An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Deimhniú Urscaoilte) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

114. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1983” alt 117 den Acht Airgeadais, 1983 ;

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1983 ach “£29,401,449” a chur in ionad “£30,566,856”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1983 ach “£18,559,719” a chur in ionad “£19,676,545”.

(4) Déanfar suim £32,706,344 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1984.

(5) Déanfar an ceathrú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £23,973,750 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an ceathrú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

115. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

116. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1983, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1984, a ghairm díobh le chéile.

(5) Forléireofar Cuid IV i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Forléireofar Cuid V i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1984.

(8) Measfar gur tháinig Cuid III, seachas ailt 84, 86, 89, 90, 93 (a) (i), 94 agus 96, i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1984 agus measfar gur tháinig na hailt sin 84, 93 (a) (i), 94 agus 96 i bhfeidhm agus glacfaidh siad éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1984.

(9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

(10) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(11) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.