An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe: Fochuideachtaí)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Ailt 2 agus 3 .

CUID I

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 1 (1)—

(i) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ard-rátaí” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ):

“ciallaíonn ‘ard-rátaí', i ndáil le cáin, na rátaí cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 ;”,

(ii) scriosfar an míniú ar “ráta laghdaithe” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta caighdeánach” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ):

“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach', i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 ;”,

(b) scriosfar alt 153 (1) (dd),

(c) in alt 497, scriosfar “ráta laghdaithe” gach áit a bhfuil sé, agus

(d) in alt 525 (1), scriosfar fomhír (i) (b).

2. Déanfar, maidir leis na blianta measúnachta 1980-81 go 198384, na tagairtí in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 , a fhorléiriú, agus measfar gur forléiríodh riamh iad, mar thagairtí d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 .

CUID II

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£3,600” a chur in ionad “£2,900”,

(ii) i mír (b), trí “£2,300” a chur in ionad “£1,950” agus trí “£3,600” a chur in ionad “£2,900”, agus

(iii) i mír (c), trí “£1,800” a chur in ionad “£1,450”,

agus

(b) in alt 138A, trí “£1,300” a chur in ionad “£950” agus trí “£1,800” a chur in ionad “£1,450”.