|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Tobhach Ioncaim) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Frithsheachaint agus Frithimghabháil) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1984
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíocht i dTrádálacha Corpraithe | |
[EN] |
Léiriú (Caibidil III). |
11. —(1) Sa Chaibidil seo— |
[EN] | tá le “comhlach” an bhrí chéanna, i ndáil le duine, atá leis de bhua alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le rannpháirtí; | |
[EN] | forléireofar “rialú”, ach amháin in alt 14 (7) agus in alt 26 (2) (b), de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |
[EN] | tá le “bintiúr” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ; | |
[EN] | forléireofar “stiúrthóir” de réir alt 103 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; | |
[EN] | forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ; | |
[EN] | ciallaíonn “gnáthscaireanna” scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta; | |
[EN] | tá le “an tréimhse iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 12 (7); | |
[EN] | ciallaíonn “an faoiseamh” agus “faoiseamh” faoiseamh faoi alt 12 agus déanfar tagairtí do mhéid an fhaoisimh a fhorléiriú de réir fho-alt (3) den alt sin; | |
[EN] | tá le “oibríochtaí trádála cáilitheacha” an bhrí a shanntar dó le halt 16 (2); agus | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta neamhluaite” cuideachta nach bhfuil aon cheann dá scaireanna, dá stoic nó dá bintiúir liostaithe ar liosta oifigiúil stocmhargaidh nó nach ndéileáiltear iontu ar mhargadh urrús neamhliostaithe. | |
[EN] | (2) Tá feidhm le halt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha fhorálacha na Caibidle seo, cé is moite d'alt 14. | |
[EN] | (3) Aon tagairtí sa Chaibidil seo do dhiúscairt scaireanna folaíonn siad tagairtí do dhiúscairt leasa nó cirt sna scaireanna nó tharstu agus i gcás ina n-áirítear pearsa aonair, de bhua mhír 5 de Sceideal 2 den 10 Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mar phearsa aonair a mhalartaigh scaireanna ar scaireanna eile, áireofar é, chun críocha na Caibidle seo, mar phearsa aonair a dhiúscair na scaireanna sin. | |
[EN] | (4) Aon tagairtí sa Chaibidil seo d'aon mhéid a laghdú folaíonn siad tagairtí dá laghdú go nialas. | |
[EN] |
An faoiseamh. |
12. —(1) Tá éifeacht leis an gCaibidil seo chun faoiseamh a thabhairt ó cháin ioncaim i gcás— |
[EN] | (a) ina ndéanfaidh pearsa aonair, a bheidh cáilithe le haghaidh an fhaoisimh, suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach; | |
[EN] | (b) ina n-eiseofar na scaireanna sin chuige chun airgead a chruinniú le haghaidh trádáil cháilitheach a bheidh á seoladh ag an gcuideachta nó a bheidh ar intinn aici a sheoladh; agus | |
[EN] | (c) ina dtabharfaidh an chuideachta fianaise shásúil, agus gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim, tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, gur úsáideadh an t-airgead, go bhfuil sé á úsáid nó go mbeartaítear é a úsáid— | |
[EN] | (i) chun— | |
[EN] | (I) a chumasú don chuideachta dul i mbun oibríochtaí trádála cáilitheacha, nó chun an cumas sin a mhéadú, | |
[EN] | (II) a chumasú don chuideachta, nó cabhrú léi, gabháil do thaighde agus forbairt, faisnéis agus sonraí teicneolaíochta a fháil, táirgí nó seirbhísí nua nó láithreacha a fhorbairt nó táirgí nó seirbhísí nua a chur ar fáil, | |
[EN] | (III) a chumasú don chuideachta margaí nua a aithint, agus margaí nua agus láithreacha a fhorbairt, dá cuid táirgí agus seirbhísí, nó | |
[EN] | (IV) a chumasú don chuideachta breis táirgí a dhíol nó breis seirbhísí a chur ar fáil, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (ii) d'fhonn fostaíocht sa chuideachta a chruthú nó a chothabháil. | |
[EN] | (2) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “scaireanna cáilithe” gnáthscaireanna nua nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, nó chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta fuascailte, anois nó feasta. | |
[EN] | (3) Tabharfar an faoiseamh i leith an mhéid a shuibscríobh pearsa aonair le haghaidh aon scaireanna cáilithe tríd an méid sin a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina n-eisítear na scaireanna, agus is tagairtí do mhéid na hasbhainte sin aon tagairtí sa Chaibidil seo do mhéid an fhaoisimh. | |
[EN] | (4) Is ar éileamh a thabharfar an faoiseamh agus ní lamhálfar é— | |
[EN] | (a) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, an trádáil á seoladh ag an gcuideachta ar feadh ceithre mhí; agus | |
[EN] | (b) i gcás nach mbeidh an trádáil sin á seoladh ag an gcuideachta an tráth a eiseofar na scaireanna, mura dtosóidh an chuideachta á seoladh laistigh de dhá bhliain i ndiaidh an ama sin. | |
[EN] | (5) Féadfar géilleadh d'éileamh ar an bhfaoiseamh tráth ar bith tar éis don chuideachta bheith ag seoladh na trádála ar feadh ceithre mhí, má tá na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh comhlíonta an tráth sin; ach ní ghéillfear d'aon éileamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1985. | |
[EN] | (6) I gcás ina ngéillfear d'éileamh roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, mar gheall ar aon teagmhas dá éis sin, gur dealraitheach nach raibh an t-éilitheoir i dteideal an fhaoisimh a lamháladh. | |
[EN] | (7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, i ndáil le faoiseamh i leith aon scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta— | |
[EN] | (a) maidir le hailt 14, 17, 18, 19 agus 20, an tréimhse dar tosach dáta corpraithe na cuideachta (nó, má corpraíodh an chuideachta breis agus dhá bhliain roimh dháta eisiúna na scaireanna, an tréimhse dar tosach dhá bhliain roimh an dáta sin) agus dar críoch cúig bliana i ndiaidh eisiúint na scaireanna; agus | |
[EN] | (b) maidir le hailt 15, 16 agus 26, an tréimhse dar tosach dáta eisiúna na scaireanna agus dar críoch trí bliana i ndiaidh an dáta sin nó, i gcás nach raibh trádáil cháilitheach á seoladh ag an gcuideachta ar an dáta sin, trí bliana i ndiaidh an dáta ar ar thosaigh sí de bheith ag seoladh trádála den sórt sin dá éis sin. | |
[EN] | (8) Más rud é, de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, go seolann an chuideachta an trádáil cháilitheach ar feadh tréimhse is giorra ná ceithre mhí, beidh éifeacht le fo-alt (4) (a) ionann is dá mba thagairt don tréimhse is giorra sin a bhí ann ach sin ar an gcoinníoll amháin go suífear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint. | |
[EN] | (9) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm leo i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm leo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin gCaibidil seo. | |
[EN] | (10) Faoi réir fhorálacha alt 25, ní dhéanfar an faoiseamh, sa mhéid nach dtarraingeofar siar é, a chur i gcuntas nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil aon suimeanna le heisiamh, de bhua mhír 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint le linn gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. | |
[EN] | (11) Níl feidhm leis an alt seo ach amháin nuair is sa bhliain 198485 nó i gceachtar den dá bhliain mheasúnachta díreach ina dhiaidh sin a eiseofar na scaireanna atá i gceist. | |
[EN] |
Teorainneacha le faoiseamh. |
13. —(1) Faoi réir alt 27, ní thabharfar an faoiseamh i leith aon mhéid a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag aon chuideachta chuige in aon bhliain mheasúnachta mura £200 nó níos mó an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa aige le haghaidh na scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige an bhliain sin: |
[EN] | Ar choinníoll i gcás pearsa aonair is fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go measfar, maidir le haon mhéid a bheidh suibscríofa ag a chéile le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuici sa bhliain mheasúnachta sin, gur méid é a bheidh suibscríofa aige féin le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige. | |
[EN] | (2) Ní thabharfar an faoiseamh sa mhéid gur mó ná £25,000 an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe chuige in aon bhliain mheasúnachta (cibé acu ag an gcuideachta céanna nó nach ea). | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (vii): | |
[EN] | “(viii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1984 , sa chomhréir inar shuibscríobh siad le haghaidh na scaireanna cáilithe ar dá mbarr an faoiseamh,”. | |
[EN] |
Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh. |
14. —(1) (a) Beidh pearsa aonair cáilithe le haghaidh faoisimh más rud é go suibscríobhfaidh sé thar a cheann féin le haghaidh na scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach, agus nach mbeidh, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, baint aige leis an gcuideachta agus nach bhfaighidh sé ón gcuideachta, i rith na tréimhse sin, aon díbhinn is dáileadh lena mbaineann alt 64 nó 76 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . |
[EN] | (b) Chun críocha an ailt seo agus mhír 2 den Dara Sceideal, is de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo a chinnfear aon cheist i dtaobh baint a bheith ag pearsa aonair le cuideachta. | |
[EN] | (2) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta— | |
[EN] | (a) más comhpháirtí don chuideachta é féin nó aon chomhlach dá chuid; nó | |
[EN] | (b) faoi réir fho-alt (3), más stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid. | |
[EN] | (3) Níl baint ag pearsa aonair le cuideachta de bhíthin amháin gur stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid, mura bhfaighidh sé féin nó a chomhlach (nó comhpháirtíocht ar comhalta di é féin nó a chomhlach) íocaíocht ó cheachtar cuideachta i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta eisiúna na scaireanna nó mura mbeidh sé i dteideal íocaíocht den sórt sin a fháil i leith na tréimhse sin nó aon choda di; ach ní thabharfar aon aird ar na nithe seo a leanas chun na críche sin— | |
[EN] | (a) aon íocaíocht nó aisíocaíocht i leith caiteachais taistil nó caiteachais eile a thabhaigh sé féin nó a chomhlach go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas ag comhlíonadh dualgas dó mar stiúrthóir nó mar fhostaí den sórt sin; | |
[EN] | (b) aon ús nach bhfreagraíonn ach d'fháltas tráchtála réasúnach ar airgead a tugadh ar iasacht do cheachtar cuideachta; | |
[EN] | (c) aon díbhinn nó dáileadh eile a d'íoc nó a rinne ceachtar cuideachta agus nach mó ná gnáthfháltas ar an infheistíocht; | |
[EN] | (d) aon íocaíocht i leith earraí a sholáthar do cheachtar cuideachta nach mó ná margadhluach na n-earraí sin; agus | |
[EN] | (e) aon luach saothair réasúnach is gá— | |
[EN] | (i) (I) is luach saothair a íoctar i leith seirbhísí a tugadh do cheachtar cuideachta i gcúrsa trádála nó gairme (nach seirbhísí rúnaíochta nó bainistíochta ná seirbhísí de chineál a chuireann an chuideachta féin ar fáil), agus | |
[EN] | (II) is luach saothair a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a bheith á ríomh faoi Chás I nó II de Sceideal D nó is luach saothair a chuirfí i gcuntas amhlaidh dá mba i dtréimhse ar ar a bonn a mheasúnaítear na brabúis nó na gnóchain sin faoin Sceideal sin a d'íocfaí é, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (ii) i gcás inar stiúrthóir nó fostaí de chuid ceachtar cuideachta é agus nach bhfuil baint aige thairis sin le ceachtar cuideachta, is luach saothair a íoctar i leith seirbhís a tugadh don chuideachta dar stiúrthóir nó fostaí é le linn dó bheith ina stiúrthóir nó ina fhostaí. | |
[EN] | (4) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta má shealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, breis agus 30 faoin gcéad— | |
[EN] | (a) de ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta; nó | |
[EN] | (b) de chaipiteal iasachta agus scairchaipiteal eisithe na cuideachta; nó | |
[EN] | (c) den chumhacht vótála sa chuideachta, | |
[EN] | nó má tá sé i dteideal breis agus 30 faoin gcéad den chéanna a fháil. | |
[EN] | (5) Chun críocha fho-alt (4) (b), measfar go bhfolaíonn caipiteal iasachta cuideachta aon fhiach a thabhaigh an chuideachta— | |
[EN] | (a) i leith aon airgead a fuair an chuideachta ar iasacht nó aon sócmhainní caipitiúla a fuair an chuideachta; nó | |
[EN] | (b) i leith aon chirt chun ioncam a bunaíodh i bhfabhar na cuideachta a ghlacadh; nó | |
[EN] | (c) i leith comaoin ar lú go mór a luach don chuideachta (an tráth a tabhaíodh an fiach) ná méid an fhéich (lena n-áirítear aon phréimh air sin). | |
[EN] | (6) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta má shealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, cibé cearta, nó má tá sé i dteideal cibé cearta a fháil, a thabharfadh teideal dó, i gcás foirceannadh na cuideachta nó in aon imthosca eile, breis agus 30 faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta a fháil ar sócmhainní iad ab inchomhairimh an tráth sin le dáileadh ar shealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar— | |
[EN] | (a) na daoine is sealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta; agus | |
[EN] | (b) an céatadán de shócmhainní na cuideachta a mbeadh teideal ag an bpearsa aonair chucu, | |
[EN] | a chinneadh de réir ailt 109 agus 111 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach tagairtí in alt 111 don chéad chuideachta a ghlacadh mar thagairtí do shealbhóir cothromais agus tagairtí d'fhoirceannadh a ghlacadh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon imthosca eile inarb inchomhairimh sócmhainní de chuid na cuideachta le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais. | |
[EN] | (7) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta más é a rialaíonn í, de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |
[EN] | (8) Chun críocha an ailt seo áireofar pearsa aonair a bheith i dteideal aon rud a fháil má bhíonn sé i dteideal é a fháil tráth éigin sa todhchaí nó más rud é go mbeidh sé, tráth éigin sa todhchaí, i dteideal é a fháil; agus glacfar leis go bhfuil ag aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag aon duine eile is comhlach dá chuid. | |
[EN] | (9) Nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha an ailt seo, an bhfuil baint ag pearsa aonair le cuideachta, aon fhiach a thabhaigh an chuideachta trí chuntas a rótharraingt le duine atá ag seoladh gnó baincéireachta ní dhéileálfar leis mar chaipiteal iasachta de chuid na cuideachta más i ngnáthchúrsa an ghnó sin a tabhaíodh an fiach. | |
(10) I gcás ina suibscríobhfaidh pearsa aonair le haghaidh scaireanna i gcuideachta nach bhfuil baint aige léi (de réir bhrí an ailt seo nó de bhua mhír 2 (2) (b) den Dara Sceideal) déileálfar leis dá ainneoin sin mar dhuine a bhfuil baint aige léi má shuibscríobhann sé le haghaidh na scaireanna mar chuid d'aon chomhshocraíocht lena bhforáiltear go suibscríobhfaidh duine eile le haghaidh scaireanna i gcuideachta eile a bhfuil baint (de réir bhrí an ailt seo nó de bhua na míre sin) ag an bpearsa aonair, nó ag aon phearsa aonair eile is páirtí sa chomhshocraíocht, léi. | ||
[EN] |
Cuideachtaí cáilitheacha. |
15. —(1) Is cuideachta cháilitheach cuideachta má tá sí corpraithe sa Stát agus má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo. |
[EN] | (2) Ní mór don chuideachta, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí, bheith ina cuideachta neamhluaite a bhfuil cónaí uirthi sa Stát agus nach bhfuil cónaí uirthi áit ar bith eile, agus ní mór di— | |
[EN] | (a) bheith ina cuideachta atá ann go hiomlán chun trádáil cháilitheach amháin nó níos mó a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát; nó | |
[EN] | (b) bheith ina cuideachta arb é atá go hiomlán ina gnó— | |
[EN] | (i) scaireanna nó urrúis de chuid fochuideachta cháilitheach amháin nó níos mó don chuideachta a shealbhú, nó iasachtaí a thabhairt don chéanna; nó | |
[EN] | (ii) scaireanna nó urrúis den sórt sin a shealbhú, nó iasachtaí den sórt sin a thabhairt, mar aon le trádáil cháilitheach amháin nó níos mó a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “fochuideachta cháilitheach”, i ndáil le cuideachta, fochuideachta don chuideachta sin is de chineál a cheadaítear do chuideachta de bhua alt 26. | |
[EN] | (4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) ach faoi réir fho-alt (5), scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, go ritear rún, nó go ndéantar ordú, chun an chuideachta a fhoirceannadh (nó, i gcás foirceannadh a dhéantar ar shlí seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , go ndéantar aon ghníomh eile chun na críche sin) nó má dhíscaoiltear an chuideachta gan foirceannadh a dhéanamh. | |
[EN] | (5) Ní mheasfar go scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoileadh gan foirceannadh, a scoireann sí dá chomhlíonadh agus— | |
[EN] | (a) má shuitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach cuid é de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint; agus | |
[EN] | (b) má dhéantar glansócmhainní na cuideachta, más ann, a dháileadh ar a comhaltaí roimh dheireadh na tréimhse iomchuí nó, i gcás foirceannadh, sula mbeidh trí bliana caite (más déanaí sin) ó tosaíodh ar an bhfoirceannadh. | |
[EN] | (6) Ní cead, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, aon scaireanna eisithe nach bhfuil láníoctha a áireamh i scairchaipiteal na cuideachta. | |
[EN] | (7) (a) Faoi réir alt 26, ní cead don chuideachta, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí— | |
[EN] | (i) rialú a bheith aici (nó aici agus ag aon duine a bhfuil baint aige léi) ar chuideachta eile nó bheith faoi rialú ag cuideachta eile (nó ag cuideachta eile agus ag aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta eile sin); nó | |
[EN] | (ii) bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta eile nó fochuideachta 51 faoin gcéad a bheith aici féin; | |
[EN] | agus ní cead aon chomhshocraíochtaí a bheith ar marthain tráth ar bith i rith na tréimhse sin a bhféadfadh an chuideachta dá mbua teacht faoi réim fhomhír (i) nó (ii). | |
[EN] | (b) San fho-alt seo tá le “fochuideachta 51 faoin gcéad”, i ndáil le haon chuideachta, an bhrí a shanntar dó, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . | |
[EN] | (8) Ní cuideachta cháilitheach cuideachta más rud é— | |
[EN] | (a) (i) go mbeidh leas rialaithe faighte ag pearsa aonair i dtrádáil na cuideachta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1984; agus | |
[EN] | (ii) tráth ar bith sa tréimhse a luaitear i bhfo-alt (11), go mbeidh, nó go raibh, leas rialaithe aige i dtrádáil eile; agus | |
[EN] | (b) maidir leis an trádáil a sheolann an chuideachta, nó maidir le cuid mhór di— | |
[EN] | (i) go mbaineann sí leis an maoin chéanna nó le maoin den chineál céanna nó le codanna di nó go gcuireann sí na seirbhísí nó na saoráidí céanna, nó seirbhísí nó saoráidí den chineál céanna, ar fáil a chuireann an trádáil eile ar fáil; nó | |
[EN] | (ii) go ndéanann sí freastal, tríd is tríd, ar na heasraisí nó na margaí céanna, nó ar easraisí nó margaí den chineál céanna, a ndéanann an trádáil eile freastal orthu. | |
[EN] | (9) Chun críocha an ailt seo tá leas rialaithe ag duine i dtrádáil— | |
[EN] | (a) i gcás trádáil atá á seoladh ag cuideachta, más rud é— | |
[EN] | (i) go rialaíonn sé an chuideachta; | |
[EN] | (ii) gur dlúthchuideachta an chuideachta chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide agus gur stiúrthóir den chuideachta é féin nó comhlach dá chuid agus go bhfuil sé féin nó comhlach dá chuid ina úinéir tairbhiúil, nó in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar aon bhealach neamhdhíreach eile, rialú a fheidhmiú, ar bhreis agus 30 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta; nó | |
[EN] | (iii) go bhféadfaí a mheas, de réir alt 20 (12) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , gur leis cuid nach lú ná leath den trádáil; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, má tá teideal aige chun coda nach lú ná leath na sócmhainní a mbaintear leas astu le haghaidh na trádála nó leath an ioncaim a fhaightear ón trádáil. | |
[EN] | (10) Chun críocha fho-alt (9) glacfar leis go bhfuil ag aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag aon duine eile is comhlach dá chuid. | |
[EN] | (11) Is í an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (8) (a) (ii) an tréimhse dar tosach dhá bhliain— | |
[EN] | (a) roimh dháta eisiúna na scaireanna; nó | |
[EN] | (b) más déanaí é, roimh an dáta ar thosaigh an chuideachta ag seoladh na trádála, | |
[EN] | agus dar críoch trí bliana i ndiaidh an dáta sin. | |
(12) I bhfo-ailt (8) agus (11) is tagairtí do thrádáil aon fhochuideachta de chuid na cuideachta aon tagairtí do thrádáil cuideachta. | ||
[EN] |
Trádálacha cáilitheacha. |
16. —(1) Is trádáil cháilitheach trádáil má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo. |
[EN] | (2) Ní mór don trádáil, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí— | |
[EN] | (a) gurb é a bheidh inti, go hiomlán nó go formhór, ceachtar de na hoibríochtaí trádála seo a leanas (dá ngairtear “oibríochtaí trádála cáilitheacha” sa Chaibidil seo) nó iad araon— | |
[EN] | (i) monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , nó | |
[EN] | (ii) seirbhísí a thabhairt i gcúrsa gnóthais sheirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981 , | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) i gcás inarb éard í an trádáil, go hiomlán nó go páirteach, monarú earraí dá dtagraítear i mír (a) (i), gurb é a bheidh inti trádáil a bhfuil an chuideachta a sheolann í tar éis faoiseamh ó cháin chorparáide a éileamh ina leith, agus go bhfuil teideal aici chuige, faoi fhorálacha na Caibidle sin VI, nó a ndéanfadh an chuideachta sin an faoiseamh sin a éileamh ina leith, agus a mbeadh teideal aici chuige, mura mbeadh easpa brabús: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás trádáil arb é atá inti, le linn na tréimhse iomchuí, oibríochtaí trádála cáilitheacha go páirteach agus oibríochtaí trádála eile go páirteach, go n-áireofar í chun críocha an fho-ailt seo mar thrádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, oibríochtaí trádála cáilitheacha más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte sa tréimhse iomchuí ó na díolacháin a dhéanfar agus na seirbhísí a thabharfar i gcúrsa oibríochtaí trádála cáilitheacha ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéanfar agus na seirbhísí go léir a thabharfar i gcúrsa na trádála sa tréimhse iomchuí. | |
[EN] | (3) Ní mór, le linn na tréimhse iomchuí, an trádáil a sheoladh ar bhonn tráchtála le hionchas brabúis a réadú. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí san alt seo do thrádáil a fhorléiriú gan féachaint don méid sin den mhíniú ar “trádáil” in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le fiontair nó cúraim de chineál trádála. | |
[EN] |
Scaireanna a dhiúscairt. |
17. —(1) I gcás ina ndiúscróidh pearsa aonair aon scaireanna cáilithe roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, ansin— |
[EN] | (a) i gcás ina ndearnadh an diúscairt ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí, ní bheidh teideal aige chun aon fhaoisimh i leith na scaireanna sin; agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, déanfar méid an fhaoisimh a mbeidh teideal aige chuige i leith na scaireanna sin a laghdú de mhéid nó de luach na comaoine a gheobhaidh sé astu. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm le fo-alt (1) maidir le diúscairt a dhéanfaidh banchéile chuig a fearchéile tráth a measfar í a bheith ina cónaí leis chun críocha cánach ioncaim mar a fhoráiltear in alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó maidir le diúscairt a dhéanfaidh seisean chuici tráth den sórt sin; ach i gcás inar trí idirbheart inter vivos a bheidh scaireanna, a eisíodh chuig duine acu, aistrithe chuig an duine eile— | |
[EN] | (a) beidh feidhm leis an bhfo-alt sin tráth a dhiúscróidh an t-aistrí na scaireanna chuig tríú duine; agus | |
[EN] | (b) más rud é, tráth ar bith, nach meastar a thuilleadh go bhfuil banchéile ina cónaí lena fearchéile chun na gcríoch thuasluaite agus go mbeidh aon chuid de na scaireanna sin nach mbeidh diúscartha ag an aistrí roimhe sin, is ar an aistrí a dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh i leith na scaireanna sin a tharraingt siar. | |
[EN] | (3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna d'aon aicme i gcuideachta agus gur tugadh an faoiseamh i leith roinnt scaireanna den aicme sin ach nár tugadh é i gcás roinnt eile, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar ghnáthscaireanna den aicme sin sa chuideachta mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin ar tugadh faoiseamh ina leith faoin gCaibidil seo seachas le scaireanna eile. | |
[EN] | (4) I gcás inar tugadh an faoiseamh do phearsa aonair i leith scaireanna d'aon aicme i gcuideachta, ar scaireanna iad a eisíodh chuige tráthanna éagsúla, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar scaireanna den aicme sin mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin a eisíodh níos luaithe seachas leo sin a eisíodh níos déanaí. | |
[EN] | (5) I gcás ina raibh, de bhua aon leithroinnte den chineál a luaitear i bhfomhír (1) (a) (i) de mhír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (nach leithroinnt ar íocaíocht), scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith le háireamh faoi fhomhír (2) den mhír sin mar chomhshócmhainn le sealbhán nua— | |
[EN] | (a) áireofar an sealbhán nua, chun críocha fho-alt (3), mar scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith, agus | |
[EN] | (b) déanfar diúscairt ar an sealbhán nua go léir nó ar chuid de a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhiúscairt ar na scaireanna sin go léir nó ar chuid chomhréireach díobh. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfar scaireanna i gcuideachta a áireamh chun críocha an ailt seo mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát. | |
[EN] |
Luach a fhaightear ó chuideachta. |
18. —(1) I gcás ina suibscríobhfaidh pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe i gcuideachta agus— |
[EN] | (a) go bhfuair sé aon luach ón gcuideachta sular eisíodh na scaireanna ach sin laistigh den tréimhse iomchuí; nó | |
[EN] | (b) go bhfaigheann sé aon luach den sórt sin ar dháta a n-eisiúna nó dá éis ach sin roimh dheireadh na tréimhse iomchuí; | |
[EN] | déanfar méid an fhaoisimh a mbeidh teideal aige chuige i leith na scaireanna a laghdú den luach a bheidh faighte. | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo faigheann pearsa aonair luach ón gcuideachta má dhéanann an chuideachta— | |
[EN] | (a) aon chuid dá scairchaipiteal nó dá hurrúis ar leis an bpearsa aonair iad a aisíoc, a fhuascailt nó a athcheannach nó aon íocaíocht a thabhairt dó as a cheart chun aon choda de scairchaipiteal na cuideachta nó chun aon urrúis a thabhairt suas, ar é a chealú nó a mhúchadh; | |
[EN] | (b) aon fhiach atá ag dul don phearsa aonair a aisíoc seachas— | |
[EN] | (i) fiach gnáth-thrádála a thabhaigh an chuideachta, nó | |
[EN] | (ii) aon fhiach eile a thabhaigh an chuideachta— | |
[EN] | (I) ar an dáta is luaithe ar ar shuibscríobh sé le haghaidh na scaireanna ar ina leith atá an faoiseamh á éileamh, nó aon tráth dá éis sin; agus | |
[EN] | (II) ar shlí seachas i gcomaoin fiach a mhúchadh is fiach a tabhaíodh roimh an dáta sin; | |
[EN] | (c) aon íocaíocht a thabhairt don phearsa aonair as a cheart chun aon fhéich a thabhairt suas, ar é a mhúchadh, seachas— | |
[EN] | (i) fiach i leith íocaíochta den chineál a luaitear in alt 14 (3) (d) nó (e), nó | |
[EN] | (ii) fiach den chineál a luaitear i mír (b) (i) nó (ii); | |
[EN] | (d) aon dliteanas de chuid na pearsan aonair i leith na cuideachta a scaoileadh nó a tharscaoileadh, nó aon dliteanas dá chuid i leith tríú duine a urscaoileadh, nó geallúint a thabhairt é a urscaoileadh; | |
[EN] | (e) iasacht nó airleacan a thabhairt don phearsa aonair; | |
[EN] | (f) sochar nó saoráid a chur ar fáil don phearsa aonair; | |
[EN] | (g) sócmhainn a aistriú chuig an bpearsa aonair gan chomaoin ar bith nó ar chomaoin is lú ná a margadhluach nó sócmhainn a fháil uaidh ar chomaoin is mó ná a margadhluach; nó | |
[EN] | (h) aon íocaíocht eile a thabhairt dó seachas íocaíocht den chineál a luaitear in alt 14 (3) (a), (b), (c), (d) nó (e) nó íocaíocht d'urscaoileadh féich ghnáth-thrádála. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo faigheann pearsa aonair luach ón gcuideachta freisin má fhaigheann sé, i leith gnáthscaireanna atá á sealbhú aige, aon íocaíocht nó sócmhainn i bhfoirceannadh nó i ndáil le díscaoileadh na cuideachta, is foirceannadh nó díscaoileadh a thagann faoi réim alt 15 (5). | |
[EN] | (4) Chun críocha an ailt seo faigheann pearsa aonair luach ón gcuideachta freisin má dhéanann aon duine, is duine a d'áireofaí, chun críocha alt 14, mar dhuine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta— | |
[EN] | (a) aon chuid dá scairchaipiteal nó dá hurrúis ar leis an bpearsa aonair iad a cheannach; nó | |
[EN] | (b) aon íocaíocht a thabhairt dó as aon cheart i ndáil le haon chuid de scairchaipiteal nó d'urrúis na cuideachta a thabhairt suas. | |
[EN] | (5) Is é an luach a fhaigheann pearsa aonair— | |
[EN] | (a) i gcás a thagann faoi réim mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (2), an méid is infhaighte ag an bpearsa aonair nó, más mó é, margadhluach na scaireanna, na n-urrús nó an fhéich atá i gceist; | |
[EN] | (b) i gcás a thagann faoi réim mhír (d) den fho-alt sin, méid an dliteanais; | |
[EN] | (c) i gcás a thagann faoi réim mhír (e) den fho-alt sin, méid na hiasachta nó an airleacain; | |
[EN] | (d) i gcás a thagann faoi réim mhír (f) den fho-alt sin, an costas don chuideachta as an sochar nó an tsaoráid a chur ar fáil lúide aon chomaoin a thug an phearsa aonair ina leith; | |
[EN] | (e) i gcás a thagann faoi réim mhír (g) den fho-alt sin, an difear idir margadhluach na sócmhainne agus an chomaoin (más ann di) a tugadh ina leith; | |
[EN] | (f) i gcás a thagann faoi réim mhír (h) den fho-alt sin, méid na híocaíochta; | |
[EN] | (g) i gcás a thagann faoi réim fho-alt (3), méid na híocaíochta nó, de réir mar a bheidh, margadhluach na sócmhainne; agus | |
[EN] | (h) i gcás a thagann faoi réim fho-alt (4), an méid is infhaighte ag an bpearsa aonair nó, más mó é, margadhluach na scaireanna nó na n-urrús atá i gceist. | |
[EN] | (6) Má dhéantar, de bhua an ailt seo, aon fhaoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i gcás pearsa aonair ar eisíodh gnáthscaireanna i gcuideachta chuige tráthanna éagsúla, déanfar an faoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh níos luaithe seachas i leith scaireanna a eisíodh níos déanaí. | |
[EN] | (7) Chun críocha fho-alt (2) (d) measfar dliteanas a bheith scaoilte nó tarscaoilte ag cuideachta mura mbeidh an dliteanas urscaoilte trí íocaíocht laistigh de dhá mhí dhéag ón am ar chóir é a bheith urscaoilte trí íocaíocht. | |
[EN] | (8) Chun críocha fho-alt (2) (e) áireofar na nithe seo a leanas ionann is dá mba iasacht ón gcuideachta don phearsa aonair iad— | |
[EN] | (a) méid aon fhéich (seachas fiach gnáth-thrádála) a bheidh ag an gcuideachta ar an bpearsa aonair; agus | |
[EN] | (b) méid aon fhéich a bheidh dlite den phearsa aonair do thríú dhuine is fiach a bheidh sannta don chuideachta. | |
[EN] | (9) San alt seo ciallaíonn “fiach gnáth-thrádála” aon fhiach i ndáil le hearraí nó seirbhísí arna soláthar i ngnáthchúrsa trádála nó gnó nuair nach mó ná sé mhí an creidmheas a tugadh agus nuair nach faide é ná an creidmheas a thugtar de ghnáth do chustaiméirí an duine a sheolann an trádáil nó an gnó. | |
[EN] | (10) San alt seo— | |
[EN] | (a) aon tagairt d'íocaíocht a thabhairt do dhuine nó d'aistriú a dhéanamh chuige folaíonn sí tagairt d'íocaíocht a thabhairt dó nó d'aistriú a dhéanamh chuige go neamhdhíreach nó ar a ordú nó chun sochair dó; agus | |
[EN] | (b) aon tagairt do phearsa aonair folaíonn sí tagairt do chomhlach dá chuid agus aon tagairt don chuideachta folaíonn sí tagairt d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta. | |
[EN] |
Caipiteal athshuímh. |
19. —(1) Níl pearsa aonair lena mbaineann fo-alt (2) i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna i gcuideachta más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, maidir leis an gcuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí— |
[EN] | (a) go dtosaíonn sí, mar an trádáil nó mar chuid den trádáil atá aici, ag seoladh trádála a bhí á seoladh roimhe sin, tráth ar bith le linn na tréimhse sin, ar shlí eile seachas ag an gcuideachta nó ag aon cheann dá fochuideachtaí; nó | |
[EN] | (b) go bhfaigheann sí iomlán nó formhór na sócmhainní ar baineadh feidhm astu chun críocha trádála a bhí á seoladh amhlaidh roimhe sin. | |
[EN] | (2) Tá feidhm leis an bhfo-alt seo maidir le pearsa aonair más rud é— | |
[EN] | (a) gur duine nó grúpa daoine, a mba leis nó leo, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, leas ar mhó é san iomlán ná leath-scair sa trádáil (mar a bhí sí á seoladh roimhe sin), aon duine nó aon ghrúpa daoine ar leis nó leo, nó a mba leis nó leo tráth ar bith den sórt sin, leas den sórt sin sa trádáil atá á seoladh ag an gcuideachta nó ag aon cheann dá fochuideachtaí; nó | |
[EN] | (b) gur duine, nó grúpa daoine, a raibh, tráth ar bith den sórt sin, rialú aige nó acu ar chuideachta eile a raibh an trádáil á seoladh aici roimhe sin aon duine nó grúpa daoine a bhfuil nó, tráth ar bith den sórt sin, a raibh, rialú aige nó acu ar an gcuideachta; | |
[EN] | agus gurb é an duine sin nó duine de na daoine sin an phearsa aonair. | |
[EN] | (3) Níl pearsa aonair i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna i gcuideachta más rud é— | |
[EN] | (a) go dtarlóidh, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go bhfaighidh an chuideachta an scairchaipiteal eisithe go léir i gcuideachta eile; agus | |
[EN] | (b) gur duine, nó grúpa daoine, a raibh, tráth ar bith den sórt sin, rialú aige nó acu ar an gcuideachta eile sin aon duine nó grúpa daoine a bhfuil nó, tráth ar bith den sórt sin, a raibh, rialú aige nó acu ar an gcuideachta; | |
[EN] | agus gurb é an duine sin nó duine de na daoine sin an phearsa aonair. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-alt (2)— | |
[EN] | (a) déanfar an duine ar leis nó na daoine ar leo trádáil agus, i gcás inar le dhá dhuine nó níos mó an trádáil, a scaireanna faoi seach sa trádáil sin, a chinneadh de réir fho-alt (11) (a) agus (b), (12) agus (13) d'alt 20 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; agus | |
[EN] | (b) déanfar aon leas, cearta nó cumhachtaí de chuid duine is comhlach do dhuine eile a áireamh mar leas, cearta nó cumhachtaí de chuid an duine eile sin. | |
[EN] | (5) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta is de chineál a cheadaítear do chuideachta cháilitheach de bhua alt 26; agus | |
[EN] | folaíonn “trádáil” aon ghnó, gairm nó slí mhaireachtála agus folaíonn tagairtí do thrádáil a bhí á seoladh roimhe sin tagairtí do chuid de thrádáil den sórt sin. | |
[EN] |
Luach a fhaigheann daoine seachas éilitheoirí. |
20. —(1) Déanfar an faoiseamh a mbeidh pearsa aonair ina theideal i leith aon scaireanna i gcuideachta a laghdú de réir fho-alt (2) más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go ndéanfaidh an chuideachta aon chuid dá scairchaipiteal is le haon chomhalta eile seachas— |
[EN] | (a) an phearsa aonair sin; nó | |
[EN] | (b) pearsa aonair eile a laghdaítear a fhaoiseamh dá bharr sin de bhua alt 18 (2), | |
[EN] | a aisíoc, a fhuascailt nó a athcheannach nó aon íocaíocht a thabhairt d'aon chomhalta den sórt sin as a cheart chun aon choda de scairchaipiteal na cuideachta a thabhairt suas, ar é a chealú nó a mhúchadh. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil feidhm le fo-alt (1), déanfar méid an fhaoisimh a bhfuil teideal ag pearsa aonair chuige a laghdú den mhéid is infhaighte ag an gcomhalta nó, más mó é, de luach ainmniúil an scairchaipitil atá i gceist; agus i gcás ina mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, teideal ag dhá phearsa aonair nó níos mó chun faoisimh, déanfar an laghdú i gcomhréir le méideanna an fhaoisimh a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, teideal acu chucu. | |
[EN] | (3) Más rud é, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, go bhfaigh idh comhalta de chuideachta aon luach ón gcuideachta de réir bhrí an fho-ailt seo, nó go mbeidh sé i dteideal é a fháil, ansin, chun críocha fhorálacha alt 14 (4) ina bhfeidhmiú maidir le haon tráth dá éis sin, déanfar— | |
[EN] | (a) méid ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta; agus | |
[EN] | (b) méid na coda den chaipiteal sin arb é atá ann na scaireanna a mbaineann na forálacha sin leo agus méid na coda arb é atá ann an fuílleach, | |
[EN] | a áireamh araon mar mhéideanna arna laghdú de réir fho-alt (4). | |
[EN] | (4) Déileálfar le méid gach ceann de na codanna a luaitear i bhfo-alt (3) (b) mar mhéid is ionann agus an comhréir sin den mhéid sin arb í an chomhréir í atá idir an méid a suibscríobhadh le haghaidh na coda sin lúide an luach iomchuí agus an méid a suibscríobhadh; agus déileálfar le méid an scairchaipitil eisithe mar mhéid is ionann agus comhshuim na méideanna a ndéileálfar leo faoin bhfo-alt seo mar mhéid na gcodanna sin faoi seach. | |
[EN] | (5) An tagairt i bhfo-alt (3) (b) don chuid den chaipiteal arb é atá inti na scaireanna a mbaineann forálacha alt 14 (4) leo, is tagairt í don chuid arb éard í scaireanna atá (de réir bhrí an ailt sin) á sealbhú go díreach nó go neamhdhíreach ag an bpearsa aonair nó a bhfuil sé i dteideal iad a fháil; agus i bhfo-alt (4), ciallaíonn “an luach iomchuí”, i ndáil le gach ceann de na codanna a luaitear ann, an luach a fhaigheann an comhalta nó na comhaltaí atá i dteideal na scaireanna arb iad an chuid sin iad. | |
[EN] | (6) Chun críocha fho-alt (3) faigheann comhalta de chuideachta luach ón gcuideachta, nó tá sé i dteideal é a fháil, de réir bhrí an fho-ailt sin in aon chás ina bhfaigheadh pearsa aonair luach ón gcuideachta de bhua mhír (d), (e), (f), (g) nó (h) d'fho-alt (2) d'alt 18 (ach go n-áireofar na híocaíochtaí go léir ar lán-chomaoin a bheith eiscthe ó mhír (h)) agus déanfar an luach a fhaightear a chinneadh mar a dhéantar é a chinneadh chun críocha an ailt sin. | |
[EN] | (7) Chun críocha fho-alt (6) áireofar pearsa aonair a bheith i dteideal aon rud a fháil má bhíonn sé i dteideal é a fháil tráth éigin sa todhchaí nó más rud é go mbeidh sé, tráth éigin sa todhchaí, i dteideal é a fháil. | |
[EN] | (8) Níl feidhm le fo-alt (1) i ndáil le haon scairchaipiteal a fhuascailt más roimh an 26ú lá d'Eanáir, 1984, a socraíodh an dáta fuascailte ina leith. | |
[EN] | (9) Más rud é— | |
[EN] | (a) go n-eiseoidh cuideachta, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1984, scairchaipiteal (“na scaireanna bunaidh”) de luach ainmniúil ar comhionann leis an íosmhéid údaraithe (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 ) chun ceanglais alt 6 den Acht sin a chomhlíonadh; agus | |
[EN] | (b) tar éis do chláraitheoir na gcuideachtaí deimhniú faoin alt sin 6 a eisiúint don chuideachta, go n-eiseoidh sí scaireanna cáilithe, | |
[EN] | ní bheidh feidhm le fo-alt (1) i ndáil le haon fhuascailt a dhéanfar ar aon cheann de na scaireanna bunaidh laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar ar eisíodh na scaireanna sin. | |
[EN] | (10) Má dhéantar, de bhua an ailt seo, aon fhaoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i gcás pearsa aonair ar eisíodh gnáthscaireanna sa chuideachta chuige tráthanna éagsúla, déanfar an faoiseamh a choinneáil siar nó a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh níos luaithe seachas i leith scaireanna a eisíodh níos déanaí. | |
[EN] |
Mí-úsáid a chosc. |
21. —Níl pearsa aonair i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna mura suibscríobhfar le haghaidh na scaireanna, agus mura n-eiseofar iad, chun críocha tráchtála bona fide agus ní mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint. |
[EN] |
Éilimh. |
22. —(1) Aon éileamh ar an bhfaoiseamh i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta in aon bhliain mheasúnachta déanfar é— |
[EN] | (a) tráth nach luaithe ná an 1ú lá d'Eanáir, 1985, nó, más déanaí é, deireadh na tréimhse ceithre mhí a luaitear in alt 12 (4) (a), agus | |
[EN] | (b) tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin nó, más tar éis dheireadh na bliana sin a chríochnaigh an tréimhse ceithre mhí sin, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (2) Ní ghéillfear d'éileamh ar fhaoiseamh i leith scaireanna cáilithe i gcuideachta mura mbeidh ag gabháil leis deimhniú arna eisiúint ag an gcuideachta, agus é i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta agus leis an trádáil, comhlíonta i ndáil leis na scaireanna sin. | |
[EN] | (3) Sula n-eiseoidh sí deimhniú chun críocha fho-alt (2) cuirfidh an chuideachta ráiteas chuig an gcigire á rá go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta agus leis an trádáil, comhlíonta aici agus go raibh siad comhlíonta amhlaidh gach uile thráth ó thosach na tréimhse iomchuí. | |
[EN] | (4) Ní eiseofar aon deimhniú den sórt sin gan údarás ón gcigire ná ní eiseofar é i gcás ina mbeidh an chuideachta, nó duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta, tar éis fógra a thabhairt don chigire faoi alt 24 (2). | |
[EN] | (5) Beidh in aon ráiteas faoi fho-alt (3) cibé faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún agus beidh an ráiteas sin i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú ann go bhfuil sé ceart de réir mar is fearr is eol don chuideachta agus mar a chreideann sí. | |
[EN] | (6) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (2) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (3) agus— | |
[EN] | (a) gur tugadh an deimhniú nó an ráiteas go calaoiseach nó go faillíoch; nó | |
[EN] | (b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (4); | |
[EN] | dlífear pionós nach mó ná £500 nó, i gcás calaoise, nach mó ná £1,000, a chur ar an gcuideachta agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a shaothrú i leith an phionóis sin agus é a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar in imeachtaí achoimre chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoi aon Acht a bhaineann leis an mál. | |
[EN] | (7) Chun críche rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní thabharfar aon aird ar an bhfaoiseamh mura mbeidh éileamh air sin déanta, agus mura mbeidh glactha leis, go cuí. | |
[EN] | (8) Chun críocha alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht— | |
[EN] | (a) áireofar í mar cháin atá dlite agus iníochtha d'ainneoin faoiseamh ón gcáin (cibé acu trí urscaoileadh nó trí aisíoc) a thabhairt dá éis sin de chionn éileamh ar an bhfaoiseamh; ach | |
[EN] | (b) mura rud é gur íocadh níos luaithe ná sin í nó go mbeidh sí dlite agus iníoctha níos déanaí ná sin, áireofar í mar cháin a íocadh, sa mhéid go mbeidh faoiseamh ó cháin dlite faoin gCaibidil seo, ar an dáta a rinneadh an t-éileamh ar dá chionn a tugadh an faoiseamh; | |
agus ní bheidh feidhm le halt 551 den Acht sin de thoradh aon urscaoileadh nó aisíoc lena dtabharfar éifeacht don fhaoiseamh. | ||
[EN] |
Measúnachtaí chun faoiseamh a tharraingt siar. |
23. —(1) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh agus go bhfaighfear amach dá éis sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar é trí mheasúnacht i leith cánach a dhéanamh faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta dar tugadh an faoiseamh. |
[EN] | (2) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh i leith scaireanna ar shuibscríobh fearchéile nó a bhanchéile lena n-aghaidh agus ar scaireanna iad a eisíodh le linn dó bheith á mheasúnú de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus go mbeidh an faoiseamh sin le tarraingt siar de bhua diúscairt a dhéanfaidh an duine a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin orthu dá éis sin agus gurb amhlaidh, tráth na diúscartha, nach mbeidh an fearchéile inmheasúnaithe amhlaidh, is ar an duine a dhéanfaidh an diúscairt a dhéanfar aon mheasúnacht chun an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar í faoi threoir an laghdú cánach a thig ó mhéid an fhaoisimh gan féachaint d'aon leithroinnt ar an laghdú sin faoi alt 198 (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná d'aon leithroinnt ar aisíoc cánach faoi alt 195A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (3) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar a dhéanfar mar gheall ar theagmhas a tharlóidh tar éis dháta an éilimh, féadfar í a dhéanamh laistigh de dheich mbliana tar éis dheireadh na bliana measúnachta ina dtarlaíonn an teagmhas sin. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh chuig duine ar bith mar gheall ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis dó bás a fháil. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndearna duine, trí dhiúscairt nó diúscairtí lena mbaineann alt 17 (1) (b), na gnáthscaireanna go léir a bheidh eisithe ag cuideachta chuige a dhiúscairt, ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith aon scair de na scaireanna sin mar gheall ar aon teagmhas ina dhiaidh sin mura dtarlóidh sé tráth a mbeidh baint aige leis an gcuideachta de réir bhrí alt 14. | |
[EN] | (6) Ní dochar fo-alt (3) don choinníoll a ghabhann le halt 186 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (7) Ina fheidhmiú maidir le measúnacht a dhéanfar de bhua an ailt seo, beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba é an dáta a dtiocfaidh an cháin a mhuirearófar leis an measúnacht chun bheith dlite agus iníoctha— | |
[EN] | (a) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 14, 15, 16, 19 nó 20 (1) de thoradh aon teagmhas a tharlóidh tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta an teagmhais sin; | |
[EN] | (b) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 17 (1) de thoradh diúscartha tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta na diúscartha; | |
[EN] | (c) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 18 de thoradh luach a fháil tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta na fála; | |
[EN] | (d) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 21— | |
[EN] | (i) a mhéid a bheidh éifeacht tugtha don fhaoiseamh de réir rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta inar tugadh éifeacht dó amhlaidh; agus | |
[EN] | (ii) a mhéid nach mbeidh éifeacht tugtha dó amhlaidh, an dáta ar ar deonaíodh an faoiseamh. | |
[EN] | (8) Chun críocha fho-alt (7) is é dáta deonaithe an fhaoisimh an dáta ar ar tugadh aisíoc cánach chun éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh nó, murar tugadh aon aisíoc den sórt sin, an dáta ar ar eisigh an cigire fógra chuig an éilitheoir inar sonraíodh méid na cánach ab iníoctha tar éis éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh. | |
[EN] |
Faisnéis. |
24. —(1) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh a tugadh do phearsa aonair le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 14, 17 nó 18, déanfaidh an phearsa aonair, laistigh de sheasca lá ón lá a dtiocfaidh an teagmhas ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais. |
[EN] | (2) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh i leith aon scaireanna i gcuideachta le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 15, 16, 18, 19, 20 nó 21, déanfaidh— | |
[EN] | (a) an chuideachta; agus | |
[EN] | (b) aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta agus a bhfuil aon eolas aige faoin ábhar sin; | |
[EN] | laistigh de sheasca lá ó dháta an teagmhais nó, i gcás duine a thagann faoi réim mhír (b), laistigh de sheasca lá ón lá a dtiocfaidh sin ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais nó na híocaíochta. | |
[EN] | (3) Má tá cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil fógra, a cheanglaítear ar dhuine a thabhairt faoi fho-alt (1) nó (2) i dtaobh aon teagmhais, tugtha aige, féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine sin cibé faisnéis i ndáil leis an teagmhas a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na Caibidle seo a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra. | |
[EN] | (4) I gcás ina n-éileofar faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta agus go mbeidh cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil sé dlite mar gheall ar aon chomhshocraíocht nó scéim den sórt a luaitear in alt 14 (10), 15 (7) nó 21, féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine lena mbaineann, na nithe seo a leanas a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra— | |
[EN] | (a) dearbhú i scríbhinn á rá cibé acu atá nó nach bhfuil, de réir na faisnéise atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil, comhshocraíocht nó scéim den sórt sin ann, nó an raibh riamh; | |
[EN] | (b) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na forála atá i gceist ar faisnéis í atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil. | |
[EN] | (5) Na tagairtí i bhfo-alt (4) don duine lena mbaineann is tagairti iad, i ndáil le hailt 14 (10) agus 21, don éilitheoir agus, i ndáil le hailt 15 (7) agus 21, don chuideachta agus d'aon duine a rialaíonn an chuideachta. | |
[EN] | (6) I gcás inar tugadh faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta— | |
[EN] | (a) aon duine a fhaigheann aon íocaíocht nó sócmhainn ón gcuideachta a d'fhéadfadh a bheith ina luach arna fháil (cibé acu aige féin nó ag duine eile) chun críocha alt 18 nó 20 (3); agus | |
[EN] | (b) aon duine a bhfaightear íocaíocht nó sócmhainn den sórt sin thar a cheann, | |
[EN] | déarfaidh sé, má cheanglaíonn an cigire air sin a dhéanamh, arb amhlaidh maidir leis an íocaíocht nó an tsócmhainn a fuair sé féin nó a fuarthas thar a cheann, gur thar ceann aon duine eile seachas é féin a fuarthas í agus, más amhlaidh atá, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine sin. | |
[EN] | (7) I gcás inar éilíodh faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta, déanfaidh aon duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh scaireanna sa chuideachta agus aon duine a bhfuil nó a raibh aon scaireanna den sórt sin á sealbhú thar a cheann, a rá, má cheanglaíonn an cigire air sin a dhéanamh, arb amhlaidh maidir leis na scaireanna a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé nó na scaireanna atá nó a bhí á sealbhú thar a cheann, gur thar ceann aon duine eile seachas é féin atá nó a bhí siad á sealbhú agus, más amhlaidh atá, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine sin. | |
[EN] | (8) Ní bheidh aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile ina bac ar an gcigire a nochtadh do chuideachta gur tugadh nó gur éilíodh faoiseamh i leith líon nó cion áirithe dá cuid scaireanna. | |
[EN] | (9) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |
[EN] | (a) trí “An tAcht Airgeadais, 1984 , alt 24 (3) agus (4)” a chur isteach i gcolún 2; agus | |
[EN] | (b) trí “An tAcht Airgeadais, 1984 , alt 24 (1) agus (2)” a chur isteach i gcolún 3. | |
[EN] |
Cáin ghnóchan caipitiúil. |
25. —(1) Déanfar na suimeanna is inlamhála mar asbhaintí as an gcomaoin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ar an ngnóchan nó ar an gcaillteanas a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair as diúscairt scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, aon fhaoiseamh ina leith, a chinneadh gan féachaint don fhaoiseamh sin, ach amháin go ndéanfar, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin, iad a laghdú méid is ionann agus— |
[EN] | (a) méid an fhaoisimh sin, nó | |
[EN] | (b) an bhreis, | |
[EN] | cibé acu is lú, ach ní bheidh feidhm leis na forálacha sin roimhe seo den fhomhír seo maidir le diúscairt a thagann faoi réim alt 13 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . | |
[EN] | (2) I ndáil le scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, faoiseamh ina leith, déanfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, aon cheist— | |
[EN] | (a) i dtaobh cé acu de na scaireanna den sórt sin, a eisíodh chuig duine tráthanna éagsúla, a mbaineann diúscairt leo; nó | |
[EN] | (b) i dtaobh cibé acu an leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile a bhaineann diúscairt; | |
[EN] | a chinneadh amhail mar a chinntear chun críocha alt 17. | |
[EN] | (3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna i gcuideachta agus go bhfuil an faoiseamh tugtha i leith cuid acu ach nach bhfuil i gcás cuid eile, ansin, má tharlaíonn atheagrú, de réir bhrí mhír 2 (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a dhéanann difear do na scaireanna sin, beidh feidhm ar leithligh le mír 2 (2) den Sceideal sin maidir leis na scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith agus maidir leis na scaireanna eile (sa chaoi go ndéileálfar leis na scaireanna de gach cineál mar shealbhán ar leithligh de scaireanna bunaidh agus go sonrófar iad le sealbhán nua ar leithligh). | |
[EN] | (4) Déanfar na coigeartuithe sin go léir ar cháin ghnóchan caipitiúil, cibé acu trí mheasúnacht nó trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim an faoiseamh a thabhairt nó a tharraingt siar. | |
[EN] |
Feidhm maidir le fochuideachtaí. |
26. —(1) Ceadaítear do chuideachta cháilitheach fochuideachta amháin nó níos mó a bheith aici sa tréimhse iomchuí más rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh na coinníollacha i bhfo-alt (2) comhlíonta i ndáil leis an bhfochuideachta nó le gach fochuideachta agus, ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), go leanfar i gcónaí dá gcomhlíonadh go dtí deireadh na tréimhse iomchuí; agus | |
[EN] | (b) maidir leis an bhfochuideachta nó le gach fochuideachta, gur corpraíodh sa Stát í agus gur cuideachta í— | |
[EN] | (i) a thagann faoi réim alt 15 (2) (a), nó | |
[EN] | (ii) atá ann d'aontoisc chun aon trádáil nach bhfuil inti ach oibríocht amháin nó níos mó de na hoibríochtaí trádála seo a leanas a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát— | |
[EN] | (I) earraí nó ábhair a cheannach lena n-úsáid ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid, | |
[EN] | (II) earraí nó ábhair arna dtáirgeadh ag an gcuideachta cháilitheach nó ag fochuideachtaí dá cuid a dhíol, | |
[EN] | nó | |
[EN] | (III) seirbhísí a thabhairt don chuideachta cháilitheach nó d'fhochuideachtaí dá cuid nó seirbhísí a thabhairt thar a gceann. | |
[EN] | (2) Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a)— | |
[EN] | (a) gur leis an gcuideachta cháilitheach scairchaipiteal eisithe uile na fochuideachta agus an chumhacht iomlán vótála inti; agus | |
[EN] | (b) nach mbeidh an fhochuideachta faoi rialú aon duine eile de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; agus | |
[EN] | (c) nach bhfuil aon chomhshocraíochtaí ar marthain a dtarlódh dá mbua go scoirfí de na coinníollacha i míreanna (a) agus (b) a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar go bhfuil scortha de na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) a chomhlíonadh de bhíthin an fhochuideachta nó an chuideachta cháilitheach a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh gan foirceannadh agus dá bhíthin sin amháin, más rud é— | |
[EN] | (a) go suitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach cuid é de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint; agus | |
[EN] | (b) go ndéantar na glansócmhainní, más ann, de chuid na fochuideachta nó, de réir mar a bheidh, de chuid na cuid eachta cáilithí, a dháileadh ar a comhaltaí roimh dheireadh na tréimhse iomchuí nó, i gcás foirceannadh, sula mbeidh trí bliana caite (más déanaí sin) ó tosaíodh ar an bhfoirceannadh. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh fochuideachta amháin nó níos mó ag cuideachta cháilitheach sa tréimhse iomchuí beidh éifeacht leis an gCaibidil seo faoi réir an Dara Sceideal. | |
[EN] |
Ainmnithigh agus cistí infheistíochta ainmnithe. |
27. —(1) Aon scaireanna a suibscríobhann ainmnitheach lena n-aghaidh thar ceann pearsan aonair, nó a eisítear chuige nó a shealbhaíonn nó a dhiúscraíonn sé thar a cheann sin, measfar, chun críocha na Caibidle seo, gurb é an phearsa aonair sin a shuibscríobhann lena n-aghaidh nó gur chuige a eisítear iad nó gurb eisean a shealbhaíonn nó a dhiúscraíonn iad. |
[EN] | (2) (a) Tabharfar faoiseamh, agus ní bheidh feidhm le halt 13 (1) (ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis), maidir le méid arna shuibscríobh i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair ag duine nó daoine ag a bhfuil bainistí ciste infheistíochta a bheidh ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo (“bainisteoirí ciste ainmnithe”) i gcás inar cuid den chiste an méid a shuibscríobhtar amhlaidh. | |
[EN] | (b) Ach amháin mar a fhoráiltear le mír (a), ní thabharfar faoiseamh i leith méid arna shuibscríobh i gcáil ainmnithigh thar ceann pearsan aonair ag duine nó daoine ag a bhfuil bainistí ciste infheistíochta i gcás inar cuid den chiste an méid a shuibscríobhtar amhlaidh. | |
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo, ag féachaint do fhíorais an cháis áirithe agus tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo agus faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is dóigh leo is cóir a chur ag gabháil leis an ainmniú, ciste infheistíochta a ainmniú chun críocha na Caibidle seo. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do bhainisteoirí ciste infheistíochta ainmnithe, an t-ainmniú a thugtar chun críocha an ailt seo don chiste de réir fho-alt (3) a tharraingt siar agus, ar an bhfógra a thabhairt, scoirfidh an ciste de bheith ina chiste ainmnithe i leith aon suibscríobhanna a dhéanfar tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír (b). | |
[EN] | (b) I gcás ina dtarraingeoidh na Coimisinéirí Ioncaim siar ainmniú aon chiste chun críocha an ailt seo, déanfar fógra faoin tarraingt siar a fhoilsiú, a luaithe is féidir, san Iris Oifigiúil. | |
[EN] | (5) I gcás ina n-éileoidh pearsa aonair faoiseamh i leith scaireanna cáilithe i gcuideachta ar scaireanna iad a bheidh eisithe chuig bainisteoirí ciste ainmnithe i gcáil ainmnithigh don phearsa aonair sin, beidh feidhm le halt 22 (2) ionann is dá mba iad na ceanglais a bhí ann— | |
[EN] | (a) gur chuig na bainisteoirí a eiseoidh an chuideachta an deimhniú a luaitear sa mhír sin; agus | |
[EN] | (b) go mbeidh deimhniú arna eisiúint ag na bainisteoirí, agus é i cibé foirm a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim, ag gabháil leis an éileamh ar fhaoiseamh agus go dtabharfar sa deimhniú sin cibé faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus go ndeimhneofar ann go bhfuil ag na bainisteoirí deimhnithe a d'eisigh na cuideachtaí lena mbaineann chucu, chun críocha alt 22 (2), i leith na sealbhán de scaireanna cáilithe a bheidh sonraithe i ndeimhniú na mbainisteoirí. | |
[EN] | (6) Féadfar a cheangal ar bhainisteoirí ciste ainmnithe, le fógra a thabharfaidh cigire nó oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim dóibh, tuairisceán i dtaobh na sealbhán de scaireanna cáilithe a bheidh sonraithe i ndeimhnithe arna n-eisiúint acu de réir fho-alt (5) sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann an tuairisceán a sheachadadh ar an oifigeach laistigh den teorainn ama a luaitear san fhógra. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm le halt 22 (6) i ndáil le haon deimhniú a eiseoidh bainisteoirí ciste ainmnithe chun críocha fho-alt (5). | |
[EN] | (8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3), déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ciste a ainmniú chun críocha na Caibidle seo más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, gur deimhin leo go bhfuil an ciste bunaithe faoi iontaobhais neamhinchúlghairthe agus gur bunaíodh é d'aontoisc chun a chumasú do phearsana aonair a cháilíonn le haghaidh an fhaoisimh (dá ngairtear “pearsana aonair cáilitheacha” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) infheistiú i scaireanna cáilithe de chuid cuideachta cáilithí agus go bhforáiltear faoi théarmaí na n-iontaobhas— | |
[EN] | (a) go ndéanfar an ciste iomlán a infheistiú gan mhoill mhíchuí i scaireanna cáilithe, | |
[EN] | (b) nach ndéanfaidh an ciste suibscríobh ach amháin le haghaidh scaireanna a d'fhágfadh, faoi réir imthosca na bpearsan aonair cáilitheach atá rannpháirteach sa chiste (dá ngairtear “rannpháirtithe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), go mbeadh na rannpháirtithe sin cáilithe le haghaidh faoisimh, | |
[EN] | (c) go ndéanfar, go dtí go ndéanfar infheistiú i scaireanna cáilithe, aon airgead a bheidh suibscríofa chun scaireanna a cheannach a chur i dtaisce i gcuntas leithleach i mbanc atá ceadúnaithe chun gnó a dhéanamh sa Stát, | |
[EN] | (d) go bhfuil aon mhéideanna a gheofar ar mhodh díbhinní nó úis, faoi réir choimisiún i leith costas bainistí nach mó ná 5 faoin gcéad den ioncam sin, le híoc gan mhoill mhíchuí leis na rannpháirtithe, | |
[EN] | (e) nach mbeidh, i ndáil le bunú an chiste, aon mhuirir a ghearrfar ar mhodh costas bainistí níos mó, i ndáil le haon rannpháirtí, ná méid réasúnach ná níos mó, i gcás ar bith, ná cúig faoin gcéad de na méideanna a bheidh suibscríofa ag an rannpháirtí sin i leith an chiste, | |
[EN] | (f) go ndéanfar cuntais iniúchta an chiste a chur gach bliain chuig na Coimisinéirí Ioncaim a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach tréimhse dá ndéantar cuntais an chiste amach, | |
[EN] | (g) nach mbeidh baint, díreach nó neamhdhíreach, de thuras na huaire, ag bainisteoirí, ag iontaobhaithe an chiste ná ag aon chomhlach dá gcuid le haon chuideachta ar cuid den chiste a cuid scaireanna, | |
[EN] | (h) nach ndéanfar aon lascainí ar scaireanna cáilithe arna bhfáil ag iontaobhaithe nó bainisteoirí an chiste a ghlacadh ach amháin chun sochair do na rannpháirtithe, | |
[EN] | (i) gur ciste dúnta an ciste agus gur luaithe an dáta deiridh le haghaidh rannpháirtíochta ná dáta na chéad infheistíochta a dhéanamh, | |
[EN] | (j) má tá teorainn curtha le méid an chiste nó má tá íosmhéid infheistíochta mar choinníoll leis, go mbeidh aon suibscríobhanna nach nglacfar leo le cur ar ais gan mhoill mhíchuí, agus | |
[EN] | (k) nach mbeidh cead ag aon rannpháirtí go ndéanfaí aon scair eanna in aon chuideachta a mbeidh infheistiú déanta ag an gciste inti a aistriú go dtí a ainm féin go dtí go mbeidh cúig bliana caite ón dáta ar eisíodh na scaireanna chuig an gciste. |