|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) | Ar Aghaidh (Caibidil II Ríomh Athbhreithnithe) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1984
[EN] | ||||
[EN] |
CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil | |||
[EN] |
Caibidil I Iontaobhais Lánroghnacha | |||
[EN] |
Léiriú (Cuid V). |
104. —Sa Chuid seo— | ||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 ; | |||
[EN] | ciallaíonn “cuspóir”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, duine a ndéantar, nó a bhféadfar, ioncam nó caipiteal, nó aon chuid d'ioncam nó de chaipiteal, mhaoin an iontaobhais, a fheidhmiú chun sochair dó; | |||
[EN] | ciallaíonn “príomhchuspóirí”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, cibé cuspóirí, más ann dóibh, de chuid an iontaobhais de thuras na huaire arb iad na daoine seo a leanas iad— | |||
[EN] | (a) céile an diúscróra, | |||
[EN] | (b) leanaí an diúscróra, nó | |||
[EN] | (c) leanaí le leanbh de chuid an diúscróra i gcás ina bhfuair an leanbh sin bás roimh bhás don diúscróir. | |||
[EN] |
Leasú ar alt 2 (léiriú) den Phríomh-Acht. |
105. —Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “iontaobhas lánroghnach” i ndiaidh “maoin a theachtadh ar iontaobhas”— | ||
[EN] | “le hioncam nó le cuid d'ioncam na maoine a charnadh, nó aon iontaobhas a ndéantar dá bhíthin, dá bhua nó dá dhroim maoin (seachas maoin a bhfuil, de thuras na huaire, teideal tairbhiúil ag duine chuici ar leas seilbhe) a theachtadh ar iontaobhas”, | |||
[EN] | agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Fáltais ag iontaobhais lánroghnacha. |
106. —(1) I gcás ina dtiocfaidh maoin, an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, faoi réir iontaobhais lánroghnaigh (abairt a bhfuil an bhrí léi sa Chuid seo a shanntar di leis an bPríomh-Acht arna leasú le halt 105) ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc iontaobhaithe an iontaobhais, measfar maidir leis an iontaobhas— | ||
[EN] | (a) ar an dáta ar a dtiocfaidh nó ar ar tháinig an mhaoin sin faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh; | |||
[EN] | (b) ar dháta báis an diúscróra; nó | |||
[EN] | (c) i gcás príomhchuspóirí don iontaobhas a bheith ann, ar an dáta nach mbeidh aon phríomhchuspóir don iontaobhas faoi bhun 25 bliana d'aois ann a thuilleadh, | |||
[EN] | cibé dáta acu is déanaí, go dtiocfaidh nó gur tháinig sé chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chuig leas iomlán i cibé méid, más aon mhéid é, den mhaoin sin nó de mhaoin in ionannas leis an maoin sin agus de charnáin ioncaim ón gcéanna nó de mhaoin in ionnannas leis na carnáin sin a bheidh fós faoi réir an iontaobhais sin ar an dáta sin is déanaí, agus go nglacfaidh nó gur ghlac sé oidhreacht dá réir sin, ionann is dá mba dhuine chun críocha an Phríomh-Achta an t-iontaobhas agus iontaobhaithe, mar atá de thuras na huaire, an iontaobhais, le chéile, agus is é an dáta sin is déanaí dáta na hoidhreachta. | |||
[EN] | (2) Aon mhaoin a bhí, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, faoi réir iontaobhais lánroghnaigh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur ar an dáta sin a tháinig sí faoi réir an iontaobhais. | |||
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo— | |||
[EN] | (a) ní maoin leas feifeach go dtí go dtarlóidh teagmhas a fhágfaidh go scoirfidh an leas de bheith ina leas feifeach nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis; | |||
[EN] | (b) ní maoin leas i bpolasaí árachais ar shaol duine go dtí, agus ansin sa mhéid amháin, go dtiocfaidh an leas chun bheith ina leas seilbhe faoi fhorálacha alt 32 den Phríomh-Acht nó go mbeidh maoin nach leas feifeach in ionannas leis. | |||
[EN] | (4) Más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, go mbeadh cáin inmhuirearaithe faoin alt seo breis agus uair amháin faoin diúscairt chéanna ar mhaoin nó ar mhaoin in ionannas leis an maoin sin, ní bheidh cáin inmhuirearaithe ach uair amháin ar an maoin sin, is é sin le rá, ar an ócáid is luaithe a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe ar an maoin sin. | |||
[EN] |
Feidhm an Phríomh-Achta. |
107. —I ndáil le muirear cánach a éiríonn de bharr fhorálacha alt 106— | ||
[EN] | (a) déanfar tagairt in alt 16 den Phríomh-Acht do chuideachta faoi rialú an chomharba a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuideachta atá faoi rialú duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, iontaobhaithe an iontaobhais lánroghnaigh, cuspóirí beo an iontaobhais lánroghnaigh, gaolta na gcuspóirí sin, agus ainmnithigh de chuid na n-iontaobhaithe nó na gcuspóirí sin nó de chuid ghaolta na gcuspóirí sin; | |||
[EN] | (b) beidh feidhm le halt 21 den Phríomh-Acht, fara an mhodhnaithe gurb é dáta luachála na hoidhreachta inchánach— | |||
[EN] | (i) dáta na hoidhreachta, nó | |||
[EN] | (ii) an dáta luachála arna fhionnadh de réir an ailt sin, | |||
[EN] | cibé dáta acu is déanaí, agus fara aon mhodhnuithe eile is gá; | |||
[EN] | (c) aon duine is iontaobhaí don iontaobhas lánroghnach áirithe de thuras na huaire ar dháta na hoidhreachta nó ar aon dáta eile ina dhiaidh sin is duine é a bheidh cuntasach go príomha in íoc na cánach; | |||
[EN] | (d) aon chuspóir don iontaobhas lánroghnach áirithe a ndéanfar aon chuid den mhaoin atá faoi réir an iontaobhais a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, beidh an duine sin cuntasach chomh maith in íoc na cánach ar éirigh an muirear ina leith roimh dháta na maoine a chur chun feidhme nó a cheapadh dó nó chun sochair dó, agus beidh éifeacht leis an bPríomh-Acht, ina fheidhm maidir leis an muirear cánach sin, ionann is dá mba dhuine dá dtagraítear in alt 35 (2) den Phríomh-Acht an cuspóir sin don iontaobhas lánroghnach; | |||
[EN] | (e) aon duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach de bhua mhír (c) déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta luachála nó tar éis dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí, tuairisceán iomlán ceart a sheachadadh ar na Coimisinéirí— | |||
[EN] | (i) maidir le gach oidhreacht a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh inti; | |||
[EN] | (ii) maidir leis an maoin go léir san oidhreacht sin; agus | |||
[EN] | (iii) maidir le meastachán de mhargadhluach na maoine sin; | |||
[EN] | (f) beidh éifeacht le forálacha alt 41 den Phríomh-Acht, i bhfeidhmiú an Phríomh-Achta maidir le haon mhuirear cánach den chineál a dúradh a d'éirigh roimh dháta an Achta seo a rith, ionann is dá mba thagairtí do dháta an Achta seo a rith, nó don dáta luachála, cibé dáta acu is déanaí, na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) den alt sin; | |||
[EN] | agus | |||
[EN] | (g) ní bheidh feidhm le halt 35 (1), fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 36 ná le hailt 40, 45 agus 57 den Phríomh-Acht, ná leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | |||
[EN] |
Díolúintí. |
108. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 106 i ndáil le hiontaobhas lánroghnach a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur cruthaíodh go heisiatach é— | ||
[EN] | (a) chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla sa Stát nó i dTuaisceart Éireann; | |||
[EN] | (b) chun críocha— | |||
[EN] | (i) aon scéime chun sochair aoisliúntais a chur ar fáil tráth scoir, ar scéim í a bunaíodh le haon achtachán nó faoi nó le hionstraim, nó faoi ionstraim, arna déanamh faoi aon achtachán, nó | |||
[EN] | (ii) aon scéime aoisliúntais faoi choimirce de réir bhrí fho-alt (9) d'alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó scéime iontaobhais nó coda de scéim iontaobhais arna ceadú ag na Coimisinéirí faoin alt sin nó alt 235A den Acht sin; | |||
[EN] | (c) chun críocha scéime iontaobhais aonad cláraithe de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ; | |||
[EN] | (d) (i) chun sochair do phearsa aonair ainmnithe amháin nó níos mó, agus | |||
[EN] | (ii) ar an gcúis go bhfuil an phearsa aonair sin nó na pearsana aonair sin go léir, mar gheall ar aois nó míbharrainn, nó mar gheall ar éagumas coirp, meabhrach nó dlíthiúil, neamhinniúil ar a ghnóthaí nó a ngnóthaí féin a riaradh; nó | |||
[EN] | (e) chun soláthar a dhéanamh le teach nó gairdín dá dtagraítear in alt 39 den Acht Airgeadais, 1978 , a chothabháil. | |||
[EN] |
Cáin a ríomh. |
109. —Déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach oidhreachta inchánach ar a muirearaítear cáin de bharr fhorálacha alt 106 a ríomh de réir ráta trí faoin gcéad den luach inchánach sin. |