon ní de na nithe réamhráite, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(iv) a cheangal ar mhonaróir earraí indleachta taifeadadh cuí a dhéanamh leis an oifigeach cuí Custam agus Máil maidir leis na háitribh go léir a bheartaíonn sé a úsáid ag seoladh gnó dó mar mhonaróir den sórt sin agus socrú a dhéanamh leis an oifigeach sin i dtaobh an mhodh taifeadta sin,

(v) foráil a dhéanamh maidir leis na Coimisinéirí Ioncaim do cheadú áitreabh a bheidh á n-úsáid ag monaróir earraí indleachta chun na hearraí sin, nó airteagail nó ábhair lena n-úsáid i monarú na n-earraí sin, a fháil, a stóráil, a mhonarú nó a sheachadadh agus maidir leis an monaróir sin do chomhlíonadh, i ndáil leis na háitribh, cibé coinníollacha a bheidh sonraithe i scríbhinn ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim,

(vi) a cheangal ar dhuine a dhlífidh ceachtar de na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 a íoc, cibé faisnéis agus tuairisceáin a bheidh sonraithe, i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe, a chur ar fáil cibé tráthanna agus i cibé foirm a bheidh sonraithe,

(vii) foráil a dhéanamh i dtaobh deimhnithe a eisiúint, i cibé foirm a bheidh sonraithe, i ndáil le mótarfheithiclí is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le mír 4 d'Ordú 1979.

(3) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach uile thráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a gcreideann an t-oifigeach le réasún go bhfuil monarú earraí indleachta á sheoladh ann nó a gcreideann an t-oifigeach sin le réasún go bhfuil earraí indleachta, nó leabhair nó doiciméid eile a bhaineann le monarú nó stóráil earraí den sórt sin, á stóráil nó á gcoinneáil ann agus féadfaidh sé cibé cuardach agus fiosrúchán a dhéanamh ansin is cuí leis an oifigeach agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheofar ansin, agus a gcreideann an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le monarú earraí indleachta, a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(4) Beidh feidhm le halt 3 den Excise Act, 1848, i ndáil leis na dleachtanna a fhorchuirtear le míreanna 4 agus 5 d'Ordú 1979 fara an mhodhnaithe go gcuirfear “three years” in ionad “six calendar months”.

(5) I gcás ina ndéanfar mótarfheithicil is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le mír 4 d'Ordú 1979 a allmhairiú isteach sa Stát, nó a sheachadadh de réir bhrí an Ordaithe sin, féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, tráth ar bith laistigh de thrí bliana tar éis an allmhairithe nó an tseachadta sin, de réir mar a bheidh, a cheangal ar aon duine a mbeidh an fheithicil sin díolta leis nó diúscartha chuige ar bhealach eile (de réir mar a bheidh) ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, is é sin le rá:

(a) an fhaisnéis sin go léir i ndáil leis an bhfeithicil sin a iarrfaidh an t-oifigeach sin le réasún, agus atá ar seilbh nó ar fáil ag an duine sin, a chur ar fáil don oifigeach sin, laistigh de cibé am agus i cibé foirm agus modh a shonróidh an t-oifigeach sin;

(b) na leabhair agus na doiciméid sin go léir i ndáil leis an bhfeithicil sin a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún agus a bheidh ar seilbh, i gcoimeád nó ar fáil ag an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach sin, laistigh de cibé am a shonróidh an t-oifigeach sin, agus cead a thabhairt dó iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(6) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

(7) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon cheann d'fhorálacha Ordú 1979 nó rialachán faoi fho-alt (2), nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglóidh oifigeach Custam agus Máil air a dhéanamh faoi fho-alt (5), beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós £1,000 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), agus dlífear aon earraí a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.

(8) (a) Cúlghairtear leis seo mír 21 d'Ordú 1979.

(b) Leasaítear leis seo mír 24 (1) d'Ordú 1979 trí “agus mhír 21 den Ordú seo” a scriosadh.

(c) Déanfar an tagairt d'fhomhír (2) de mhír 21 d'Ordú 1979 i míreanna 4, 5 agus 7 den Ordú sin a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (2) agus déanfar an tagairt don mhír sin 21 i mír 24 (2) den Ordú sin a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (4).

(9) (a) San fho-alt seo folaíonn “suíochán leanúnach” dhá shuíochán leithleacha nó níos mó atá scartha i gcaoi gur féidir na suíocháin sin a úsáid mar shuíochán leanúnach amháin.

(b) Chun críocha na dleachta máil ar mhótarfheithiclí a fhorchuirtear le mír 4 d'Ordú 1979, ní mheasfar mótarfheithicil a bheith deartha, déanta ná oiriúnaithe chun líon daoine is mó ná sé dhuine dhéag (lena n-áirítear an tiománaí) a iompar mura mbeidh cóiríocht shuite, arna ríomh mar a leanas, le haghaidh líon daoine is mó ná sé dhuine dhéag inti:

(i) measfar gur cóiríocht do dhuine amháin gach suíochán leithleach atá feistithe go buan ar an bhfeithicil agus a bhféadfadh duine suí air, ach leithead sé orlach déag arna thomhas feadh aghaidh an tsuíocháin a lamháil don duine sin;

(ii) measfar, maidir le gach suíochán leanúnach atá feistithe go buan ar an bhfeithicil, gur cóiríocht é don líon daoine a d'fhéadfadh suí ar an suíochán sin, ach leithead sé orlach déag arna thomhas feadh aghaidh gach suíocháin den sórt sin a lamháil do gach duine.

(c) I gcás inar slán-uimhir maille le codán cóiríocht shuite iomlán feithicle arna ríomh faoin bhfo-alt seo, déanfar neamhshuim den chodán.

Forálacha i ndáil le dleacht gealltóireachta.

76. —(1) San alt seo—

tá le “rás-chúrsa údaraithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 ;

ciallaíonn “dleacht”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an diúité máil ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926 ;

tá le “rás-rian con” agus “cruinniú cúrsála údaraithe” na bríonna céanna atá leo in Acht Tionscail na gCon, 1958 ;

tá le “geall-ghlacadóir ceadúnaithe”, “áitreabh”, “áitreabh cláraithe” agus “dílseánach cláraithe” na bríonna céanna atá leo san Acht um Gheall-Chur, 1931 ;

ciallaíonn “clár” an clár d'oifigí geall-ghlacadóireachta a choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 ;

folaíonn “tuairisceán” Official Betting Sheet de réir bhrí na Betting Duty (Official Sheets) Regulations, 1934 (R. & O. R. Uimh. 114 de 1934).

(2) I gcás ina mbeidh, maidir le haon áitreabh cláraithe, riaráistí dleachta dlite agus gan íoc nó aon tuairisceán a cheanglaítear, le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thabhairt maidir leis an áitreabh, gan tabhairt laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe chun na críche sin de thuras na huaire, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara fógra i scríbhinn a sheoladh chuig dílseánach cláraithe an áitribh sin á rá go mbainfear an t-áitreabh den chlár faoi fho-alt (4) mura mbeidh na riaráistí sin íoctha nó mura mbeidh na tuairisceáin sin tugtha laistigh de sheacht lá ón dáta a seolfar an fógra chuige.

(3) Is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh aon fhógra faoi fho-alt (2) agus seolfar leis an bpost cláraithe é chuig an dílseánach cláraithe sin a dúradh ag an áitreabh cláraithe lena mbaineann an fógra.

(4) Mura mbeidh na riaráistí nó na tuairisceáin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) íoctha nó tugtha, de réir mar a bheidh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe i bhfógra a sheolfar faoin bhfo-alt sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin fhorálacha alt 12 den Acht um Gheall-Chur, 1931 , an t-áitreabh cláraithe lena mbaineann an fógra a bhaint den chlár.

(5) Aon uair a bhainfear aon áitreabh den chlár faoi fho-alt (4), déanfaidh an duine a bhí ina dhílseánach cláraithe ar an áitreabh sin díreach sular baineadh den chlár amhlaidh é, ar éileamh i scríbhinn a sheachadfar chuig an áitreabh sin nó a sheolfar leis an bpost chuige, an deimhniú is déanaí ar chlárú an áitribh sin arna eisiúint faoi alt 12 den Acht um Gheall-Chur, 1931 , nó an deimhniú is déanaí ar athnuachan chlárú an áitribh sin arna eisiúint faoin alt sin 12 nó faoi fho-alt (7), a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim nó a sheoladh chucu, agus aon duine a mhainneoidh an deimhniú sin a sheachadadh nó a sheoladh amhlaidh laistigh de sheacht lá tar éis an éilimh sin beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £100 a chur air.

(6) (a) I gcás ina mbainfear aon áitreabh den chlár faoi fho-alt (4) agus nach ndéanfar clárú an áitribh a athnuachan faoi fho-alt (7) nó faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 , féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, tráth ar bith, dul isteach san áitreabh má tá, nó má tá amhras ar an oifigeach sin go bhfuil, gnó geall-ghlacadóireachta ar siúl ann agus féadfaidh sé ansin cuardach a dhéanamh le haghaidh aon leabhair, cuntais, stiallacha gealltóireachta, duillíní gealltóireachta nó aon doiciméid eile a bhaineann le gnó na geall-ghlacadóireachta, nó a gcreideann an t-oifigeach sin go mbaineann siad le gnó na geall-ghlacadóireachta, agus féadfaidh sé a éileamh go dtabharfar na nithe sin ar aird agus dlífear aon leabhair nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann le gnó na geall-ghlacadóireachta a fhorghéilleadh agus féadfaidh an t-oifigeach sin iad a urghabháil agus a thógáil as an áitreabh.

(b) Ní bheidh feidhm le halt 31 (2) den Acht Airgid, 1929 , maidir le doiciméid a thógáil as áitreabh faoi mhír (a).

(c) Gach duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chirt nó cumhachta a thugtar don oifigeach sin leis an bhfo-alt seo nó a dhiúltóidh, gan leorchúis dhlíthiúil, aon leabhair nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a cheanglóidh an t-oifigeach sin air a thabhairt ar aird faoin bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

(7)  (a) Faoi réir mhír (b), i gcás—

(i) ina n-íocfar na riaráistí dleachta go léir atá dlite agus le híoc maidir le haon áitreabh a baineadh den chlár faoi fho-alt (4), agus

(ii) ina dtabharfar na tuairisceáin go léir a cheanglaítear, le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thabhairt maidir leis an áitreabh,

déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth nach déanaí ná seacht lá i ndiaidh an dáta a n-íocfar na riaráistí sin agus a dtabharfar na tuairisceáin sin, clárú an áitribh sa chlár a athnuachan agus eiseoidh siad chuig an duine a bhí ina dhílseánach cláraithe ar an áitreabh díreach sular baineadh an t-áitreabh den chlár, deimhniú san fhoirm fhorordaithe i dtaobh na hathnuachana sin ar chlárú.

(b) Ní dhéanfar clárú áitribh a athnuachan faoi mhír (a)—

(i) ar dháta ar bith is déanaí ná an 30ú lá de Shamhain díreach i ndiaidh an dáta is deireanaí ar ar baineadh an t-áitreabh den chlár faoi fho-alt (4), nó

(ii) más amhlaidh maidir leis an áitreabh sin, an tráth a dheonófaí athnuachan faoi mhír (a) murach sin, gurb ann d'aon cheann de na himthosca a mbainfí an t-áitreabh den chlár faoina dtreoir faoi alt 17 den Acht um Gheall-Chur, 1931 .

(c) Ní dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1931 , ar chlárú agus ar athnuachan ar chlárú aon áitribh ina seoltar gnó geall-ghlacadóireachta, a mhuirearú ar athnuachan ar chlárú áitribh sa chlár faoin bhfo-alt seo agus, d'ainneoin alt 12 (3) den Acht um Gheall-Chur, 1931 , tiocfaidh an athnuachan sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht ón dáta a n-eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim an deimhniú i dtaobh na hathnuachana sin faoi mhír (a)

(8) (a) Ní dhéanfaidh duine, le linn dó gnó a sheoladh mar gheallghlacadóir nó le linn dó gníomhú mar gheall-ghlacadóir, geall a ghlacadh in aon áitreabh nach mbeidh cláraithe de thuras na huaire sa chlár.

(b) Aon duine a ghlacfaidh geall de shárú ar an bhfo-alt seo beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air.

(c) Ní bheidh feidhm leis an bhfo-alt seo maidir le geall-ghlacadóir ceadúnaithe a bheidh ag seoladh gnó geall-ghlacadóra go dlíthiúil ag nó i bpurláin rás-chúrsa údaraithe, rásrian con nó cruinniú cúrsála údaraithe de réir an Achta um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945 , nó Acht Tionscail na gCon, 1958 .

(9) Aon duine a bheidh fostaithe ag dílseánach cláraithe áitribh chláraithe mar chléireach nó mar chúntóir san áitreabh sin, nó aon duine eile a bheidh ag gníomhú don dílseánach sin nó thar a cheann, agus a dhéanfaidh aon iontráil in aon stiall nó doiciméad eile trína gcuirtear geall, agus fios aige go bhfuil an iontráil sin bréagach, nó a chuirfidh doiciméad eile, ar doiciméad bréagach é, in ionad aon stéille nó doiciméid den sórt sin, nó a dhéanfaidh aon iontráil in aon leabhar nó doiciméad a choimeádtar chun sonraí faoi gheallta san áitreabh sin a thaifeadadh, agus fios aige go bhfuil an iontráil sin bréagach, nó a bheidh páirteach go feasach ar shlí eile i seachaint chalaoiseach dleachta nó in iarracht ar sheachaint chalaoiseach dleachta, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £1,000 a chur air.

Leasú ar alt 11 (scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta áitreibh do dhiúltú) den Acht um Gheall-Chur, 1931 .

77. —Leasófar alt 11 (1) den Acht um Gheall-Chur, 1931 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (m):

“(mm) gurb amhlaidh—

(i) go bhfuil an t-áitreabh foirgnithe nó fo-roinnte ar chaoi, nó gur de mhéid é, a chuirfeadh toirmeasc nó bac ar aon suirbhéanna, iniúchtaí nó fiosrúcháin a dhéanamh go cuí a cheanglófar ar oifigeach Custam agus Máil a dhéanamh san áitreabh sin chun críocha a bhaineann le haon dleacht is iníoctha de thuras na huaire ar gheallta nó ina leith, nó

(ii) an tráth a n-iarrfar an deimhniú, nach mbeidh aon tuairisceáin a ceanglaíodh ar an iarratasóir, le rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a thabhairt maidir leis an áitreabh chun críocha a bhaineann le haon dleacht den chineál a dúradh, tugtha amhlaidh, nó

(iii) an tráth a n-iarrfar an deimhniú, go mbeidh riaráistí aon dleachta den chineál a dúradh dlite d'aon duine, agus le híoc aige, maidir leis an áitreabh, nó

(iv) nach mbeidh cibé urrús a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith íoc aon dleachta den chineál a dúradh is iníoctha ag an iarratasóir, tugtha aige,

agus go mbeidh an méid sin curtha in iúl ag na Coimisinéirí Ioncaim do Cheannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil an t-áitreabh;”.

Srian leis an Probation of Offenders Act, 1907.

78. —Ní bheidh feidhm le halt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, i ndáil le cionta faoi na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

Leasú ar alt 29 (mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach) den Acht Airgeadais, 1963 .

79. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1963 , trí “£1,000” a chur in ionad “céad punt” agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon choinníoll faoi rialachán faoin alt seo, beidh an duine sin, gan dochar d'aon phionós eile a bheidh sé faoi dhliteanas a chur air, ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós £1,000 a chur air; agus dlífear an mhótarfheithicil a fhorghéilleadh agus féadfar an ciontóir a choinneáil nó imeachtaí a bhunú ina aghaidh trí thoghairm.

Dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste.

80. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 (Uimh. 24 de 1952) a leasú, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an 1ú lá de Mhárta, 1984, nó dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 73 den Acht Airgeadais, 1983 ) in ionad fhomhír (d) de mhír 6:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht

£8 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht

£10 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 16 each-chumhacht

£12 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 16 each-chumhacht ach nach mó ná 20 each-chumhacht

£14 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 20 each-chumhacht

£15 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

a thiomáintear le leictreachas

£54”.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le haon fheithicil—

(i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile, nó

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975 ).

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960 .

81. —Leasaítear leis seo alt 3 (7) den Acht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960 , trí “£350” a chur in ionad “caoga punt”.

Leasú ar alt 23 (diúité ceadúnais d'íoc tré sheic) den Acht Airgid, 1936 .

82. —Leasaítear leis seo alt 23 den Acht Airgid, 1936 , trí “£500” a chur in ionad “de chaoga punt” i mír (c).

Orduithe a dhaingniú.

83. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 12 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 262) (Beoir), 1983

I.R. Uimh. 126 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 265) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1983

I.R. Uimh. 213 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 266) (Táirgí Tobac), 1983

I.R. Uimh. 398 de 1983

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 267) (Beoir) (Uimh. 2), 1983