19 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1984


AN tACHT OMBUDSMAN (LEASÚ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 4 den Acht Ombudsman, 1980.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Ombudsman, 1980

1980, Uimh. 26 .

An tAcht Airgeadais, 1981

1981, Uimh. 16 .

/images/harp.jpg


Uimh. 19 de 1984


AN tACHT OMBUDSMAN (LEASÚ), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA OMBUDSMAN, 1980 .

[21 Samhain, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 4 den Acht Ombudsman, 1980 .

1. —Leasaítear leis seo an tAcht Ombudsman 1980, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'alt 4 (10):

“(c) I gcás a mbeartófar ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Ombudsman (Leasú), 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Ombudsman, 1980 go 1984, a ghairm den Acht Ombudsman, 1980 , d'alt 52 den Acht Airgeadais, 1981 , agus den Acht seo, le chéile.