An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1984) Ar Aghaidh (Caibidil II Tobhach Ioncaim)

9 1984

AN tACHT AIRGEADAIS, 1984

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1. —Maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 1, trí “£5,000” a chur in ionad “£4,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) agus trí “£2,500” a chur in ionad “£2,400” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ), agus

(b) i bhfo-alt (6) d'alt 2, trí “£5,600” a chur in ionad “£5,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ), trí “£6,600” a chur in ionad “£6,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ), trí “£2,800” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) agus trí “£3,300” a chur in ionad “£3,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ),

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £5,000, agus

(b) in aon chás eile, £2,500.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £5,600;

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéilé cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £6,600;

(b) in aon chás eile, £2,800:

Ar choinníoll má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,300.

Cáin ioncaim a mhuirearú do 198485 agus blianta dá éis.

2. —(1) I gcás inar pearsa aonair (seachas pearsa aonair a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch) duine ar a muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1984-85 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir alt 5 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , cáin a mhuirearú air ar a ioncam inchánach—

(a) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach ar shlí seachas de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na rátaí a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, nó

(b) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach de réir fhorálacha an ailt sin 194, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Tábla sin,

agus tabharfar, faoi seach, ar na rátaí i ngach Cuid den Tábla sin an tuairisc a shonraítear i gcolún (3) i ngach Cuid acu sin os coinne lua an ráta nó na rátaí, de réir mar a bheidh, i gcolún (2) den Chuid sin.

AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £4,000

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000 eile

...

55 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

...

60 faoin gcéad

An fuílleach ...

...

...

65 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £8,000

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000 eile

...

55 faoin gcéad

An chéad £4,000 eile

...

60 faoin gcéad

An fuílleach ...

...

...

65 faoin gcéad

(2) Beidh éifeacht le mír 1 de Chuid I den Chéad Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1) agus beidh éifeacht le mír 2 den Chuid sin I d'fhorlíonadh alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 .

Faoisimh phearsanta.

3. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1984-85 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1983-84

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1984-85 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

...

...

...

2,900

3,600

(baintreach fir nó mná

...

...

1,950

2,300

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

2,900

3,600

(duine singil)

...

...

...

1,450

1,800

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

(baintreach fir nó mná)

...

...

950

1,300

(daoine eile)

...

...

...

1,450

1,800

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Airgeadais, 1982 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1).

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

4. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh pearsa aonair dá dtagraítear san alt sin le muirearú i leith cánach ioncaim don bhliain 1984-85, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1984-85” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 142A (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Déantar leis seo alt 142A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leasú, maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, trí “seasca bliain” a chur in ionad “cúig bliana is seasca” i bhfo-alt (2) (a) (i), agus tá an fo-alt sin (2) (a) (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) go raibh sé seasca bliain d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, agus

Leasú ar alt 432 (éilimh, etc., a dhéanamh agus achomhairc agus athéisteachtaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 432 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “de chuid na gCoimisinéirí Achomhairc” a scriosadh as mír (c), agus

(b) trí “thríocha lá” a chur in ionad “lá is fiche”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) D'ainneoin aon fhoráil eile san Acht seo, déanfar—

(a) gach éileamh ar dhíolúine nó ar aon liúntas nó asbhaint faoin Acht seo,

(b) gach éileamh ar aisíoc cánach faoin Acht seo, agus

(c)  (i) gach éileamh ar fhaoiseamh faoin Acht seo i gcás ina bhfuil an faoiseamh tomhaiste san fhoráil ar faoi a thugtar é, agus

(ii) gach ábhar agus ceist a bhaineann le haon fhaoiseamh atá tomhaiste amhlaidh,

agus nach bhfuil foráil shonrach déanta ina leith, ar shlí seachas leis an alt seo, maidir le ceart achomhairc ó chinneadh,

a shonrú i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a chur go dtí, agus a chinneadh ag, na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear cigire) a údaróidh siad chuige sin, ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ar aon éileamh, ábhar nó ceist den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó don oifigeach laistigh de thríocha lá tar éis an cinneadh a chur in iúl don duine éagóraithe, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

Leasú ar alt 41 (cuntais infheistíochta i mbainc taisce iontaobhais) den Acht Airgeadais, 1968 .

7. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 41 (9) den Acht Airgeadais, 1968 , maidir leis an mbliain 1984-85 ná aon bhliain mhéasúnachta dá éis.

Leasú ar alt 3 (duine fostaithe ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe) den Acht Airgeadais, 1969 .

8. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, trí “i dteideal £2,000 a bhaint as a ioncam iomlán, mura lú ná £2,000 méid an mhuirir a bheidh air faoi dheoidh sa bhliain mheasúnachta ag fostú an duine fhostaithe, nó i dteideal méid an mhuirir a bheidh air amhlaidh a bhaint as an ioncam sin, más lú ná £2,000 an méid sin” a chur in ionad “i dteideal £700 a bhaint as a ioncam iomlán” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a thabhairt ar a ioncam iomlán agus a chruthú—

(a)  (i) go raibh sé, i gcaitheamh na bliana measúnachta, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach, nó

(ii) go raibh a bhanchéile, agus eisean ina fhearchéile atá measúnaithe in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach ar feadh na bliana sin, agus

(b) go raibh duine ar fostú aige an bhliain mheasúnachta chun aire a thabhairt don duine (is é sin, an phearsa aonair nó a bhanchéile) a bhí faoi éagumas amhlaidh,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaithe a bheith á ríomh, i dteideal £2,000 a bhaint as a ioncam iomlán, mura lú ná £2,000 méid an mhuirir a bheidh air faoi dheoidh sa bhliain mheasúnachta ag fostú an duine fhostaithe, nó i dteideal méid an mhuirir a bheidh air amhlaidh a bhaint as an ioncam sin, más lú ná £2,000 an méid sin.

Díolúine do chomhlachtaí spóirt áirithe.

9. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1984-85 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 349:

“Díolúine i gcás comhlachtaí a bunaíodh le haghaidh cluichí nó spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn.

349.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘comhlacht ceadaithe daoine'—

(a) aon chomhlacht daoine a bunaíodh agus atá ann chun cluichí agus spóirt lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn agus chuige sin amháin, agus

(b) aon chomhlacht daoine dar tugadh maidir leis an mbliain 1983-84 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, díolúine ó cháin ioncaim faoi na forálacha sin den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar cuireadh an t-alt seo ina n-ionad,

ach ní fholaíonn sé aon chomhlacht daoine den sórt sin a dúradh dá dtabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis dóibh cibé comhairle (más ann) is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, fógra i scríbhinn á rá gur deimhin leo—

(i) nach chun na críche a shonraítear i mír (a) agus chuige sin amháin a bunaíodh an comhlacht nó gur bunaíodh é go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil, nó

(ii) cé gur chun na críche a shonraítear i mír (a) agus chuige sin amháin a bunaíodh amhlaidh é, nach chuige sin a thuilleadh é nó go dtosaíonn sé de bheith ann go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil.

(2) Tabharfar díolúine ó cháin ioncaim i leith an mhéid sin d'ioncam aon chomhlachta cheadaithe daoine a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur ioncam é a caitheadh nó a chaithfear chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) agus chuige sin amháin.

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1), scoirfidh an díolúine ó cháin ioncaim a bheidh tugtha don chomhlacht daoine lena mbaineann sé d'éifeacht a bheith léi—

(a) más fógra lena mbaineann mír (i) den fho-alt sin an fógra—

(i) maidir le cáin ioncaim, don bhliain mheasúnachta inar bunaíodh an comhlacht daoine nó don bhliain 1984-85, cibé bliain acu is déanaí, agus do gach bliain mheasúnachta dá éis,

(ii) maidir le cáin chorparáide, don chéad tréimhse chuntasaíochta de chuid an chomhlachta daoine dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1984, nó aon lá dá éis, agus do gach tréimhse chuntasaíochta dá éis,

(b) más fógra lena mbaineann mír (ii) den fho-alt sin an fógra—

(i) maidir le cáin ioncaim, don bhliain mheasúnachta inar scoir an comhlacht daoine de bheith ann, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) agus chuige sin amháin nó don bhliain inar thosaigh sé de bheith ann go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil, cibé bliain acu is luaithe, ach nach bliain is luaithe ná an bhliain 1984-85, agus do gach bliain mheasúnachta dá éis,

(ii) maidir le cáin chorparáide, don tréimhse chuntasaíochta inar scoir an comhlacht daoine de bheith ann, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) agus chuige sin amháin nó don tréimhse chuntasaíochta inar thosaigh sé de bheith ann go hiomlán nó go páirteach chun buntáiste cánach a fháil, cibé tréimhse acu is luaithe, ach nach tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1984, agus do gach tréimhse chuntasaíochta dá éis.

(4) Beidh feidhm le halt 432 maidir le fógra faoi fho-alt (1) ionann is dá mba é a bhí san fhógra cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh éileamh ar dhíolúine faoin Acht seo.

(5) Aon ní a cheanglaítear ar na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a cheadaítear dóibh a dhéanamh, nó aon chumhacht nó feidhm a thugtar dóibh nó a fhorchuirtear orthu, leis an alt seo, féadfaidh oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chuige sin, é a dhéanamh, a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, de réir mar is iomchuí.”.