|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII Luathcháin Chorparáide) | Ar Aghaidh (Caibidil IX Leasú ar Fhorálacha i ndáil le Laghdú ar Stocluachanna seachas i dTrádáil na Feirmeoireachta) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1984
[EN] | ||||||||||
[EN] |
Caibidil VIII Stocfhaoiseamh | |||||||||
[EN] |
Léiriú (Caibidil VIII). |
48. —Sa Chaibidil seo— | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”— | |||||||||
[EN] | (a) i ndáil le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir fhorálacha alt 9 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus | |||||||||
[EN] | (b) i ndáil le duine seachas cuideachta, tréimhse bliana dar críoch an dáta ar anuas go dtí é a dhéantar cuntais an duine amach de ghnáth nó, i gcás nach mbeidh cuntais déanta amach nó i gcás ar in aghaidh tréimhse is faide nó is giorra ná bliain a bheidh cuntais déanta amach, cibé tréimhse nach faide ná bliain a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “tréimhse chuntais” an tréimhse a ndéantar amach cuntais duine ina haghaidh; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “trádáil cháilitheach” trádáil a sheoltar sa Stát agus arb é atá inti go hiomlán nó go formhór, le linn tréimhse chuntasaíochta, aon aicme amháin nó níos mó de na haicmí oibríochtaí trádála seo a leanas (dá ngairtear “oibríochtaí trádála cáilitheacha” anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo)— | |||||||||
[EN] | (a) earraí a mhonarú, | |||||||||
[EN] | (b) oibríochtaí foirgníochta a dhéanamh de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , nó | |||||||||
[EN] | (c) innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine a iompar ar bhóithre) nó earraí a dhíol le duine atá ag gabháil do thrádáil arb é atá inti go hiomlán nó go formhór feirmeoireacht nó oibríochtaí trádála d'aicme a shonraítear i mír (a) nó (b) lena n-úsáid chun críocha na trádála sin, | |||||||||
[EN] | agus aon trádáil arb é atá inti, le linn tréimhse chuntasaíochta, oibríochtaí trádála cáilitheacha, go páirteach, agus oibríochtaí trádála eile, go páirteach, measfar, chun críocha an mhínithe seo, gur trádáil í arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, oibríochtaí trádála cáilithea cha más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte, sa tréimhse chuntasaíochta, ó dhíolacháin a dhéantar i gcúrsa oibríochtaí trádála cáilitheacha ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte, sa tréimhse chuntasaíochta, ó na díolacháin go léir a dhéantar i gcúrsa na trádála; | |||||||||
[EN] | tá le “stoc trádála”, i ndáil le trádáil, an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le linn luach stoic thrádála a bheith á chinneadh tráth ar bith chun críocha asbhaint faoi alt 49 nó 51, sa mhéid go mbeidh, an tráth sin nó aon tráth roimhe, aon íocaíochtaí ar cuntas faighte ag an trádálaí maidir le haon stoc trádála, déanfar luach an stoic sin a laghdú dá réir sin. | |||||||||
[EN] |
Stocfhaoiseamh: cáin chorparáide. |
49. —(1) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, i gcás ina ndéanann cuideachta a chónaíonn sa Stát trádáil cháilitheach a sheoladh i dtréimhse chuntasaíochta ar trádáil cháilitheach í a bhfuil sí laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D ina leith, beidh teideal aici, le linn dá hioncam ón trádáil cháilitheach a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, chun asbhainte faoin alt seo ionann is dá mba chaiteachas trádála de chuid na trádála cáilithí a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint. | ||||||||
[EN] | (2) In aon chás ina mbeidh teideal ag cuideachta, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, chun asbhainte faoin alt seo maidir le trádáil cháilitheach, is é a bheidh san asbhaint sin méid a chinnfear de réir na foirmle | |||||||||
| ||||||||||
[EN] | i gcás— | |||||||||
[EN] | arb é A luach stoic thrádála na trádála cáilithí i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, agus | |||||||||
[EN] | arb é B an líon míonna nó codán de mhíonna sa tréimhse chuntasaíochta: | |||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó in aon chás méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh ná méid an ioncaim ón trádáil cháilitheach don tréimhse chuntasaíochta tar éis na laghduithe go léir ar an ioncam sin don tréimhse sin de bhua ailt 16 agus 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus na hasbhaintí go léir ón ioncam sin, agus na breisithe go léir air, don tréimhse sin de bhua alt 14 den Acht sin, a chur i gcuntas, ach sin sula lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo. | |||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh teideal ag cuideachta chun asbhainte faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1984. | |||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh teideal ag cuideachta chun asbhainte faoin alt seo do thréimhse chuntasaíochta mura ndéanfaidh sí éileamh ar an asbhaint— | |||||||||
[EN] | (a) roimh an dáta a dtiocfaidh an mheasúnacht cánach corparáide ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó | |||||||||
[EN] | (b) roimh an 31ú lá de Nollaig díreach i ndiaidh dheireadh na bliana measúnachta inar críoch don tréimhse chuntasaíochta, | |||||||||
[EN] | cibé dáta acu is déanaí. | |||||||||
[EN] |
Stocfhaoiseamh a ghnóthú: cáin chorparáide. |
50. —Faoi réir alt 56, más rud é i dtréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear “an tréimhse chuntasaíochta chéadluaite” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) maidir le cuideachta a sheolann trádáil ar lamháladh asbhaint faoi alt 49 ina leith d'aon tréimhse chuntasaíochta— | ||||||||
[EN] | (a) go scoirfidh sí den trádáil a sheoladh, nó | |||||||||
[EN] | (b) go scoirfidh sí de bheith ina cónaí sa Stát, nó | |||||||||
[EN] | (c) go scoirfidh sí de bheith laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála, | |||||||||
[EN] | ansin— | |||||||||
[EN] | (i) ní bheidh teideal ag an gcuideachta chun asbhaint faoi alt 49 don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite, agus | |||||||||
[EN] | (ii) áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite méid is ionann agus comhiomlán na n-asbhaintí a lamháladh don chuideachta faoi alt 49 i leith na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin ar chríoch dóibh sa tréimhse cúig bliana dar críoch an lá díreach roimh thosach don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite. | |||||||||
[EN] |
Stocfhaoiseamh: cáin ioncaim. |
51. —(1) San alt seo— | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1984-85; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “brabúis thrádála”, i ndáil le trádáil, brabúis nó gnóchain na trádála arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D. | |||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, i gcás ina ndéanann duine (seachas comhlacht corpraithe) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in aon áit eile trádáil cháilitheach a sheoladh i dtréimhse chuntasaíochta ar trádáil cháilitheach í a bhfuil sé inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ina leith faoi Chás I de Sceideal D ar bhrabúis trádála na tréimhse cuntasaíochta sin, beidh teideal aige, le linn brabúis trádála na trádála cáilithí a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, chun asbhainte faoin alt seo ionann is dá mba chaiteachas trádála de chuid na trádála cáilithí a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint. | |||||||||
[EN] | (3) In aon chás ina mbeidh teideal ag duine, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, chun asbhainte faoin alt seo maidir le trádáil cháilitheach, is é a bheidh san asbhaint sin méid a chinnfear de réir na foirmle | |||||||||
| ||||||||||
[EN] | i gcás ina bhfuil na bríonna céanna le A agus B atá leo in alt 49 (2); | |||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach mó in aon chás méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh ná méid na mbrabús trádála de chuid na trádála cáilithí do tréimhse chuntasaíochta sula lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo. | |||||||||
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh éifeacht, do bhliain iomchuí, le hasbhaint lamháiltear faoin alt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádá cháilitheach a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta— | |||||||||
[EN] | (a) ní bheidh teideal ag an duine chun faoisimh— | |||||||||
[EN] | (i) faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'aon bhliain mheasúnachta is déanaí ná an bhliain iomchuí i leith caillteanas a bhain dó sa trádáil roimh thosach na bliana iomchuí, nó | |||||||||
[EN] | (ii) faoi alt 311 den Acht sin, d'aon bhliain mheasúnachta is luaithe ná an bhliain iomchuí i leith caillteanas a bhain dó sa trádáil, | |||||||||
[EN] | (b) ní bheidh feidhm le forálacha alt 241 (3) den Acht sin ná leis na forálacha sin arna gcur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá nó a mheastar a bheith ina liúntas caipitiúil iomlán, nó ina chuid de liúntas caipitiúil, don bhliain iomchuí nár tugadh lán-éifeacht dó sa bhliain sin toisc gan aon bhrabúis nó gnóchain a bheith inmhuirearaithe don bhliain sin nó toisc gan dóthain brabús nó gnóchan a bheith inmhuirearaithe don bhliain sin, agus | |||||||||
[EN] | (c) ní bheidh feidhm le forálacha alt 318 den Acht sin maidir leis na liúntais chaipitiúla, nó maidir le haon chuid díobh, don bhliain iomchuí. | |||||||||
[EN] | (5) Ní bheidh teideal ag duine chun asbhainte faoin alt seo maidir le measúnacht arna déanamh do bhliain iomchuí mura ndeanfaidh sé éileamh— | |||||||||
[EN] | (a) roimh an dáta a dtiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó | |||||||||
[EN] | (b) roimh an 31ú lá de Nollaig sa bhliain iomchuí, | |||||||||
[EN] | cibé dáta acu is déanaí. | |||||||||
[EN] |
Stocfhaoiseamh a ghnóthú: cáin ioncaim. |
52. —Faoi réir alt 56, más rud é i dtréimhse chuntasaíochta (dá ngairtear “an tréimhse chuntasaíochta chéadluaite” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) maidir le duine a sheolann trádáil ar lamháladh asbhaint faoi alt 51 ina leith d'aon tréimhse chuntasaíochta— | ||||||||
[EN] | (a) go scoirfidh sé den trádáil a sheoladh, nó | |||||||||
[EN] | (b) go scoirfidh sé de bheith ina chónaí sa Stát, nó | |||||||||
[EN] | (c) go scoirfidh sé de bheith laistigh de réim cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála, | |||||||||
[EN] | ansin— | |||||||||
[EN] | (i) ní bheidh teideal aige chun asbhainte faoi alt 51 don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite, agus | |||||||||
[EN] | (ii) áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite méid is ionann agus comhiomlán na n-asbhaintí a lamháladh dó faoi alt 51 i leith na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin ar chríoch dóibh sa tréimhse cúig bliana dar críoch an lá díreach roimh thosach don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite. | |||||||||
[EN] |
Stoc a luacháil seachas ag tosach tréimhse cuntais. |
53. —I gcás inar gá, chun críocha na Caibidle seo, luach stoic thrádála duine ag dáta seachas ag tosach tréimhse cuntais a fháil amach agus nach bhfuarthas amach an luach sin iarbhír, déileálfar leis an duine mar dhuine a raibh aige, ar an dáta sin, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe— | ||||||||
[EN] | (a) do luachanna an stoic thrádála i dtosach agus ag deireadh na tréimhse cuntais ina bhfuil an dáta áirithe, | |||||||||
[EN] | (b) do ghluaiseachtaí le linn na tréimhse cuntais sin i gcostais ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála an duine le linn na tréimhse, agus | |||||||||
[EN] | (c) d'athruithe, le linn na tréimhse sin, ar mhéid na trádála a bhí á seoladh aige. | |||||||||
[EN] |
Stoc oscailte gno nua. |
54. —I gcás ina ndéanann duine (dá ngairtear “an duine céadluaite” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) trádáil a sheoladh i dtréimhse chuntasaíochta ar trádáil í a n-éilítear asbhaint faoi alt 49 nó 51 ina leith agus, díreach roimh thosach na tréimhse cuntasaíochta sin, nach raibh an trádáil á seoladh aige, ansin, mura rud é— | ||||||||
[EN] | (a) go bhfuair an duine céadluaite stoc trádála bunaidh na trádála cáilithí ar dhíol nó ar aistriú ó dhuine eile ar scor don duine sin de bheith ag seoladh na trádála, agus | |||||||||
[EN] | (b) gurb é stoc trádála an duine chéadluaite mar a luacháladh i dtosach na tréimhse cuntasaíochta é an stoc a fuarthas amhlaidh nó gur cuid den stoc sin é, | |||||||||
[EN] | déileálfar leis an duine céadluaite, chun críocha na Caibidle seo, mar dhuine a raibh aige, i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir, ag féachaint d'imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe— | |||||||||
[EN] | (i) do ghluaiseachtaí le linn na tréimhse cuntasaíochta i gcostais ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála an duine chéadluaite le linn na tréimhse, agus | |||||||||
[EN] | (ii) d'athruithe, le linn na tréimhse sin, ar mhéid na trádála a bhí á seoladh aige. | |||||||||
[EN] |
Coigeartú ar stocluach in imthosca áirithe. |
55. —I gcás ina ndearna duine, roimh thosach tréimhse cuntais nó dá éis, stoc trádála a fháil nó a dhiúscairt ar shlí seachas i ngnáthsheoladh a chuid trádála, déileálfar leis, chun críocha na Caibidle seo, mar dhuine a raibh aige, ag aon dáta iomchuí sa tréimhse chuntais, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis. | ||||||||
[EN] |
Comharbais, etc., ar thrádáil. |
56. —(1) Faoi réir fho-alt (3), baineann an t-alt seo le diúscairt iomchuí trádála. | ||||||||
[EN] | (2) Is diúscairt iomchuí trádála í i gcás— | |||||||||
[EN] | (a) ina ndéantar trádáil atá á seoladh ag cuideachta amháin (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a aistriú chuig cuideachta eile (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) agus go bhfuil éifeacht le halt 20 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil leis an aistriú, nó | |||||||||
[EN] | (b) ina ndéantar trádáil atá á seoladh ag pearsa aonair nó ag daoine i gcomhpháirtíocht (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a aistriú chuig cuideachta (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) agus go bhfuil, ag dáta an aistrithe, cuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta á sealbhú ag an bpearsa aonair sin nó ag na daoine sin, de réir mar a bheidh, nó | |||||||||
[EN] | (c) ina dtagann duine (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) i gcomharbas ar thrádáil ar bhás duine éagtha (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a raibh an trádáil sin á seoladh aige, nó | |||||||||
[EN] | (d) ina ndéantar trádáil atá á seoladh ag pearsa aonair (dá ngairtear “an réamhtheachtaí” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a dhiúscairt i rith a shaoil chuig leanbh dá chuid (dá ngairtear “an comharba” anseo ina dhiaidh seo san alt seo). | |||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm leis an alt seo mura rud é— | |||||||||
[EN] | (a) i gcás feidhm a bheith le fo-alt (2) (a) nó (2) (b), go ndéanfar stoc trádála na trádála a aistriú ar costas nó ar mhargadhluach, agus | |||||||||
[EN] | (b) in aon chás, go gcónaíonn an comharba sa Stát (agus, más pearsa aonair é, nach gcónaíonn sé in áit ar bith eile) agus go bhfuil sé laistigh de réim cánach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála. | |||||||||
[EN] | (4) I gcás ina ndéantar diúscairt iomchuí ar thrádáil agus go ndéanann an réamhtheachtaí (nó, i gcás feidhm a bheith le fo-alt (2) (c), ionadaithe pearsanta an réamhtheachtaí) agus an comharba rogha amhlaidh, ní bheidh feidhm le halt 50 nó 52, de réir mar a bheidh, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta de chuid an réamhtheachtaí dar críoch, nó ina bhfuil, dáta na diúscartha iomchuí ach, chun críocha alt 50 nó 52, de réir mar a bheidh, déileálfar leis an gcomharba ionann is dá mba eisean an duine a raibh an trádáil á seoladh aige ón uair a thosaigh an réamhtheachtaí á seoladh (nó ón uair ar déileáladh leis, de bhua fheidhmiú an ailt seo roimhe sin, mar dhuine a thosaigh á seoladh). | |||||||||
[EN] | (5) Is trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe ag an réamhtheachtaí (nó, i gcás feidhm a bheith le fo-alt (2) (c), ag ionadaithe pearsanta an réamhtheachtaí) agus ag an gcomharba agus a chuirfear chuig an gcigire dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis dháta na diúscartha iomchuí, a dhéanfar rogha faoi fho-alt (4). | |||||||||
[EN] | (6) Chun críocha fho-alt (2) (c), measfar go dtagann duine i gcomharbas ar bhás duine eile má thagann sé i gcomharbas amhlaidh— | |||||||||
[EN] | (a) faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht (lena n-áirítear páirt-dhíthiomnacht), | |||||||||
[EN] | (b) de bhua aon fhorála i gCuid IX den Acht Comharbais, 1965 , | |||||||||
[EN] | (c) trí mharthanas, i gcás nasc-thionóntachta, nó | |||||||||
[EN] | (d) mar fhuíollaí, ar thionónta saoil d'fháil bháis. | |||||||||
[EN] | (7) I bhfo-alt (2) (d) tá le “leanbh” an bhrí chéanna atá leis in alt 27 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 . | |||||||||
[EN] |
Trádáil arna seoladh ag comhpháirtíocht. |
57. —Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, le forálacha na Caibidle seo, maidir le trádáil arna seoladh ag comhpháirtíocht mar atá feidhm leo maidir le trádáil arna seoladh ar shlí seachas ag comhpháirtíocht. | ||||||||
[EN] |
Measúnachtaí, etc. |
58. —Déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo. |